37 1962


Uimhir 37 de 1962.


AN tACHT DÉANTÓIREACHTA SIÚCRA (LEASÚ), 1962.

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHT DÉANTÓIREACHTA SIÚICRE, 1933 . [25 Nollaig, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1933, Uimh. 31 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “fo-chuideachta cheadaithe” cuideachta arna bunú ag an gCuideachta le ceadú an Aire;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Déantóireachta Siúicre, 1933 .

(2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo mar aon Acht amháin.

Caipiteal na Cuideachta a mhéadú.

2. —D'ainneoin aon ní contrártha dó atá sa Phríomh-Acht, nó i Meabhrán Comhlachais nó in Airteagail Chomhlachais na Cuideachta, is dleathach don Chuideachta a scair-chaipiteal a mhéadú go dtí cúig mhilliún punt san iomlán arna roinnt ina chúig mhilliún scair de phunt an ceann agus chuige sin cibé athruithe is gá a dhéanamh ar Mheabhrán Comhlachais agus Airteagail Chomhlachais na Cuideachta.

An tAire d'fháil scaireanna.

3. —Féadfaidh an tAire ó am go ham aon aicme nó aicmí scaireanna leis an gCuideachta nó le fo-chuideachta cheadaithe a fháil ó am go ham trí shuibscríobhadh nó ceannach, ach ní rachaidh méid iomlán na scaireanna a bheidh arna bhfáil amhlaidh aon tráth áirithe thar trí mhilliún cúig chéad míle punt (luach ainmniúil).

Airleacain.

4. —(1) Féadfaidh an tAire airleacain a thabhairt don Chuideachta nó d'fho-chuideachta cheadaithe le haghaidh a haidhm eanna a chur i gcrích.

(2) Tabharfar airleacain faoin alt seo ar cibé téarmaí i dtaobh aisíoca, úis agus nithe eile a chinnfidh an tAire.

Iasachtaí a ráthú.

5. —(1) (a) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, iasacht do chuideachta (dá ngairtear an chuideachta is iasachtaí san alt seo) arb í an Chuideachta í nó fo-chuideachta cheadaithe a ráthú.

(b) San fho-alt seo ní fholaíonn “iasacht” iasacht is inráthaithe faoi alt 8 den Phríomh-Acht.

(2) Aon uair a ráthóidh an tAire iasacht faoin alt seo, féadfaidh sé a ráthú, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, go ndéanfaidh an chuideachta is iasachtaí príomhshuim na hiasachta a aisíoc go cuí nó go n-íocfar ús ar an iasacht nó go ndéanfar an phríomhshuim sin a aisíoc agus an t-ús sin a íoc.

(3) I gcás ina dtabharfar nó inar tugadh ráthaíocht faoin alt seo, tabharfaidh an chuideachta is iasachtaí don Aire, má fhoréilíonn an tAire sin, cibé urrús (lena n-áirítear, go háirithe, bintiúirí) a shonrófar san fhoréileamh chun a áirithiú go n-aisíocfar leis an Aire aon airgead a dhlífidh sé a íoc, nó a bheidh íoctha aige, faoin ráthaíocht.

(4) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina mbeidh na nithe seo a leanas leagtha amach maidir le gach ráthaíocht a tugadh faoin alt seo i rith na bliana sin nó a tugadh am ar bith roimh thosach na bliana sin agus a bhí i bhfeidhm i dtosach na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás ina mbeidh aon íocaíocht déanta ag an Aire faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más aon mhéid é) a aisíocadh leis an Aire ar scór na híocaíochta,

(c) an méid den phríomhshuim lenar bhain an ráthaíocht agus a bhí gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin.

(5) Aon airgead a íocfaidh an tAire faoi ráthaíocht faoin alt seo déanfaidh an chuideachta is iasachtaí é a aisíoc leis an Aire (maraon le hús air de réir cibé rátaí a cheapfaidh sé) laistigh de dhá bhliain ón dáta a airleacadh an t-airgead as an bPríomh-Chiste.

