17 1962


Uimhir 17 de 1962.


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA bPINSEAN SEANAOISE, 1908 GO 1961, NA nACHTANNA UM CHÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA, 1933 GO 1961, NA nACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1961, AGUS NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1961. [25 Iúil, 1962].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1933, Uimh. 46 .

1935, Uimh. 29 .

1952, Uimh. 11 .

1960, Uimh. 25 .

1961, Uimh. 22 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 ;

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 ;

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialiagh, 1952;

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960 ;

ciallaíonn “Acht 1961” an tAcht Leasa shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1961 .

Rátaí pinsean seanaoise.

1924, Uimh. 19 .

2. —(1) Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1952 tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann le fo-alt (2):

“AN TABLA.

An Ráta Pinsin.

Acmhainn an Eilitheora nó an Phinsinéara

An ráta pinsin sa tseachtain

Má tá acmhainn bhliantúil an éilitheora nó an phinsinéara arna ríomh go cuí—

s.

d.

gan bheith níos mó ná £52 10s. 0d.     ...     ...     ...     ...

32

6

níos mó ná

£52 10s. 0d.

gan bheith níos mó ná

£65 10s 0d.

27

6

,,  ,,   ,,

£65 10s. 0d.

,,     ,,     ,,    ,,  ,,

£78 10s. 0d.

22

6

,,  ,,   ,,

£78 10s. 0d.

,,     ,,     ,,    ,, ,,

£104 15s. 0d.

17

6

,,  ,,   ,,

£104 15s. 0d.

,,     ,,     ,,    ,, ,,

£117 15s. 0d.

12

6

,,  ,,   ,,

£117 15s. 0d.

,,     ,,     ,,    ,, ,,

£130 15s. 0d.

7

6

,,  ,,   ,,

£130 15s. 0d.

...     ...     ...     ...     ...

Neamhní

(2) Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924 , trí “céad agus tríocha punt” a chur in ionad “céad agus ceithre puint” (a cuireadh isteach le hAcht 1952).

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1962.

Rátaí cúnaimh dífhostaíochta.

3. —(1) In Acht 1933, déanfar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad a Sceidil a cuireadh ag gabháil leis an Acht sin le halt 3 d'Acht 1961:

“AN SCEIDEAL.

Rátaí Cúnaimh Dífhostaíochta.

Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnaimh dífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo

An ráta cúnaimh dífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon limistéar uirbeach

An ráta cúnaimh dífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon áit eile

Sa tseachtain

Sa tseachtain

Duine gan chleithiúnaí     ...

24s. 0d.

18s. 0d.

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe     ...     ...

42s. 6d.

34s. 6d.

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach amháin     ...

52s. 6d.

44s. 6d.

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh

chleithiúnacha nó níos mó

62s. 6d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

54s. 6d. móide má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt

Duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin     ...

34s. 0d.

28s. 0d.

Duine ag a bhfuil beirt

leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ...     ...     ...

44s. 0d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

38s. 0d. móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 5s. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1962.

Rátaí pinsean baintreach (neamhranníocach).

4. —(1) Leasaítear leis seo alt 20 (a cuireadh isteach le hAcht 1952) d'Acht 1935, trí—

(a) na míreanna seo a leanas a chur isteach in ionad mhír (b) d'fho-alt (1):

“(b) i gcás gan acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí a bheith níos mó ná céad ochtó is dhá phunt agus cúig scilling déag, de réir an ráta atá leagtha amach i dTábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo, agus i gcás acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí a bheith níos mó ná céad ochtó is dhá phunt agus cúig scilling déag—

(i) má tá triúr leanbh cáilithe aici, agus gan a hacmhainn bhliantúil, arna ríomh go cui a bheith níos mó ná céad nócha is cúig phunt agus cúig scilling déag, de réir ráta seachtainiúil sé scilling, agus,

(ii) má tá níos mó ná triúr leanbh cáilithe aici de réir an ráta seachtainiúil ab iníoctha dá mbeadh a hacmhainn bhliantúil arna ríomh go cuí níos mó ná céad seasca is naoi bpunt agus cúig scilling déag ach gan bheith níos mó ná céad ochtó is dhá phunt agus cúig scilling déag, lúide cúig scilling i leith gach suim trí phunt déag (más ann) atá san acmhainn bhliantúil sin de bhreis ar chéad seasca is naoi bpunt agus cúig scilling déag agus pingin ar choinníoll, má bhíonn an ráta seachtainiúil, arna ríomh de réir na míre seo, ar dá réir ab iníoctha an pinsean, mura mbeadh an coinníoll seo, níos lú ná sé scilling, nach mbeidh an pinsean iníoctha,

