4 1963


Uimhir 4 de 1963.


AN tACHT UM DHEONTAIS TIONSCAIL (LEASÚ), 1963.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT D'FHADÚ RÉ FEIDHME FORÁLACHA ÁIRITHE DEN ACHT UM DHEONTAIS TIONSCAIL, 1959 , AGUS DO LEASÚ AN ACHTA SIN AGUS AN ACHTA UM DHEONTAIS TIONSCAIL (LEASÚ), 1961 . [20 Feabhra, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1959, Uimh. 26 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” An Foras Tionscal ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Dheontais Tionscail, 1959 ;

ciallaíonn “na limistéir neamhfhorbartha” na limistéir lena mbaineann na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1952 go 1963.

Méideanna deontas faoi alt 2 den Phríomh-Acht.

2. —(1) Faoi réir fo-alt (2) den alt seo, ní rachaidh méid iomlán na ndeontas a thabharfaidh an Bord i leith gnóthais tionscail faoi fho-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht—

(a) mura mó ná dhá chéad agus caoga míle punt an t-iomlán—

(i) i gcás inarb é tuairim an Bhoird go bhfuil cúiseanna maithe eacnamaíochta ann nach féidir an gnóthas a bhunú nó a fhorbairt sna limistéir neamhfhorbartha agus go bhfuil iomthosca neamhghnácha eile ann maidir leis an ngnóthas, thar dhá thrian de mhéid iomlán na gcostas a dtabharfar deontas ina leith (is costais den chineál dá dtagraítear i bhfo-ailt (2) agus (3) den alt sin), agus

(ii) in aon chás eile, thar leath méid iomlán na gcostas réamhráite,

agus

(b) más mó ná dhá chéad agus caoga míle punt an t-iomlán—

(i) thar leath méid iomlán na gcostas réamhráite, nó

(ii) an tsuim i bpuint is comhionann leis an bhfigiúr a gheofar tríd an uimhir daoine a bheidh, i dtuairim an Bhoird, ar fostú sa ghnóthas nuair a bheidh sé ag oibriú faoi lán-réim a iolrú faoi mhíle, lúide cibé uimhir daoine a bhí ar fostú (má bhí) sa ghnóthas díreach roimh dul faoin gcaiteachas arb ina leith a íocfar na deontais,

cibé acu is lú.

(2) Féadfaidh an Rialtas a cheadú don Bhord deontais a thabhairt, i leith gnóthais tionscail faoin alt sin 2 a rachaidh a n-iomlán thar dhá chéad agus caoga míle punt agus thar cheann de na teorainneacha nó thar an dá theorainn a shonraítear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, agus, i gcás ina mbeidh ceadú tugtha faoin bhfo-alt seo maidir le haon deontais, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir leis na deontais sin.

Toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais le haghaidh deontas áirithe nach mó ná £500,000 do ghnóthas.

3. —Ní thabharfaidh an Bord deontais faoi alt 2 den Phríomh-Acht (seachas deontais a mbeidh ceadú tugtha ina leith faoi fho-alt (2) d'alt 2 den Acht seo) i leith gnóthais tionscail is mó san iomlán ná cúig chéad míle punt gan toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

Deontais chun gnóthais a mhéadú nó a oiriúnú.

4. —(1) Féadfaidh an Bord deontais a thabhairt ar cibé téarmaí is cuí leo faoi chomhair an chostais a bhainfidh le gnóthais tionscail i limistéar seachas limistéar neamhfhorbartha a mhéadú nó a bhainfidh le hinnealra, gléasra, trealamh, foirgnimh nó oibreacha eile de chuid an ghnóthais a oiriúnú chun go bhféadfar gnó an ghnóthais a sheoladh níos éifeachtúla nó chun a chumasú don ghnóthas gabháil le monarú táirgí nach monaraíodh sé roimh an méadú nó an t-oiriúnú.

(2) Ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó ná an ceathrú cuid de chostas an mhéadaithe nó an oiriúnaithe arb ina leith a thabharfar an deontas.

(3) Ní thabharfar deontas faoin alt seo i leith gnóthas tionscail a mhéadú nó gléasra, trealamh, foirgnimh nó oibreacha eile de chuid an ghnóthais sin a oiriúnú más féidir deontas a thabhairt faoi aon fhoráil eile atá sna hAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1963, i leith an mhéadaithe nó an oiriúnaithe.

(4) Féadfar deontas a thabhairt faoin alt seo i leith aon mhéadú nó oiriúnú a tosaíodh an 14ú lá de Nollaig, 1961, nó dá éis agus roimh dháta an Achta seo a rith.

