An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Leigheasanna i gCás Cóipcheart a Shárú.) Ar Aghaidh (CUID VI. An tAcht a Fheidhmiú i leith Tíortha Eile.)

10 1963

AN tACHT CÓIPCHIRT, 1963

CUID V.

Dlínse an Cheannasaí Maoine Tionscail agus Tráchtála.

Mínithe chun críocha Chuid V.

29. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo—

ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas arna dheonú ag duine nó thar ceann duine is úinéir nó úinéir ionchais ar chóipcheart is saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil, nó ar fhuaim-thaifeadadh nó craoladh teilifíse agus arb eárd é—

(a) i gcás saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil, ceadúnas chun an saothar nó athchóiriú air a thaibhiú go poiblí nó a chraoladh nó a thaifeadadh chun a chraolta, nó a chur faoi deara an saothar nó athchóiriú air a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís idirleata;

(b) i gcás fuaim-thaifeadta, ceadúnas chun a chur faoi deara é a chloisteáil go poiblí nó é a chraoladh, nó é a fhorleathadh chun daoine a ranníocann le seirbhís idirleata;

(c) i gcás craoladh teilifíse, ceadúnas chun a chur faoi deara é a fheiceáil go poiblí sa mhéid gur amharc-íomhánna é agus, sa mhéid gur fuaimeanna é, é a chloisteáil go poiblí.

(2) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “comhlacht ceadúnúcháin”—

(a) maidir le ceadúnas den sórt a luaitear i mír (a) den fho-alt roimhe seo den alt seo, comhlacht nó eagras eile arb é a phríomh-chuspóir nó ceann dá phríomhchuspóirí ceadúnais den sórt sin a iomairliú nó a dheonú, mar úinéir nó úinéir ionchais cóipchirt nó mar ghníomhaire d'úinéirí nó d'úinéirí ionchais cóipchirt;

(b) maidir le ceadúnais den sórt a luaitear i mír (b) den fho-alt roimhe seo den alt seo, aon duine is úinéir nó úinéir ionchais ar chóipcheart i bhfuaim-thaifeadtaí, nó aon duine nó comhlacht daoine ag gníomhú mar ghníomhaire d'aon daoine is úinéirí nó úinéirí ionchais ar chóipcheart maidir le ceadúnais den sórt sin a iomairliú nó a dheonú; agus

(c) maidir le ceadúnais den sórt a luaitear i mír (c) den fho-alt roimhe seo den alt seo, Radio Éireann nó aon eagras arna cheapadh ag Radio Éireann chun ceadúnais a iomairliú nó a dheonú i leith an chóipchirt i gcraoltaí teilifíse sa mhéid go mbaineann an cóipcheart leis na gníomhartha a shonraítear i mír (c) d'fho-alt (5) d'alt 19 den Acht seo.

(3) Ní bhainfidh mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo le heagras mar gheall ar gur cuid dá chuspóirí ceadúnais aonair a iomairliú agus a dheonú ar le saothar aonair nó le saothair údair aonair a bhaineann gach ceadúnas acu, mura cuid de na cuspóirí sin ceadúnais ghinearálta a iomairliú agus a dheonú, agus réim ag gach ceadúnas acu maidir le saothair údar iomaí.

(4) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “scéim ceadúnas”, maidir le ceadúnais d'aon sórt, scéim arna déanamh ag comhlacht ceadúnúcháin amháin nó níos mó, ag leagan amach na n-aicmí cásanna ina bhfuil siad féin, nó na daoine a bhfuil siad ag gníomhú thar a gceann, toilteanach ceadúnais den sórt sin a dheonú, agus na dtáillí (más aon táille é), agus na dtéarmaí agus an gcoinníollacha, ar faoina réir a dheonófaí ceadúnais sna haicmí sin cásanna; agus san fho-alt seo folaíonn “scéim” aon ní mar bheadh scéim ann cibé acu scéim nó tairif nó ainm éigin eile a thugtar air ann.