(c) i mír (b) den fho-alt seo ciallaíonn ‘leanaí cáilithe’ maidir le baintreach leanaí cáilithe atá ina gcónaí go rialta leis an mbaintreach agus—

(i) a chónaíodh go rialta léi nó leis an bhfearchéile díreach roimh bhás an fhearchéile, nó

(ii) más leanaí nó leas-leanaí leis an bhfearchéile iad a tháinig chun bheith ina gcónaí go rialta léi tar éis bás an fhearchéile.”

agus

(b) tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad Tábla B:—

“TABLA B.

Rátaí Seachtainiúla Pinsean Baintreach (Neamhranníocach).

Rátaí Seachtainiúla

Acmhainn na Baintrí

Baintreach, gan aon leanbh cáilithe

Baintreach, leanbh cáilithe amháin

Baintreach, beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

Má bhíonn acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí—

s.

d.

s.

d.

s.

d.

gan bheith níos mó ná £52 10s. 0d.     ...     ...

31

0

41

0

51

0

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, cúig scilling i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná £52 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £65 10s. 0d.     ...     ...

26

0

36

0

46

0

níos mó ná £65 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £78 10s. 0d.     ...     ...

21

0

31

0

41

0

níos mó ná £78 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £104 15s. 0d.     ...     ...

16

0

26

0

36

0

níos mó ná £104 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £117 15s. 0d.     ...     ...

11

0

21

0

31

0

níos mó ná £117 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £130 15s. 0d.     ...     ...

6

0

16

0

26

0

níos mó ná £130 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £143 15s. 0d.     ...     ...

Neamhní

11

0

21

0

níos mó ná £143 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £156 15s. 0d.     ...     ...

Neamhní

6

0

16

0

níos mó ná £156 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £169 15s. 0d.     ...     ...

Neamhní

Neamhní

11

0

níos mó ná £169 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £182 15s. 0d.     ...     ...

Neamhní

Neamhní

6

0

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1962.

Leasú ar alt 10 d'Acht 1933.

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 10 d'Acht 1933 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) (a cuireadh isteach le hAcht 1961) d'fho-alt (3), eadhon:

“(c) nach bhfuil a acmhainn, arna ríomh de réir an Achta seo, níos mó ná méid sa bhliain is ionann agus an méid seo a leanas faoi chaoga a dó—

(i) méid an ráta sceidealta cúnaimh dífhostaíochta a bhaineann le duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus a chónaíonn i limistéar uirbeach, agus

(ii) i gcás ina bhfuil leanbh cleithiúnach nó leanaí cleithiúnacha aige, an méid den ráta sceidealta cúnaimh dífhostaíochta a bhaineann leis an duine is iníoctha i leith an linbh chleithiúnaigh nó na leanaí cleithiúnacha, de réir mar a bheidh;”.

(2) I gcás—

(a) duine a bheith, díreach roimh thosach feidhme an fho-ailt seo, ina shealbhóir ar dheimhniú cáilíochta i bhfoirm a ordaítear le rialacháin faoi fho-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1933, agus

(b) an duine sin do chomhlíonadh na gcoinníollacha a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 10 d'Acht 1933, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo,

beidh éifeacht ag an deimhniú, agus beidh aon chinneadh i leith an deimhnithe faoi réir a fhreaschurtha agus a athbhreithnithe sa tslí chéanna, ionann is dá mbeadh an deimhniú san fhoirm a ordaítear le rialacháin faoi fho-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1933 a deir go dtiocfaidh siad i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1962.

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1962.

Cúnamh dífhostaíochta le linn traenáil athinmheachain,

6. —(1) Ní mheasfar nár chomhlíon duine na coinníollacha atá i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) d'alt 15 d'Acht 1933 de bhíthin amháin go bhfuil sé ag déanamh cúrsa traenála athinmheachain atá curtha ar fáil ag eagras (is eagras a cheadaigh an tAire Sláinte chun an traenáil sin a chur ar fáil), bíodh nó ná bíodh an cúrsa sin ina chúrsa a bhfuil sé ag fáil liúntas traenála in airgead atá a íoc ina leith ag an eagras.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1962.

