An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Toghcháin Áitiúla.) Ar Aghaidh (CUID VIII. Ilghnéitheach.)

19 1963

AN tACHT TOGHCHÁIN, 1963

CUID VII.

Drochbhearta Toghcháin.

Leasú ar an Acht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 .

1923, Uimh. 38 .

90. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923 .

(2) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 6 den Acht a leasú tríd an méid seo a leanas a chur i ndeireadh an fho-ailt sin: “nó, de rogha na Cúirte, fíneáil nach mó ná míle punt a chur air nó an phríosúnacht sin agus an fhíneáil sin a chur air.”

(3) Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 6 den Acht a leasú trí “cúig chéad púnt” a chuir in ionad “céad púnt” i mír (a) agus in ionad “céad púnt” agus “dhá chéad púnt” i mír (b).

(4) (a) Déantar leis seo an tAcht a leasú tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 13:

13A. Aon duine a dhéanfaidh nó a fhoilseoidh, roimh aon toghchán, nó lena linn, aon ráiteas ar dóigh dó vótálaithe a chur amú mar gheall ar an gcuma chun vótáil a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcleacht neamhdhleathach.”

(b) Déanfar an tagairt in alt 15 den Acht do na hailt sin roimhe seo den Acht a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don alt a chuirtear isteach san Acht le mír (a) den fho-alt seo.

(5) Déantar leis seo alt 15 den Acht a leasú trí “cúig chéad púnt nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile” a chur in ionad “céad púnt”.

(6) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 30 den Acht:

“(1) Féadfaidh gníomhaire toghcháin, maidir le gach ceantar vótaíochta, leasghníomhaire amháin (agus sin uile) a cheapadh chun gníomhú laistigh den cheantar sin, agus déanfar aon tagairt san Acht seo d'fhoghníomhaire a fhorléiriú mar thagairt do leasghníomhaire a cheapfar amhlaidh.”

(7) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach san Acht i ndiaidh alt 55:

“55A. In aon imeachtaí sibhialta nó coiriúla maidir le cleacht coirpthe nó cleacht neamhdhleathach nó aon chion eile a líomhnófar a rinneadh i dtoghchán, beidh deimhniú ón gceann comhairimh i dtoghchán á dheimhniú gur comóradh an toghchán go cuí nó go raibh duine áirithe ina iarrthóir sa toghchán ina fhianaise prima facie ar na fíorais a bheidh luaite sa deimhniú agus ní gá síniú an cheann comhairimh sin a chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach sin é iarbhír.”