(5) Sa Chuid seo den Acht seo—

(a) na tagairtí do théarmaí agus coinníollacha is tagairtí iad do théarmaí agus coinníollacha seachas iad siúd a bhaineann le méid muirir le haghaidh ceadúnais; agus

(b) na tagairtí do chaoi a thabhairt do dhuine a chás a phlé is tagairtí iad do chaoi a thabhairt dó, mar is rogha leis, uiríolla i scríbhinn a chur isteach, nó éisteacht a fháil, nó uiríolla i scríbhinn a chur isteach agus éisteacht a fháil.

Forálacha ginearálta maidir le dlínse an Cheannasaí.

30. —Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh dlínse ag an gCeannasaí cinneadh a dhéanamh ar dhíospóidí a éireoidh idir comhlachtaí ceadúnúcháin agus daoine a mbeidh ceadúnais ag teastáil uathu, nó comhlachtaí a bheidh a éileamh gur ionadaithe do dhaoine don sórt sin iad—

(a) ar scéim ceadúnas a tharchur chun an Cheannasaí, nó

(b) ar iarratas ó dhuine a dteastaíonn ceadúnas uaidh de réir scéime ceadúnas nó i gcás nach mbaineann scéim ceadúnas leis.

An Ceannasaí do chinneadh ábhar áirithe a bhaineann le ríchíosanna faoi alt 13 agus le luach saothair faoi ailt 17 agus 48.

31. —(1) I gcás ina n-éireoidh díospóid idir an monaróir agus duine is úinéir ar choipcheart i saothar ceoil i dtaobh méid an ríchíosa is iníoctha ag an monaróir faoi mhír (d) d'fho-alt (1) d'alt 13 den Acht seo i leith an saothar a thaifeadadh, féadfaidh ceachtar páirtí an díospóid a tharchur chun an Cheannasaí agus breithneoidh seisean an cás agus cinnfidh sé méid an ríchiósa is iníoctha amhlaidh, nó tarchuirfidh sé an cás chun eadránaí de bhun forálacha alt 41 den Acht seo chun an cinneadh sin a dhéanamh.

(2) I gcás ina mbeidh ríchíos is iníoctha faoi alt 13 den Acht seo le leithroinnt faoi fho-alt (3) nó (5) den alt seo, breithneoidh an Ceannasaí an cás mura gcomhaontóidh na daoine ag a mbeidh teideal chun an ríchíosa, nó tarchuirfidh sé an cás chun eadránaí de bhun forálacha alt 41 den Acht seo, chun an cinneadh sin a dhéanamh air.

(3) I gcás ina n-éireoidh díospóid idir duine a chuirfidh faoi deara fuaim-thaifeadadh, nó aon atáirgeadh air, a chloisteáil go poiblí, nó a chraoladh, agus úinéir an chóipchirt a bheidh ar substaineadh sa taifeadadh i dtaobh an luach saothair cothromasach is iníoctha faoi mhír (b) d'fho-alt (4) d'alt 17 den Acht seo i leith an taifeadta, féadfaidh ceachtar páirtí an díospóid a tharchur chun an Cheannasaí agus breithneoidh seisean an cás agus cinnfidh sé méid an luach saothair is iníoctha amhlaidh, nó tarchuirfidh sé an cás chun eadránaí de bhun forálacha alt 41 den Acht seo, chun an cinneadh sin a dhéanamh air.

(4) I gcás ina n-éireoidh díospóid idir duine is úinéir ar cheart chun saothar ceoil i scannán cineamatagrafach a chraoladh agus Radio Éireann, i dtaobh an luach saothair cothromasach is iníoctha faoi fho-alt (2) d'alt 48 den Acht seo i leith an tsaothair féadfaidh ceachtar páirtí an díospóid a tharchur chun an Cheannasaí agus breithneoidh seisean an cás agus cinnfidh sé méid an luach saothair is iníoctha amhlaidh, nó tarchuirfidh sé an cás chun eadránaí de bhun forálacha alt 41 den Acht seo, chun an cinneadh sin a dhéanamh air.

