|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. Pleananna Forbartha.) | Ar Aghaidh (CUID V. Taitneamhachtaí.) |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1963
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. Forbairt a Rialú, agus Déanmhais, etc., Áirithe a Choinneáil. | |
[EN] |
Oibleagáid ginearálta ann ceadanna a fháil. |
24. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, is gá cead a fháil faoin gCuid seo den Acht seo— |
[EN] | (a) i leith aon fhorbairt talún nach forbairt dhíolmhaithe ná forbairt ar ar tosaíodh roimh an lá ceaptha, agus | |
[EN] | (b) i gcás déanmhas a bhí ann díreach roimh an lá ceaptha agus ar déanmhas neamhúdaraithe é i dtús an lae sin, chun an déanmhas a choinneáil. | |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh aon duine aon fhorbairt ar gá cead a fháil lena haghaidh de réir fho-alt (1) den alt seo ach amháin faoi réim agus de réir ceada arna thabhairt faoin gCuid seo den Acht seo. | |
[EN] | (3) Aon duine a sháróidh fo-alt (2) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air; agus, i gcás ciona leanúnaigh, má leantar den sárú tar éis ciontú beidh sé ciontach i gcion breise agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den sárú amhlaidh. | |
[EN] | (4) In ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo— | |
[EN] | (a) ní gá don ionchúiseamh a shuíomh, agus toimhdeofar go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nárbh fhorbairt dhíolmhaithe ná forbairt ar ar tosaíodh roimh an lá ceaptha an fhorbairt a bheidh i gceist, | |
[EN] | (b) is cosaint mhaith é má thugann an cosantóir cead ar aird a tugadh de bhun fho-alt (1) d'alt 28 den Acht seo i leith na forbartha faoina mbeifear ag gearán. | |
[EN] |
Rialacháin cheada. |
25 —(1) Déanfaidh an tAire le rialacháin (dá ngairtear rialacháin cheada san Acht seo) foráil i dtaobh— |
[EN] | (a) ceadanna a thabhairt chun talamh a fhorbairt, agus | |
[EN] | (b) ceadanna a thabhairt chun déanmhais a bhí ann díreach roimh an lá ceaptha agus is déanmhais neamhúdaraithe an lá sin a choinneáil, | |
[EN] | agus féadfar na ceadanna sin a thabhairt ar iarratas á iarraidh sin a dhéanfar chun an údaráis phleanála de réir fhorálacha na rialachán agus faoi réir an t-iarratasóir do chomhlíonadh aon cheanglais a bheidh sna rialacháin nó a dhéanfar dá mbun. | |
[EN] | (2) Go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht an fho-ailt sin roimhe seo, féadfaidh foráil a bheith i rialacháin faoin alt seo— | |
[EN] | (a) i dtaobh iarratas, a déarfaidh gur iarratais sracléaráide iad, ag iarraidh ceadanna forbartha faoi réir ceadú ina dhiaidh sin ag an údarás pleanála, | |
[EN] | (b) á cheangal ar aon iarratasóirí aon fhógraí a shonrófar maidir lena n-iarratais a fhoilsiú, | |
[EN] | (c) á cheangal ar aon iarratasóirí aon eolas a shonrófar maidir lena n-iarratais a thabhairt don Aire agus d'aon daoine eile a shonrófar, | |
[EN] | (d) á cheangal ar aon iarratasóirí aon eolas eile a thabhairt a bhainfidh lena n-iarratais (lena n-áirítear aon eolas maidir le haon eastát nó leas i dtalamh nó aon cheart thar talamh), | |
[EN] | (e) á cheangal go dtabharfar ar aird aon fhianaise chun aon sonraí eolais a bheidh tugtha ag aon iarratasóirí a fhíorú, | |
[EN] | (f) á cheangal ar údaráis phleanála aon eolas a shonrófar maidir le haon iarratais agus leis an modh inar déileáladh leo a thabhairt don Aire agus do dhaoine ar bith eile a shonrófar, | |
[EN] | (g) á cheangal ar údaráis phleanála aon fhógraí a shonrófar a fhoilsiú maidir le haon iarratais nó le haon chinnte i dtaobh iarratas. | |
[EN] |
Cead forbartha. |
26. —(1) I gcás— |
[EN] | (a) ina ndéanfar iarratas chun údaráis phleanála de réir rialacháin cheada ag iarraidh cead chun talamh a fhorbairt nó ag iarraidh ceadú is gá faoi na rialacháin sin, agus | |
[EN] | (b) ina gcomhlíonfar aon cheanglais a bhaineann le feidhmiú na rialachán sin nó a rinneadh fúthu, | |
[EN] | féadfaidh an t-údarás a chinneadh an cead nó an ceadú a thabhairt faoi réir nó d'éagmais coinníollacha nó diúltú é a thabhairt; agus nuair a bheidh siad ag déileáil le haon iarratas den sórt sin ní bhreithneoidh an t-údarás pleanála ach pleanáil agus forbairt cheart limistéar an údaráis (lena n-áirítear a thaitneamhachtaí a shlánchoimeád agus a fheabhsú) agus beidh aird acu ar fhorálacha an phlean fhorbartha, ar fhorálacha aon ordaithe um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann leis an limistéar sin agus ar na hábhair dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo. | |
[EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh gach coinníoll nó aon choinníoll acu seo a leanas a bheith ar na coinníollacha faoin bhfo-alt sin: | |
[EN] | (a) coinníollacha chun rialú a dhéanamh ar fhorbairt nó úsáid aon talún atá tadhlach leis, ag teagmháil leis, nó in aice leis, an talamh atá le forbairt, agus atá ar urláimh an iarratasóra, a mhéid a fheictear don údarás pleanála gur fóirsteanach sin chun críocha na forbartha a údaraítear leis an gcead, nó maidir leis an bhforbairt sin, | |
[EN] | (b) coinníollacha chun a cheangal go ndéanfar oibreacha (lena n-áirítear carrlocanna a chur ar fáil) is dóigh leis an údarás pleanála is gá chun críocha na forbartha a údaraítear leis an gcead, | |
[EN] | (c) coinníollacha chun a cheangal go gcuirfear spásanna oscailte ar fáil, | |
[EN] | (d) coinníollacha chun a cheangal go gcuirfear crainn, toir nó plandaí eile nó go ndéanfar déanmhais nó talamh eile a thírdhreachú, | |
[EN] | (e) coinníollacha chun a cheangal go dtabharfar urrús go gcríochnófar go sásúil an fhorbairt bheartaithe (lena n-áirítear bóithre, spásanna oscailte, carrlocanna, séaracha, mórphíopaí uisce nó draenacha a chothabháil go dtí go nglacfaidh an t-údarás áitiúil iomchui faoina gcúram iad), | |
[EN] | (f) coinníollacha chun a cheangal go soláthrófar bóithre, spásanna oscailte, carrlocanna, séaracha, mórphíopaí uisce nó draenacha de bhreis ar an méid is gá faoi láthair le haghaidh na forbartha beartaithe, | |
[EN] | (g) coinníollacha chun a cheangal go ndéanfar ranníoc (in aon suim amháin nó ina thráthchodanna) i leith aon chaiteachais (lena n-áirítear caiteachas ag tógáil talún agus caiteachas arb éard é íocaíocht faoi fho-alt (7) den alt seo) faoina ndeachaigh aon údarás áitiúil i leith oibreacha (lena n-áirítear spásanna oscailte a chur ar fáil) a d'urasaigh an fhorbairt bheartaithe, is oibreacha a tosaíodh tráth nach luaithe ná an lú lá de Lúnasa, 1962, nó nár luaithe ná seacht mbliana roimh chead a thabhairt le haghaidh na forbartha. | |
[EN] | (h) coinníollacha chun a cheangal go ndéanfar ranníoc (in aon suim amháin nó ina thráthchodanna) i leith aon chaiteachais (lena n-áirítear caiteachas ag tógáil talún) a bhfuil beartaithe go rachaidh aon údarás áitiúil faoi maidir le hoibreacha (lena n-áirítear spásanna oscailte a chur ar fáil) a urasóidh an fhorbairt bheartaithe, faoi réir coinníollacha ina mbeidh foráil— | |
[EN] | (i) má tharlaíonn, laistigh de thréimhse shonraithe, go mbeifear gan tosú ar na hoibreacha beartaithe, chun go n-aisíocfar an ranníoc nó na tráthchodanna de a íocadh i rith na tréimhse sin (de réir mar is iomchuí), | |
[EN] | (ii) má tharlaíonn, laistigh den tréimhse a dúradh, nach mbeidh ach cuid de na hoibreacha beartaithe déanta nó gur ar mhodh a bheidh siad déanta gur lú mar urasaíonn siad an fhorbairt bheartaithe, chun go n-aisíocfar cuid chomhréireach den ranníoc nó de na tráthchodanna de a íocadh i rith na tréimhse sin (de réir mar is iomchuí), agus | |
[EN] | (iii) chun ús a íoc ar an ranníoc nó ar aon tráthchodanna de a bheidh íoctha (de réir mar is iomchuí) an fad agus sa mhéid a bheidh sé nó siad coinnithe siar gan chaitheamh ag an údarás áitiúil, | |
[EN] | (i) coinníollacha chun a cheangal go gcomhlíonfar maidir leis an talamh aon rialacha a dhéanfaidh an t-údarás pleanála faoi fho-alt (6) den alt seo, | |
[EN] | (j) coinníollacha chun a cheangal go ndíchuirfear aon déanmhas a údaraíodh leis an gcead, nó go scoirfear den talamh a úsáid ar aon slí a údaraíodh amhlaidh, i ndeireadh tréimhse sonraithe, agus go ndéanfar aon oibreacha is gá chun talamh a chur ina cheart arís i ndeireadh na tréimhse sin. | |
