An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT CÓIPCHIRT, 1963) Ar Aghaidh (CUID II. Cóipcheart i Saothair Bhunaidh.)

10 1963

AN tACHT CÓIPCHIRT, 1963

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Cóipchirt, 1963 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú; agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críocha forálacha éagsúla den Acht seo, agus, chun críocha aon fhorála den Acht seo lena n-aisghairtear achtacháin, féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun go n-oibreoidh an aisghairm maidir le hachtacháin éagsúla, lena n-áirítear achtacháin éagsúla san Acht céanna.

Léiriú i gcoitinne.

1927, Uimh. 16 .

1927, Uimh. 16 .

1960, Uimh. 10 .

1926, Uimh. 45 .

1960, Uimh. 10 .

2. —(1) San Acht seo, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Maoine Tionnscail agus Tráchtála Cosaint), 1927;

tá le “athchóiriú”, maidir le saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil, an bhrí a shanntar dó le halt 8 den Acht seo;

tá le “saothar ealaíne” an bhrí a shanntar dó le halt 9 den Acht seo;

folaíonn “foirgneamh” aon déanmhas;

tá le “scannán cineamatagrafach” an bhrí a shanntar dó le halt 18 den Acht seo;

folaíonn “foirgniú” tógáil, agus forléireofar dá réir sin tagairtí d'athfhoirgniú;

ciallaíonn “Ceannasaí” an Ceannasaí Maoine Tionscail agus Tráchtála a ceapadh faoin Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 ;

folaíonn “saothar drámaíochta” saothar córagrafaíochta nó siamsa geáitsíoctha má bhíonn sé curtha i scríbhneoireacht sa chruth ina mbeifear chun an saothar nó an siamsa a léiriú, ach ní fholaíonn sé scannán cineamatagrafach ar leith ó scenario nó scriopt do scannán cineamatagrafach;

folaíonn “líníocht” aon léaráid, léarscáil, cairt nó plean;

folaíonn “greanadóireacht” aon eitseáil, liotagraf, greanadóireacht adhmaid, prionta nó saothar eile nach grianghraf;

tá le “cóipcheart todhchaí” agus le “úinéir ionchais” na bríonna a shanntar dóibh le halt 49 den Acht seo;

ciallaíonn “imeacht bhreithiúnach” imeacht os comhair aon chúirte, binse nó duine ag a bhfuil cumhacht ón dlí chun fianaise a éisteacht, a ghlacadh agus a scrúdú faoi mhionn;

folaíonn “saothar litríochta” aon tábla nó teaglamh scríofa;

ciallaíonn “láimhscríbhinn”, maidir le saothar, an doiciméad bunaidh ina bhfuil an saothar, cibé acu is le láimh a scríobhadh é nó nach ea;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

folaíonn “taibhiú” tabhairt, i gcás léachtaí, aithisc, óráideacha agus seanmóirí, agus i gcoitinne, faoi réir forálacha fo-alt (5) den alt seo, folaíonn sé aon mhodh léirithe don tsúil nó don chluas, lena n-áirítear aon taibhiú den saghas sin trí ghléas raideotheilea grafaíochta a oibriú nó trí scannán cineamatagrafach a thaispeáint, nó trí thaifead a úsáid nó ar aon slí eile, agus forléireofar dá réir sin tagairtí do shaothar nó d'athchóiriú ar shaothar a thaibhiú;

ciallaíonn “grianghraf” aon táirge grianghrafadóireachta nó táirge d'aon phróis atá gaolmhar le grianghrafadóireacht, seachas cuid de scannán cineamatagrafach, agus ciallaíonn “údar”, i ndáil le grianghraf, an duine ar leis, tráth an grianghraf a thógáil, an t-ábhar ar a dtógtar é;

tá le “duine cáilithe” an bhrí a shanntar dó le halt 7 den Acht seo;

ciallaíonn “Radio Éireann” an t-údarás craolacháin a bunaíodh de bhua an Achta um Údarás Craolacháin, 1960 ;

ciallaíonn “taifead” aon teasc, téip, rolla breifnithe nó deis eile ina bhfuil fuaimeanna corpraithe gur féidir (le cúnamh gléas éigin eile nó dá éagmais) iad a atáirgeadh go huathoibritheach uaidh, agus na tagairtí do thaifead de shaothar nó d'ábhar eile is tagairtí iad do thaifead (mar a mhínítear anseo) trínar féidir é a thaibhiú;

