|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1964) | Ar Aghaidh (CUID II Custaim agus Mál) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1964
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Cáin Ioncaim | |
[EN] |
Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1964-65. |
1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1964, a mhuirearú de réir sé scilling agus ceithre phingin sa phunt. |
[EN] | (2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1964, a mhuirearú i leith ioncaim aon phearsan aonair ar mó ná dhá mhíle cúig chéad punt iomlán a ioncam ó gach bunadh agus muirearófar amhlaidh í de réir na rátaí céanna ar dá réir a mhuirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1963. | |
[EN] | (3) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a mhuirearófar mar a dúradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1964, ag na forálacha ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1964, agus ag aon fhorálacha den sórt sin a tháinig i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1964, maidir le cáin ioncaim agus forcháin. | |
[EN] |
Liúntais i gcás daoine atá cúig bliana is seasca d'aois nó os a chionn ó ioncam neamhthuillte. 1920, c. 18. |
2. —(1) Aon phearsa aonair a dhéanfaidh, sa mhodh a fhorordaítear leis na hAchtanna Cánach Ioncaim, éileamh sa chéill sin, a thabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán, agus a chruthóidh go raibh sé féin nó, i gcás fir phósta, a bhanchéile a chónaíonn leis, cúig bliana is seasca d'aois nó os a chionn aon tráth i rith na bliana measúnachta, lamhálfar dó, chun méid a ioncaim inmheasúnaithe a chinneadh chun críche cánach ioncaim, suim is comhionann leis an gceathrú cuid dá ioncam neamhthuillte a bhaint as an ioncam sin: |
[EN] | Ar choinníoll— | |
[EN] | (a) i gcás ina mbeidh teideal ag an bpearsa aonair chun asbhainte is mó ná trí chéad caoga punt faoi alt 16 den Finance Act, 1920— | |
[EN] | (i) i gcás inar cúig chéad punt an asbhaint sin, ní dhéanfar aon asbhaint faoin alt seo, agus | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, ní bheidh an asbhaint faoin alt seo níos mó ná an méid a bheidh an asbhaint faoin alt sin 16 faoi bhun cúig chéad punt, agus | |
[EN] | (b) in aon chás eile, ní bheidh an asbhaint faoin alt seo níos mó ná céad agus caoga punt. | |
[EN] | (2) Chun críche fho-alt (1) den alt seo, measfar gurb é méid ioncaim neamhthuillte aon phearsan aonair méid a ioncaim iomláin lúide méid a ioncaim thuillte. | |
[EN] | (3) Na forálacha sin uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu maidir le liúntais nó asbhaintí de réir bhrí an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, beidh feidhm acu, agus iad modhnaithe más gá sin, maidir le hasbhaintí a dhéanfar faoin alt seo. | |
[EN] | (4) Leasaítear leis seo alt 9 den Acht Airgeadais, 1958 — | |
[EN] | (i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d) d'fho-alt (2): | |
[EN] | “(d) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 2 den Acht Airgeadais, 1964 , i gcomhréir le méideanna a n-ioncam neamhthuillte faoi seach de réir bhrí an ailt sin 2,” agus | |
[EN] | (ii) trí “alt 2 den Acht Airgeadais, 1964 ,” a chur in ionad “alt 4 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 ), nó”. | |
[EN] | (5) San alt seo ciallaíonn “ioncam tuillte” agus “ioncam iomlán” faoi seach ioncam tuillte arna mheas de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim agus ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas amhlaidh. | |
[EN] |
Faoiseamh d'ioncaim bheaga. 1922, c. 17. 1920, c. 18. |
3. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas de réir fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim; | |