[EN] | (3) (a) Ní chinnfidh údarás pleanála, i gcás ina ndéanfadh an fhorbairt a bheadh i gceist sárú ábhartha ar an bplean forbartha nó ar aon ordú um limistéar taitneamhachta speisialta a bhainfidh lena limistéar, cead a thabhairt faoin alt seo ach amháin le toiliu an Aire. | |
[EN] | (b) I gcás ina ndéanfar iarratas chun an Aire ag iarraidh toiliú faoin bhfo-alt seo, féadfaidh duine ar bith a agóidí i gcoinne tabhairt an toilithe a thabhairt don Aire i scríbhinn agus, sula dtabharfaidh an tAire an toiliú, breithneoidh sé aon agóidí den sórt sin a gheobhaidh sé laistigh de lá is fiche tar éis an t-iarratas a fháil. | |
[EN] | (4) (a) I gcás— | |
[EN] | (i) ina ndéanfar iarratas chun údaráis phleanála de réir rialacháin cheada ag iarraidh ceada faoin alt seo nó ag iarraidh ceadaithe is gá de réir na rialachán sin, | |
[EN] | (ii) ina gcomhlíonfar aon cheanglais a bhaineann le feidhmiú na rialachán sin nó a rinneadh fúthu, agus | |
[EN] | (iii) nach dtabharfaidh an t-údarás pleanála fógra don iarratasóir i dtaobh a gcinnte laistigh den tréimhse iomchuí, | |
[EN] | measfar gur chinn an t-údarás pleanála an lá deiridh den tréimhse sin an cead nó an ceadú a thabhairt. | |
[EN] | (b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”— | |
[EN] | (i) i gcás an t-údarás pleanála a bheith tar éis aon fhógra nó fógraí á cheangal ar an iarratasóir aon fhógra a fhoilsiú, tuilleadh eolais a thabhairt nó fianaise a thabhairt ar aird i dtaobh an iarratais a sheirbheáil de bhun rialacháin cheada laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach an lá a fuair an t-údarás pleanála an t-iarratas—laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach an lá a rinneadh de réir an fhógra nó na bhfógraí, | |
[EN] | (ii) i gcás ina ndéanfar iarratas chun an Aire ag iarraidh ceada faoi fho-alt (3) den alt seo— laistigh den tréimhse seacht lá dar tosach an lá a fuair an t-údarás pleanála fógra i dtaobh cinneadh an Aire, | |
[EN] | (iii) in aon chás eile—laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach an lá a fuair an t-údarás pleanála an t-iarratas. | |
[EN] | (5) (a) Féadfaidh duine ar bith, tráth ar bith roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne cinneadh údaráis phleanála faoin alt seo. | |
[EN] | (b) I gcás ina ndéanfar achomharc faoin bhfo-alt seo i gcoinne cinneadh údaráis phleanála agus nach dtarraingeofar siar é, cinnfidh an tAire an t-iarratas ionann agus dá mba chuige féin a rinneadh é sa chéad ásc agus oibreoidh a chinneadh chun cinneadh an údaráis phleanála a neamhniú amhail ón tráth a tugadh é; agus beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (1) agus (2) den alt seo, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an Aire do chinneadh iarratais ar achomharc faoin bhfo-alt seo mar atá feidhm acu maidir le húdarás pleanála do chinneadh iarratais faoin alt seo. | |
[EN] | (c) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”— | |
[EN] | (i) i gcás inarb é an t-achomharcóir an t-iarratasóir —an tréimhse míosa dar tosach an lá a fuair sé an cinneadh, | |
[EN] | (ii) in aon chás eile—an tréimhse lá agus fiche dar tosach an lá a tugadh an cinneadh. | |
[EN] | (6) Féadfaidh údarás pleanála rialacha a dhéanamh chun rialú a dhéanamh ar an modh ina ndaingneofar déanmhais fógraíochta de dhéanmhais nó de thalamh eile. | |
[EN] | (7) I gcás ina mbeidh coinníoll dá dtagraítear i mír (f) d'fho-alt (2) den Acht seo ag gabháil le haon chead no ceadú a thabharfar faoin alt seo, déanfaidh an t-údarás áitiúil a bheidh freagrach ina gcothabháil ranníoc i leith an mhéid de an bóithre, de na spásanna oscailte, de na carrlocanna, de na séaracha, de na mórphíopaí uisce nó de na draenacha iomchuí a dhéanfar, agus is é ranníoc é cibé ranníoc ar a gcomhaontófar idir an t-údarás áitiúil sin agus an duine a dhéanfaidh na hoibreacha nó, cheal comhaontú, ranníoc a chinnfidh an tAire. | |
[EN] | (8) Aon chinneadh a thabharfar faoin alt seo (cibé acu ar an iarratas bunaidh é nó ar achomharc) trína ndiúltófar aon chead nó ceadú a thabhairt nó trína dtabharfar cead nó ceadú faoi réir coinníollacha beidh ráiteas ann, agus san fhógra ag insint an chinnte sin, ag sonrú na gcúiseanna a bheidh leis an diúltú nó leis na coinníollacha a fhorchur. | |
[EN] | (9) (a) Más rud é go gcinnfidh an t-údarás pleanála faoin alt seo cead nó ceadú a thabhairt— | |
[EN] | (i) i gcás nach ndéanfar aon achomharc i gcoinne an chinnte, tabharfaidh siad an cead nó an ceadú a luaithe is féidir tar éis deireadh na tréimhse chun an t-iarratasóir do dhéanamh achomharc, nó, i gcás lena mbainfidh fo-alt (4) den alt seo, deireadh na tréimhse chun duine seachas an t-iarratasóir do dhéanamh achomhairc, | |
[EN] | (ii) i gcás ina ndéanfar achomharc nó achomhairc i gcoinne an chinnte, ní thabharfaidh siad an cead nó an ceadú mura dtarraingeofar siar an t-achomharc nó na hachomhairc agus, sa chás sin, tabharfaidh siad an cead nó an ceadú a luaithe is féidir tar éis an tarraingt siar. | |
[EN] | (b) I gcás ina gcinnfidh an tAire ar achomharc faoin alt seo cead nó ceadú a thabhairt, tabharfaidh sé an cead nó an ceadú a luaithe is féidir tar éis an chinnte. | |
[EN] | (10) (a) I gcás ina dtabharfar cead nó ceadú faoin alt seo faoi réir aon cheann amháin nó níos mó de na coinníollacha dá dtagraítear i míreanna (e), (g) agus (h) d'fho-alt (2) den alt seo, ní bheidh aon éifeacht ag an gcead nó ag an gceadú agus déanfar neamhshuim de go dtí go gcomhlíonfar an coinníoll nó na coinníollacha. | |
[EN] | (b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den alt seo i gcás ina gceanglóidh coinníoll dá dtagraítear i mír (g) nó (h) d'fho-alt (2) den alt seo an ranníoc a íoc ina thráthchodanna ach amháin i gcás forbairt is ábhar don chead nó don cheadú agus a dhéanfar tar éis mainneachtain maidir le tráthchuid den ranníoc a íoc. | |
[EN] | (11) Ní bheidh teideal ag duine chun aon fhorbairt a dhéanamh de dhroim amháin cead nó ceadú faoin alt seo. | |
[EN] |
Cead chun déanmhais a choinneáil. |
27. —(1) I gcás ina dtarlóidh, maidir le déanmhas a bhí ann díreach roimh an lá ceaptha agus ar déanmhas neamhúdaraithe é i dtús an lae sin— |
[EN] | (a) go ndéanfar iarratas chun an údaráis phleanála de réir rialacháin cheada ag iarraidh cead an déanmhas a choinneáil, agus | |
[EN] | (b) go ndéanfar aon cheanglais a bhaineann le feidhmiú na rialachán sin nó a rinneadh fúthu a chomhlíonadh. | |
[EN] | féadfaidh an t-údarás a chinneadh an cead a thabhairt faoi réir nó d'éagmais coinníollacha nó diúltú é a thabhairt; agus nuair a bheidh siad ag déileáil le haon iarratas den sórt sin ní bhreithneoidh an t-údarás pleanála ach pleanáil agus forbairt cheart limistéar an údaráis (lena n-áirítear a thaitneamhachtaí a shlánchoimeád agus a fheabhsú) agus beidh aird acu ar fhorálacha an phlean fhorbartha agus ar fhorálacha aon ordaithe um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann leis an limistéar sin. | |
[EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh gach cionníoll nó aon choinníoll acu seo a leanas a bheith ar na coinníollacha faoin bhfo-alt sin: | |
[EN] | (a) coinníollacha chun rialú a dhéanamh ar fhorbairt nó úsáid aon talún atá tadhlach leis, ag teagmháil leis, nó in aice leis, an déanmhas, agus atá ar urláimh an iarratasóra, a mhéid a fheictear don údarás pleanála gur fóirsteanach sin chun an déanmhas a slánchoimeád nó maidir leis an slánchoimeád sin, | |
[EN] | (b) coinníollacha chun a cheangal go ndéanfar oibreacha (lena n-áirítear carrlocanna a chur ar fáil) is dóigh leis an údarás pleanála is gá má táthar chun a cheadú an déanmhas a choinneáil, | |
[EN] | (c) coinníollacha chun a cheangal go soláthrófar spás timpeall an déanmhais, | |
[EN] | (d) coinníollacha chun a cheangal go gcuirfear crainn, toir nó plandaí eile nó go ndéanfar an déanmhas nó talamh eile a thírdhreachú, | |
[EN] | (e) coinníollacha chun a cheangal go gcomhlíonfar maidir leis an déanmhas aon rialacha a dhéanfaidh an t-údarás pleanála faoi fho-alt (6) d'alt 26 den Acht seo, | |
[EN] | (f) coinníollacha chun a cheangal go dtabharfar an déanmhas chun siúil i ndeireadh tréimhse sonraithe, agus go ndéanfar aon oibreacha is gá chun an talamh a chur ina cheart arís i ndeireadh na tréimhse sin. | |