folaíonn “atáirgeadh”, maidir le saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil, atáirgeadh i bhfoirm taifid nó scannáin chineamatagrafaigh, agus, i gcás saothar ealaíona, folaíonn sé leagan a táirgeadh tríd an saothar a chur i gcruth trí-thoimhseach nó, más i gcruth trí-thoimhseach dó, é a chur i gcruth dé-thoimhseach, agus forléireofar dá réir sin tagairtí do shaothar a atáirgeadh;

folaíonn “dealbhóireacht” aon teilgean nó múnla arna dhéanamh chun críocha dealbhóireachta;

tá le “fuaim-thaifeadadh” an bhrí a shanntar dó le halt 17 den Acht seo;

tá le “leor-admháil” an bhrí a shanntar dó le halt 12 den Acht seo;

tá le “craoladh teilifíse” agus le “fuaim-chraoladh” na bríonna a shanntar dóibh le halt 19 den Acht seo;

tá le “gléas raidió-theileagrafaíochta” an bhrí chéanna atá le “gléas radio-thelegrafaíochta” san Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 , arna leasú leis an Acht um Údarás Craolacháin, 1960 ;

tá le “saothar comhúdar” an bhrí a thugtar dó le halt 16 den Acht seo;

folaíonn “scríbhneoireacht” aon saghas nodaireachta, cibé acu le láimh nó le cló, clóscríobh nó próis eile a rinneadh é.

(2) Na tagairtí atá san Acht seo do chraoladh is tagairtí iad do chraoladh trí raidio-theileagrafaíocht (de réir bhrí an Achta Radio-Thelegrafaíochta, 1926 , arna leasú leis an Acht um Údarás Craolacháin, 1960 ) cibé acu trí fhuaim-chraoladh é nó trí theilifís.

(3) Na tagairtí atá san Acht seo do shaothar nó ábhar eile a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís idirleata is tagairtí iad don chéanna a fhorleathadh i gcúrsa seirhbíse ag dáileadh clár craolacháin, nó clár eile (cibé acu gurb é an duine a oibríonn an tseirbhís nó daoine eile a sholáthraíonn iad) ar feadh sreanganna, nó conairí eile de shubstaint ábhartha, go dtí áitribh daoine a ranníocann leis an tseirbhís; agus, chun críocha an Achta seo, i gcás ina bhforleathfar amhlaidh saothar nó ábhar eile—

(a) measfar gurb é an duine a oibríonn an tseirbhís (is é sin le rá, an duine a ghlacann air féin, sna comhaontuithe leis na daoine a ranníocann leis an tseirbhís, an tseirbhís a sholáthar dóibh, cibé acu is eisean nó nach eisean an duine a fhorleathann na cláir) an duine a chuir faoi deara an saothar nó an t-ábhar eile a fhorleathadh amhlaidh, agus

(b) ní mheasfar aon duine eile, seachas an duine a oibríonn an tseirbhís, a bheith á chur faoi deara é a fhorleathadh amhlaidh d'ainneoin é do sholáthar aon saoráidí chun na cláir a fhorleathadh:

Ar choinníoll nach gcuirfear san áireamh, chun críocha an ailt seo, ná chun críocha tagairtí lena mbaineann an fo-alt seo, seirbhís chun cláir craolta nó cláir eile a dháileadh, i gcás nach bhfuil sa tseirbhís ach seirbhís foghabhálach i leith le gnó ag coimeád nó ag ligean áitreabh ina gcónaíonn nó ina gcodlaíonn daoine, agus a oibrítear mar chuid de na taitneamhachtaí a sholáthraítear go heisiatach nó go formhór do dhaoine a chónaíonn iontu nó is iostaithe iontu.

