Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Forálacha ag a mbeidh éifeacht an fad a bheidh aon scaireanna sa Chuideachta ag an aire Airgeadais nó aon airgead gan aisíoc a fuair an Chuideachta ar lasacht agus ar ráthaigh an tAire go naisíocfaí é go cuí nó aon airgead a d'íoc an tAire faoi ráthaíocht gan aisíoc ag an gCuideachta leis nó gan gnóthú aige ón gCuideachta nó aon airgead a airleacadh chun na Cuideachta as an bPríomh Chiste gan aisíoc.)

32 1963


Uimhir 32 de 1963.


AN tACHT UM AN nGNÍOMHAIREACHT FOIRGNÍOCHTA NÁISIÚNTA TEORANTA, 1963.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ DON AIRE AIRGEADAIS SCAIREANNA A THÓGÁIL SA GHNÍOMHAIREACHT FOIRGNÍOCHTA NÁISIÚNTA TEORANTA, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN tAIRE SIN DO THABHAIRT AIRLEACAN AS AN bPRÍOMH-CHISTE DON CHUIDEACHTA SIN AGUS CHUN AN tAIRE RIALTAIS ÁITIÚIL DO RÁTHÚ IASACHTAÍ A GHEOBHAIDH AN CHUIDEACHTA SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [18 Nollaig, 1963.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Chuideachta” an Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil.

An tAire Airgeadais do thógáil scaireanna.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham scaireanna d'aon aicme nó aicmí sa Chuideachta a thógáil trí shuibscríobh nó trína gceannach ón sealbhóir, agus is é an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, a chinnfidh na méideanna, nach mó san iomlán ná céad míle punt, a fhéadfar a shuibscríobh nó a íoc faoin alt seo.

An tAire Airgeadais do shealbhú scaireanna.

3. —Féadfaidh an tAire Airgeadais aon scaireanna sa Chuideachta a bheidh sé tar éis a thógáil nó a fháil a shealbhú an fad is oiriúnach leis agus féadfaidh sé, mar is oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis ach tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, na scaireanna sin go léir nó aon chuid díobh a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile.

An tAire Airgeadais d'fheidhmiú cirt nó cumhachta is infheidhmithe ag sealbhóir scaireanna.

4. — Féadfaidh an tAire Airgeadais na cearta agus na cumhachtaí go léir a fheidhmiú i leith scaireanna a bheidh aige sa Chuideachta is infheidhmithe ag sealbhóir scaireanna den sórt sin agus, más trí aturnae is infheidhmithe ceart nó cumhacht, féadfaidh sé an céanna a fheidhmiú trína aturnae.

Díolúine ó dhleacht stampa.

1891, c. 39.

5. —Ní oibreoidh alt 112 den Stamp Act, 1891, chun a cheangal ar an gCuideachta aon ráiteas a sheachadadh do Chláraitheoir na gCuideachtaí nó aon dleacht stampa a íoc faoin alt sin i leith aon mhéadú ar chaipiteal na Cuideachta arna dhéanamh chun a chumasú don Aire Airgeadais scaireanna a thógáil sa Chuideachta.

Airleacain chun na Cuideachta ón Aire Airgeadais.

6. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, airleacain a thabhairt don Chuideachta chun cuspóirí na Cuideachta a chur i gcrích.

(2) Déanfar airleacain faoin alt seo ar cibé téarmaí maidir le haisíoc, ús agus nithe eile a chinnfidh an tAire Airgeadais.

An tAire do ráthú airgid a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais, go n-aisíocfaidh an Chuideachta go cuí príomhshuim aon airgid a fuair an Chuideachta ar iasacht nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go ndéanfar an phríomhshuim a aisíoc agus an t-ús a íoc.

(2) I gcás ina dtabharfar ráthaíocht, nó ina mbeifear tar éis ráthaíocht a thabhairt, faoin alt seo, tabharfaidh an Chuideachta, má fhoréilíonn an tAire é, cibé urrús (lena n-áirítear, go sonrach, bintiúirí) a shonrófar san fhoréileamh chun aisíoc aon airgid a dhlífidh an tAire a íoc, nó a bheidh íoctha aige, faoin ráthaíocht a áirithiú don Aire.

(3) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina luafar maidir le gach ráthaíocht a tugadh faoin alt seo i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta

(b) i gcás ina ndearna an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (má b'ann) a aisíocadh leis an Aire ar scór na híocaíochta,

(c) an méid príomhshuime a bhí faoi réim na ráthaíochta agus a bhí gan aisíoc ag deireadh na bliana sin.