[EN] | (3) (a) I gcás— | |
[EN] | (i) ina ndéanfar iarratas chun údaráis phleanála de réir rialacháin cheada ag iarraidh ceada faoin alt seo, | |
[EN] | (ii) ina gcomhlíonfar aon cheanglais a bhaineann le feidhmiú na rialachán sin nó a rinneadh fúthu, agus | |
[EN] | (iii) nach dtabharfaidh an t-údarás pleanála fógra don iarratasóir i dtaobh a gcinnte laistigh den tréimhse iomchuí, | |
[EN] | measfar gur chinn an t-údarás pleanála an lá deiridh den tréimhse sin an cead a thabhairt. | |
[EN] | (b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”— | |
[EN] | (i) i gcás an t-údarás pleanála a bheith tar éis aon fhógra nó fógraí á cheangal ar an iarratasóir aon fhógra a fhoilsiú, tuilleadh eolais a thabhairt nó fianaise a thabhairt ar aird i dtaobh an iarratais a sheirbheáil de bhun rialacháin cheada laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach an lá a fuair an t-údarás pleanála an t-iarratas—laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach an lá a rinneadh de réir an fhógra nó na bhfógraí, | |
[EN] | (ii) in aon chás eile—laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach an lá a fuair an t-údarás pleanála an t-iarratas. | |
[EN] | (4) (a) Féadfaidh duine ar bith, tráth ar bith roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne cinneadh údaráis phleanála faoin alt seo, | |
[EN] | (b) I gcás ina ndéanfar achomharc faoin alt seo i gcoinne cinneadh údaráis phleanála agus nach dtarraingeofar siar é, cinnfidh an tAire an t-iarratas ionann agus dá mba chuige féin a rinneadh é sa chéad ásc agus oibreoidh a chinneadh chun cinneadh an údaráis phleanála a neamhniú amhail ón tráth a tugadh é; agus beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (1) agus (2) den alt seo, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an Aire do chinneadh iarratais ar achomharc faoin bhfo-alt seo, mar atá feidhm acu maidir le húdarás pleanála do chinneadh iarratais faoin alt seo. | |
[EN] | (c) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”— | |
[EN] | (i) i gcás inarb é an t-achomharcóir an t-iarratasóir— an tréimhse míosa dar tosach an lá a fuair sé an cinneadh, | |
[EN] | (ii) in aon chás eile—an tréimhse lá agus fiche dar tosach an lá a tugadh an cinneadh. | |
[EN] | (5) Aon chinneadh a thabharfar faoin alt seo (cibé acu ar an iarratas bunaidh é nó ar achomharc) trína ndiúltófar cead a thabhairt nó trína dtabharfar é faoi réir coinníollacha, beidh ráiteas ann agus san fhógra ag insint an chinnte sin, ag sonrú na gcúiseanna a bheidh leis an diúltú nó leis na coinníollacha a fhorchur. | |
[EN] | (6) (a) Más rud é go gcinnfidh an t-údarás pleanála faoin alt seo cead a thabhairt— | |
[EN] | (i) i gcás nach ndéanfar aon achomharc i gcoinne an chinnte, tabharfaidh siad an cead a luaithe is féidir tar éis deireadh na tréimhse chun an t-iarratasóir do dhéanamh achomhairc, nó, i gcás lena mbainfidh fo-alt (3) den alt seo, deireadh na tréimhse chun duine seachas an t-iarratasóir do dhéanamh achomhairc, | |
[EN] | (ii) i gcás ina ndéanfar achomharc nó achomhairc i gcoinne an chinnte, ní thabharfaidh siad an cead mura dtarraingeofar siar an t-achomharc nó na hachomhairc agus, sa chás sin, tabharfaidh siad an cead a luaithe is féidir tar éis an tarraingt siar. | |
[EN] | (b) I gcás ina gcinnfidh an tAire ar achomharc faoin alt seo cead a thabhairt tabharfaidh sé an cead a luaithe is féidir tar éis an chinnte. | |
[EN] | (7) Ní bheidh teideal ag duine chun aon déanmhas a choinneáil de dhroim amháin cead faoin alt seo. | |
[EN] |
Forálacha forlíontacha maidir le cead a thabhairt. |
28. —(1) Folóidh an chumhacht chun cead a thabhairt chun talamh a fhorbairt faoin gCuid seo den Acht seo cumhacht chun cead a thabhairt aon déanmhais a choinneáil ar thalamh a foirgníodh, a tógadh nó a rinneadh ar an talamh nó ann nó faoi an lá ceaptha nó dá éis agus roimh dháta an iarratais, nó chun leanúint d'aon úsáid a dhéanamh de thalamh a tionscnaíodh an lá ceaptha nó dá éis agus roimh dháta an iarratais (d'éagmais ceada a tugadh faoin gCuid seo den Acht seo nó de réir cead a tugadh amhlaidh in aghaidh tréimhse teoranta amháin); agus forléireofar dá réir sin tagairtí sa Chuid seo den Acht seo do chead chun talamh a fhorbairt nó chun aon fhorbairt talún a dhéanamh agus d'iarratais ag iarraidh an cheada sin. |
[EN] | (2) Féadfar aon chead de shórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a thabhairt ionas go mbeidh éifeacht aige amhail ón dáta a foirgníodh, a tógadh nó a rinneadh na déanmhais, nó a tionscnaíodh an úsáid, nó ó dheireadh na tréimhse sin, de réir mar a bheidh. | |
[EN] | (3) I gcás ina mbeidh cead tugtha de bhua fho-alt (1) den alt seo chun aon déanmhais a choinneáil ar thalamh nó chun leanúint d'úsáid talún, faoi réir aon choinníll, folaíonn na tagairtí i bhfo-ailt (1) agus (3) d'alt 31 den Acht seo d'aon choinníollacha ar faoina réir a tugadh cead i leith aon fhorbartha tagairtí d'aon choinníoll den sórt sin. | |
[EN] | (4) An chumhacht a thugtar le fo-alt (1) den alt seo is infheidhmithe í ní hé amháin i gcás ina mbeidh forbairt déanta gan chead nó inarb in aghaidh tréimhse teoranta a bheidh cead tugtha roimh ré, ach freisin chun a cheadú déanmhais a choinneáil nó leanúint d'aon úsáid a dhéanamh de thalamh gan coinníoll éigin a chomhlíonadh ar faoina réir a tugadh cead roimh ré faoin gCuid seo den Acht seo. | |
[EN] | (5) I gcás ina dtabharfar cead faoin gCuid seo den Acht seo chun talamh a fhorbairt nó chun déanmhas a choinneáil, ansin, ach amháin a mhéid a fhorálfaidh an cead a mhalairt, rachaidh tabhairt an cheada chun tairbhe don talamh nó don déanmhas agus do gach aon duine ag a mbeidh leas ann de thuras na huaire, ach gan dochar d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo maidir le ceadanna a tugadh fúithi a chúlghairm agus a mhodhnú. | |
[EN] | (6) I gcás ina dtabharfar cead faoin gCuid seo den Acht seo chun déanmhas a fhoirgniú, a thógáil nó a dhéanamh, féadfaidh tabhairt an cheada na críocha a shonrú chun a bhféadfar an déanmhas a úsáid; agus mura sonrófar aon chríoch amhlaidh, forléireofar an cead mar chead a fholaíonn cead chun an déanmhas a úsáid chun na críche chun a mbeidh sé ceaptha. | |
[EN] | (7) (a) I gcás inarb in aghaidh tréimhse teoranta amháin a thabharfar cead faoin gCuid seo den Acht seo chun talamh a fhorbairt, ní fhorléireofar aon ní sa Chuid seo den Acht seo mar ní a cheanglaíonn cead a fháil | |
[EN] | chun atosú, i ndeireadh na tréimhse sin, ar an talamh a úsáid chun na críche chun a n-úsáidtí de ghnáth é sular tugadh an cead. | |
(b) Nuair a bheifear á chinneadh chun críocha an fho-ailt seo cad iad na críocha chun a n-úsáidtí talamh de ghnáth sular tugadh cead, ní thabharfar aon aird ar aon úsáid a rinneadh den talamh a tosaíodh contrártha d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo. | ||
[EN] |
É a bheith d'oibleagáid talamh a cheannach nuair a dhiúltaítear cead a thabhairt i gcásanna áirithe. |
29. —(1) Má tharlaíonn, i gcás arna chinneadh ar achomharc faoin gCuid seo den Acht seo, gur diúltaíodh cead a thabhairt aon talamh a fhorbairt nó gur tugadh é faoi réir coinníollacha, ansin, má éilíonn úinéir na talún— |
[EN] | (a) nach féidir an talamh a úsáid go réasúnta tairbhiúil sa staid ina bhfuil sé, agus | |
[EN] | (b) nach féidir an talamh a chur ar staid inar féidir é a úsáid go réasúnta tairbhiúil trí aon fhorbairt eile a dhéanamh a bhfuil cead tugtha ina leith faoin gCuid seo den Acht seo, nó a bhfuil geallta ag an údarás pleanala cead den sórt sin a thabhairt ina leith, agus | |
[EN] | (c) i gcás ina ndearnadh cead chun an talamh a fhorbairt a thabhairt mar dúradh faoi réir coinníollacha, nach féidir an talamh a chur ar staid inar féidir é a úsáid go réasúnta tairbhiúil tríd an bhforbairt cheadaithe a dhéanamh de réir na gcoinníollacha sin, | |
[EN] | féadfaidh sé, tráth ar bith laistigh den tréimhse sé mhí tar éis an chinnte (nó cibé tréimhse níos faide ná sin a cheadóidh an tAire), fógra (dá ngairtear fógra ceannaigh san alt seo) a sheirbheáil ar an údarás pleanála á cheangal ar an údarás pleanála a leas sa talamh a cheannach de réir fhorálacha an ailt seo. | |
