|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 2 de 1964. | ||
[EN] |
AN tACHT UCHTÁLA, 1964 | |
[An tiontú oifigiúil]. | ||
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UCHTÁLA, 1952 . [5 Feabhra, 1964.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “ordú uchtála” ordú faoi alt 9 den Phríomh-Acht; | |
[EN] | ciallaíonn “an Bord” an Bord Uchtála; | |
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Uchtála, 1952 ; | |
[EN] | ciallaíonn “cumann uchtála cláraithe” comhlacht daoine atá taifeadta sa Chlár de Chumainn Uchtála a choimeádann an Bord faoi Chuid IV den Phríomh-Acht. | |
[EN] |
Leanbh dlisteanaithe a uchtáil. |
2. —(1) (a) D'ainneoin aon ní atá in alt 10 den Phríomh-Acht, féadfar ordú uchtála a dhéanamh i gcás linbh— |
[EN] | (i) a dlisteanaíodh nó ar aithníodh a dhlisteanú de bhun forálacha an Achta Dlisteanais, 1931 , agus | |
[EN] | (ii) nach ndearnadh a bhreith a athchlárú de bhun forálacha an Sceideal a ghabhann leis an Acht sin ná de bhun dlí aon tíre seachas an Stát, | |
[EN] | ar choinníoll go dtabharfaidh athair an linbh a thoiliú leis an ordú uchtála a dhéanamh nó go ligfear thar ceal an toiliú sin de réir Alt 14 den Phríomh-Acht. | |
[EN] | (b) Beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (2) go (6) d'alt 14 den Phríomh-Acht maidir le toiliú dá dtagraítear sa mhír sin roimhe seo mar atá feidhm acu maidir leis an toilithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt sin. | |
[EN] | (2) Chun críocha na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, forléireofar aon tagairt do mháthair linbh in ailt 16, 17, 20, 24 agus 39 den Phríomh-Acht mar thagairt a fholaíonn tagairt d'athair na linbh. | |
[EN] | (3) I gcás— | |
[EN] | (a) leanbh a bheith neamhdhlistineach nuair a thug an mháthair a toiliú le hordú uchtála a dhéanamh nó, i gcás inar lig an Bord an toiliú sin thar ceal ar an bhforas nár bhféidir teacht ar an máthair, nuair a saolaíodh an leanbh, agus | |
[EN] | (b) nár tugadh aon fhianaise ar aird don Bhord, trí agóid a dhéanamh in aghaidh an iarratais ar uchtáil, nó ar shlí eile, gur dlisteanaíodh an leanbh dá éis sin, | |
[EN] | féadfaidh an Bord a mheas, chun críocha an Phríomh-Achta agus an Achta seo, go bhfuil an leanbh neamhdhlistineach tráth an iarratais a éisteacht, agus má dhéanann an Bord ordú uchtála agus gur dlisteanaíodh an leanbh iarbhír, beidh an bhailíocht chéanna ag an ordú a bheadh aige dá mba rud é nár dlisteanaíodh an leanbh agus déanfar an tagairt in alt 39 den Phríomh-Acht don mháthair mar a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don athair. | |
[EN] | (4) Má tharla, roimh dháta an Achta seo a rith, go ndearnadh ordú uchtála i leith linbh dhlisteanaithe (is leanbh nárbh fheasach don Bhord é bheith dlisteanaithe), beidh, agus measfar go raibh riamh, ag an ordú an bhailíocht chéanna a bheadh aige dá mba rud é nár dlisteanaíodh an leanbh, agus déanfar an tagairt in alt 24 den Phríomh-Acht don mháthair a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don athair. | |
[EN] |
Síneadh in imthoscaí áirithe ar an am chun ordú uchtála a iarraidh. |
3. —(1) D'ainneoin aon ní atá in alt 10 den Phríomh-Acht, más deimhin leis an mBord gurb inmhianaithe, in imthoscaí speisialta an cháis sin a dhéanamh, féadfaidh sé ordú uchtála a dhéanamh i leith leanbh a bhí os cionn seacht mbliana d'aois ar dháta an iarratais ag iarraidh an ordaithe más rud é— |
[EN] | (a) (i) go raibh an leanbh faoina chúram ag an iarratasóir ó dháta roimh an dáta a shlánaigh an leanbh seacht mbliana d'aois, agus | |
[EN] | (ii) go ndéanfar an t-iarratas sula mbeidh naoi mbliana d'aois slán ag an leanbh, nó | |
[EN] | (b) gurb í máthair nó gurb é athair nádúrtha an linbh, nó gur gaol don leanbh, an t-iarratasóir nó duine de na hiarratasóirí más lánúin phósta iad. | |
[EN] | (2) Sula gcinnfidh an Bord an ndéanfaidh sé ordú uchtála maidir le leanbh lena mbaineann an t-alt seo, tabharfaidh an Bord aird chuí ar mhianta an linbh, ag féachaint d'aois agus do thuiscint an linbh: | |
[EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag fomhír (ii) de mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo maidir le hiarratas ar ordú uchtála a dhéanfar roimh an 31ú lá de Nollaig, 1965. | |
[EN] |
Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht. |
4. —Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas: “ciallaíonn ‘duine uchtaithe’ duine a bhfuil ordú uchtála déanta ina leith;” a chur isteach roimh an míniú ar “ordú uchtála”. |
[EN] |
Leasú ar alt 11 den Príomh-Acht. |
5. —(1) D'ainneoin aon ní atá i bhfo-alt (3) d'alt 11 den Phríomh-Acht, féadar ordú uchtála a dhéanamh ar iarratas ó lanúin phósta atá pósta ar a chéile trí bliana ar a laghad agus a bhfuil cúig bliana is fiche d'aois slán ag gach duine acu. |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4): | |
[EN] | “(4) Ní dhéanfar ordú uchtála murar sa Stát atá gnáthchónaí ar na hiarratasóirí agus gur sa Stát a bhí gnáthchónaí orthu i gcaitheamh na bliana dar críoch dáta an ordaithe.” | |
[EN] | (3) Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht trí fho-alt (5) a scriosadh. | |
[EN] |
Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht. |
6. —Forléireofar alt 12 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige ionann is dá mbeadh Arm an tSlánaithe ar cheann de na haicmí creidimh a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin. |
[EN] |
Leasú ar alt 22 den Príomh-Acht. |
7. —Leasaítear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (3): |
[EN] | “(2) Mura feasach dáta breithe an linbh, cinnfidh an Bord an dáta is dócha a rugadh an leanbh agus taifeadfar an dáta sin mar dháta breithe an linbh agus má fhionnann an Bord, dá éis sin, an dáta iarbhír a rugadh an leanbh, cealófar an cinneadh agus leasófar dá réir an t-ordú uchtála a bhaineann leis an leanbh agus murab é an dáta a rugadh an leanbh an dáta a cinneadh mar a dúradh, leasófar an taifead.” | |
[EN] |
Orduithe idirlinne. |
8. —Más rud é, ar iarratas a dhéanamh ar ordú uchtála i leith linbh, nach mbeidh an Bord deimhnitheach i dtaobh na n-ábhar dá dtagraítear in alt 13 den Phríomh-Acht, féadfaidh sé ordú a dhéanamh faoi alt 17 den Phríomh-Acht ag tabhairt coimeád an linbh don iarratasóir ar feadh tréimhse promhaidh más é tuairim an Bhoird gur dócha don Bhord a bheith deimhnitheach, roimh dheireadh na tréimhse sin, i dtaobh na n-ábhar dá dtagraítear san alt sin 17. |
[EN] |
Iarratais ar orduithe uchtála a chur ar atráth. |
9. —D'fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo go bhfuil, agus go raibh riamh, ag an mBord, i gcás iarratas ar ordú uchtála a dhéanamh chun an Bhoird, cumhacht chun déanamh cinneadh aige an t-ordú a dhéanamh nó diúltú an t-ordú a dhéanamh a chur ar atráth ó am go ham. |
[EN] |
Srian le halt 2 d'Acht na Leanaí (Leasú) 1957. |
10. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, ní bhainfidh alt 2 d'Acht na Leanaí (Leasú), 1957 , le duine a ghlacfaidh de láimh banaltrú agus cothabháil linbh ná le déanamh socruithe i gcóir an bhanaltraithe agus na cothabhála sin más rud é— |
[EN] | (a) (i) go nglacfar de láimh an banaltrú agus an chothabháil d'fhonn an leanbh a uchtáil ag an duine réamhráite, gur cumann uchtála cláraithe a dhéanfaidh na socruithe le haghaidh an bhanaltraithe agus na cothabhála, agus nach mbeidh thar bhliain caite ón dáta a glacadh an leanbh isteach i mbaile an duine, agus | |
[EN] | (ii) go dtabharfar fógra i scríbhinn i dtaobh na socruithe don Bhord roimh sheacht lá nó laistigh de sheacht lá tar éis an leanbh a ghlacadh isteach i mbaile an duine réamhráite, nó | |
[EN] | (b) go mbeidh iarratas ar ordú uchtála déanta i leith an linbh agus nach mbeidh diúltaithe don iarratas, nó | |
[EN] | (c) go mbeidh deimhniú faoi fho-alt (2) den alt seo i bhfeidhm maidir leis an leanbh. | |
