An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA dTITHE (IASACHTAÍ AGUS DEONTAIS), 1962) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL. Deontais a Thabharfaidh an tAire.)

27 1962

ACHT NA dTITHE (IASACHTAÍ AGUS DEONTAIS), 1962

AN CHEAD SCEIDEAL.

Rialacha le Comhlíonadh ag Tithe Áirithe.

Alt 2.

1. Ní bheidh achar iomlán na n-urlár go léir i dteach arna thomhas sa tslí fhorordaithe níos lú ná 500 troigh cearnach ná níos mó ná 1,400 troigh cearnach.

2. Beidh trí sheomra ar a laghad i dteach.

3. Ó thaobh láithreáin, dreacha, pleanála, foirgniúcháin, sláinteachais agus uimhir tithe in aghaidh an acra, comhlíonfaidh tithe na coinníollacha forordaithe.

4. Ó thaobh méid, uimhir seomraí agus comhghabhálais riachtanacha beidh tithe i gcomhréir, i gcoitinne, le pleananna forordaithe nó cibé pleananna eile a cheadóidh an tAire.