[EN] | (2) Déanfaidh an t-údarás pleanála ar a seirbheálfar fógra ceannaigh faoin alt seo, roimh dheireadh na tréimhse trí mhí dar tosach an dáta a seirbheáladh an fógra sin, fógra a sheirbheáil ar an úinéir a sheirbheáil an fógra ceannaigh á rá— | |
[EN] | (a) go bhfuil an t-údarás toilteanach déanamh de réir an fhógra cheannaigh, nó | |
[EN] | (b) nach bhfuil an t-údarás toilteanach, ar chúiseanna a shonrófar san fhógra faoin bhfo-alt seo, déanamh de réir an fhógra cheannaigh agus go bfhuil siad tar éis cóip den fhógra ceannaigh agus cóip den fhógra faoin bhfo-alt seo a chur chun an Aire. | |
[EN] | (3) I gcás ina mbeidh an t-údarás pleanála ar ar seirbheáladh fógra ceannaigh faoin alt seo tar éis fógra de réir mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo a sheirbheáil ar an úinéir a sheirbheáil an fógra ceannaigh, beidh de dhualgas ar an údarás leas an úinéara a thógáil agus, chun na críche sin, beidh an éifeacht chéanna ag an bhfógra is deireanaí a luaitear a bheadh aige dá mba ordú ceannaigh éigeantach é i leith an leasa sin a rinneadh agus a daingníodh go cuí de réir cinneadh ag an údarás pleanála de bhun fho-alt (1) d'alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960 . | |
[EN] | (4) I gcás ina seirbheálfar fógra ceannaigh ar údarás pleanála faoin alt seo agus go mbeartóidh an t-údarás fógra de réir mhír (b) d'fho-alt (2) den alt seo a sheirbheáil ar an úinéir, cuirfidh siad cóip den fhógra sin agus cóip den fhógra ceannaigh chun an Aire, agus, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, déanfaidh an tAire, más deimhin leis gur comhlíonadh na coinníollacha a shonraítear i míreanna (a) go (c) nó i míreanna (a) agus (b) (de réir mar is iomchuí) d'fho-alt (1) den alt seo, an fógra ceannaigh a dhaingniú, agus air sin beidh de dhualgas ar an údarás pleanála leas an úinéara a thógáil, agus chun na críche sin— | |
[EN] | (a) seirbheálfaidh an t-údarás pleanála fógra ar an úinéir á rá go bhfuil beartaithe acu déanamh de réir an fhógra cheannaigh, | |
[EN] | (b) beidh an éifeacht chéanna ag an bhfógra a sheirbheálfar amhlaidh a bheadh aige dá mba ordú ceannaigh éigeantach i leith an leasa sin é a rinneadh agus a daingníodh go cuí de dhroim cinneadh ag an údarás pleanála de bhun fho-alt (1) d'alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960 : | |
[EN] | Ar choinníoll— | |
[EN] | (i) má fheictear don Aire gur fóirsteanach sin a dhéanamh, go bhféadfaidh sé, in ionad an fógra ceannaigh a dhaingniú, cead a thabhairt le haghaidh na forbartha ar ina leith a rinneadh an t-iarratas nó, i gcás inar tugadh cead maidir leis an bhforbairt sin faoi réir coinníollacha, na coinníollacha a chúlghairm nó a leasú a mhéid is dóigh leis is gá chun go bhféadfar an talamh a chur ar staid ina bhféadfaí é a úsáid go réasúnta tairbhiúil tríd an bhforbairt sin a dhéanamh; | |
[EN] | (ii) má fheictear don Aire go bhféadfaí an talamh nó aon chuid den talamh a chur ar staid ina bhféadfaí é a úsáid go réasúnta tairbhiúil laistigh d'am réasúnach trí aon fhorbairt eile ar cheart cead a thabhairt é a dhéanamh, go bhféadfaidh sé, in ionad an fógra a dhaingniú nó in ionad é a dhaingniú chomh fada agus a bhaineann sé leis an gcuid sin den talamh, de réir mar a bheidh, a ordú go dtabharfar an cead sin, faoi réir fhorálacha an Achta seo, má dhéantar iarratas chuige sin. | |
[EN] | (5) Má tharlaíonn, laistigh den tréimhse sé mhí ó dheireadh na tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, nó an dáta a chuirfear cóip den fhógra ceannaigh chun an Aire, cibé acu is luaithe, nach mbeidh an tAire tar éis an fógra a dhaingniú nó aon ghníomh eile a dhéanamh dá luaitear i mír (i) nó i mír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4) den alt seo ná tar éis a chur in iúl don úinéir a sheirbheáil an fógra nach bhfuil beartaithe aige an fógra a dhaingniú, measfar an fógra a bheith daingnithe i ndeireadh na tréimhse sin, agus beidh de dhualgas ar an údarás pleanála ar ar seirbheáladh an fógra leas an úinéara a thógáil agus, chun na críche sin— | |
[EN] | (a) seirbheálfaidh an t-údarás pleanála fógra ar an úinéir á rá go bhfuil beartaithe acu déanamh de réir an fhógra cheannaigh, | |
[EN] | (b) beidh an éifeacht chéanna ag an bhfógra a sheirbheálfar amhlaidh a bheadh aige dá mba ordú ceannaigh éigeantach i leith an leasa sin é a rinneadh agus a daingníodh go cuí de dhroim cinneadh ag an údarás pleanála de bhun fho-alt (1) d'alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960 . | |
[EN] | (6) Má tharlaíonn, d'fhonn a chinneadh an bhfuil na coinníollacha a shonraítear i míreanna (a) go (c) nó míreanna (a) agus (b) (de réir mar is iomchuí) d'fho-alt (1) den alt seo comhlíonta maidir le haon talamh áirithe, go n-éireoidh aon cheist i dtaobh cad is úsáid réasúnta tairbhiúil ann, nó cad is úsáid réasúnta tairbhiúil ann in aon chúinsí áirithe, maidir leis an talamh sin, ansin, nuair a bheifear ag cinneadh na ceiste sin chun na críche sin, ní áireofar in aon chor aon úsáid ionchasach maidir leis an talamh sin lena ngabhfadh forbairt a dhéanamh d'aon saghas nach forbairt dhíolmhaithe. | |
[EN] |
Cead a chúlghairm agus a mhodhnú. |
30. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, má chinneann an t-údarás pleanála gur fóirsteanach aon chead chun talamh a fhorbairt a tugadh faoin gCuid seo den Acht seo a chúlghairm nó a mhodhnú, féadfaidh siad, trí fhógra a sheirbheálfar ar úinéir agus ar áititheoir na talún a bheidh i gceist agus ar aon duine eile lena mbainfidh an chúlghairm nó an modhnú, dar leo, an cead a chúlghairm nó a mhodhnú. |
[EN] | (2) Nuair a bheidh an t-údarás pleanála á chinneadh, de bhun an ailt seo, ar fóirsteanach fógra a sheirbheáil faoin alt seo, ní bhreithneoidh an t-údarás pleanála ach amháin pleanáil agus forbairt cheart limistéar an údaráis (lena n-áirítear a thaitneamhachtaí a shlánchoimeád agus a fheabhsú), agus beidh aird acu ar fhorálacha an phlean fhorbartha, agus ar fhorálacha aon ordú um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann leis an limistéar sin. | |
[EN] | (3) Aon duine ar a seirbheálfar fógra faoin alt seo, féadfaidh sé, tráth ar bith roimh an lá (nach luaithe ná mí tar éis na seirbheála sin) a shonrófar chuige sin san fhógra, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an fhógra. | |
[EN] | (4) I gcás ina ndéanfar achomharc faoin alt seo i gcoinne fógra, féadfaidh an tAire an fógra a dhaingniú arna mhodhnú nó gan mhodhnú nó an fógra a neamhniú, agus beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) den alt seo, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an Aire do chinneadh achomhairc faoin bhfo-alt seo mar atá feidhm acu maidir le húdarás pleanála do dhéanamh cinnte. | |
[EN] | (5) An chumhacht a thugtar leis an alt seo chun cúlghairm nó modhnú a dhéanamh ar chead chun talamh a fhorbairt féadfar í a fheidhmiú— | |
[EN] | (a) i gcás ina mbaineann an cead le hoibreacha a dhéanamh, tráth ar bith sula mbeifear tosaithe ar na hoibreacha sin nó, i gcás oibreacha ar a mbeifear tosaithe agus is oibreacha a dhéanann, de dhroim plean forbartha a athfhoirmiú, sárú ar an bplean sin, tráth ar bith sula mbeidh na hoibreacha sin críochnaithe, | |
[EN] | (b) i gcás ina mbaineann an cead le hathrú ar úsáid aon talún áirithe, tráth ar bith sula mbeidh an t-athrú déanta, | |
[EN] | ach ní bhainfidh cúlghairm nó modhnú an cheada chun oibreacha a dhéanamh leis an méid de na hoibreacha a bheidh déanta cheana féin. | |
[EN] | (6) Beidh feidhm ag forálacha alt 29 den Acht seo maidir le fógra faoin alt seo ag cúlghairm cead chun talamh a fhorbairt nó ag modhnú aon cheada den sórt sin trí choinníollacha a fhorchur agus a dhaingneofar ar achomharc (arna mhodhnú nó gan mhodhnú) mar atá feidhm acu maidir le diúltú d'iarratas ar an gcead sin nó le géilleadh d'iarratas den sórt sin faoi réir coinníollacha, agus in aon chás den sórt sin beidh éifeacht ag an alt sin 29 faoi réir na modhnuithe seo a leanas: | |
[EN] | (i) i mír (c) d'fho-alt (1), cuirfear “i gcás inar modhnaíodh an cead trí choinníollacha a fhorchur” in ionad “i gcás ina ndearnadh cead chun an talamh a fhorbairt a thabhairt mar a dúradh faoi réir coinníollacha”; | |
