Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Coinbhinsiún na Ginéive le haghaidh feabhsú staid an lucht créachtaithe agus an lucht breoite i bhfórsaí armtha ar an machaire den 12 Lúnasa, 1949.)

11 1962


Uimhir 11 de 1962.


AN tACHT UM CHOINBHINSIÚIN NA GINÉIVE, 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT CHOMH FADA IS A BHAINEANN LE hÉIRINN D'FHORÁLACHA ÁIRITHE DE NA COINBHINSIÚIN A RINNEADH SA GHINÉIVE AN 12ú LÁ DE LÚNASA, 1949, MAIDIR LE FEABHSÚ STAID AN LUCHT CRÉACHTAITHE AGUS AN LUCHT BREOITE I bhFÓRSAÍ ARMTHA AR AN MACHAIRE, LE FEABHSÚ STAID NA gCOMHALTAÍ CRÉACHTAITHE, BREOITE AGUS LONGBHRISTE D'FHÓRSAÍ ARMTHA AR MUIR, LE CÓIREÁIL PRÍOSÚNACH COGAIDH, AGUS LE COSAINT DAOINE SIBHIALTA IN AIMSIR CHOGAIDH. [21 Aibreán, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Choinbhinsiúin na Ginéive, 1962 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —San Acht seo—

ní fholaíonn “cúirt” armchúirt;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Gnótha Eachtracha;

ciallaíonn “imtheorannaí coimircithe” duine a choimircítear leis an gCoinbhinsiún atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus a bheidh faoi imtheorannú sa Stát;

ciallaíonn “príosúnach cogaidh coimircithe” duine a choimircítear leis an gCoinbhinsiún atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “an chumhacht choimirceach” maidir le príosúnach cogaidh coimircithe nó le himtheorannaí coimircithe, an chumhacht nó an eagraíocht atá, ar mhaithe leis an gcumhacht dár náisiúnach é, nó ar comhalta dá fórsaí é, nó ar chomhalta díobh é aon tráth iomchuí, ag comhlíonadh na ndualgas a shanntar do chumhachtai coimirceacha faoin gCoinbhinsiún atá leagtha amach sa Tríú Sceideal nó, de réir mar a bheidh, sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “na Coinbhinsiúin Sceidealta” na Coinbhinsiúin atá leagtha amach sna Sceidil a ghabhann leis an Acht seo.

Sárú tromchúiseach ar na Coinbhinsiúin Sceidealta.

3. —(1) Aon duine, is cuma cad is náisiúntacht dó, a dhéanfaidh, laistigh nó lasmuigh den Stát, sárú tromchúis each ar aon cheann de na Coinbhinsiúin Sceidealta d'aon saghas dá dtagraítear sna hAirteagail seo a leanas faoi seach de na Coinbhinsiúin sin, nó a chabhróidh nó a neartóidh lena dhéanamh nó a thabharfaidh chun críche go ndéanfar é, is é sin le rá:

(a) Airteagal 50 den Choinbhinsiún atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

(b) Airteagal 51 den Choinbhinsiún atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

(c) Airteagal 130 den Choinbhinsiún atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo; nó

(d) Airteagal 147 den Choinbhinsiún atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

beidh sé ciontach i gcion, agus ar a chiontú ann arna dhíotáil:

(i) i gcás sárú tromchúiseach den saghas réamhráite ina ndéanfar duine a chimircítear leis an gCoinbhinsiún áirithe a mharú go toiliúil, cuirfear pianbhreith bháis air nó pianbhreith phianseirbhíse lena shaol nó go ceann aon téarma is giorra ná sin;

(ii) i gcás aon sárú tromchúiseach eile den saghas réamhráite dlífear pianseirbhís go ceann ceithre bliana déag nó aon téarma is giorra ná sin a chur air nó príosúnacht go ceann téarma nach faide ná dhá bhliain.

(2) I gcás cion faoin alt seo a dhéanfar lasmuigh den Stát, féadfar imeachtaí a thionscnamh i gcoinne duine agus é a dhíotáil, a thriail agus a phionósú ina leith in aon áit sa Stát ionann is dá mba san áit sin a rinneadh an cion, agus measfar, chun gach críche a bheidh teagmhálach leis an triail nó leis an bpionósú sa chion nó a leanfaidh as, gur san áit sin a rinneadh é.