Leasú ar alt 13 d'Acht 1933.

1960, Uimh. 28 .

1952, Uimh. 11 .

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 13 d'Acht 1933 trí na fomhíreanna seo a leanas a chur isteach i mír (b) d'fho-alt (1) i ndiaidh fomhír (ix) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960 :

“(x) aon airgead a gheofar mar liúntas traenála ó eagras fad a bheifear faoi chúrsa traenála athinmheachain arna chur ar fáil ag an eagras (is eagras a bheidh ceadaithe ag an Aire Sláinte chun an traenáil sin a chur ar fáil),

(xi) aon airgead, ach amháin sa mhéid go mbeidh sé níos mó ná £104 sa bhliain, a gheobhaidh an duine sin nó céile an duine sin i leith obair den chineál dá dtagraítear i mír 7 de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, faoi scéim atá, dar leis an Aire, carthanúil ó cháilíocht agus ó chuspóir.”

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1962.

Leasú ar alt 22 d'Acht 1935.

1948, Uimh. 17 .

8. —(1) Leasaítear leis seo alt 22 d'Acht 1935 trí “naoi mbliana agus tríocha” a chur isteach i mír (b) d'fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1948 ) in ionad “ceathracha agus seacht mbliana”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1962, agus, i gcás inar scoir pinsean, roimh an dáta sin, de bhua an fho-alt sin (2) den alt sin 22, de bheith iníoctha le baintreach, agus go raibh naoi mbliana is tríocha agus sé mhí slánaithe ag an mbaintreach ar dháta an scortha sin, agus nach raibh ocht mbliana is daichead slánaithe aici ar an lú lá de Lúnasa, 1962, agus go mbeadh an pinsean sin, mura mbeadh an fo-alt sin (2), i gcúrsa a íoctha an 1ú lá de Lúnasa, 1962, beidh an pinsean iníoctha, faoi réir forálacha na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1961, amhail ar an 1ú lá de Lúnasa, 1962, agus ón lá sin.

Leasú ar alt 6 d'Acht 1952.

9. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht 1952—

(a) trí “dhá scilling agus deich bpingin” a chur isteach in ionad “dhá scilling agus sé phingin” i mír (a) d'fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1960), agus

(b) trí “cúig scilling agus cúig phingin” a chur in ionad “ceithre scilling agus naoi bpingin” i mír (b) den fho-alt sin (2).

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 7ú lá d'Eanáir, 1963.

Leasú ar alt 9 d'Acht 1952.

10. —(1) Leasaítear leis seo alt 9 d'Acht 1952 trid an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(2) Chun críocha an ailt seo measfar ranníocóir, cibé acu ranníocóir fostaithe nó ranníocóir saorálach é, a dhul faoi árachas tar éis dó seasca bliain d'aois a shlánú más rud é an tráth a shlánaigh sé an aois sin gur tháinig sé don chéad uair chun bheith ina ranníocóir fostaithe a bhfuil ranníocaí iníoctha ina leith atá ináirithe chun críocha na gcoinníollacha ranníoca le haghaidh pinsin seanaoise (ranníocach) agus nach raibh sé ina ranníocóir fostaithe faoi na hAchtanna Árachais Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952, sular shlánaigh sé seasca bliain d'aois.”

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1962.

Méadú ar an sochar is iníoctha faoi alt 26 (3) d'Acht 1952.

11. —(1) In aon chás ina mbeidh sochar iníoctha faoi fho-alt (3) (a cuireadh isteach le hAcht 1960) d'alt 26 d'Acht 1952, is cúig scilling is tríocha ráta seachtainiúil an tsochair sin.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Eanáir, 1963.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

1956, I.R. Uimh. 236.

12. —(1) (a) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 trí—

(i) “5s. 3d.” a chur in ionad “4s. 6d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1960) agus “4s. 2d.” a chur in ionad “3s. 5d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1960) i bhfomhír (a) de mhír 1,

(ii) “5s. 3d.” a chur in ionad “4s. 6d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1960) agus “4s. 11d.” a chur in ionad “4s. 2d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1960) i bhfomhír (b) den mhír sin 1,

(iii) “3s. 0d.” a chur in ionad “2s. 6d.” (a cuireadh isteach sa dá fhomhír le hAcht 1960) i bhfomhíreanna (a) agus (b) de mhír 2,

