5 1963


Uimhir 5 de 1963.


AN tACHT UM DHÁNLANN NÁISIÚNTA NA hÉIREANN, 1963.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ OIBREACHA EALAÍNE A THABHAIRT AR IASACHT Ó DHÁNLANN NÁISIÚNTA NA hÉIREANN.

[27 Feabhra, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :—

Oibreacha ealaine a thabhairt ar iasacht ó Dhánlann Náisiúnta na hÉireann.

1. —Féadfaidh Gobharnóirí agus Caomhnóirí Dhánlann Náisiúnta na hÉireann, dá rogha féin agus gan dochar do cháil na Dánlainne agus cáilíocht oibreacha ealaíne a choimeádtar le haghaidh buan-taispeána, oibreacha ealaíne a thabhairt ar iasacht lena dtaispeáint—

(a) i stát-áras an Uachtaráin,

(b) i dTithe an Oireachtais,

(c) in aon áitreabh nó maoin eile in Éirinn nó ar an gcoigrích leis an Stát nó atá ar teachtadh ar iontaobhas ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn,

(d) in áitreabh aon mhisiúin taidhleoireachta nó consalachta Éireannaigh,

(e) in áitreabh aon fhorais a cheadóidh na Gobharnóirí agus na Caomhnóirí chun críocha an ailt seo,

(f) i dtaispeántais ar oibreacha ealaíne in Éirinn nó ar an gcoigrích faoi choimirce na Comhairle Ealaíonn, Chomhar Cultúra Éireann nó comhlachtaí eile a bheidh ceadaithe chun críocha an ailt seo ag na Gobharnóirí agus na Caomhnóirí.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Dhánlann Náisiúnta na hÉireann, 1963 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus Achtanna Ghailerí Náisiúnta na hÉireann, 1854 go 1928, agus féadfar na hAchtanna um Dhánlann Náisiúnta na hÉireann, 1854 go 1963, a ghairm de na hAchtanna sin agus den Acht seo le chéile.