Scéimeanna ceadúnas a tharchur chun an Cheannasaí.

32. —(1) Má éiríonn díospóid, aon tráth a bheidh scéim ceadúnas i ngníomh, i dtaobh na scéime idir an comhlacht ceadúnúcháin a bheidh ag oibriú na scéime agus—

(a) eagras a bheidh á éileamh go bhfuil sé ionadaitheach do dhaoine a dteastaíonn ceadúnais uathu i gcásanna d'aicme lena mbaineann an scéim, nó

(b) aon duine a bheidh á éileamh go dteastaíonn ceadúnas uaidh i gcás d'aicme lena mbaineann an scéim,

féadfaidh an t-eagras nó an duine lena mbainfidh an scéim a tharchur chun an Cheannasaí sa mhéid go mbaineann sí le cásanna den aicme sin.

(2) Is iad a bheidh ina bpáirtithe i scéim ceadúnas a tharchur chun an Cheannasaí faoin alt seo—

(a) an t-eagras nó an duine a thionscnóidh an tarchur,

(b) an comhlacht ceadúnúcháin a bheidh ag oibriú na scéime lena mbainfidh an tarchur, agus

(c) cibé eagrais nó daoine eile (más ann) a iarrfaidh ar an gCeannasaí páirtithe sa tarchur a dhéanamh díobh agus a ndéanfar, de réir an fho-ailt díreach ina dhiaidh seo den alt seo, páirtithe sa tarchur díobh.

(3) I gcás ina n-iarrfaidh eagras (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh sé á éileamh go bhfuil sé ionadaitheach do dhaoine a dteastaíonn nó nach dteastaíonn ceadúnais uathu) nó duine (cibé acu a theastaíonn nó nach dteastaíonn ceadúnas uaidh) ar an gCeannasaí páirtí sa tarchur a dhéanamh de, agus gur deimhin leis an gCeannasaí go bhfuil leas substainteach ag an eagras nó ag an duine san ábhar a bheidh faoi dhíospóid, féadfaidh sé, más oiriúnach leis, páirtí sa tarchur a dhéanamh den eagras nó den duine sin.

(4) Ní thabharfaidh an Ceannasaí aird ar scéim ceadúnas a tharchur chuige faoin alt seo ag eagras mura deimhin leis go bhfuil an t-eagras réasúnta ionadaitheach don aicme daoine a n-éilíonn an t-eagras gur ionadaí dóibh é.

(5) Faoi réir an fho-ailt deiridh roimhe seo den alt seo, déanfaidh an Ceannasaí, ar aon tarchur a dhéanamh faoin alt seo, an t-ábhar faoi dhíospóid a bhreithniú, agus, tar éis caoi a thabhairt do na páirtithe sa tarchur a gcásanna faoi seach a phlé, cibé ordú, ag daingniú nó ag athrú na scéime, sa mhéid go mbainfidh sí le cásanna den aicme lena mbainfidh an tarchur, mar a chinnfidh an Ceannasaí a bheith réasúnach sna himthosca.

(6) Aon ordú a dhéanfaidh an Ceannasaí faoin alt seo, féadfaidh sé, d'ainneoin aon ní sa scéim ceadúnas lena mbainfidh an t-ordú, é a dhéanamh ar shlí go mbeidh sé i bhfeidhm gan teorainn aimsire leis nó go ceann cibé tréimhse a chinnfidh an Ceannasaí.

(7) I gcás ina mbeidh scéim ceadúnas tarchurtha chun an Cheannasaí faoin alt seo, ansin d'ainneoin aon ní sa scéim, ach faoi réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo—

(a) leanfaidh an scéim i ngníomh go dtí go mbeidh ordú déanta ag an gCeannasaí de bhun an tarchurtha, agus

(b) tar éis an t-ordú a bheith déanta, leanfaidh an scéim i ngníomh, sa mhéid go mbainfidh sí leis an aicme cásanna ar ina leith a rinneadh an t-ordú, an fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm.