[EN] | ciallaíonn “ioncam iomchuí”, maidir le haon phearsa aonair, a ioncam iomlán lúide aon chuid de a thagann chuige de bhun nó de dheasca diúscairt de réir bhrí alt 20 den Finance Act, 1922, agus a measfaí, dá bhfágfaí fomhíreanna (ii) agus (iii) de mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo ar lár as, gur cuid é d'ioncam an duine a rinne an diúscairt. | |
[EN] | (2) Faoi réir forálacha an ailt seo, pearsa aonair a dhéanfaidh sin a éileamh sa mhodh a fhorordaítear leis na hAchtanna Cánach Ioncaim, a thabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán, agus a chruthóidh nach mó a ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta ná ceithre chéad is caoga punt lamhálfar dó, chun méid a ioncaim inmheasúnaithe a mheasúnú chun críocha cánach ioncaim, suim is comhionann leis an gceathrú cuid dá ioncam iomchuí a bhaint as an ioncam sin. | |
[EN] | (3) Faoi réir an mhéid a dúradh, beidh ag pearsa aonair nach mbeidh i dteideal asbhaint a dhéanamh faoin bhfo-alt sin roimhe seo teideal go ndéanfar méid na cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomláin a laghdú i gcás inar gá sin, ionas nach mbeidh sé níos mó ná suim is comhionann le méid comhiomlán an dá shuim seo a leanas, is é sin le rá, méid na cánach ab iníoctha dá mba ceithre chéad caoga punt, agus nár mhó ná ceithre chéad caoga punt, a ioncam iomlán, agus leath an mhéid ar móide a ioncam iomlán ná ceithre chéad caoga punt. | |
[EN] | (4) Chun críocha fho-alt (3) den alt seo, déanfar an cháin ab iníoctha dá mba ceithre chéad caoga punt, ach nár mhó ná ceithre chéad caoga punt, ioncam iomlán na pearsan aonair, a ríomh— | |
[EN] | (a) i gcás nach lú ná ceithre chéad caoga punt ioncam iomchuí na pearsan aonair, ar an bhforas gurbh ioncam iomchuí ar fad an t-ioncam ceithre chéad caoga punt, agus | |
[EN] | (b) i gcás inar lú ná ceithre chéad caoga punt ioncam iomchuí na pearsan aonair, ar an bhforas gur fholaigh an ceithre chéad caoga punt an t-ioncam iomchuí ar fad. | |
[EN] | (5) Ní bheidh teideal ag pearsa aonair chun aon asbhainte nó faoisimh faoin alt seo má bhíonn teideal aige chun asbhainte faoi alt 2 den Acht seo agus aon asbhaint nó faoiseamh faoin alt seo is asbhaint nó faoiseamh é in ionad, agus ní asbhaint nó faoiseamh é i dteannta, na hasbhainte faoi alt 16 den Finance Act, 1920. | |
[EN] | (6) Leasaítear leis seo alt 9 den Acht Airgeadais, 1958 — | |
[EN] | (i) tríd an mír seo a leanas a chur isteach roimh mhír (e) d'fho-alt (2)— | |
[EN] | “(dd) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1964 , i gcomhréir le méideanna a n-ioncam iomchuí faoi seach de réir bhrí an ailt sin 3, agus”, agus | |
[EN] | (ii) trí “nó faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1964 ,” a chur isteach i ndeireadh fho-alt (6). | |
[EN] | (7) Na forálacha sin uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu maidir le liúntais nó asbhaintí de réir bhrí an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, beidh feidhm acu, le haon mhodhnuithe is gá, maidir le hasbhaintí nó faoiseamh faoin alt seo. | |
[EN] |
Teorainn le hasbhaintí i leith cánacha áirithe. |
4. —Maidir le hioncam a ríomh chun críocha cánach ioncaim don bhliain 1964-65 nó d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin— |
[EN] | (a) aon asbhaint ab inlamháilte, mura mbeadh an mhír seo, i leith na cánach sa Ríocht Aontaithe ar a dtugtar cáin bhrabús laghdófar í méid is comhionann leis an oiread den cháin sin is féidir a lamháil faoi alt 21 den Acht Airgeadais, 1949 , mar chreidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide; | |
[EN] | (b) beidh éifeacht ag mír 8 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1958 , ionann agus dá scriosfaí “le lamháil mar chreidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide nó” as clásal (c) d'fho-mhír (3). | |