(4) Na tagairtí atá san Acht seo d'aon ghníomh a dhéanamh trí chraoladh teilifíse nó fuaim-chraoladh arna dhéanamh ag Radio Éireann a ghlacadh is tagairtí iad don ghníomh sin a dhéanamh tríd an gcraoladh a ghlacadh—

(a) ón bhforleathadh trína ndéanfar an craoladh ag Radio Éireann, nó

(b) ó fhorleathadh a dhéanfaidh Radio Éireann ar shlí seachas trí chraoladh, ach i gcomhthráth leis an bhforleathadh a luaitear sa mhír sin roimhe seo,

cibé acu (i gceachtar cás) a ghlacfar an craoladh díreach ón bhforleathadh a bheidh i gceist nó ó athfhorleathadh air a dhéanfaidh aon duine ó aon áit, cibé acu is áit sa Stát é nó áit eile; agus san fho-alt seo ciallaíonn “athfhorleathadh” aon athfhorleathadh cibé acu thar conairí de shubstaint ábhartha dó ná nach ea, lena n-áirítear aon athfhorleathadh a dhéanfar trí úsáid a dhéanamh d'aon taifead, cló, claonchló, téip nó earra eile ar a mbeidh an craoladh a bheidh i gceist taifeadta.

(5) Chun críocha an Achta seo, ní mheasfar gurb ionann craoladh, nó a chur faoi deara saothar nó ábhar eile a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís idirleata, agus taibhiú, ná gurb ionann é sin agus a chur faoi deara amharc-íomhánna nó fuaimeanna a fheiceál nó a chloisteáil; agus i gcás ina ndéantar amharc-íomhánna a thaispeáint nó a astú le haon ghléas glactha chun a n-iompraítear iad trí chomharthaí leictreamhaighnéadacha a fhorleathadh (cibé acu thar conairí de shubstaint ábhartha é nó nach ea)—

(a) ní mheasfar gurb ionann aon ghléas a oibriú trína bhforleatar na comharthaí, go díreach nó go neamhdhíreach, chun an ghléis ghlactha agus taibhiú ná gurb ionann é sin agus a chur faoi deara na hamharcíomhánna nó na fuaimeanna a fheiceáil nó a chloisteáil; ach

(b) a mhéid gurb ionann taispeáint nó astú na n-íomhánna nó na bhfuaimeanna agus taibhiú, nó a chuireann sé sin faoi deara iad a fheiceáil nó a chloisteail, measfar gur tríd an ngléas glactha a oibriú a dhéantar an taibhiú nó a chuirtear faoi deara na híomhánna a fheiceáil nó a chloisteáil.

(6) (a) Gan dochar don fho-alt deiridh roimhe seo, i gcás ina dtaibheofar saothar nó athchóiriú ar shaothar nó ina gcuirfear faoi deara amharc-íomhánna nó fuaimeanna a fheiceáil nó a chloisteáil trí aon ghléas lena mbainfidh an fo-alt seo a oibriú, is gléas a sholáthraigh áititheoir, nó a soláthraíodh le toiliú áititheoir, an áitribh ina mbeidh an gléas, measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é áititheoir an áitribh sin atá ag tabhairt an taibhithe, nó ag cur faoi deara na híomhánna nó na fuaimeanna, a fheiceáil nó a chloisteáil, cibé acu is eisean nó nach eisean a oibríonn an gléas.

(b) Baineann an fo-alt seo le haon ghléas glactha den sórt a luaitear san fho-alt deiridh roimhe seo, agus le haon ghléas chun fuaimeanna a atáirgeadh trí thaifead a úsáid.

(7) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar aon tagairt atá san Acht seo d'achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile nó faoi.

Forálacha forlíontacha maidir le léiriú.

3. —(1) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, measfar go bhfolaíonn aon tagairt atá san Acht seo do ghníomh a dhéanamh maidir le saothar nó ábhar eile tagairt don ghníomh sin a dhéanamh maidir le cuid shubstainteach de, agus measfar go bhfolaíonn aon tagairt d'atáirgeadh, d'athchóiriú ar shaothar nó do chóip de shaothar nó do thaifead ina bhfuil fuaim-thaifeadadh tagairt d'atáirgeadh nó d'athchóiriú ar chuid shubstainteach, nó do chóip de chuid shubstainteach, den saothar, nó do thaifead ina bhfuil cuid shubstainteach den fhuaim-thaifeadadh, de réir mar a bheidh:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh an fo-alt seo, chun críocha na bhforálacha seo a leanas den Acht seo, is é sin, fo-ailt (1) agus (2) d'alt 8, fo-ailt (2) agus (3) d'alt 9, fo-ailt (2) agus (3) d'alt 44, alt 50, agus fo-ailt (3) go (5) d'alt 51, difear d'fhorléiriú aon tagartha do shaothar a fhoilsiú nó gan bheith foilsithe.

