5 1964


Uimhir 5 de 1964.


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL, 1964

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ MAIDIR LE PIONÓS BÁIS A CHUR AR DHAOINE AGUS MAIDIR LE MAILÍS I gCÁS DÚNMHARÚ. [25 Márta, 1964].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Srian leis an bpionós báis.

1939, Uimh. 10 .

1939, Uimh. 13 .

1954, Uimh. 18 .

1940, Uimh. 2 .

1956, Uimh. 27 .

1960, Uimh. 27 .

1. —(1) Ní dhlífear duine a chur chun báis mar gheall ar aon chion seachas—

(a) tréas faoin Acht Tréasa, 1939 ;

(b) dúnmharú breithe báis, eadhon—

(i) dúnmharú comhalta den Gharda Síochána ag gníomhú dó i gcúrsa a dhualgais, nó

(ii) dúnmharú oifigigh phríosúin ag gníomhú dó i gcúrsa a dhualgais, nó

(iii) dúnmharú arna dhéanamh, i gcúrsa, nó ag saothrú, ciona faoi alt 6, 7, 8 nó 9 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 , nó i gcúrsa, nó ag saothrú, gníomhaíochtaí eagraíochta mídhleathaí de réir bhrí alt 18 (seachas mír (f)) den Acht sin, nó

(iv) dúnmharú, arna dhéanamh laistigh den Stát chun tucaide polaitiúla ar cheannasaí Stáit choigríche nó ar chomhalta de rialtas Stáit choigríche nó ar oifigeach taidhleoireachta do Stát coigríche;

(c) cion ag duine atá faoi réir an dlí mhíleata faoi alt 124, 125, 127 nó 128 den Acht Cosanta, 1954 .

(2) San alt seo—

ciallaíonn “oifigeach taidhleoireachta” ambasadóir urghnách agus lánchumhachtach, taidhleoir urghnách agus aire lánchumhachtach, chargé d'affaires, comhairleoir nó rúnaí ambasáide nó leagáide, nó attaché;

ciallaíonn “príosún” aon fhoras dár féidir rialacha a dhéanamh faoi Achtanna na bPríosún, 1826 go 1956, aon phríosún, campa imtheorannaithe nó ionad coinneála dár féidir rialacháin a dhéanamh faoi alt 7 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Leasú), 1940 , aon phríosún míleata nó beairic choinneála dár féidir rialacha a dhéanamh faoi alt 233 den Acht Cosanta, 1954 , agus aon champa imtheorannaithe dár féidir rialacháin a dhéanamh faoi alt 2 d'Acht na bPríosúnach Cogaidh agus na nEachtrannach Naimhdeach, 1956 ;

folaíonn “oifigeach príosúin” aon chomhalta d'fhoireann príosúin nó d'Fhoras Naomh Pádraig agus aon duine ag a bhfuil coimeád, nó dualgais i leith coimeád, daoine atá á gcoinneáil in aon áit den sórt sin;

ciallaíonn “Foras Naomh Pádraig” an foras a bhfuil tagairt dó faoin ainm sin san Acht um Dhlínse Choiriúil, 1960 .

Pionós in ionad báis.

2. —Dlífear pianseirbhís lena shaol a chur ar dhuine a dhlífí a chur chun báis mura mbeadh an tAcht seo.

Nós imeachta i gcásanna dúnmharú breithe báis.

3. —(1) I gcás ina gcúiseofar duine i ndúnmharú a líomhnaítear gur dúnmharú breithe báis é, cúiseofar é i ndúnmharú breithe báis sa díotáil.

(2) I gcás duine a dhíotálfar i ndúnmharú breithe báis, féadfar, mura n-údaraíonn an fhianaise é a chiontú i ndúnmharú breithe báis ach go n-údaraíonn sí é a chiontú i ndúnmharú, a chinneadh nach bhfuil sé ciontach i ndúnmharú breithe báis ach go bhfuil sé ciontach i ndúnmharú agus, mura n-údaraíonn an fhianaise ciontú i ndúnmharú ach go n-údaraíonn sí ciontú i ndúnorgain, féadfar a chinneadh nach bhfuil sé ciontach i ndúnmharú breithe báis ach go bhfuil sé ciontach i ndúnorgain.