(3) Ní thionscnófar imeachtaí i leith ciona faoin alt seo ach amháin ag an Ard-Aighne, nó thar a cheann, nó lena thoiliú.

(4) Is í an Phríomh-Chúirt Choiriúil a thriailfidh duine a chúiseofar i gcion faoin alt seo.

Mionsárú ar na Coinbhinsiúin Sceidealta.

4. —(1) Aon duine, is cuma cad is náisiúntacht dó, a dhéanfaidh, sa Stát, aon mhionsárú ar aon cheann de na Coinbhinsiúin Sceidealta, nó a chabhróidh nó a neartóidh le haon duine eile chun a dhéanta nó a thabharfaidh chun criche go ndéanfaidh sé é, sa Stát, beidh sé ciontach i gcion.

(2) Aon saoránach d'Éirinn a dhéanfaidh, lasmuigh den Stát, aon mhionsárú ar aon cheann de na Coinbhinsiúin Sceidealta, nó a chabhróidh nó a neartóidh le haon duine eile chun a dhéanta nó a thabharfaidh chun críche go ndéanfaidh sé é, lasmuigh den Stát, beidh sé ciontach i gcion.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear

(a) ar é a chiontú ann go hachomair príosúnacht go ceann téarma nach faide ná sé mhí a chur air, nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná caoga punt nó an phríosúnacht sin agus an fhíneáil sin le chéile; nó

(b) ar é a chiontú ann arna dhíotáil, príosúnacht go ceann téarma nach faide ná dhá bhliain a chur air, nó fíneáil nach mó ná trí chéad punt nó, de rogha na cúirte, an phríosúnacht sin agus an fhíneáil sin le chéile.

(4) San alt seo ciallaíonn “mionsárú” sárú ar fhoráil d'aon cheann de na Coinbhinsiúin Sceidealta nach sárú tromchúiseach ar an gCoinbhinsiún sin é d'aon saghas dá luaitear san Airteagal iomchuí de dá dtagraítear in alt 3 den Acht seo.

Cruthúnas go bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún.

5. —Más rud é, in imeachtaí faoin Acht seo i leith aon sárú ar aon cheann de na Coinbhinsiúin Sceidealta, go n-éireoidh ceist faoi Airteagal 2 den Choinbhinsiún sin (a bhaineann leis na himthosca ina bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún), is é an tAire a chinnfidh an cheist sin agus glacfar i bhfianaise deimhniú a airbheartóidh aon chinneadh den sórt sin a leagan amach agus a bheith sínithe ag an Aire nó thar a cheann, agus measfar é a bheith sínithe amhlaidh, gan a thuilleadh cruthúnais, mura suífear a mhalairt.

Fógra faoi thriail príosúnach cogaidh agus imtheorannaithe faoi choimirce a sheirbheáil ar an gcumhacht choimirceach.

6. —(1) An chúirt ar os a comhair a thabharfar—

(a) príosúnach cogaidh coimircithe lena thriail i gcion; nó

(b) imtheorannaí coimircithe lena thriail i gcion a mbeidh cumhacht ag an gcúirt sin pianbhreith bháis nó phianseirbhíse nó phríosúnachta a chur air,

ní rachaidh sí ar aghaidh leis an triail go dtí go gcruthófar chun sá stachta na cúirte go ndearnadh fógra ina raibh na sonraí a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, sa mhéid gurb eol don ionchúisitheoir iad, a sheirbheáil, trí sheachtain ar a laghad roimhe sin, ar an gcumhacht choimirceach (má tá cumhacht choimirceach ann) agus, más príosúnach cogaidh coimircithe an cúisí, ar an gcúisí agus ar ionadaí na bpríosúnach.

(2) Is iad na sonraí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) ainm agus sloinne iomlán agus tuairisc an chúisí, lena n-áirítear dáta a bhreithe agus a ghairm nó a cheird, má tá aige, agus, más príosúnach cogaidh coimircithe an cúisí, a chéim agus a uimhir airm nó reisiminte, nó a uimhir phearsanta nó a shraith-uimhir;

(b) áit a choinneála, nó a imtheorannaithe, nó a áit chónaithe;

(c) an cion ina bhfuiltear á chúiseamh; agus

(d) an chúirt ar os a comhair a bheidh sé le triail agus an t-am agus an áit atá ceaptha don triail.