(2) Maidir le foilsiú, beidh éifeacht ag forálacha an fho-ailt seo chun críocha an Achta seo, is é sin le rá—

(a) i gcás saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil a thaibhiú nó taifid de a eisiúint, saothar ealaíne a thaispeáint, saothar ailtireachta a fhoirgniú, agus grianghrafanna nó greanadóireachtaí de shaothar ailtireachta nó dealbhóireachta a eisiúint ní hionann sin agus an saothar a fhoilsiú;

(b) ach amháin a mhéid gur sárú ar chóipcheart é, nó sárú ar aon sriantacht a fhorchuirtear le halt 54 den Acht seo, déanfar neamhshuim d'fhoilseachán nach bhfuil ann ach aithris dhealraitheach ar an mbun-ábhar agus nach mbeidh ceaptha chun riachtanais réasúnacha an phobail a shásamh;

(c) faoi réir na míreanna roimhe seo den fho-alt seo, measfar gur foilsíodh saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil, nó eagrán den saothar sin, nó saothar ealaíona, i gcás inar eisíodh macasamhla den saothar nó den eagrán chun an phobail agus sa chás sin amháin;

(d) ní áireofar mar ní seachas an chéadfhoilsiú foilsiú a rinneadh sa Stát, nó lasmuigh den Stát, de bhrí amháin go ndearnadh foilsiú roimhe sin in áit eile, má rinneadh an dá fhoilsiú laistigh de thréimhse nárbh fhaide ná tríocha lá;

agus nuair a bheifear á chinneadh chun críocha mhír (c) den fho-alt seo, cé acu a eisíodh nó nár eisíodh atáirgeadh ar shaothar chun an phobail, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo.

(3) Nuair a bheifear á chinneadh chun críocha aon fhorála den Acht seo—

(a) cé acu a foilsíodh nó nár foilsíodh saothar nó ábhar eile, nó

(b) cé acu ba é nó nárbh é an chéadfhoilsiú ar shaothar nó ábhar eile foilsiú áirithe air, nó

(c) cé acu a foilsíodh nó nár foilsíodh saothar nó ábhar eile, nó cé acu a déileáladh nó nár déileáladh leis ar shlí eile, le linn beo duine,

ní thabharfar aon aird ar aon fhoilsiú neamhúdaraithe ná ar dhéanamh aon ghnímh neamhúdaraithe eile; agus, chun críocha an fho-alt seo, measfar foilsiú nó gníomh eile a bheith neamhúdaraithe—

(i) má bhí cóipcheart ar substaineadh sa saothar nó san ábhar eile agus go ndearnadh an gníomh a bheidh i gceist ar shlí seachas ag úinéir an chóipchirt nó le ceadúnas uaidh, nó

(ii) mura raibh cóipcheart ar substaineadh sa saothar nó san ábhar agus go ndearnadh an gníomh a bheidh i gceist ar shlí seachas ag úinéir an chóipchirt nó le ceadúnas uaidh (nó, i gcás fhuaimthaifeadta nó scannáin chineamatagrafaigh, nó eagrán de shaothar litríochta, drámaíochta nó ceoil, ag an déantóir nó ag an bhfoilsitheoir, de réir mar a bheidh, nó le ceadúnas uaidh) nó ag daoine a bheidh ag éileamh go dleathach faoi:

ar chaoi, áfach, nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt seo difear d'aon fhorálacha den Acht seo maidir leis na gníomhartha a shriantar le haon chóipcheart nó maidir le gníomhartha ar sáruithe iad ar chóipchirt, nó aon fhorálacha d'alt 54 den Acht seo.

(4) Na tagairtí atá san Acht seo don tráth nó don tréimhse a rinneadh saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil, is tagairtí iad don tráth nó don tréimhse a céadchuireadh i scríbhinn nó i bhfoirm ábhartha éigin eile é.