[EN] | (ii) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (i) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4): | |
[EN] | “(i) má fheictear don Aire gur fóirsteanach sin a dhéanamh, go bhféadfaidh sé, in ionad an fógra ceannaigh a dhaingniú, an fógra ag cúlghairm an cheada a chealú nó, i gcás ina ndearna an fógra modhnú ar an gcead trí choinníollacha a fhorchur, na coinníollacha sin a chúlghairm nó a leasú a mhéid is dóigh leis is gá chun go bhféadfar an talamh a chur ar staid ina bhféadfaí é a úsáid go réasúnta tairbhiúil tríd an bhforbairt ar ina leith a tugadh an cead a dhéanamh.” | |
[EN] | (7) Luafar i bhfógra faoin alt seo na cúiseanna atá lena thabhairt agus taifeadfar sonraí ina thaobh sa chlár. | |
[EN] | (8) Is feidhm fhorchoimeádta cead a chúlghairm nó a mhodhnú faoin alt seo. | |
[EN] |
Rialú pleanála (forbairt) a chur i bhfeidhm. |
31. —(1) (a) I gcás aon fhorbairt talún nach forbairt dhíolmhaithe í ná forbairt ar ar tosaíodh roimh an lá ceaptha a dhéanamh tar éis an lae cheaptha gan an cead a bheith tugtha is gá chuige sin faoin gCuid seo den Acht seo, nó aon choinníoll a bheith gan chomhlíonadh ar faoina réir a tugadh an cead sin i leith aon fhorbartha, féadfaidh an t-údarás pleanála, laistigh de chúig bliana ón am a dhéanfar an fhorbairt sin, nó, i gcás coinníoll a bheith gan chomhlíonadh, laistigh de chúig bliana tar éis an dáta iomchuí, má chinneann siad gur fóirsteanach sin a dhéanamh, féadfaidh siad, agus déanfaidh siad má ordaíonn an tAire dóibh é, fógra faoin alt seo a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir na talún. |
[EN] | (b) Sa mhír sin roimhe seo ciallaíonn “an dáta iomchuí,” maidir le coinníoll, an dáta a sonraítear sa choinníoll (nó, mura sonraítear é sa choinníoll, a sonraítear trí fhógra arna sheirbheáil ag an údarás pleanála ar úinéir agus ar áititheoir na talún) gurb é an dáta is deireanaí é chun an coinníoll a chomhlíonadh. | |
[EN] | (2) Ní bhreithneoidh an t-údarás pleanála agus iad á chinneadh ar fóirsteanach fógra a sheirbheáil faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, agus ní bhreithneoidh an tAire agus é á chinneadh a n-ordóidh sé don údarás pleanála fógra den sórt sin a sheirbheáil, ach amháin pleanáil agus forbairt cheart limistéar an údaráis (lena n-áirítear a thaitneamhachtaí a shlánchoimeád agus a fheabhsú) agus beidh aird ar fhorálacha an phlean fhorbartha, ar fhorálacha aon ordú um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann leis an limistéar sin agus, i gcás neamhchomhlíonadh coinníll, ar théarmaí an cheada. | |
[EN] | (3) Sonróidh aon fhógra a sheirbheálfar faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo (dá ngairtear fógra forfheidhmiúcháin ina dhiaidh seo san alt seo) an fhorbairt a líomhnaítear a rinneadh gan an cead den sórt a dúradh a bheith tugtha nó, de réir mar a bheidh, na hábhair a líomhnaítear nár comhlíonadh ina dtaobh aon choinníoll den sórt sin a dúradh, agus féadfaidh sé a cheangal go ndéanfar cibé bearta a shonrófar san fhógra mar bhearta nach foláir a dhéanamh laistigh de cibé tréimhse a shonrófar amhlaidh chun an talamh a chur ar ais sa staid ina raibh sé sula ndearnadh an fhorbairt nó chun a áirithiú go gcomhlíonfar an coinníoll, de réir mar a bheidh; agus, go háirithe, féadfaidh aon fhógra den sórt sin a cheangal, chun na críche a dúradh, aon déanmhais a dhíchur nó a athrú nó scor de thalamh a úsáid ar aon slí, nó aon oibreacha a dhéanamh ar thalamh. | |
[EN] | (4) Glacfaidh fógra forfheidhmiúcháin éifeacht i ndeireadh cibé tréimhse (nach giorra ná mí tar éis an fógra a sheirbheáil) a shonrófar san fhógra. | |
[EN] | (5) Más rud é nach mbeifear, laistigh den tréimhse a sonraíodh i bhfógra forfheidhmiúcháin, nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe a cheadaigh an t-údarás pleanála, tar éis aon bhearta a dhéanamh a ceanglaíodh leis an bhfógra seachas scor d'aon úsáid áirithe a dhéanamh de thalamh), féadfaidh an t-údarás pleanála dul isteach ar an talamh agus na bearta sin a dhéanamh, agus féadfaidh siad aon chaiteachais faoina rachaidh siad le reasún chuige sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine arb é úinéir na talún é an tráth sin. | |
[EN] | (6) Aon chaiteachas faoina mbeidh úinéir nó áititheoir aon talún tar éis dul chun déanamh de réir fógra fhorfheidhmiúcháin maidir le haon fhorbairt agus aon suimeanna a bheidh úinéir aon talún tar éis a íoc faoin bhfo-alt sin roimhe seo i leith caiteachais an údaráis phleanála maidir le bearta a dhéanamh a cheangail fógra den sórt sin a dhéanamh measfar go ndeachthas fúthu nó gur íocadh iad chun úsáide agus ar iarratas an duine a rinne an fhorbairt. | |
[EN] | (7) Féadfar fógra forfheidhmiúcháin a sheirbheáil is cuma cé acu bhí nó nach raibh ionchúiseamh ann faoi alt 24 den Acht seo maidir leis an bhforbairt iomchuí. | |
[EN] | (8) I gcás ina bhfuil, de bhua fógra fhorfheidhmiúcháin, ceangal ann scor d'aon úsáid a dhéanamh de thalamh nó ceangal ann aon choinníoll a chomhlíonadh maidir le haon úsáid a dhéanamh de thalamh nó maidir le haon oibreacha a dhéanamh ar thalamh, ansin mura mbeidh cead chuige tugtha faoin gCuid seo den Acht seo, má dhéanann aon duine, nó má chuireann sé faoi deara nó má cheadaíonn sé, an talamh a úsáid, nó má dhéanann sé na hoibreacha sin, nó má chuireann sé faoi deara nó má cheadaíonn sé na hoibreacha sin a dhéanamh, contrártha don fhógra bheidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fineáil nach mó ná céad punt a chur air, agus má leantar den úsáid nó de dhéanamh na n-oibreacha, contrártha don fhógra, tar éis an chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion breise agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den úsáid sin nó de na hoibreacha sin a dhéanamh. | |
[EN] | (9) Ní fhorléireofar aon ní sa Chuid seo den Acht seo mar ní a cheanglaíonn go bhfaighfear cead fúithi chun aon talamh a úsáid ar shlí inar dhleathach é a úsáid faoin gCuid seo den Acht seo mura mbeadh go ndearnadh an fhorbairt ar ina leith a sheirbheálfar fógra forfheidhmiúcháin. | |
[EN] | (10) Taifeadfar sa chlár sonraí fógra fhorfheidhmiúcháin. | |
[EN] |
Rialú pleanála (déanmhas a choinneáil) a chur i bhfeidhm. |
32. —(1) (a) I gcás aon choinníoll ar faoina réir a tugadh aon chead chun déanmhas a choinneáil, a bheith gan chomhlíonadh féadfaidh an t-údarás pleanála, laistigh de chúig bliana tar éis an dáta iomchuí, má chinneann siad gur fóirsteanach sin a dhéanamh, fógra faoin alt seo a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir an déanmhais. |
[EN] | (b) Sa mhír sin roimhe seo ciallaíonn “an dáta iomchuí,” maidir le coinníoll, an dáta a sonraítear sa choinníoll (nó, mura sonraítear é sa choinníoll, a sonraítear trí fhógra arna sheirbheáil ag an údarás pleanála ar úinéir agus ar áititheoir an déanmhais) gurb é an dáta is deireanaí é chun an coinníoll a chomhlíonadh. | |
[EN] | (2) Nuair a bheidh an t-údarás á chinneadh, de bhun an ailt seo, ar fóirsteanach fógra a sheirbheáil faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, ní bhreithneoidh siad ach amháin pleanáil agus forbairt cheart limistéar an údaráis (lena n-áirítear a thaitneamhachtaí a shlánchoimeád agus a fheabhsú) beidh aird acu ar fhorálacha an phlean fhorbartha, ar fhorálacha aon ordú um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann leis an limistéar sin agus ar théarmaí aon cheada a tugadh. | |
[EN] | (3) Sonróidh aon fhógra a sheirbheálfar faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo (dá ngairtear fógra forfheidhmiúcháin ina dhiaidh seo san alt seo) na hábhair a líomhnaítear nár comhlíonadh ina dtaobh aon choinníoll den sórt a dúradh, agus féadfaidh sé a cheangal go ndéanfar cibé bearta a shonrófar san fhógra mar bhearta nach foláir a dhéanamh laistigh de cibé tréimhse a shonrófar chun déanamh de réir an choinníll; agus, go háirithe, féadfaidh aon fhógra den sórt sin, chun na críche a dúradh, a cheangal go ndíchuirfear an déanmhas nó a cheangal go ndéanfar gach ní nó aon ní acu seo a leanas: | |
[EN] | (a) an déanmhas a athrú, | |
[EN] | (b) oibreacha (lena n-áirítear carrlocanna a chur ar fáil) a dhéanamh is dóigh leis an údarás pleanála is gá má táthar chun a cheadú an déanmhas a choinneáil, | |