[EN] |
Scéimeanna sláinte saorálacha a sheoladh ní mheasfar gur trádáil é. 1918, c. 40. |
5. —Chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim maidir leis an mBord Arachais Sláinte Shaorálaigh measfar nach trádáil gnó scéimeanna árachais sláinte shaorálaigh a sheoladh faoi alt 4 den Acht Arachais Sláinte Shaorálaigh, 1957 , agus dá réir sin, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, beidh an Bord sin díolmhaithe ó cháin ioncaim faoi Chás I de Sceideal D maidir le brabúis nó gnóchan ón ngnó sin: |
[EN] | Ar choinníoll go mbeidh teideal ag an mBord sin chun faoisimh faoi alt 34 den Income Tax Act, 1918, ionann agus dá mbeifí gan na forálacha sin roimhe seo den alt seo a achtú. | |
[EN] |
Leasú ar alt 22 den Acht Airgeadais, 1963 , agus a mheas gur scoir duine de bheith ina bhailitheoir. |
6. —(1) Leasaítear leis seo alt 22 den Acht Airgeadais, 1963 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis: |
[EN] | “(3) A luaithe is féidir tar éis ceapachán bailitheora dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo a fhoirceannadh, cuirfidh an cigire cánach ar aghaidh chun an Ard-Bhailitheora lena mbailiú sonraí ar na suimeanna uile cánach ioncaim nó na n-iarmhéideanna uile díobh a bheidh i ndúbláidí a seachadadh don bhailitheoir sin agus a bhí gan íoc ar an gceapachán sin a fhoirceannadh, agus déanfar tagairtí sna hAchtanna Cánach Ioncaim do dhúbláidí de mheasúnachtaí a seachadadh do bhailitheoirí a fhorléiriú mar nithe a fholaíonn tagairtí do shonraí a cuireadh ar aghaidh amhlaidh.” | |
[EN] | (2) Déanfar an tagairt atá i bhfo-alt (2) d'alt 23 den Acht Airgeadais, 1963 , d'alt 22 den Acht sin a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don alt sin arna leasú le fo-alt (1) den alt seo. | |
[EN] | (3) I gcás bailitheoir a ceapadh go cuí chun aon cháin ioncaim a bhailiú i gcomharbas ar bhailitheoir eile do bhunú imeachtaí, nó do leanúint d'imeachtaí, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1964, nó dá éis sin, faoi alt 11 den Acht Airgeadais, 1924, chun an cháin nó aon iarmhéid di a ghnóchan, ansin, chun críocha na n-imeachtaí measfar, nó go gcruthófar a mhalairt, nach é an bailitheoir eile a thuilleadh an bailitheoir a ceapadh chun an cháin a bhailiú. | |
[EN] |
Muirearófar forcháin ar chomaoin i leith cúnant sriantach áirithe. |
7. —(1) I gcás— |
[EN] | (a) ina dtabharfaidh pearsa aonair a bhí, atá nó atá ar tí dul i seilbh oifige nó fostaíochta, gealltanas (cibé acu an gealltanas iomlán nó gealltanas coinníollach é agus cibé acu bailí nó nach bailí é de réir dlí) i ndáil lena sealbhú aige, arb é a bhrí nó a éifeacht srian a chur leis an bpearsa sin maidir lena iompar nó lena ghníomhaíochtaí; agus | |
[EN] | (b) go mbeifear tar éis suim ar bith a íoc leis féin nó le haon duine eile an 14ú lá d'Aibreán, 1964, nó dá éis i leith é do thabhairt an ghealltanais sin nó dá chomhlíonadh go hiomlán nó go páirteach; agus | |
[EN] | (c) nach ndlífí, mura mbeadh an t-alt seo, an tsuim a íocadh a áireamh mar ioncam de chuid duine chun críocha cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta nó í a chur i gcuntas mar fháltas, agus ríomh á dhéanamh chun críocha cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta áirithe, ar ioncam aon duine nó ar chaillteanas a bhain d'aon duine, | |