(8) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt deiridh roimhe seo den alt seo maidir le tarchur i leith aon tréimhse tar éis an tarchur a tharraingt siar, nó a urscaoileadh de bhua fo-alt (4) den alt seo.

Scéim a tharchur chun an Cheannasaí in athuair.

33. —(1) I gcás ina mbeidh an Ceannasaí tar éis ordú a dhéanamh faoin alt deiridh roimhe seo maidir le scéim ceadúnas, ansin, faoi réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt seo, aon tráth a bheidh an t-ordú i bhfeidhm—

(a) féadfaidh an comhlacht ceadúnúcháin a bheidh ag oibriú na scéime, nó

(b) aon eagras a bheidh á éileamh go bhfuil sé ionadaitheach do dhaoine a dteastaíonn ceadúnais uathu i gcásanna den aicme lena mbaineann an t-ordú, nó

(c) aon duine a bheidh á éileamh go dteastaíonn ceadúnas uaidh i gcás den aicme sin,

an scéim a tharchur chun an Cheannasaí arís sa mhéid go mbaineann sí le cásanna den aicme sin.

(2) Achamháin le cead speisialta an Cheannasaí, ní tharchuirfear scéim ceadúnas chuige arís faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo den alt seo tráth is luaithe ná—

(a) deireadh na tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an dáta a rinneadh an t-ordú a bheidh i gceist, i gcás ordú a rinneadh ar shlí go mbeadh sé i bhfeidhm gan teorainn aimsire leis nó go ceann tréimhse níos faide ná cúig mhí dhéag, nó

(b) tosach na tréimhse trí mhí dar críoch dáta éaga an ordaithe, i gcás ordú a rinneadh ar shlí go mbeadh sé i bhfeidhm go ceann cúig mhí dhéag nó níos lú.

(3) Is iad a bheidh ina bpáirtithe i dtarchur faoin alt seo—

(a) an comhlacht ceadúnúcháin, an t-eagras nó an duine a thionscnóidh an tarchur;

(b) an comhlacht ceadúnúcháin a bheidh ag oibriú na scéime lena mbainfidh an tarchur, murab iad a thionscnóidh an tarchur; agus

(c) cibé eagrais nó daoine eile (más ann) a iarrfaidh ar an gCeannasaí páirtithe sa tarchur a dhéanamh díobh agus a ndéanfar, de réir na bhforálacha is infheidhmithe chuige sin de bhua fo-alt (5) den alt seo, páirtithe sa tarchur díobh.

(4) Faoi réir an fho-ailt sin (5), déanfaidh an Ceannasaí, ar aon tarchur a dhéanamh faoin alt seo, an t-ábhar faoi dhíospóid a bhreithniú agus tar éis caoi a thabhairt do na páirtithe sa tarchur a gcásanna faoin seach a phlé, cibé ordú maidir leis an scéim arna daingniú nó arna hathrú roimhe sin, sa mhéid go mbainfidh sí le cásanna den aicme a bheidh i gceist, tríd an scéim a dhaingniú, a athrú, nó a athrú tuilleadh, mar a chinnfidh an Ceannasaí a bheith réasúnach sna himthosca.

(5) Beidh feidhm chun críocha an ailt seo ag fo-ailt (3), (4), (6) agus (7) den alt deiridh roimhe seo den Acht seo.

(6) Beidh éifeacht maidir le horduithe faoin alt seo ag na forálacha roimhe seo den alt seo mar atá éifeacht acu maidir le horduithe faoin alt deiridh roimhe seo den Acht seo.