[EN] | (c) spás a chur ar fáil timpeall an déanmhais, | |
[EN] | (d) crainn, toir nó plandaí eile a chur nó an déanmhas nó an talamh eile a thírdhreachú. | |
[EN] | (4) Glacfaidh fógra forfheidhmiúcháin éifeacht i ndeireadh cibé tréimhse (nach giorra ná mí tar éis an fógra a sheirbheáil) a shonrófar san fhógra. | |
[EN] | (5) Más rud é nach mbeifear, laistigh den tréimhse a shonrófar i bhfógra forfheidhmiúcháin, nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an t-údarás pleanála, tar éis aon bhearta a dhéanamh is gá de réir an fhógra a dhéanamh, féadfaidh an t-údarás pleanála dul isteach ar an déanmhas agus na bearta sin a dhéanamh, agus féadfaidh siad aon chaiteachas faoina rachaidh siad le réasún chuige sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine arb é úinéir an déanmhais é an tráth sin. | |
[EN] | (6) Taifeadfar sa chlár sonraí fógra fhorfheidhmiúcháin. | |
[EN] |
Rialú pleanála (déanmhas is déanmhas neamhúdaraithe i dtús an lae cheaptha) a chur i bhfeidhm. |
33. —(1) I gcás déanmhas a bhí ann díreach roimh an lá ceaptha agus ar déanmhas neamhúdaraithe é i dtús an lae sin, féadfaidh an t-údarás pleanála, tráth ar bith laistigh de chúig bliana tar éis an lae cheaptha (faoi réir an déanmhas a bheith fós féin an uair sin ina dhéanmhas neamhúdaraithe), má chinneann siad gur fóirsteanach sin a dhéanamh, agus, faoi réir fho-alt (9) den alt seo déanfaidh siad, má ordaíonn an tAire dóibh é, fógra faoi nalt seo a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir an déanmhais. |
[EN] | (2) Nuair a bheidh an t-údarás pleanála á chinneadh de bhun an ailt seo, ar fóirsteanach fógra a sheirbheáil faoin alt seo ní bhreithneoidh siad, agus nuair a bheidh an tAire á chinneadh a n-ordóidh sé don údarás pleanála fógra den sórt sin a sheirbheáil ní bhreithneoidh sé, ach amháin pleanáil agus forbairt cheart limistéar an údaráis (lena n-áirítear a thaitneamhachtaí a shlánchoimeád nó a fheabhsú) agus beidh aird ar fhorálacha an phlean fhorbartha agus ar fhorálacha aon ordú um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann leis an limistéar sin. | |
[EN] | (3) Féadfaidh aon fhógra a sheirbheálfar faoin alt seo (dá ngairtear fógra forfheidhmiúcháin ina dhiaidh seo san alt seo) a cheangal go ndíchuirfear an déanmhas nó go ndéanfar gach ní nó aon ní acu seo a leanas: | |
[EN] | (a) an déanmhas a athrú, | |
[EN] | (b) oibreacha (lena n-áirítear carrlocanna a chur ar fáil) a dhéanamh is dóigh leis an údarás pleanála is gá má táthar chun a cheadú an déanmhas a choinneáil, | |
[EN] | (c) spás a chur ar fáil timpeall an déanmhais, | |
[EN] | (d) crainn, toir nó plandaí eile a chur nó an déanmhas nó an talamh eile a thírdhreachú. | |
[EN] | (4) I gcás ina seirbheálfar fógra forfheidhmiúcháin, féadfaidh duine ar bith, tráth ar bith roimh an lá (nach luaithe ná mí tar éis an fógra sin a sheirbheáil) a shonrófar chuige sin san fhógra, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an fhógra. | |
[EN] | (5) I gcás ina ndéanfar achomharc faoin alt seo i gcoinne fógra, féadfaidh an tAire an fógra a dhaingniú arna mhodhnú nó gan mhodhnú nó an fógra a neamhniú, agus beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) den alt seo, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an Aire do chinneadh achomhairc faoin bhfo-alt seo mar atá feidhm acu maidir le húdarás pleanála do dhéanamh cinnte. | |
[EN] | (6) Glacfaidh fógra faoin alt seo (seachas fógra a neamhneofar) éifeacht— | |
[EN] | (a) mura ndéanfar aon achomharc ina choinne nó má tharraingítear siar gach achomharc ina choinne roimh éag don tréimhse chun achomharc a dhéanamh—ar éag don tréimhse chun achomharc a dhéanamh, | |
[EN] | (b) má dhéantar achomharc nó achomhairc ina choinne agus nach dtarraingeofar siar an t-achomharc nó na hachomhairc i rith na tréimhse chun achomharc a dhéanamh—nuair a bheidh gach achomharc nach dtarraingeofar siar amhlaidh tarraingthe siar nó arna chinneadh. | |
[EN] | (7) Más rud é nach mbeifear, laistigh den tréimhse a shonrófar i bhfógra forfheidhmiúcháin, nó de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an t-údarás pleanála, tar éis aon bhearta a dhéanamh a ceanglaíodh leis an bhfógra, féadfaidh an t-údarás pleanála dul isteach ar aon déanmhas agus na bearta sin a dhéanamh, agus féadfaidh siad aon chaiteachas faoina rachaidh siad le réasún chuige sin a ghnóthú mar fhiach chonartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine arb é úinéir an déanmhais é an tráth sin. | |
[EN] | (8) Taifeadfar sonraí fógra fhorfheidhmiúcháin sa chlár. | |
[EN] | (9) I gcás ina mbeartóidh an tAire aon ordú den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, a thabhairt, leagfar dréacht den ordú sin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní thabharfar an t-ordú go dtí go rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta. | |
[EN] |
Dliteanas ar úinéir talún má mhainnítear ceanglais fógra fhorfheidhmiúcháin, seachas scor d'úsáid a dhéanamh de thalamh, a chomhlíonadh. |
34. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, i gcás ina mbeifear tar éis fógra forfheidhmiúcháin (seachas fógra a neamhníodh) a sheirbheáil faoi aon cheann de na trí alt sin roimhe seo ar an duine arbh é, nuair a seirbheáladh an fógra air, úinéir na talún é lena mbaineann an fógra forfheidhmiúcháin agus go mbeifear, laistigh den tréimhse a sonraíodh san fhógra forfheidhmiúcháin nó de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an t-údarás pleanála, tar éis aon bhearta a fhágáil gan déanamh a ceanglaíodh leis an bhfógra forfheidhmiúcháin (seachas scor de thalamh a úsáid ar aon slí), beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air. |
[EN] | (2) Má scoir duine a dtionscnófar imeachtaí ina choinne faoin alt seo tráth éigin roimh dheireadh na tréimhse sin a sonraíodh san fhógra forfheidhmiúcháin chun déanamh de réir an fhógra (nó deireadh cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an t-údarás pleanála chun déanamh de réir an fhógra) de bheith ina úinéir ar an talamh, beidh aige, ar é do dhéanamh gearáin go cuí, agus ar fhógra trí lá glan ar a laghad a thabhairt don ionchúiseamh, ag insint go bhfuil sin ar a intinn aige, teideal chun a chur faoi deara an duine a ndearna úinéir na talún de an tráth sin a thabhairt os comhair na cúirte sna himeachtaí. | |
[EN] | (3) Más rud é, tar éis é a bheith cruthaithe nach ndearnadh mar a dúradh aon bhearta áirithe a ceanglaíodh leis an bhfógra forfheidhmiúcháin, go gcruthóidh an cosantóir bunaidh gurb é mainneachtain an duine eile sin ba chúis go hiomlán nó go páirteach nach ndearnadh na bearta sin, féadfar an duine eile sin a chiontú sa chion agus, má chruthaíonn an cosantóir bunaidh freisin go ndearna sé gach beart réasúnach chun a áirithiú go ndéanfaí de réir an fhógra fhorfheidhmiúcháin, éigiontófar é maidir leis an gcion. | |
[EN] | (4) Chun críocha fho-ailt (1) agus (2) den alt seo, maidir le duine arbh é, mura mbeadh an fo-alt seo, úinéir talún é de dhroim cíos a ghlacadh, measfar, más mar ghníomhaire do dhuine eile a ghlacann sé an cíos, nach úinéir den sórt sin é. | |
[EN] | (5) Más rud é, tar éis duine a chiontú faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo, nach ndéanfaidh sé, a luaithe is indéanta sin, gach rud ar a chumas chun a áirithiú go ndéanfar de réir an fhógra fhorfheidhmiúcháin, beidh sé ciontach i gcion breise agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air in aghaidh gach lae i ndiaidh a chéadchiontaithe a bheidh aon cheann de cheanglais an fhógra fhorfheidhmiúcháin (seachas scor d'aon úsáid a dhéanamh de thalamh) gan chomhlíonadh. | |
[EN] | (6) Má chuirtear bac nó cosc ar úinéir aon talún maidir le bearta a dhéanamh aige is gá a dhéanamh de réir fógra fhorfheidhmiúcháin faoi aon cheann de na trí alt díreach roimhe seo, beidh an duine a dhéanfaidh an bac nó an cosc ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air; agus, má leantar, i gcás ciona leanúnaigh, den bhac nó den chosc tar éis an chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion breise agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den bhac nó den chosc. | |