[EN] | is iad na torthaí céanna a bheidh ann maidir le forcháin don bhliain mheasúnachta a bheifear tar éis an tsuim sin a íoc a bheadh ann dá mba leis an bpearsa aonair sin (agus nach le haon duine eile) a íocadh an tsuim sin mar ghlanmhéid agus i leith glanmhéid íocaíochta bliantúla a raibh teideal ag an bpearsa aonair sin chuige, arb íocaíocht bhliantúil í ab inmhuirir i leith cánach ioncaim agus ar baineadh cáin go hiomchuí as a mór-mhéid faoi Riail 21 de na Rialacha Ginearálta: | |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás an phearsa aonair d'fháil bháis sular íocadh an tsuim sin go mbeidh éifeacht ag an oiread de na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo agus a bhaineann leis na torthaí a bheidh ann de bharr na n-ábhar a shonraítear i míreanna (a) go (c) den fho-alt seo mar a bheadh dá n-íocfaí an tsuim sin roimh an mbás. | |
[EN] | (2) I gcás comaoin luachmhar a thabhairt, ar shlí seachas in airgead, i leith aon ghealltanais a thabhairt nó a chomhlíonadh go hiomlán nó go páirteach, beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo ionann agus dá n-íocfaí ina ionad sin suim ar chóimhéid le luach na comaoine sin. | |
[EN] | (3) Ní bhainfidh na forálacha sin roimhe seo den alt seo le haon suim a íocadh nó comaoin a tugadh más roimh an 14ú lá d'Aibreán, 1964, a tugadh an gealltanas a bheidh i gceist. | |
[EN] | (4) I gcás aon suim a íoc le haon duine nó comaoin luachmhar a thabhairt d'aon duine in aon bhliain mheasúnachta i leith tabhairt, nó comhlíonadh, iomlán nó páirteach, gealltanais a tugadh an 14ú lá d'Aibreán, 1964, nó dá éis, agus a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo (nach suim í óna n-asbhaintear cáin go cuí faoi aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim), is é dualgas an duine a d'íoc an tsuim nó a thug an chomaoin sonraí an chéanna a sheachadadh i scríbhinn don chigire cánach tráth nach déanaí ná mí tar éis deireadh na bliana sin, ag sonrú an duine a fuair an íocaíocht nó an chomaoin, agus ag sonrú fós an ghealltanais ar i ndáil leis a rinneadh nó a tugadh í agus an phearsa aonair a thug an gealltanas sin. | |
[EN] | (5) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1963 , trí “An tAcht Airgeadais, 1964 Fo-alt (4) d'alt 7” a chur isteach sa tríú colún de. | |
[EN] | (6) San alt seo ciallaíonn “oifig nó fostaíocht” oifig nó fostaíocht ar bith a bhfuil nó a mbeadh cáin ioncaim inmhuirir ar na sochair oifige uaithi faoi Sceideal E, nó faoi Chás III de Sceideal D de réir Riail (1) de na Rialacha atá i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1929 , in aghaidh aon bhliana measúnachta agus na tagairtí atá san alt seo do chomaoin luachmhar a thabhairt ní fholaíonn siad tagairtí do ní is glacadh oibleagáide chun maoin luachmhar, cearta nó buntáistí luachmhara a aistriú nó a sholáthar agus an ní sin amháin, ach folaíonn siad tagairtí d'aon ní a dhéanamh ag comhlíonadh, nó i ndáil le comhlíonadh, oibleagáide den sórt sin. | |
[EN] |
Iocaíochtaí ar dhuine d'éirí, nó a dhíochur, as oifig nó fostaíocht. |
8. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo agus an chéad ailt ina dhiaidh seo, muirearófar cáin ioncaim faoi Sceideal E maidir le haon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo a rinneadh le sealbhóir nó le hiarshealbhóir aon oifige nó fostaíochta, nó lena sheiceadóirí nó lena riarthóirí, cibé acu is é an duine ar faoi a shealbhaíonn nó a shealbhaigh sé an oifig nó an fhostaíocht, nó aon duine eile, a rinne an íocaíocht. |
[EN] | (2) Baineann an t-alt seo le haon íocaíocht (nach inmhuirir cáin ioncaim uirthi ar shlí eile) arna déanamh, cibé acu de bhun aon oibleagáide dlíthiúla é nó nach ea, go díreach nó go neamhdhíreach i gcomaoin nó de dheasca foirceannadh na hoifige nó na fostaíochta nó ar shlí eile maidir leis sin, nó i gcomaoin nó de dheasca aon athrú ar a fheidhmeanna nó ar shochair na hoifige nó na fostaíochta, lena n-áirítear aon íocaíocht mar iomalartú ar íocaíochtaí bliantúla nó tréimhsiúla (is cuma cáin a bheith, nó gan a bheith, inmhuirir orthu) a dhéanfaí ar shlí eile mar a dúradh. | |
