9 1964


Uimhir 9 de 1964.


ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA) (LEASÚ), 1964

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ALT 46 D'ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961 . [17 Meitheamh, 1964.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Alt 46 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , a leasú.

1961, Uimh. 39 .

1962, Uimh. 18 .

1. —Leasaítear leis seo alt 46 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , le héifeacht ón lú lá d'Fheabhra, 1964, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1), (2) agus (3) (a cuireadh isteach le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1962):

“(1) Íocfar le breithiúna ar leith na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte an tuarastal seo a leanas—

(a) leis an bPríomh-Bhreitheamh suim £6,360 sa bhliain,

(b) le hUachtarán na hArd-Chúirte agus le gach duine de ghnáthbhreithiúna na Cúirte Uachtaraí suim £4,950 sa bhliain,

(c) le gach duine de ghnáthbhreithiúna na hArd-Chúirte suim £4,400 sa bhliain.

(2) Íocfar le breithiúna ar leith na Cúirte Cuarda an tuarastal seo a leanas—

(a) le hUachtarán na Cúirte Cuarda suim £4,400 sa bhliain,

(b) le gach duine de ghnáthbhreithiúna na Cúirte Cuarda suim £3,640 sa bhliain.

(3) Íocfar le breithiúna ar leith na Cúirte Dúiche an tuarastal seo a leanas—

(a) le hUachtarán na Cúirte Dúiche suim £3,190 sa bhliain,

(b) le gach Ard-Bhreitheamh do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath suim £2,855 sa bhliain,

(c) le gach breitheamh eile den Chúirt Dúiche a bheidh de thuras na huaire buansannta do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath suim £2,690 sa bhliain,

(d) leis an mbreitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh de thuras na huaire buansannta don dúiche chúirte dúiche arb é atá ann, nó a n-áirítear ann, Contae-Bhuirg Chorcaí suim £2,690 sa bhliain,

(e) le gach breitheamh eile den Chúirt Dúiche suim £2,520 sa bhliain.”

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) (Leasú), 1964 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1964, a ghairm d'Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 agus 1962, agus den Acht seo le chéile.