(6) I gcás ina mbeidh an t-airgead uile nó aon chuid den airgead a bheidh íoctha ag an Aire faoi ráthaíocht faoin alt seo gan aisíoc de réir fo-alt (5) den alt seo, déanfar an méid a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(7) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (6) den alt seo chun méid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an chuideachta is iasachtaí de bheith faoi dhliteanas don Aire i leith an mhéid sin agus déanfaidh an chuideachta is iasachtaí an méid sin (maraon le hús air de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire) a aisíoc leis an Aire cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh sé agus, mura ndéanfar aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, beidh sé inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Airleacain as an bPríomh-Chiste.

6. —(1) Déanfar an t-airgead go léir a theastóidh ó am go ham ón Aire faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin bPríomh-Acht nó faoin Acht seo a airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

(2) D'fhonn soláthar a dhéanamh le haghaidh airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, féadfaidh an tAire aon suim nó suimeanna a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis ar bith a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus fós faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó aon nithe eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead a gheobhaidh sé ar iasacht amhlaidh.

(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin alt seo agus muirear na gcostas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

Teorainn le comhshuim airleacan agus príomhshuime áirithe.

7. —Ní rachaidh a gcomhshuim seo a leanas, is é sin—

(a) airleacain faoi alt 4 den Acht seo nach mbeidh aisíoctha,

(b) príomhshuim a mbeidh an tAire faoi dhliteanas í a aisíoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoi alt 5 den Acht seo, agus

(c) príomhshuim a bheidh an tAire tar éis a íoc roimhe sin ar aon ráthaíocht nó ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta nó ag an bhfo-chuideachta cheadaithe (de réir mar a bheidh),

thar cúig mhilliún punt aon tráth áirithe.

Díbhinní, etc., a íoc isteach sa Státchiste.

8. —Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is oiriúnach leis an Aire:

(a) díbhinní, bónas, glan-fháltais ó dhíolacháin agus airgead eile a gheobhaidh an tAire i leith scaireanna leis an gCuideachta nó le fo-chuideachta cheadaithe,

(b) airgead a bheidh an tAire tar éis a ghnóthú màr aisíoc nó mar ús ar airgead a d'íoc sé faoi aon ráthaíocht a thug sé faoi Chuid II den Phríomh-Acht i leith an airgid a urraíodh trí bhintiúirí a d'eisigh an Chuideachta,

(c) airgead a bheidh an tAire tar éis a ghnóthú mar aisíoc nó mar ús ar airgead a d'airlic sé faoi alt 4 den Acht seo nó a aisíocadh leis nó a ghnóthaigh sé faoi fho-alt (5) nó faoi fho-alt (7) d'alt 5 den Acht seo.

Cumhachtaí an Aire i leith scaireanna a shealbhóidh sé.

9. —Féadfaidh an tAire aon scaireanna leis an gCuideachta nó le fo-chuideachta cheadaithe dar shuibscríobh sé nó a fuair sé ar shlí eile a shealbhú an fad is oiriúnach leis agus féadfaidh sé, mar is oiriúnach leis agus nuair is oiriúnach leis, na scaireanna sin go léir nó aon chuid acu a dhíol.

Forálacha breise maidir le fochuideachta cheadaithe.

1893, c. 39.

10. —(1) Bainfidh alt 11 den Phríomh-Acht le scaireanna le fo-chuideachta cheadaithe a shealbhóidh an tAire díreach mar a bhaineann sé le scaireanna leis an gCuideachta a shealbhóidh sé.

(2) Bainfidh ailt 14 agus 15 den Phríomh-Acht le fo-chuideachta cheadaithe díreach mar a bhaineann siad leis an gCuideachta.

(3) An tsriantacht atá i mír (a) d'alt 4 den Industrial and Provident Societies Act, 1893, ní bheidh feidhm aici i gcás inar fo-chuideachta cheadaithe an comhalta a bhfuil nó a éilíonn go bhfuil leas aige i scaireanna cumainn atá cláraithe faoin Acht sin agus nach mó an leas ná caoga faoin gcéad de luach ainmniúil iomlán na scaireanna sin.

Aisghairm.

11. —Aisghairtear leis seo ailt 7, 9, 10 agus 12 den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal agus comhlua.

12. —(1) Féadfar an tAcht Déantóireachta Siúcra (Leasú), 1962 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Déantóireachta Siúcra, 1933 agus 1962, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.