[EN] | (3) Chun críocha an ailt seo agus an chéad ailt eile ina dhiaidh seo, aon íocaíocht a rinneadh le céile dhuine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh oifig nó fostaíocht nó le haon ghaol nó cleithiúnaí leis nó a rinneadh thar ceann an duine sin nó ar a ordú, áireofar gur leis an duine sin a rinneadh é, agus aon chomaoin luachmhar seachas airgid áireofar gurb íocaíocht airgid í ar chóimhéid le luach na comaoine sin ar dháta a tugtha. | |
[EN] | (4) Aon íocaíocht is inmhuirir i leith cánach de bhua an ailt seo déileálfar léi mar ioncam a fuarthas ar an dáta seo a leanas, is é sin le rá— | |
[EN] | (a) i gcás íocaíochta mar iomalartú ar íocaíochtaí bliantúla nó ar íocaíochtaí tréimhsiúla eile, dáta an iomalartaithe; | |
[EN] | (b) i gcás aon íocaíochta eile, dáta an fhoirceanta nó an athraithe ar ina leith a rinneadh an íocaíocht, | |
[EN] | agus déileálfar léi mar shochair oifige de chuid shealbhóir nó iarshealbhóir na hoifige nó na fostaíochta inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E; agus déileálfar le haon íocaíocht den sórt sin mar ioncam tuillte chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim. | |
[EN] | (5) I gcás éag aon duine ab inmhuirir i leith cánach, mura mbeadh gur éag sé, maidir le haon íocaíocht den sórt sin déanfar an cháin ab inmhuirir amhlaidh a mheasúnú agus a mhuirearú ar a sheiceadóirí nó a riarthóirí, agus beidh sí ina fiach a bheidh dlite óna eastát agus iníoctha as. | |
[EN] | (6) Ní bhaineann an t-alt seo le haon íocaíocht a rinneadh roimh an 14ú lá d'Aibreán, 1964, ná le haon íocaíocht, is cuma cá huair a rinneadh í— | |
[EN] | (a) is íocaíocht a rinneadh de bhun oibleagáide faoina ndeachthas roimh an dáta sin; nó | |
[EN] | (b) is íocaíocht a rinneadh i leith foirceanta nó athraithe a tharla roimh an dáta sin, nach íocaíocht a rinneadh mar iomalartú ar íocaíochtaí bliantúla nó ar íocaíochtaí tréimhsiúla eile; | |
[EN] | ach faoi réir na nithe a dúradh baineann an t-alt seo le híocaíochtaí a dhéanfar roimh an Acht seo a rith nó ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (7) I gcás aon íocaíocht is inmhuirir i leith cánach faoin alt seo a dhéanamh le haon duine in aon bhliain mheasúnachta, is é dualgas an duine a rinne í sonraí ina taobh a sheachadadh i scríbhinn don chigire cánach tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag tar éis deireadh na bliana sin. | |
[EN] | (8) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1963 , trí “An tAcht Airgeadais, 1964 Fo-alt (7) d'alt 8” a chur isteach sa Tríú Colún de. | |
[EN] |
Díolúintí agus faoisimh i leith cánach faoi alt 8. 1958, Uimh 25. |
9. —(1) Ní mhuirearófar cáin de bhua an ailt deiridh sin roimhe seo i leith na n-íocaíochtaí seo a leanas, is é sin le rá— |
[EN] | (a) aon íocaíocht a rinneadh i ndáil le seilbh oifige nó fostaíochta a fhoirceannadh trí éag an tsealbhóra, nó a rinneadh de bharr díobháil a bhain do shealbhóir oifige nó fostaíochta nó de bharr míchumas a bheith air; | |
[EN] | (b) aon suim is inmhuirir i leith forchánach faoi alt 7 den Acht seo; | |
[EN] | (c) sochar a chuirfear ar fáil de bhun aon scéime nó comhaontaithe de shórt dá dtagraítear in alt 32 den Acht Airgeadais, 1958 , nuair ab inmhuirir cáin ar shealbhóir na hoifige nó na fostaíochta i leith suimeanna a íocadh, nó ar déileáladh leo mar shuimeanna a íocadh, chun an sochar a chur ar fáil; | |
[EN] | (d) sochar a íocfar de bhun aon scéime nó ciste de shórt a thuairiscítear i bhfo-alt (1) agus i bhfo-alt (2) d'alt 33 den Acht Airgeadais, 1958 . | |
[EN] | (2) Ní mhuirearófar cáin de bhua na míre deiridh sin roimhe seo i leith íocaíochta i leith oifige nó fostaíochta inar fholaigh seirbhís an tsealbhóra seirbhís choigríche más rud é— | |