(7) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a choisceann scéim ceadúnas, a mbeidh ordú déanta roimhe sin ina leith faoin alt deiridh roimhe seo den Acht seo, a tharchur chun an Cheannasaí arís faoin alt sin—

(a) aon tráth, sa mhéid go mbaineann an scéim le cásanna d'aicme nach mbaineann an t-ordú léi, nó

(b) tar éis éag don ordú, sa mhéid go mbaineann an scéim le cásanna den aicme lenar bhain an t-ordú nuair a a bhí sé i bhfeidhm.

Iarratais chun an Cheannasaí.

34. —(1) Chun críocha na Coda seo den Acht seo agus faoi réir forálacha fo-alt (2) den alt seo, measfar cás a bheith faoi réim scéim ceadúnas dá ndéanfaí, de réir scéim ceadúnas a bheadh i ngníomh de thuras na huaire, ceadúnais a dheonú i gcásanna den aicme lena mbaineann an cás sin.

(2) Má tharlaíonn, de réir forálacha scéime ceadúnas—

(a) go mbeadh na ceadúnais a dheonófaí amhlaidh faoi réir téarmaí agus coinníollacha trína mbeadh ábhair áirithe eiscthe ó na ceadúnais, agus

(b) go mbainfidh an cás a bheidh i gceist le hábhar amháin nó níos mó lena mbainfidh eisceacht den sórt sin,

measfar nach bhfuil an cás faoi réim na scéime.

(3) Aon duine a bheidh á éileamh, i gcás a bheidh faoi réim scéim ceadúnas, gur dhiúltaigh nó gur mhainnigh an t-údarás ceadúnúcháin a bhí ag oibriú na scéime ceadúnas a dheonú dó de réir forálacha na scéime nó a chur faoi deara ceadúnas den sórt sin a dheonú dó, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun an Cheannasaí faoin alt seo.

(4) Aon duine a bheidh á éileamh go dteastaíonn ceadúnas uaidh i gcás nach dtagann faoi réim scéim ceadúnas, agus—

(a) gur dhiúltaigh nó gur mhainnigh an comhacht ceadúnúcháin an ceadúnas a dheonú nó a chur faoi deara é a dheonú, agus gur míréasúnach sna himthosca nach ndeonófaí an ceadúnas, nó

(b) go bhfuil aon mhuirir, téarmaí nó coinníollacha a mbeartaíonn an comhlacht ceadúnúcháin gur faoina réir a dheonófaí an ceadúnas míréasúnach,

féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun an Cheannasaí faoin alt seo.

(5) I gcás ina n-iarrfaidh eagras (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh sé á éileamh go bhfuil sé ionadaitheach do dhaoine a dteastaíonn nó nach dteastaíonn ceadúnais uathu) nó duine (cibé acu a theastaíonn nó nach dteastaíonn ceadúnas uaidh) ar an gCeannasaí páirtí in iarratas faoi na forálacha roimhe seo den alt seo a dhéanamh de, agus gur deimhin leis an gCeannasaí go bfhuil leas substainteach ag an eagras nó ag an duine san ábhar a bheidh faoi dhíospóid, féadfaidh an Ceannasaí, más oiriúnach leis, páirtí san iarratas a dhéanamh den eagras nó den duine.

(6) Ar aon iarratas faoi fho-alt (3) nó fo-alt (4) den alt seo a fháil, tabharfaidh an Ceannasaí don iarratasóir agus don chomhlacht ceadúnúcháin a bheidh i gceist agus do gach páirtí eile (más ann) san iarratas caoi ar a gcásanna faoi seach a phlé; agus, más deimhin leis an gCeannasaí bonn maith a bheith le héileamh an iarratasóra, déanfaidh an Ceannasaí ordú á dhearbhú, maidir leis na hábhair a shonrófar san ordú, go bhfuil teideal ag an iarratasóir chun ceadúnais ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus faoi réir cibé muirir (más ann) a íoc—

(a) a chinnfidh an Ceannasaí, i gcás iarratas faoi fho-alt (3) den alt seo, a bheith infheidhmithe de réir na scéime ceadúnas, nó

(b) a chinnfidh an Ceannasaí a bheith réasúnach sna himthoscaí i gcás iarratas faoi fho-alt (4) den alt seo.