(3) Déileálfar le dúnmharú breithe báis mar chion ar leithligh ó dhúnmharú chun críocha achomhairc in aghaidh ciontú.

(4) Ar achomharc a dhéanamh in aghaidh ciontú i ndúnmharú breithe báis, féadfaidh an chúirt an fíorasc ciontach i ndúnmharú nó ciontach i ndúnorgain a chur in ionad an fhíoraisc ciontach i ndúnmharú breithe báis.

(5) Faoi réir na bhfo-alt sin roimhe seo, ní dhéileálfar le dúnmharú breithe báis mar chion ar leithligh ó dhúnmharú chun aon chríche.

Mailís.

4. —(1) I gcás ina marbhóidh duine duine éigin eile go neamhdhleathach, ní dúnmharú an marú mura raibh sé ar intinn ag an duine cúisithe duine éigin a mharú, nó mórdhíobháil a dhéanamh dó, cibé acu ba é an duine a maraíodh iarbhír é nó nárbh é.

(2) Toimhdeofar go raibh d'intinn ag an duine cúisithe na hiarmairtí nádúrtha dóchúla a theacht as a iompar; ach féadfar an toimhde sin a fhrisnéis.

Leasú ar an Offences Against the Person Act, 1861.

1861, c. 100.

5. —Leasaítear leis seo ailt 1, 2 agus 3 den Offences Against the Person Act, 1861 (a bhaineann le ciontú agus le pianbhreith mar gheall ar dhúnmharú) trí “capital murder” a chur in ionad “murder.”

Leasú ar an Piracy Act, 1837.

1837, c. 88.

6. —Leasaítear leis seo an Piracy Act, 1837—

(a) trí “and being convicted thereof shall suffer death as a felon” a scriosadh as alt 2 (a bhaineann le píoráideacht le foréigean);

(b) trí “with death or otherwise” a scriosadh as alt 4 (a bhaineann le pionósú cúlpháirtithe).

Leasú ar Acht na nGiúirithe, 1927 .

1927, Uimh. 23 .

7. —Leasaítear leis seo alt 63 d'Acht na nGiúirithe, 1927 (a bhaineann le giúróirí do scaradh lena chéile le linn trialacha) trí “i ndúnmharú breithe báis” a chur in ionad “i ndúnmharbha” i bhfo-ailt (1) agus (2).

Leasú ar an Acht Tréasa, 1939 .

1939, Uimh. 10 .

8. —Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 1 den Acht Tréasa, 1939 (a bhaineann le foirm na trialach i dtréas) trí “dúnmharú breithe báis” a chur in ionad “murdar” sa chéad dá áit ina bhfuil an focal sin agus “ndúnmharú breithe báis” in ionad “murdar” sa tríú áit ina bhfuil an focal sin.

Leasú ar an Acht Cosanta, 1954 .

1954, Uimh. 18 .

9. —Leasaítear leis seo alt 169 den Acht Cosanta, 1954 (a bhaineann le cionta sibhialta áirithe a thriail ag armchúirt) trí mhír (b) a scriosadh agus an mhír seo a leanas a chur ina hionad:

“(b) más i ndúnmharú breithe báis a chiontófar é, dlífear é a chur chun báis agus, más i ndúnmharú a chiontófar é, dlífear pianseirbhís lena shaol a chur air;”.

Leasú ar an Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive, 1962 .

1962, Uimh. 11 .

10. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um Choinbhinsiúin na Ginéive, 1962 (a bhaineann le sárú tromchúiseach ar na Coinbhinsiúin sceidealta a ghabhann leis an Acht sin) trí “cuirfear pianbhreith phianseirbhíse lena shaol nó go ceann aon téarma is giorra ná sin air” a chur i mír (i) d'fho-alt (1) in ionad “cuirfear pianbhreith bháis air nó pianbhreith phianseirbhíse lena shaol nó go ceann aon téarma is giorra ná sin;”.

Gearrtheideal.

11. —Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil, 1964 , a ghairm den Acht seo.