(4) Déanfaidh an Chuideachta airgead a d'íoc an tAire faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis an Aire (maraon le hús air de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) laistigh de dhá bhliain ón dáta a airleacadh an t-airgead as an bPríomh-Chiste.

(5) I gcás ina mbeidh an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead is gá de réir fo-alt (4) den alt seo a aisíoc leis an Aire gan aisíoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an tsuim a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(6) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (5) den alt seo chun an tsuim a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Chuideachta de bheith faoi dhliteanas ag an Aire i leith na suime sin agus aisíocfaidh an Chuideachta an tsuim sin (maraon le hús uirthi de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) leis an Aire cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh an tAire Airgeadais agus, mura ndéantar aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, féadfar í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Airgead a sholáthar le haghaidh íocaíochtaí faoin Acht seo as an bPríomh-Chiste.

8. —(1) Is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a airleacfar an t-airgead go léir a bheidh ag teastáil ó am go ham ón Aire Airgeadais agus ón Aire faoi chomhair suimeanna a thiocfadh chun bheith iníoctha acu faoin Acht seo.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, chun airgead a sholáthar le haghaidh airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna is gá chuige sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint, agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheobhaidh sé ar iasacht amhlaidh.

(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis gach urrúis a eiseofar faoin alt seo agus an chaiteachais faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

Teorainn le comhiomlán airleacan agus príomhshuime áirithe.

9. —Ní rachaidh comhiomlán na suimeanna seo a leanas aon tráth áirithe:

(a) airleacain faoi alt 6 den Acht seo nach mbeidh aisíoctha,

(b) príomhshuim a mbeidh dliteanas ar an Aire í a aisíoc ar scór aon ráthaíocht nó ráthaíochtaí faoi alt 7 den Acht seo, agus

(c) príomhshuim a bheidh íoctha cheana ag an Aire ar aon ráthaíocht nó ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta,

thar dhá mhilliún punt.

Díbhinní, etc., a íoc isteach sa Státchiste.

10. —Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is oiriúnach leis an Aire Airgeadais:

(a) díbhinní, bónas, glan-fháltais díolachán agus airgead eile a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna leis an gCuideachta,

(b) airgead a gheobhaidh an tAire Airgeadais mar aisíoc nó mar ús ar airgead a bheidh sé tar éis airleacan faoi alt 6 den Acht seo,

(c) airgead a bheifear tar éis a aisíoc leis an Aire nó a bheidh an tAire tar éis a ghnóthú faoi fho-alt (4) nó faoi fho-alt (6) d'alt 7 den Acht seo.

Forálacha ag a mbeidh éifeacht i gcúinsí áirithe.

11. —Beidh éifeacht ag forálacha an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo an fad—

(a) a bheidh aon scaireanna sa Chuideachta ag an Aire Airgeadais,

(b) a bheidh aon airgead gan aisíoc a fuair an Chuideachta ar iasacht agus a mbeidh a aisíoc cuí ráthaithe ag an Aire faoin Acht seo,

(c) a bheidh aon airgead a fuair an Chuideachta ar iasacht, agus a mbeidh a aisíoc cuí ráthaithe amhlaidh agus a mbeidh a mhéid íoctha ag an Aire faoin ráthaíocht (maraon le hús air de réir na rátaí a cheap an tAire Airgeadais), gan aisíoc ag an gCuideachta leis an Aire nó gan gnóthú ón gCuideachta ag an Aire, nó

(d) a bheidh aon airgead a airleacadh chun na Cuideachta as an bPríomh-Chiste gan aisíoc.

Leasú ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht Ráthaíocht Stáit, 1954 .

1954, Uimh. 9 .

I.R. Uimh. 74 de 1961.

12. —Leasaítear leis seo an Sceideal a ghabhann leis an Acht Ráthaíocht Stáit, 1954 , trí na tagairtí don Chuideachta agus do £250,000 a cuireadh isteach leis an Ordú um an Acht Ráthaíocht Stáit, 1954 (An Sceideal a Leasú), 1961, a scriosadh.

Caiteachais riaracháin.

13. —Déanfar na caiteachais faoina rachfar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

14. —Féadfar an tAcht um an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisúnta Teoranta, 1963, a ghairm den Acht seo.