(7) Déanfar aon tagairt san alt seo do mhainneachtain ceadúnas a dheonú nó a chur faoi deara ceadúnas a dheonú a fhorléiriú mar thagairt do mhainneachtain ceadúnas a dheonú, nó a chur faoi deara ceadúnas a dheonú, laistigh d'am réasúnach tar éis iarratas a fháil é sin a dhéanamh.

Rialacha nós imeachta.

35. —(1) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh i dtaobh imeachtaí os comhair an Cheannasaí i gcás tarchuir agus iarratais chun an Cheannasaí faoin Acht seo.

(2) Féadfaidh rialacha faoin alt seo baint a bheith acu le himeachtaí den sórt sin i gcoitinne nó le himeachtaí i leith tarchur nó iarratas chun an Cheannasaí faoi aon fhoráil nó forálacha áirithe den Acht seo a shonrófar sna rialacha.

(3) Seolfar na himeachtaí réamhráite de réir na rialacha iomchuí (más ann) faoin alt seo.

Táillí.

1879, c. 58.

36. —(1) Muirearóidh an Ceannasaí agus íocfar i leith tarchuir agus iarratais chuige faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo agus i leith ábhair eile a bhainfidh leis an gcéanna, cibé táillí a fhorordófar ó am go ham le rialacha a dhéanfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Déanfar na táillí go léir a mhuirearóidh an Ceannasaí faoin alt seo a bhailiú, agus tabharfar cuntas iontu, i cibé slí a fhorordófar le rialacha a dhéanfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha faoin alt seo.

Cumhacht an Cheannasaí chun costais a dhámhachtain.

37. —In aon imeachtaí os a chomhair faoin Acht seo, beidh cumhacht ag an gCeannasaí cibé costais i leith na n-imeachtaí sin a mheasfaidh sé a bheith réasúnach a dhámhachtain, le hordú, d'aon pháirtí nó páirtithe sna himeachtaí sin, agus a threorú cad é an páirtí nó cad iad na páirtithe a íocfaidh iad agus conas a íocfar iad agus féadfar riail chúirte a dhéanamh d'aon ordú den sórt sin.

Measúnóirí a cheapadh.

38. —(1) In aon imeachtaí os a chomhair faoin Acht seo, féadfaidh an Ceannasaí, más oiriúnach leis, agus déanfaidh sé, ar na páirtithe uile sna himeachtaí á iarraidh sin, measúnóir a cheapadh ag a mbeidh cáilíochtaí speisialta maidir le gach ceist nó aon cheist a éireoidh sna himeachtaí chun cabhrú leis ag breithniú na gceisteanna sin dó.

(2) Íocfaidh an Ceannasaí le measúnóir a cheapfaidh sé faoin alt seo cibé luach saothair (más aon luach saothair é) a fhorordóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

Eifeacht orduithe ón gCeannasaí.

39. —(1) I gcás ina mbeidh ordú a rinneadh ar tharchur faoin gCuid seo den Acht seo maidir le scéim ceadúnas i bhfeidhm de thuras na huaire, aon duine a dhéanfaidh, i gcás a bheidh faoi réim na scéime arna daingniú nó arna hathrú leis an ordú, aon ní—

(a) arb shárú cóipchirt é ar leith ón alt seo, ach

(b) nár shárú den sórt sin é dá mba shealbhóir é ar cheadúnas a deonaíodh de réir na scéime, arna daingniú nó arna hathrú leis an ordú, sa mhéid go mbaineann an scéim le cásanna atá ar áireamh san ordú,

beidh sé, má bhíonn na ceanglais a shonraítear sa chéad fho-alt eile comhlíonta aige, sa chor céanna, in aon imeachtaí mar gheall ar an gcóipcheart sin a shárú, ionann is dá mba shealbhóir ar cheadúnas den sórt sin é an tráth ábhartha.