[EN] | (a) i gcás íocaíocht chúitimh as cailliúint oifige, gur fholaigh an tseirbhís choigríche iomlán na dtrí bliana díreach roimh an dáta iomchuí (nó an tréimhse iomlán seirbhíse, más lú í ná trí bliana), nó | |
[EN] | (b) i gcás aon íocaíochta eile, gur fholaigh an tseirbhís choigríche— | |
[EN] | (i) in aon chás, trí cheathrú cuid den tréimhse iomlán seirbhíse anuas go dtí an dáta iomchuí, nó | |
[EN] | (ii) i gcás ar mhó ná deich mbliana an tréimhse sheirbhíse anuas go dtí an dáta iomchuí, iomlán na ndeich mbliana deiridh, nó | |
[EN] | (iii) i gcás ar mhó ná fiche bliain an tréimhse sheirbhíse anuas go dtí an dáta iomchuí, leath na tréimhse sin lena n-áirítear aon deich gcinn den fhiche bliain deiridh. | |
[EN] | (3) Ní mhuirearófar cáin de bhua na míre deiridh sin roimhe seo i leith íocaíochta nach mó ná trí mhíle punt, agus i gcás íocaíochta de bhreis ar an méid sin ní mhuirearófar í ach i leith na breise: | |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás ina ndéanfar dhá íocaíocht nó níos mó a mbeidh cáin inmhuirir ina leith de bhua an ailt seo, nó a mbeadh sí inmhuirir ina leith ar leithligh ó na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, leis an duine céanna nó i leith an duine chéanna i leith na hoifige nó na fostaíochta céanna, nó i leith oifigí nó fostaíochtaí éagsúla a shealbhaítear faoin bhfostóir céanna nó faoi fhostóirí comhpháirte, beidh feidhm ag an bhfo-alt seo amhail agus dá mba aon íocaíocht amháin de mhéid ab ionann agus an méid comhiomlán sin na híocaíochtaí sin; agus cinnfear méid aon-íocaíochta ar bith ar ar inmhuirir cáin mar a leanas, is é sin le rá— | |
[EN] | (a) i gcás ina n-áireofar na híocaíochtaí mar ioncam ó bhlianta measúnachta éagsúla, bainfear an tsuim sin trí mhíle punt as íocaíocht a áirítear mar ioncam bliana roimhe sin i dtosaíocht ar aon íocaíocht a áiríodh mar ioncam bliana is déanaí, agus | |
[EN] | (b) faoi réir na nithe a dúradh, déanfar an tsuim sin a asbhaint go rátúil as na híocaíochtaí de réir a méideanna faoi seach. | |
[EN] | (4) An duine ar ar inmhuirir cáin de bhua na míre deiridh roimhe seo i leith aon íocaíochta féadfaidh sé, roimh dheireadh sé bliana tar éis deireadh na bliana measúnachta a n-áireofar an íocaíocht mar ioncam aisti, trí fhógra i scríbhinn chun an chigire cánach aon fhaoiseamh den sórt is infheidhmithe maidir léi faoin gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a éileamh; agus i gcás ina ndéanfar agus ina lamhálfar éileamh den sórt sin go cuí, déanfar gach aisíoc agus gach measúnacht chánach is gá chun éifeacht a thabhairt dó. | |
[EN] | (5) Chun críocha an ailt seo agus an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo áireofar oifigí agus fostaíochtaí a ndéantar ina leith íocaíochtaí lena mbaineann an fo-alt díreach roimhe seo mar bheadh siad i seilbh fostóirí comhpháirte, más rud é, ar an dáta arb é an dáta iomchuí é maidir le haon cheann de na híocaíochtaí sin, go mbeidh ceann de na fostóirí sin faoi rialú an fhostóra eile nó faoi rialú tríú duine a bheidh ag rialú an fhostóra eile nó á rialú aige ar an dáta sin nó aon dáta eile dá shamhail. | |
[EN] | (6) San alt seo ciallaíonn “rialú”, maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó cumhacht vótála a bheith aige sa chomhlacht corpraithe sin nó in aon chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis an gcéanna nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar trí na hairteagail chomhlachais nó aon doiciméid eile a rialaíonn an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, go stiúrófar gnó an chomhlachta chorpraithe a chéadluaitear de réir thoil an duine sin agus, maidir le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé ceart chun scair is mó ná leath sócmhainní, nó is mó ná leath ioncaim, na comhpháirtíochta. | |