[EN] | (7) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (6) den alt seo más é áititheoir na talún an duine a dhéanfaidh an bac nó an cosc mura mbeidh an t-úinéir tar éis fógra ceithre lá dhéag ar a laghad i scríbhinn a thabhairt dó i dtaobh é a bheith ar intinn aige na bearta sin a dhéanamh. | |
[EN] |
Rialú pleanála forbairt ar ar tosaíodh agus nach bhfuil á dhéanamh de réir an cheada) a chur i bhfeidhm. |
35. —(1) I gcás aon fhorbairt a údaraíodh le cead a tugadh faoin gCuid seo den Acht seo a bheith tosaithe ach nach ndearnadh í nó nach bhfuil sí á déanamh de réir an cheada sin, féadfaidh an t-údarás pleanála, más dóigh leo gur fóirsteanach sin a dhéanamh, agus déanfaidh siad má ordaíonn an tAire dóibh é, fógra a sheirbheáil faoin alt seo. |
[EN] | (2) Nuair a bheidh an t-údarás pleanála á chinneadh an fóirsteanach fógra a sheirbheáil faoin alt seo, ní bhreithneoidh siad, agus nuair a bheidh an tAire á chinneadh a n-ordóidh sé don údarás pleanála fógra den sórt sin a sheirbheáil ní bhreithneoidh sé, ach amháin pleanáil agus forbairt cheart limistéar an údaráis (lena n-áirítear a thaitneamhachtaí a shlánchoimeád nó a fheabhsú) agus beidh aird ar fhorálacha an phlean fhorbartha, ar fhorálacha aon ordú um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann leis an limistéar sin agus ar théarmaí aon cheada a tugadh. | |
[EN] | (3) Féadfar fógra faoin alt seo a sheirbheáil— | |
[EN] | (a) ar an duine a thosaigh an fhorbairt, nó | |
[EN] | (b) ar aon duine eile a rinne forbairt a údaraíodh leis an gcead nó a bhfuil forbairt den sórt sin á dhéanamh aige, | |
[EN] | de réir mar a chinnfidh an t-údarás pleanála. | |
[EN] | (4) Féadfaidh aon fhógra a sheirbheálfar faoin alt seo (dá ngairtear fógra forfheidhmiúcháin ina dhiaidh seo san alt seo) a cheangal go ndéanfar cibé bearta a shonrófar san fhógra laistigh de cibé tréimhse a shonrófar amhlaidh chun a áirithiú go ndéanfar an fhorbairt de réir an cheada agus, go háirithe, féadfaidh aon fhógra den sórt sin a cheangal chun na críche sin a dúradh, go ndíchuirfear nó go n-athrófar aon déanmhais, go scoirfear d'aon úsáid a dhéanamh de thalamh nó d'aon oibreacha a dhéanamh ar thalamh. | |
[EN] | (5) Glacfaidh fógra forfheidhmiúcháin éifeacht i ndeireadh cibé tréimhse (nach lú ná mí tar éis a sheirbheála) a shonrófar san fhógra. | |
[EN] | (6) Más rud é nach mbeifear, laistigh den tréimhse a shonrófar i bhfógra forfheidhmiúcháin nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an t-údarás pleanála, tar éis aon bhearta a dhéanamh a ceanglaíodh leis an bhfógra, féadfaidh an t-údarás pleanála dul isteach ar an talamh agus na bearta sin a dhéanamh, agus féadfaidh siad aon chaiteachas faoina rachaidh siad le réasún chuige sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine ar ar seirbheáladh an fógra. | |
[EN] | (7) I gcás ina mbeifear tar éis fógra forfheidhmiúcháin a sheirbheáil ar dhuine, agus nach mbeifear, laistigh den tréimhse a shonrófar ann, nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an t-údarás pleanála, tar éis aon bhearta a dhéanamh a ceanglaíodh leis an bhfógra, beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air. | |
[EN] | (8) Más rud é, tar éis duine a chiontú faoin alt seo nach ndéanfaidh sé, a luaithe is indéanta sin, gach rud ar a chumas chun a áirithiú go ndéanfar de réir an fhógra fhorfheidhmiúcháin, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air in aghaidh gach lae tar éis a chéadchiontaithe a bheidh aon cheann de cheanglais an fhógra fhorfheidhmiúcháin gan chomhlíonadh. | |
[EN] | (9) Taifeadfar sonraí fógra fhorfheidhmiúcháin sa chlár. | |
[EN] |
Ceanglas á cheangal déanmhas a dhíchur nó a athrú. |
36. —(1) Má chinneann an t-údarás pleanála gur ceart aon déanmhas a dhíchur nó a athrú, féadfaidh an t-údarás pleanála fógra á cheangal an díchur nó an t-athrú sin, agus, i gcás díchuir, aon aischur, a dhéanamh a fheicfear don údarás pleanála a bheith oiriúnach a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir an déanmhais agus ar aon duine eile arb é a dtuairim go ndéanann an fógra difear dó. |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le déanmhas neamhúdaraithe mura rud é— | |
[EN] | (a) gur déanmhas é a bhí ann díreach roimh an lá ceaptha agus gur dhéanmhas neamhúdaraithe é i dtús an lae sin agus gur tar éis cúig bliana ón lá ceaptha a sheirbheálfar an fógra faoin alt seo, nó | |
[EN] | (b) gur déanmhas é a foirgníodh, a tógadh nó a rinneadh an lá ceaptha nó dá éis agus gur tar éis cúig bliana ó dháta a fhoirgnithe, a thógtha nó a dhéanta a sheirbheálfar an fógra faoin alt seo. | |
[EN] | (3) Nuair a bheidh an t-údarás pleanála á chinneadh de bhun an ailt seo gur ceart déanmhas a dhíchur nó a athrú, ní bhreithneoidh siad ach pleanáil agus forbairt cheart limistéar an údaráis (lena n-áirítear a thaitneamhachtaí a shlánchoimeád nó a fheabhsú) agus beidh aird acu ar fhorálacha an phlean fhorbartha agus ar fhorálacha aon ordú um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann leis an limistéar. | |
[EN] | (4) I gcás ina seirbheálfar fógra faoin alt seo, féadfaidh duine ar bith tráth ar bith roimh an lá (nach luaithe ná mí tar éis an fógra sin a sheirbheáil) a shonrófar chuige sin san fhógra, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an fhógra. | |
[EN] | (5) I gcás ina ndéanfar achomharc faoin alt seo i gcoinne fógra, féadfaidh an tAire an fógra a dhaingniú arna mhodhnú nó gan mhodhnú nó an fógra a neamhniú agus beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) den alt seo, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an Aire do chinneadh achomhairc faoin bhfo-alt seo, mar atá feidhm acu maidir le húdarás pleanála do dhéanamh cinnte. | |
[EN] | (6) Glacfaidh fógra faoin alt seo (seachas fógra a neamhníodh) éifeacht— | |
[EN] | (a) mura ndéanfar aon achomharc ina choinne nó má tharraingítear siar gach achomharc ina choinne roimh éag don tréimhse chun achomharc a dhéanamh—ar éag don tréimhse chun achomharc a dhéanamh, | |
[EN] | (b) má dhéantar achomharc nó achomhairc ina choinne agus nach dtarraingeofar siar an t-achomharc nó na hachomhairc i rith na tréimhse chun achomharc a dhéanamh—nuair a bheidh gach achomharc nach dtarraingeofar siar amhlaidh tarraingthe siar nó arna chinneadh. | |
[EN] | (7) Más rud é nach mbeifear, laistigh den tréimhse a shonrófar i bhfógra faoin alt seo, nó de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an t-údarás pleanála, tar éis an díchur nó an t-athrú a dhéanamh a ceanglaíodh leis an bhfógra, féadfaidh an t-údarás pleanála dul isteach ar an déanmhas agus an díchur nó an t-athrú sin agus aon aischur a bheidh sonraithe san fhógra a dhéanamh. | |
[EN] | (8) I gcás ina ndéanfar de réir fógra faoin alt seo, íocfaidh an t-údarás pleanála leis an duine a dhéanfaidh de réir an fhógra an caiteachas faoina rachaidh sé le réasún ag déanamh an díchuir nó an athraithe agus aon aischuir a bheidh sonraithe san fhógra, lúide luach aon ábhar intarrthála. | |
[EN] | (9) Beidh feidhm ag forálacha alt 29 den Acht seo maidir le fógra a sheirbheálfar faoin alt seo agus a dhaingneofar ar achomharc (arna mhodhnú nó gan mhodhnú) mar a bhaineann siad le diúltú d'iarratas ar chead chun talamh a fhorbairt, agus in aon chás den sórt sin beidh éifeacht ag an alt sin 29 faoi réir na modhnuithe seo a leanas: | |
[EN] | (i) déanfar neamhshuim de mhír (c) d'fho-alt (1); | |
[EN] | (ii) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (i) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4): | |
[EN] | “(i) má fheictear don Aire gur fóirsteanach sin a dhéanamh, go bhféadfaidh sé, in ionad an fógra ceannaigh a dhaingniú, an fógra á cheangal go ndéanfar díchur nó athrú a chealú.” | |
[EN] | (10) Taifeadfar sa chlár sonraí fógra a sheirbheálfar faoin alt seo. | |
[EN] |
A cheangal go scoirfear d'úsáid. |
37. —(1) Má chinneann an t-údarás pleanála, maidir le haon úsáid a dhéanamh de thalamh— |
[EN] | (a) gur ceart scor den úsáid, nó | |
[EN] | (b) gur ceart aon choinníollacha a fhorchur maidir le leanúint den úsáid, | |