(3) Chun críocha an ailt seo, aon doiciméad a airbheartóidh—

(a) a bheith sínithe thar ceann na cumhachta coimircí nó ag ionadaí na bpríosúnach nó ag an duine cúisithe, de réir mar a bheidh; agus

(b) a bheith ina admháil go bhfuair an chumhacht, an t-ionadaí nó an duine sin, lá sonraithe, fógra ar tugadh fógra faoin alt seo de thuairisc air sa doiciméad,

beidh sé, mura suífear a mhalairt, ina leorfhianaise go ndearnadh an fógra is gá de réir fho-alt (1) den alt seo a sheirbheáil ar an gcumhacht, ar an ionadaí nó ar an duine sin an lá sin.

(4) San alt seo, ciallaíonn “ionadaí na bpríosúnach”, maidir le haon phriosúnach cogaidh coimircithe áirithe aon tráth áirithe, an duine a raibh feidhmeanna ionadaí na bpríosúnach de réir bhrí Airteagal 79 den Choinbhinsiún atá leagtha amach sa Triú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo infheidhmithe aige maidir leis an bpríosúnach sin sa champa nó san áit ina raibh an príosúnach sin á choinneáil, an tráth sin nó go deireanach roimh an tráth sin, ina phríosúnach cogaidh coimircithe.

(5) Aon chúirt a chuirfidh triail ar atráth chun go bhféadfar ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, féadfaidh sí, d'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, an cúisí a athchur faoi choinneáil go ceann tréimhse an atrátha.

Ionadaithe dlíthiúla daoine áirithe.

7. —(1) An Chúirt ar os a comhair a thabharfar—

(a) aon duine lena thriail i gcion faoi alt 3 nó alt 4 den Acht seo; nó

(b) príosúnach cogaidh coimircithe lena thriail in aon chion, ní rachaidh sí ar aghaidh leis an triail mura rud é:

(i) go bhfuil abhcóide ag an gcúisí ag feidhmiú ar a shon; agus

(i) go gcruthófar chun sástachta na Cúirte go bhfuil tréimhse cheithre lá dhéag ar a laghad caite ó rinneadh teagasc chun feidhmiú ar son an chúisí sa triail a thabhairt den chéad uair don aturnae a thug teagasc don abhcóide sin,

agus má chuireann an chúirt an triail ar atráth chun go bhféadfar ceanglais an fho-ailt seo a chomhlíonadh, ansin, d'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, féadfaidh an chúirt an cúisí a athchur faoi choinneáil go ceann tréimhse an atrátha.

(2) I gcás inar príosúnach cogaidh coimircithe an cúisí, mura bhfuil abhcóide ann a nglacann an cúisí leis mar dhuine atá ag feidhmiú ar a shon, measfar, gan dochar do cheanglais fhomhír (ii) de mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, abhcóide a theagascfar chuige sin thar ceann na cumhachta coimircí a bheith ag feidhmiú ar son an chúisí chun críocha an fho-ailt sin.

(3) Má chuireann an chúirt an triail ar atráth de bhun fho-alt (1) den alt seo, toisc gan abhcóide a bheith ag feidhmiú ar son an chúisí, treoróidh an chúirt go sannfar aturnae agus abhcóide chun faire ar leasanna an chúisí in aon imeachtaí eile maidir leis an gcion, agus in aon imeachtaí eile den sórt sin, mura bhfuil abhcóide ann a nglacann an cúisí leis mar dhuine atá ag feidhmiú ar a shon nó dár tugadh teagasc mar a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, measfar, gan dochar do cheanglais fhomhír (ii) de mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, abhcóide a shannfar de bhun an fho-ailt seo a bheith ag feidhmiú ar son an chúisí chun críocha an fho-ailt sin.

(4) Maidir le haon imeachtaí os comhair cúirte a bhféadfaidh an cúisí aturnae a bheith aige ag feidhmiú ar a shon os a comhair, forléireofar na forálacha sin roimhe seo den alt seo, le haon mhodhnuithe orthu is gá, ionann agus dá mba thagairtí d'abhcóide nó d'aturnae na tagairtí atá sna forálacha sin d'abhcóide; agus chun críocha aon imeachtaí den sórt sin, nuair a bheidh treorú faoi fho-alt (3) den alt seo á thabhairt ag an gcúirt, féadfaidh sí, más deimhin léi nach gá, mar gheall ar an saghas cúisimh atá ann ná ar mhaithe leis an gceartas, go mbeadh abhcóide ag faire ar leasanna an chúisí, a threorú nach ndéanfar ach aturnae a shannadh mar a luaitear san fho-alt sin.