(2) Is iad na ceanglais sin—

(a) go raibh, gach tráth ábhartha, na téarmaí agus na coinníollacha comhlíonta ag an duine sin a bheadh, de réir na scéime ceadúnas arna daingniú nó arna hathrú leis an ordú, infheidhmithe maidir le ceadúnas a dtagann an cás a bheidh i gceist faoina réim, agus

(b) más rud é, de réir na scéime arna daingniú nó arna hathrú amhlaidh, gurb iníoctha aon mhuirir i leith ceadúnais den sórt sin, go raibh, an tráth á bhartha, na muirir sin íoctha aige leis na údarás ceadúnúcháin a bhí ag oibriú na scéime, nó, má bhí aon tráth nárbh fhéidir an méid ab iníoctha a chinneadh, go raibh gealltanas tugtha aige don chomhlacht ceadúnúcháin muirir a íoc nuair a dhéanfaí amach iad.

(3) I gcás ina mbeidh an Ceannasaí tar éis ordú a dhéanamh faoi alt 34 den Acht seo á dhearbhú go bhfuil duine i dteideal ceadúnais i leith aon á bhar a bheidh sonraithe san ordú, ansin más rud é—

(a) go mbeidh na téarmaí agus na coinníollacha a bheidh sonraithe san ordú comhlíonta ag an duine sin, agus

(b) i gcás ina gceanglaíonn an t-ordú muirir a íoc, go mbeidh na muirir sin íoctha aige leis an gcomhlacht ceadúnúcháin de réir an ordaithe, nó, má fhorálann an t-ordú amhlaidh, go mbeidh gealltanas tugtha aige don chomhlacht ceadúnúcháin na muirir sin a íoc nuair a bheidh siad déanta amach,

beidh sé sa chor céanna, in aon imeachtaí mar gheall ar shárú cóipchirt a bhainfidh le haon cheann de na hábhair sin, ionann is dá mba shealbhóir é gach tráth ábhartha, ar cheadúnas a dheonaigh úinéir an chóipchirt a bheidh i gceist ar na téarmaí agus na coinníollacha a bheidh sonraithe san ordú,

(4) Ag feidhmiú a dhlínse dó i leith ceadúnas a bhainfidh le craolta teilifíse, tabharfaidh an Ceannasaí aird (i dteannta ábhar eile) ar aon choinníollacha a chuir bunaitheoirí aon tsiamsa nó dálais eile a bheidh sna craolta; agus, go háirithe, ní ghlacfaidh an Ceannasaí aige gur mhíréasúnach a dhiúiltú nó a mhainneachtain ceadúnas a dheonú mura bhféadfaí é a dheonú i gcomhréir leis na coinníollacha sin.

(5) Ní cheanglóidh aon ní san fho-alt deiridh roimhe seo den alt seo ar an gCeannasaí aird a thabhairt ar aon choinníollacha den sórt a luaitear san fho-alt sin sa mhéid go n-uirchiallóidh siad rialáil a dhéanamh ar na muirir a fhorchuirfear i leith ceadúnas a dheonú, nó sa mhéid go mbainfidh siad le híocaíochtaí a íocfar le bunaitheoirí aon dálais i gcomaoin saoráidí craolta a dheonú.

(6) Más rud é, ar tharchur a dhéanamh chun an Cheannasaí faoin gCuid seo den Acht seo—

(a) go mbainfidh an tarchur le ceadúnais i leith cóipchirt i bhfuaim-thaifeadta nó i gcraolta teilifíse, agus

(b) gur deimhin leis an gCeannasaí go bhfuil aon cheann de na ceadúnais a bheidh i gceist ag teastáil chun críocha eagras den sórt a luaitear i mír (b) d'fho-alt (8) d'alt 17 den Acht seo,

féadfaidh an Ceannasaí, más oiriúnach leis, a chumhachtaí faoin gCuid seo den Acht seo a fheidhmiú ionas go laghdóidh sé i gcás na n-eagras sin, a mhéid is oiriúnach leis, na muirir a chinnfidh sé i gcoitinne a bheith réasúnach maidir le cásanna den aicme lena mbainfidh an tarchur, nó, más oiriúnach leis an gCeannasaí, ionas go ndíolmhóidh sé na heagrais sin ó aon mhuirir den sórt sin a íoc.