[EN] | féadfaidh an t-údarás pleanála fógra a sheirbheáil á cheangal go scoirfear den úsáid sin nó ag forchur na gcoinníollacha sin ar úinéir agus ar áititheoir na talún agus ar aon duine eile arb é a dtuairim go ndéanann an fógra difear dó. | |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le húsáid neamhúdaraithe murab úsáid í ar ar tosaíodh tar éis an lae cheaptha agus go seirbheálfar an fógra faoin alt seo tar éis cúig bliana a bheith caite tar éis tosú ar an úsáid. | |
[EN] | (3) Nuair a bheidh an t-údarás pleanála á chinneadh de bhun an ailt seo gur ceart scor d'aon úsáid nó gur ceart aon choinníollacha a fhorchur ní bhreithneoidh siad ach pleanáil agus forbairt cheart limistéar an údaráis (lena n-áirítear a thaitneamhachtaí a shlánchoimeád nó a fheabhsú) agus beidh aird acu ar fhorálacha an phlean fhorbartha agus ar fhorálacha aon ordú um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann leis an limistéar sin. | |
[EN] | (4) I gcás ina seirbheálfar fógra faoin alt seo, féadfaidh duine ar bith tráth ar bith roimh an lá (nach luaithe ná mí tar éis an fógra sin a sheirbheáil) a shonrófar chuige sin san fhógra, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an fhógra. | |
[EN] | (5) I gcás ina ndéanfar achomharc faoin alt seo i gcoinne fógra, féadfaidh an tAire an fógra a dhaingniú, arna mhodhnú nó gan mhodhnú, nó an fógra a chealú, agus beidh feidhm ag forálacha fho-alt (3) den alt seo, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an Aire do chinneadh achomhairc faoin bhfo-alt seo, mar atá feidhm acu maidir leis an údarás pleanála do dhéanamh cinnte. | |
[EN] | (6) Glacfaidh fógra faoin alt seo (seachas fógra a neamhníodh) éifeacht— | |
[EN] | (a) mura ndéanfar aon achomharc ina choinne nó má tharraingítear siar gach achomharc ina choinne roimh éag don tréimhse chun achomharc a dhéanamh— ar éag don tréimhse chun achomharc a dhéanamh, | |
[EN] | (b) má dhéantar aon achomharc nó achomhairc ina choinne agus nach dtarraingeofar siar an t-achomharc nó na hachomhairc i rith na tréimhse chun achomharc a dhéanamh—nuair a bheidh gach achomharc nach dtarraingeofar siar amhlaidh tarraingthe siar nó arna chinneadh. | |
[EN] | (7) I gcás ina bhfuil, de bhua fógra faoin alt seo, ceanglas ann go scoirfear de thalamh a úsáid chun aon chríche áirithe nó go bhforchuirfear aon choinníollacha maidir le leanúint den úsáid sin, ansin, má úsáideann aon duine an talamh chun na críche sin nó, de réir mar a bheidh, má úsáideann sé an talamh chun na críche sin contrártha do na coinníollacha sin, nó má chuireann sé faoi deara nó má cheadaíonn sé an talamh a úsáid amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus, má leantar den úsáid sin tar éis an chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion breise agus ar a chiontú go hachomair dlífear fineáil nach mó ná fiche punt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den úsáid sin amhlaidh. | |
[EN] | (8) Beidh feidhm ag forálacha alt 29 den Acht seo maidir le fógra arna sheirbheáil faoin alt seo á cheangal go scoirfear de thalamh a úsáid nó ag forchur coinníollacha ar an úsáid sin, a dhaingneofar ar achomharc (arna mhodhnú nó gan mhodhnú) mar a bhaineann siad le diúltú d'iarratas ar chead chun talamh a úsáid nó leis an gcead sin a thabhairt faoi réir coinníollacha, agus in aon chás den sórt sin beidh éifeacht ag an alt sin 29 faoi réir na modhnuithe seo a leanas: | |
[EN] | (i) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (a) d'fho-alt (1): | |
[EN] | “(a) nach féidir an talamh a úsáid go réasúnta tairbhiúil toisc an scor a cuireadh mar cheanglas nó na gcoinníollacha a forchuireadh (de réir mar a bheidh)”; | |
[EN] | (ii) déanfar neamhshuim de mhír (c) d'fho-alt (1); | |
[EN] | (iii) cuirfear an mhír seo in ionad mhír (i) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4): | |
[EN] | “(i) má fheictear don Aire gur fóirsteanach sin a dhéanamh, go bhféadfaidh sé, in ionad an fógra ceannaigh a dhaingniú, an fógra á cheangal go scoirfear den úsáid nó ag forchur coinníollacha a chealú. | |
[EN] | (9) Taifeadfar sa chlár sonraí fógra a sheirbheálfar faoin alt seo. | |
[EN] |
Comhaontuithe ag rialú forbairt nó úsáid talún. |
38. —(1) Féadfaidh údarás pleanála comhaontú a dhéanamh le haon duine ag á mbeidh leas i dtalamh ina limistéar chun forbairt nó úsáid na talún a shrianadh nó a rialú, go buan nó i gcaitheamh cibé tréimhse a shonrófar leis an gcomhaontú, agus féadfaidh cibé forálacha comhghabhálacha agus forálacha iarmartacha (lena n-áirítear forálacha a bhainfidh le hairgeadas) a fheicfear don údarás pleanála a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha an chomhaontaithe a bheith sa chomhaontú. |
[EN] | (2) Féadfaidh an t-údarás pleanála comhaontú a dhéanfar faoin alt seo le haon duine ag a mbeidh leas i dtalamh a chur i bhfeidhm i gcoinne daoine a ghabhann teideal faoin duine sin maidir leis an talamh sin ionann agus dá mbeadh talamh tadhlach leis ag an údarás pleanála agus go ndéarfaí sa chomhaontú gur comhaontú ar mhaithe leis an talamh sin é. | |
[EN] | (3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo ná in aon chomhaontú faoi mar ní a shrianann an tAire nó an t-údarás pleanála ó aon chumhachtaí is infheidhmithe acu faoin Acht seo a fheidhmiú maidir le talamh is ábhar d'aon chomhaontú den sórt sin, an fad agus nach bhfeidhmeofar na cumhachtaí sin ar shlí a dhéanfaidh sárú ábhartha ar fhorálacha an phlean fhorbartha, nó ar shlí a cheanglóidh aon chumhachtaí den sórt sin a fheidhmiú ar shlí a dhéanfadh sárú ábhartha ar na forálacha sin. | |
[EN] | (4) Taifeadfar sa chlár sonraí comhaontú a dhéanfar faoin alt seo. | |
[EN] |
Srianta le húdaráis áitiúla áirithe. |
39. —(1) Ní dhéanfaidh comhairle contae aon fhorbairt ina gceantar sláinte contae a dhéanfaidh sárú ábhartha ar an bplean forbartha. |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh bardas contae-bhuirge nó buirge eile aon fhorbairt sa bhuirg sin a dhéanfaidh sárú ábhartha ar an bplean forbartha. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfaidh bardas ceantair uirbigh aon fhorbairt sa cheantar sin a dhéanfaidh sárú ábhartha ar an bplean forbartha. | |
[EN] |
Ní gá cead i gcásanna áirithe. |
40. —D'ainneoin aon ní sa Chuid seo den Acht seo, ní gá cead faoin gCuid seo den Acht seo— |
[EN] | (a) i gcás talamh a bheidh, an lá ceaptha, á úsáid go sealadach chun críche seachas an chríoch chun a n-úsáidtear de ghnáth é, chun tosú athuair ar an talamh a úsáid chun na críche sin is deireanaí a luaitear, | |
[EN] | (b) i gcás talamh a bheidh, an lá ceaptha, á ghnáth-úsáid chun aon chríche amháin agus a úsáidtear freisin ar ócáidí, cibé acu go tráthrialta é nó nach ea, chun aon chríche eile, maidir le húsáid na talún chun na críche eile sin ar ócáidí dá samhail tar éis an lae cheaptha; | |
[EN] | (c) maidir le forbairt a cheanglófar le fógra faoi alt 31, 32, 33, 35 nó 36 den Acht seo (gan forbairt a bhfuil cead ann iarbhír lena haghaidh faoin gCuid seo den Acht seo a áireamh). | |
[EN] |
Iarratais a chlárú. |
41. —(1) Taifeadfaidh údarás pleanála sa chlár: |
[EN] | (a) sonraí aon iarratais a dhéanfar chucu faoin gCuid seo den Acht seo ag iarraidh cead forbartha nó cead chun déanmhais a choinneáil, lena n-áirítear ainm agus seoladh an iarratasóra, an dáta a fuarthas an t-iarratas agus na sonraí gearra i dtaobh na forbartha nó na coinneála is ábhar don iarratas, | |
[EN] | (b) sonraí aon iarratais a dhéanfar chucu faoin gCuid seo den Acht seo ag iarraidh ceadaithe is gá de réir rialacháin cheada, lena n-áirítear ainm agus seoladh an iarratasóra, an dáta a fuarthas an t-iarratas agus sonraí gearra i dtaobh na nithe is ábhar don iarratas, | |
[EN] | (c) cinneadh an údaráis phleanála maidir leis an iarratas sin agus dáta an chinnte, | |
[EN] | (d) dáta agus éifeacht aon chinneadh a rinne an tAire ar achomharc maidir leis an iarratas sin, | |
[EN] | (e) sonraí aon iarratais a dhéanfaidh siad faoi fho-alt (3) d'alt 26 den Acht seo, lena n-áirítear an t-iarratas a chur chun siúil agus sonraí gearra i dtaobh na forbartha a bheidh i gceist. | |
[EN] | (2) Gach taifead den sórt sin arb é a bheidh ann sonraí iarratais déanfar é laistigh den tréimhse seacht lá dar tosach an lá a gheofar an t-iarratas. | |
[EN] | (3) Gach taifead den sórt sin ar cinneadh i dtaobh iarratais a bheidh ann déanfar é laistigh den tréimhse seacht lá dar tosach an lá a dhéanfar an cinneadh. |