21 1963


Uimhir 21 de 1963.


AN tACHT IASCAIGH MHARA (LEASÚ), 1963.


ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA IASCAIGH MHARA, 1952 GO 1959. [16 Iúil, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Mínithe.

1952, Uimh. 7 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” An Bord Iascaigh Mhara;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tailte;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Iascaigh Mhara, 1952 .

Aisíoc airleacan ag an mBord a tharscaoileadh.

2. —I gcás aon suim a airleacan faoi alt 18 den Phríomh-Acht roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, d'ainneoin aon ní atá san Acht sin:

(a) féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, aisíoc iomlán nó cuid d'iomlán—

(i) na suime sin, nó

(ii) na hiarmhéide den tsuim sin a bheidh gan aisíoc,

ag an mBord a tharscaoileadh tráth ar bith;

(b) air sin—

(i) scoirfidh an méid a ndearnadh a aisíoc a tharscaoileadh de bheith inaisíoctha ag an mBord,

(ii) ní bheidh an t-ús inaisíoctha a bheadh, ar leith ón bhfomhír seo, tagtha, tar éis lá an tarscaoilte, chun bheith iníoctha ag an mBord ar an méid sin.

Aisíoc méideanna a ndéantar tarscaoileadh ar a n-aisíoc ag an mBord.

3. —(1) Aisíocfar leis an Aire Airgeadais as airgead a sholáthróidh an tOireachtas aon mhéid a ndéantar a aisíoc ag an mBord a tharscaoileadh faoin Acht seo.

(2) I gcás ina ndéanfar aon aisíoc leis an Aire Airgeadais faoin alt seo, íocfar isteach sa Státchiste é.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh Mhara (Leasú), 1963 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh Mhara, 1952 go 1963, a ghairm de na hAchtanna Iascaigh Mhara, 1952 go 1959, agus den Acht seo le chéile.