[EN] | (7) San alt seo tá leis “an dáta iomchuí” “íocaíocht chúitimh as cailliúint oifige”, agus “seirbhís choigríche” na bríonna céanna atá leo sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus folaíonn tagairtí d'fhostóir nó do dhuine ag rialú fostóra nó á rialú ag fostóir tagairtí dá chomharbaí. | |
[EN] | (8) Chun críocha aon fhorála sna hAchtanna Cánach Ioncaim á cheangal go n-áireofar ioncam d'aon sórt mar an chuid is airde d'ioncam duine, déanfar an t-ioncam sin a ríomh gan aird ar aon íocaíocht ar ar inmhuirir cáin de bhua na míre deiridh sin roimhe seo. | |
[EN] |
Cumhacht chun measúnachtaí Sceidil A a fhágáil ar lár i gcásanna áirithe. |
10. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “bonn-tréimhse”, maidir le bliain mheasúnachta, an tréimhse ar ar na brabúis nó na gnóchain lena linn a ríomhfar cáin ioncaim don bhliain sin go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála a bheidh i gceist nó i gcás arb iad brabúis nó gnóchain aon tréimhse eile a bheidh le glacadh mar bhrabúis nó gnóchain na tréimhse sin de bhua aon Achta, an tréimhse eile sin; | |
[EN] | ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe; | |
[EN] | tá le “gearr-léas” an bhrí chéanna atá leis i gCuid IX den Acht Airgeadais, 1963 ; | |
[EN] | ciallaíonn “trádáil” trádáil de réir bhrí Chás I de Sceideal D; | |
[EN] | ciallaíonn “aonad luachála” aon tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin a luachálfar faoi na hAchtanna Luachála mar aonad. | |
[EN] | (2) (a) Faoi réir na nithe a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, baineann an t-alt seo le haon aonad luachála a bhfuil cáin inmheasúnaithe ar chuideachta ina leith faoi Sceideal A is aonad luachála nach dteipfidh ar aon chuid de, tráth ar bith i rith na bliana measúnachta ceann nó an ceann eile de na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh, is é sin le rá: | |
[EN] | (i) go mbeidh sé á áitiú go huile ag an gcuideachta is inmheasúnaithe mar a dúradh chun críocha trádála, nó | |
[EN] | (ii) go bhfuil sé, maraon le háitribh eile nó dá n-éagmais faoi réir gearr-léas arna deonú ag an gcuideachta nach léas den chineál dá dtagraítear in alt 87 den Acht Airgeadais, 1963 . | |
[EN] | (b) Ní bhaineann an t-alt seo le haonad luachála— | |
[EN] | (i) a bhfuil a iomlán nó cuid de á áitiú chun críocha trádála arb é atá inti ar fad nó go páirteach oibríochtaí trádála díolmhaithe de réir bhrí Chuid II den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958 , nó, | |
[EN] | (ii) a bhfuil aon ús iníoctha ina leith faoi ghearr-léas ón gcuideachta is inmheasúnaithe faoi Sceideal A ina leith. | |
[EN] | (c) Chun críocha fo-mhíre (ii) de mhír (a) den fho-alt seo, cinnfear ré léasa faoi mar a chinnfí é chun críocha fo-alt (4) d'alt 84 den Acht Airgeadais, 1963 . | |
[EN] | (3) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim ní gá aon mheasúnacht faoi Sceideal A a dhéanamh i leith 1964-65 nó aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin i leith aonaid luachála lena mbaineann an t-alt seo; agus más rud é, i gcás aon bhliain mheasúnachta, nach ndéanfar measúnacht faoi Sceideal A, ní áireofar luach bliantúil an aonaid luachála, ach amháin mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, chun aon chríche a bhaineann leis na hAchtanna sin maidir leis an gcuideachta is inmheasúnaithe ina leith faoi Sceideal A. | |
[EN] | (4) I gcás— | |
[EN] | (a) ina mbeidh iomlán aonaid luachála nó cuid d'aonad luachála lena mbaineann an t-alt seo (dá ngairtear an t-aonad anseo feasta san fho-alt seo) á áitiú tráth ar bith i rith bliana measúnachta (dá ngairtear an bhliain iomchuí anseo feasta san fho-alt seo) chun críocha trádála a bhíonn á sheoladh ag an gcuideachta a bheidh i gceist, agus | |
[EN] | (b) nach ndéanfar measúnacht faoi Sceideal A don bhliain iomchuí i leith an aonaid, | |