(5) Déanfar aturnae nó abhcóide a shannadh de bhun fho-alt (3) den alt seo i cibé slí a ordóidh an tAire Dlí agus Cirt le rialacháin, agus aon aturnae nó abhcóide a shannfar amhlaidh beidh teideal aige chun go n-íocfaidh an tAire Dlí agus Cirt leis, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé suimeanna i leith táillí agus eisíocaíochtaí a ordóidh an tAire Dli agus Cirt le rialacháin (arna ndéanamh le toiliú an Aire Airgeadais).

Achomhairc ó phríosúnaigh chogaidh agus imtheorannaithe faoi choimirce a chiontófar i gcionta faoi alt 3.

8. —(1) I gcás ina mbeidh pianbhreith bháis nó phianseirbhíse curtha ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil ar phríosúnach cogaidh coimircithe nó ar imtheorannaí coimircithe mar gheall ar chion faoi alt 3 den Acht seo, ansin, d'ainneoin aon ní in aon achtachán eile nó in aon rialacha cúirte a bhaineann le hachomhairc den sórt sin, is i tréimhse ina gcaithfidh sé fógra achomhairc a thabhairt, nó fógra í dtaobh a iarratais ar chead achomhairc chun na Cúirte Achomhairc Choiriúil, ná an tréimhse ó dháta a chiontaithe nó, i gcás achomharc i gcoinne pianbhreithe, ó dháta a phianbhreithe go dtí go mbeidh deich lá caite tar éis an dáta ar a bhfaighidh sé fógra arna thabhairt—

(a) i gcás príosúnaigh cogaidh choimircithe, ag oifigeach d'Óglaigh na hÉireann; nó

(b) i gcás imtheorannaí choimircithe, ag rialtóir, nó ag an duine eile i gceannas an phríosúin nó an háite ina bhfuil sé faoi ghaibhniú, nó thar ceann an rialtóra nó an duine sin,

gur cuireadh a chiontú agus a phianbhreith in iúl don chumhacht choimirceach.

(2) I gcás ina dtarlóidh, tar éis achomharc chun na Cúirte Achomhairc Choiriúil a chinneadh, go bhfanfaidh an phianbhreith ar phríosúnach cogaidh coimircithe nó ar imtheorannaí coimircithe ina pianbhreith bháis, nó go bhfanfaidh sí ina pianbhreith phianseirbhíse nó phríosúnachta nó go ndearnadh sin di, féadfar iarratas chun an Ard-Aighne ar dheimhniú ag údarú achomhairc chun na Cúirte Uachtaraí maidir leis an gciontú nó leis an bpianbhreith mar a daingníodh nó mar a athraíodh sin ar an achomharc roimhe sin a dhéanamh tráth ar bith laistigh den tréimhse ón dáta ar ar tugadh cinneadh na Cúirte Achomhairc Choiriúil go dtí seacht lá tar éis an dáta ar a bhfaighidh an duine a ciontaíodh fógra ó dhuine dá dtagraítear i mír (a) nó (b) (de réir mar is gá sa chás) d'fho-alt (1) den alt seo gur cuireadh cinneadh na Cúirte Achomhairc Choiriúil in iúl don chumhacht choimirceach.

(3) Ní bheidh éifeacht ag ordú ón gcúirt a bhainfidh le maoin a thabhairt ar ais do dhuine éagóraithe nó le cúiteamh a íoc leis i gcás aon chiontaithe mar a dúradh agus beidh foráil d'aon achtachán a bhaineann le hathdhílsiú maoine i gcás ciontaithe gan feidhm maidir leis an gciontú fad a bheidh achomharc ón duine a ciontaíodh ar feitheamh de réir na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo.

(4) Ní bhaineann an t-alt seo le hachomharc i gcoinne ciontú nó pianbhreithe ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil, ná i gcoinne cinneadh na Cúirte Achomhairc Choiriúil ar achomharc, más rud é, tráth an chiontaithe nó na pianbhreithe sin, nó an chinnte sin, cibé acu é, nach mbeidh aon chumhacht choimirceach ann.