(iv) “2s. 4d.” a chur in ionad “1s. 9d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1960) i bhfomhír (a) de mhír 3 agus “3s. 1d.” a chur in ionad “2s. 6d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1960) i bhfomhír (b) den mhír sin 3,

(v) “3s. 1d.” a chur in ionad “2s. 6d.” i bhfomhír (a) de mhír 3A (a cuireadh isteach le hAcht 1960) agus “3s. 10d.” a chur in ionad “3s. 3d.” i bhfomhír (b) den mhír sin 3A,

(vi) “1s. 5d.” a chur in ionad “1s. 3d.” (a cuireadh isteach sa dá fhomhír le hAcht 1960) i bhfomhíreanna (a) agus (b) de mhír (4) (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956),

(vii) “1s. 5d.” a chur in ionad “1s. 3d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1960) i bhfomhír (b) de mhír 5 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956),

(viii) “3s. 6d.” a chur in ionad “2s. 9d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1960) i bhfomhír (a) de mhír 6 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956),

(ix) “4s. 11d.” a chur in ionad “4s. 2d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1960) i bhfomhír (b) den mhír sin 6,

(x) “3s. 6d.” a chur in ionad “2s. 9d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1960) i bhfomhír (a) de mhír 7 (a cuireadh isteach le Rialacháin 1956), agus

(xi) “4s. 0d.” a chur in ionad “3s. 3d.” (a cuireadh isteach le hAcht 1960) i bhfomhír (b) den mhír sin 7.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “Rialacháin 1956” na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Arachas), 1956.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 7ú lá d'Eanáir, 1963.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

13. —(1) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid I (a cuireadh isteach le hAcht 1960):

“CUID I.

Ratai Sochar Treimhsiula agus Ratai na Meaduithe Orthu.

An cineál sochair

Ráta Seachtainiúil

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (má tá iníoctha)

Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (má tá iníoctha)

Méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (má tá iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

scilling

scilling

scilling

scilling

1. Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta:

(a) i gcás daoine os cionn ocht mbliana déag d'aois—

(i) d'fhear, bean singil nó baintreach, bean phósta atá ina cónaí ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil óna fearchéile nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile     ...

37½

25

13

8

(ii) d'aon bhean phósta eile     ...     ...

28½

--

--

--

(b) i gcás daoine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois—

má tá teideal ag an duine chun méadaithe i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe     ...

37½

25

13

8

mura bhfuil teideal den sórt sin ag an duine     ...     ...

28½

--

--

--

2. Liúntas Máithreachais

40

--

--

--

3. Pinsean Baintrí (ranníocach):

má tá teideal ag an mbaintreach chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe     ...     ...

40

--

13

8

mura bhfuil teideal den sórt sin ag an mbaintreach     ...

37½

--

--

--

4. Liúntas Dílleachta (ranníocach)     ...

25

--

--

--

5. Pinsean Seanaoise (ranníocach)     ...     ...

45

35

--

--

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo, a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, sochar dífhostaíochta agus liúntas máithreachais faoi Acht 1952, i ngníomh an 7ú lá d'Eanáir, 1963, agus, a mhéid a bhaineann sé le pinsean baintrí (ranníocach), le liúntas dílleachta (ranníocach) agus le pinsean seanaoise (ranníocach) faoi Acht 1952, tiocfaidh sé i ngníomh an 4ú lá d'Eanáir, 1963.

Leasú ar an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

1960, Uimh. 58.

14. —(1) Leasaítear leis seo an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952—

(a) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fomhír (j) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960 ) i mír (II) de Riail I:

“(k) i gcás duine nach duine dall, aon airgead, ach amháin a mhéid go mbeidh sé níos mó ná £52 sa bhliain, a gheobhaidh an duine i leith obair den chineál dá dtagraítear i mír 7 de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo faoi scéim atá, dar leis an Aire, carthanúil ó cháilíocht agus ó chuspóir.”

(b) trí “h agus k” a chur in ionad “agus (h)” i gclásail (i) agus (ii) (a cuireach isteadh le hAcht 1961) d'fhomhír (c) de mhír (1) de Riail 3.

(2) Tiocfaidh fomhír (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1962.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

15. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialiagh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1962, a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin Seanaoise, 1908 go 1961, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1962, a ghairm díobh le chéile agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1961, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1962, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1961, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1962, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1961, forléireofar é ina dteannta mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1962, a ghairm díobh le chéile.