|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 3 de 1964. | ||
[EN] |
ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1964 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA AN AIRGID REATHA AGUS AN BHAINC CEANNAIS, 1927 GO 1961. [3 Márta, 1964.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Leasú ar alt 7(1) (h) d'Acht an Bhainc Cheannais, 1942 . |
1. —Leasaítear leis seo mír (h) d'fho-alt (1) d'alt 7 d'Acht an Bhainc Cheannais, 1942 , trí “nó urrúis de chuid aon bhainc idirnáisiúnta nó forais idirnáisiúnta airgeadais, is banc nó foras a bunaíodh go hiomlán ná go páirteach ag Rialtais” a chur isteach tar éis “aon tíre eile”. |
[EN] |
Forálacha maidir le Tithe an Oireachtais. |
2. —(1) I gcás ina ndéanfar duine is Gobharnóir nó Stiúrthóir ar Bhanc Ceannais na hÉireann a ainmniú, lena thoiliú, mar iarrthóir le toghadh chun ceachtar Teach den Oireachtas nó ina n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé air sin de bheith ina Ghobharnóir nó ina Stiúrthóir. |
[EN] | (2) Aon duine ag a bhfuil teideal de thuras na huaire faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Teach den Oireachtas chun suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal suí amhlaidh, dícháilithe chun bheith nó teacht chun bheith ina Ghobharnóir nó ina Stiúrthóir ar Bhanc Ceannais na hÉireann. | |
[EN] |
Aisghairm. |
3. —Aisghairtear leis seo na codanna seo a leanas d'Acht an Bhainc Cheannais, 1942 : |
[EN] | (i) na focail “(ná beidh ús iníoctha ortha)” i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 7; | |
[EN] | (ii) mír (a) d'fho-alt (4) d'alt 19; | |
[EN] | (iii) fo-alt (6) d'alt 23. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar Acht an Bhainc Ceannais, 1964 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1964, a ghairm d'Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1961, agus den Acht seo le chéile. |