(5) Ní thabharfar deontas faoin alt seo tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1965, i leith méadaithe nó oiriúnaithe mura mbeidh an méadú nó an t-oiriúnú ceadaithe ag an mBord roimh an 31ú lá de Mhárta, 1965.

(6) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a thabharfar deontais faoin alt seo.

Deontais chun oibrithe a thraenáil.

5. —(1) Féadfaidh an Bord deontais a thabhairt ar cibé téarmaí is cuí leo, chun traenáil a thabhairt d'oibrithe, sa Stát nó in áit eile, ar phróiseanna ar gá oilteacht chucu i ngnóthas tionscail i limistéar seachas limistéar neamhfhorbartha más deimhin leis an mBord—

(a) gur dhóigh don ghnóthas fostaíocht a chur ar fáil nó a choimeád ar fáil sa limistéar,

(b) gur gá cúnamh airgid chun a áirithiú go ndéanfar é a bhunú, a chothabháil nó a fhorbairt, agus

(c) gur gnóthas é a bhfuil buanadas réasúnach ann agus go seolfar go héifeachtúil é.

(2) Ní bheidh an méid iomlán a dheonófar amhlaidh níos mó ná méid an phá a íocfaidh an gnóthas iarbhír leis na hoibrithe i gcaitheamh a dtréimhse traenála maraon le méid a gcostas taistil agus cothaithe i gcás oibrithe a thraenálfar lasmuigh den Stát.

(3) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a thabharfar deontais faoin alt seo.

Deontais le haghaidh bóithre, droichid, oibreacha cuain, línte iarnróid agus saoráidí iarnróid, tithíochta agus ceaintíní.

6. —(1) Féadfaidh an Bord deontais a thabhairt, de chúnamh do ghnóthas tionscail ar dóigh dó fostaíocht a chur ar fáil agus a choiméad ar fáil i limistéar seachas limistéar neamhfhorbartha, ar cibé téarmaí is cuí leo—

(a) chun bóithre, droichid agus oibreacha cuain agus línte iarnróid agus saoráidí iarnróid a dhéanamh agus a dheisiú,

(b) chun tithe agus cóiríocht chónaithe eile agus ceaintíní agus ionaid séarais agus caitheamh aimsire a chur ar fáil do dhaoine a bheidh ar fostú sa ghnóthas.

(2) Sula dtabharfaidh an Bord deontas faoin alt seo i leith bóthair nó droichid phoiblí, rachaidh siad i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil.

(3) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a íocfar deontais faoin alt seo.

Teorainn le méid iomlán deontas.

1956, Uimh. 48 .

1952, Uimh. 1 .

1956, Uimh. 48 .

7. —(1) Ní rachaidh méid comhiomlán na ndeontas arna dtabhairt ag an Údarás Forbartha Tionscail faoin Acht um Dheontais Thionscail, 1956 , agus na ndeontas (seachas deontais faoi alt 12 den Acht um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 ) arna dtabhairt ag an mBord agus ag an Aire faoi na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1952 go 1963, agus na hAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1963, agus na n-íocaíochtaí arna ndéanamh ag an mBord agus ag an Aire ar scór ráthaíochtaí arna dtabhairt ag an mBord agus ag an Aire faoin bPríomh-Acht thar fiche milliún punt.

(2) Ní rachaidh méid comhiomlán na ndeontas faoi alt 12 den Acht um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 , agus faoi alt 3 den Acht um Dheontais Thionscail, 1956 , thar fiche milliún punt.

Dualgas ginearálta an Bhoird maidir le haidhmeanna náisiúnta.

8. —Ag comhlíonadh a dhualgas don Bhord coimeádfaidh sé i gcuimhne i gcónaí na haidhmeanna náisiúnta atá ann tionscail a dhílárú agus tionscail a tharraingt go dtí na limistéir neamhfhorbartha agus déanfaidh sé dícheall ag cabhrú leis na haidhm eanna sin a chur i gcrích.

Aisghairm.

9. —Aisghairtear leis seo mír (a) d'fho-alt (1) agus fo-ailt (2) go (6) d'alt 2, fo-alt (3) d'alt 3, fo-alt (2) d'alt 4 agus alt 6 den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal agus comhlus.

10. —(1) Féadfar an tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1963 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1963, a ghairm den Phríomh-Acht, den Acht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1961 (a mhéid a leasaíonn sé an tAcht sin), agus den Acht seo le chéile.