|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 25 de 1962. | ||
[EN] |
AN tACHT UM RÁTHAÍOCHTAÍ STÁIT (IOMPAR), 1962. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH RÁTHAÍOCHTAÍ ÓN AIRE AIRGEADAIS I LEITH AIRGID IS INÍOCTHA AG CÓRAS IOMPAIR ÉIREANN FAOI CHONARTHAÍ ARNA nDÉANAMH AG CÓRAS IOMPAIR ÉIREANN LE CEADÚ AN AIRE IOMPAIR AGUS CUMHACHTA ARNA THABHAIRT LE TOILIÚ AN AIRE AIRGEADAIS. [7 Lúnasa, 1962.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann; | |
[EN] | ciallaíonn “ráthaíocht”, ach amháin in alt 2 den Acht seo, ráthaíocht arna tabhairt faoi alt 2 den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais. | |
[EN] |
Ráthaiochtaí i leith airgid áirithe is iníoctha ag an mBord. |
2. —(1) Féadfaidh an tAire a ráthú i cibé foirm agus modh agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-íocfaidh an Bord go cuí aon airgead is iníoctha ag an mBord faoi chonarthaí arna ndéanamh ag an mBord chun earraí nó seirbhísí nó earraí agus seirbhísí a sholáthar, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin é, le ceadú an Aire Iompair agus Cumhachta arna thabhairt le toiliú an Aire nó go n-íocfar an t-ús ar an airgead sin nó go ndéanfar idir phríomhshuim agus ús a íoc. |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú i slí gur mó ná suim is ionann agus cúig mhilliún punt, méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé a íoc aon tráth áirithe de bhun ráthaíochta nó ráthaíochtaí a tugadh faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, maraon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha aige roimhe sin de bhun aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nár aisíocadh. | |
[EN] |
Urrús ar aisíoc airgid a íocadh faoi ráthaíocht. |
3. —I gcás ráthaíocht a bheith tugtha, tabharfaidh an Bord don Aire, má éilíonn an tAire é, cibé urrús a shonrófar san fhoréileamh chun a áirithiú don Aire go n-aisíocfar leis aon airgead a dhlífidh sé a íoc nó a bheidh sé tar éis a íoc faoin ráthaíocht. |
[EN] |
Suimeanna is gá a íoc faoi ráthaíocht a airleacan as an bPríomh-Chiste. |
4. —Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis an t-airgead is gá don Aire a íoc i leith suimeanna a bheidh dlite faoi ráthaíocht. |
[EN] |
Aisíoc airgid a íocadh faoi ráthaíocht. |
5. —(1) Déanfaidh an Bord aon airleacain as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis chun críocha alt 4 den Acht seo (agus, má éilíonn an tAire é, ús orthu de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire) a aisíoc leis an Aire laistigh de dhá bhliain ó dháta an airleacain. |
[EN] | (2) I gcás an t-iomlán nó aon chuid den airgead a airleacadh faoi alt 4 den Acht seo a bheith gan aisíoc leis an Aire de réir fo-alt (1) den alt seo, déanfar an méid a bheidh fágtha gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
[EN] | (3) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (2) den alt seo chun suim a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, fanfaidh an Bord faoi dhliteanas ag an Aire i leith na suime sin agus aisíocfaidh an Bord an tsuim sin (agus, má éilíonn an tAire é, ús uirthi de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire) leis an Aire cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh an tAire agus, mura n-aisíocfar an tsuim sin mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh eile chun í a ghnóthú, féadfar í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. | |
[EN] | (4) Déanfar airgead a aisíocfaidh an Bord leis an Aire, nó a ghnóthóidh an tAire ón mBord, faoin alt seo, a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste. | |
[EN] |
Ráiteas bliantúil maidir le ráthaíochtaí. |
6. —Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina luafar, maidir le gach ráthaíocht a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin— |
[EN] | (a) sonraí na ráthaíochta, | |
[EN] | (b) i gcás ina ndearna an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (má b'ann) a aisíocadh leis an Aire de bhun na híocaíochta, | |
[EN] | (c) an méid a mbeadh an tAire, dá gcuirfí an ráthaíocht i bhfeidhm díreach ar an mbliain sin a bheith caite, faoi dhliteanas ina leith mar phríomhaí faoin ráthaíocht. | |
[EN] |
An tAire d'fháil airgid ar iasacht. |
7. —(1) Chun airgead a sholáthar le haghaidh airleacan as an bPríomh-Chiste faoin Acht seo, féadfaidh an tAire aon suim nó suimeanna a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis, agus fós faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile, is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead a gheobhaidh sé ar asacht amhlaidh. |
[EN] | (2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc phríomhshuim agus ús aon urrús a eiseofar faoin alt seo agus na gcaiteachas faoina rachfar i ndáil le heisiúint na n-urrús in | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
8. —Féadfar an tAcht um Ráthaíochtaí Stáit (Iompar), 1962 , a ghairm den Acht seo. |