33 1962


Uimhir 33 de 1962.


ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA (MÉADÚ), 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT CHUN PINSIN FAOI ACHTANNA NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1924 GO 1960, A MHÉADÚ, LE hÉIFEACHT ÓN 1ú LÁ DE LÚNASA, 1962. [25 Nollaig, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Pinsin a mhéadú.

1. —Déanfar pinsean is iníoctha an 1ú lá de Lúnasa, 1962, faoi Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1960, a mhéadú, le héifeacht ón lá sin (agus an lá sin a áireamh), fiche faoin gcéad.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata (Méadú), 1962 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1962, a ghairm d'Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1954 go 1960, agus den Acht seo le chéile.