(7) Beidh éifeacht ag an bhfo-alt deiridh roimhe seo den alt seo, agus é modhnaithe mar i gá, maidir le hiarratais faoin gCuid seo den Acht seo mar atá éifeacht aige maidir le tarchuir faoin gcéanna.

(8) Maidir le cóipcheart i saothar litríochta, drámaíochta nó ceoil, folaíonn aon tagairt san alt seo d'imeachtaí mar gheall ar chóipcheart a shárú tagairt d'imeachtaí a thionscnamh de bhua fo-alt (8) d'alt 27 den Acht seo.

Achomharc chun na hArd-Chúirte.

40. —(1) Beidh ábhar achomhairc ann chun na hArd-Chúirte ó aon ordú nó breith de chuid an Cheannasaí ar aon tarchur nó iarratas a rinneadh chuige faoi aon fhoráil den Acht seo, agus féadfaidh an Ard-Chúirt cibé ordú a dhéanamh is oiriúanch léi ag daingniú, ag neamhniú nó ag athrú an ordaithe nó na breithe de chuid an Cheannasaí.

(2) Faoi réir fo-alt (3) den alt seo, is breith chríochnaitheach nach inachomhairc breith na hArd-Chúirte faoin alt seo.

(3) Le cead na hArd-Chúirte, beidh ábhar achomhairc ann chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí ó bhreith de chuid na hArd-Chúirte faoin alt seo.

Cásanna díospóide a tharchur chun eadrána.

41. —(1) I gcás aon díospóide a tharchuirfear chun an Cheannasaí faoi alt 13, alt 17 nó alt 48 den Acht seo, féadfaidh an Ceannasaí tráth ar bith—

(a) má thoilíonn na páirtithe sa díospóid chuige, nó

(b) más gá sa chás aon scrúdú fada a dhéanamh ar dhoiciméid nó fiosrú fada eile nach bhféadfaí, i dtuairim an Cheannasaí, a dhéanamh go caothúil os a chomhair féin,

a ordú an cás a tharchur chun eadránaí ar a gcomhaontóidh na páirtithe, nó, mura gcomhaontóidh siad air, a cheapfaidh an Ceannasaí.

(2) An dámhachtain a dhéanfaidh an t-eadránaí in aon chás a tharchuirfear chuige faoin alt seo, is dámhachtain chríochnaitheach a bheidh inti agus beidh sí ina ceangal ar na páirtithe má thoilíonn na páirtithe sa díospóid leis an tarchur.

(3) Beidh ábhar achomhairc ann chun na hArd-Chúirte ó aon dámhachtain a dhéanfaidh an t-eadránaí de bhun tarchuir faoin alt seo nár thoiligh na páirtithe sa díospóid leis agus féadfaidh an Ard-Chúirt cibé ordú a dhéanamh is oiriúnach léi ag daingniú, ag neamhniú nó ag athrú dámhachtain an eadránaí.

(4) Faoi réir fo-alt (5) den alt seo, is breith chríochnaitheach nach inachomhairc breith na hArd-Chúirte faoin alt seo.

(5) Le cead na hArd-Chúirte, beidh ábhar achomhairc ann chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí ó bhreith na hArd-Chúirte faoin alt seo.

Féadfaidh an Ceannasaí dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne.

42. —Féadfaidh an Ceannasaí, má éiríonn amhras nó deacracht i ndáil le haon cheann d'fhorálacha an Achta seo a riaradh, comhairle i dtaobh an ábhair a iarraidh ar an Ard-Aighne.