(5) I gcás aon chóipcheart a mbeidh (de bhíthin sannadh leathrannach a bheith déanta air nó eile) teideal ag daoine éagsúla chuige maidir le feidhmiú an chóipchirt—

(a) i leith gníomhartha éagsúla nó aicmí éagsúla gníomhartha a dhéanamh, nó

(b) i leith gníomh nó gníomhartha nó aicme nó aicmí gníomhartha a dhéanamh i dtíortha éagsúla tráthanna éagsúla,

measfar, chun aon chríocha den Acht seo, gurb é úinéir an chóipchirt an duine a bheidh i dteideal an chóipchirt maidir lena fheidhmiú i leith le déanamh an ghnímh áirithe nó na haicme áirithe gníomhartha, nó, de réir mar bheidh, i leith leis an ngníomh nó an aicme gníomhartha sin a dhéanamh sa tír áirithe nó an tráth áirithe sin, is iomchuí maidir leis an gcríoch a bheidh i gceist; agus maidir le haon chóipcheart todhchaí chun a mbeidh teideal ionchais ag daoine éagsúla forléireofar dá réir sin tagairtí san Acht seo don úinéir ionchais.

(6) Gan dochar do ghinearáltacht an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt seo, i gcás ina n-éireoidh ceist faoi aon fhoráil den Acht seo i dtaobh ar allmhairíodh nó ar díoladh earra d'aon sórt áirithe, nó ar déileáladh ar shlí eile leis, gan ceadúnas ó úinéir aon chóipchirt, measfar, chun an cheist sin a chinneadh, gurb é úinéir an chóipchirt an duine ag a raibh teideal chun an chóipchirt maidir lena fheidhmiú i leith le déanamh earraí den sórt sin sa tír chun ar allmhairíodh an earra, nó, de réir mar a bheidh, inar díoladh é nó inar déileáladh leis ar shlí eile.

(7) I gcás deontaí ceadúnais, nó duine a ghabhann teideal ón deontaí, d'údarú aon ní a dhéanamh agus é a bheith laistigh de théarmaí (lena n-áirítear aon téarmaí intuigthe) an cheadúnais dó é á údarú sin, measfar, chun críocha an Achta seo, go ndearnadh é le ceadúnas an deontóra agus gach duine eile (más aon duine é) ar a bhfuil an ceadúnas ina cheangal.

(8) Na tagairtí atá san Acht seo do theideal a ghabháil is tagairtí iad do theideal a ghabháil go díreach nó go neamhdhíreach.

(9) Más rud é, i gcás aon saghas cóipchirt—

(a) go sonraíonn forálacha atá san Acht seo gníomhartha áirithe mar ghníomhartha a shriantar leis an gcóipcheart, nó is sáruithe air, agus

(b) go sonraíonn forálacha eile den Acht seo gníomhartha áirithe mar ghníomhartha nach sáruithe ar an gcóipcheart,

ní mheasfar gur síneadh ar oibriú na bhfóralacha céadluaite aon ábhar a bheith fágtha ar lár nó eisiata as na forálacha is deireanaí a luaitear.

(10) Na tagairtí atá san Acht seo do chóipcheart folaíonn siad tagairtí do chóipcheart faoi Acht 1927.

(11) Na tagairtí atá in Acht 1927 don Acht sin measfar, a mhéid gur tagairtí iad, nó go bhfolaíonn siad tagairtí, do Chuid VI nó do Chuid VII den Acht sin, go bhfolaíonn siad tagairtí don Acht seo.

Orduithe, rialacha agus rialacháin.

4. —(1) I gcás ina dtugann aon fhoráil den Acht seo cumhacht chun orduithe, rialacha nó rialacháin a dhéanamh, féadfar na horduithe, na rialacha nó na rialacháin sin a dhéanamh maidir le gach ábhar, nó maidir le ceann amháin nó níos mó de na hábhair, lena mbaineann an fhoráil; agus féadfar forálacha éagsúla a dhéanamh le haon orduithe, rialacha nó rialacháin den sórt sin maidir le haicmí éagsúla cásanna lena mbainfidh na horduithe, na rialacha nó na rialacháin.

(2) Déanfar gach ordú, riail nó rialachán a dhéanfar faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú, an riail nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, na rialach nó an rialacháin beidh an t-ordú, an riail nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi.

Caiteachais.

5. —A mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a íocfar na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

Forálacha idirlinne agus aisghairm.

6. —(1) Beidh éifeacht chun críocha an Achta seo agna forálacha idirlinne atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Faoi réir na bhforálacha idirlinne sin, déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

(3) Ní thabharfaidh aisghairm alt 163 d'Acht 1927 go bhféadfar aon chaingean a thionscnamh a bhí urchoiscthe roimh thosach feidhme an ailt seo.