[EN] | (2) (a) I gcás ina nglacfar banaltrú agus cothabháil linbh de láimh d'fhonn an leanbh a uchtáil, ach gur cás é nach mbaineann forálacha mhír (a) ná forálacha mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo leis, féadfaidh an Bord, más deimhin leis go bhfuil ag an duine a ghlacfaidh de láimh banaltrú agus cothabháil an linbh cúis leordhóthanach gan ordú uchtála a iarraidh an uair sin agus nach rud in aghaidh leas an linbh sin a dhéanamh, deimhniú a thabhairt don duine sin á dhearbhú nach mbeidh feidhm ag an alt sin 2 ar feadh cibé tréimhse a shonrófar sa deimhniú (ar tréimhse í a mheasann an Bord a bheith réasúnach sna himthoscaí). | |
[EN] | (b) Féadfaidh an Bord deimhniú a thug sé faoin bhfo-alt seo a chúlghairm aon uair más é a thuairim gurb é leas an linbh lena mbaineann sin a dhéanamh. | |
[EN] | (3) In aon chás lena mbaineann mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo féadfaidh an Bord, más é a thuairim gur gá sin ar mhaithe le leas an linbh lena mbaineann, fógra a thabhairt don chumann uchtála cláraithe lena mbaineann agus don duine a ghlacfaidh de láimh banaltrú agus cothabháil an linbh gur chóir go mbainfeadh alt 2 d'Acht na Leanaí (Leasú), 1957 , leis an duine réamhráite agus, ar an bhfógra a thabhairt, bainfidh an t-alt sin 2 leis an duine sin agus le socruithe a dhéanamh i gcóir an bhanaltraithe agus na cothabhála sin. | |
[EN] | (4) Más rud é go ndiúltófar d'iarratas ar ordú uchtála i leith linbh in aon chás lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo, bainfidh an t-alt sin 2 leis an duine a ghlacfaidh de láimh banaltrú agus cothabháil an linbh agus le socruithe a dhéanamh i gcóir an bhanaltraithe agus na cothabhála sin. | |
[EN] | (5) I gcás ina dtabharfar fógra don Bhord de bhun fhomhír (ii) de mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo i dtaobh na socruithe i gcóir leanbh a bhanaltrú agus a chothabháil nó go mbeidh deimhniú faoi fho-alt (2) den alt seo i bhfeidhm maidir leis an leanbh, measfar, chun an gcríocha a bhaineann leis an mBord, a chomhaltaí agus a oifigigh d'fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le mír 11 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, iarratas ar ordú uchtála i leith an linbh a bheith deánta ag an duine a ghlacfaidh de láimh an banaltrú agus an chothabháil. | |
[EN] | (6) Folóidh tagairtí san alt seo do dhuine a ghlacfaidh de láimh banaltrú agus cothabháil linbh tagairtí do bheirt duine, ar lánúin phósta iad, a ghlacfaidh de láimh an banaltrú agus an chothabháil sin i gcomhpháirt le chéile. | |
[EN] | (7) In ionchúiseamh i leith cion a bhunaítear le fo-alt (8) den alt sin 2 toimhdheofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nach bhfuil feidhm ag aon cheann de na forálacha seo a leanas, eadhon, míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1) den alt seo, maidir leis an duine a ghlacfaidh de láimh an banaltrú agus an chothabháil lena mbaineann an t-ionchúiseamh ná le déanamh socruithe i gcóir an bhanaltraithe agus na cothabhála sin. | |
[EN] | (8) Má tharlaíonn in aon chás lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo, go dtiocfaidh an t-alt sin 2 chun bheith infheidhmithe aon tráth— | |
[EN] | (a) tabharfaidh an Bord fógra don údarás sláinte laistigh den tréimhse cheithre lá dhéag tar éis an dáta a thosaigh an t-alt sin 2 chun bheith infheidhmithe, agus | |
[EN] | (b) measfar forálacha fho-ailt (1) agus (2) den alt sin 2 a bheith comhlíonta má thugtar na fógraí dá dtagraítear iontu don údarás sláinte laistigh den tréimhse sin. | |
[EN] |
Aisghairm. |
11. —(1) Aisghairtear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht. |
[EN] | (2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lú lá d'Eanáir, 1966. | |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
12. —(1) Féadfar an tAcht Uchtála, 1964 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Déanfar an Príomh-Acht agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin. | |
[EN] | (3) Féadfar na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile. |