[EN] | beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le méid brabús agus gnóchan na trádála a ríomh chun críocha measúnachta don bhonn-tréimhse le haghaidh na bliana iomchuí, ach ní chun caillteanas faoina ndeachthas i gcúrsaí trádála sa tréimhse sin a ríomh c un críocha faoisimh; | |
[EN] | (i) áireofar ar dtús brabúis nó gnóchain na bonntréimhse ionann agus dá mbeifí tar éis measúnacht faoi Sceideal A i leith an aonaid a dhéanamh le haghaidh gach bliana measúnachta atá go hiomlán nó go páirteach laistigh den bhonn-tréimhse nach ndearnadh measúnacht den sórt sin ina leith; | |
[EN] | (ii) coigeartófar ansin an méid arna ríomh de réir mhír (i) den fho-alt seo ionann agus dá mbeadh, i dteannta na bhfáltas trádála a cuireadh i gcuntas nuair a bhíothas á chinneadh, méid fáltas trádála faighte ag an gCuideachta sa bhonn-tréimhse ba chomhionann leis an tsuim a shonraítear sa chéad mhír eile ina dhiaidh seo agus, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, measfar gurb é an méid a ríomhadh de réir na míre sin (i) arna choigeartú amhlaidh méid brabús nó gnóchan na bonn-tréimhse; | |
[EN] | (iii) an tsuim dá dtagraítear i mír (ii) den fho-alt seo is suim í is comhionann le méid na measúnachta faoi Sceideal A a d'fhéadfaí a dhéanamh i leith an aonaid le haghaidh na bliana iomchuí nó, i gcás ina mbeadh feidhm ag Riail 7 d'Uimh. V de Sceideal A, nó is comhionann le glanmhéid, arna laghdú chun críocha bailiúcháin, na measúnachta a d'fhéadfaí a dhéanamh mar a dúradh, ar choinníoll, i gcás nach mbeidh iomlán an aonaid á áitiú chun críocha na trádála ar feadh na bliana iomchuí, go laghdófar go cuí an tsuim atá luaite anseo roimhe seo. | |
[EN] | (5) (a) I gcás— | |
[EN] | (i) ina mbeadh an mheasúnacht faoi Sceideal A d'aon bhliain mheasúnachta (dá ngairtear an bhliain iomchuí feasta san fho-alt seo) i leith aonaid luachála lena mbaineann an t-alt seo (dá ngairtear an t-aonad feasta san fho-alt seo) le laghdú, dá ndéanfaí í, chun críocha bailiúcháin faoi Riail 7 d'Uimh. V de Sceideal A, | |
[EN] | (ii) nach ndéanfar measúnacht faoi Sceideal A don bhliain sin i leith an aonaid, | |
[EN] | (iii) ina dtitfidh tréimhse (dá ngairtear an tréimhse gan mheasúnú feasta san fho-alt seo) arb í an bhliain sin uile nó cuid di í laistigh de thréimhse (dá ngairtear an tréimhse chuntasaíochta feasta san fho-alt seo) a mbeidh cuntais na cuideachta a bheidh i gceist déanta amach ina haghaidh, agus | |
[EN] | (iv) ina mbeidh iomlán an aonaid nó cuid de á áitiú tráth ar bith i rith na tréimhse gan mheasúnú chun críocha trádála a bhíonn á seoladh ag an gcuideachta, | |
[EN] | ansin, nuair a bheidh méid caillteanais faoina ndeachthas sa trádáil sa tréimhse chuntasaíochta á ríomh, lamhálfar cibé asbhaint, más aon asbhaint í, a údaraítear le mír (b) den fho-alt seo. | |
[EN] | (b) (i) I gcás an tréimhse gan mheasúnú do chomhthitim leis an mbliain iomchuí agus go raibh iomlán an aonaid á áitiú ar feadh na tréimhse sin chun críocha na trádála, beidh an asbhaint faoi mhír (a) den fho-alt seo comhionann leis an méid, más aon mhéid é, a bheidh glanmhéid na measúnachta faoi Sceideal A a d'fhéadfaí a dhéanamh don bhliain iomchuí i leith an aonaid faoi bhun na suime a bheadh le hasbhaint, faoi Riail 5 de na Rialacha a bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D, i leith na tréimhse gan mheasúnú ar scór luach bhliantúil an aonaid, dá ndéanfaí an mheasúnacht sin. | |
[EN] | (ii) In aon chás eile, beidh san asbhaint faoi mhír (a) den fho-alt seo an chionúireacht chéanna den asbhaint a bheadh inlamháilte faoi, dá mbeadh feidhm ag fomhír (i) den mhír seo, agus bheadh ag an gcomhréir a bheadh idir an tsuim a bheadh le hasbhaint, faoin Riail sin 5, i gcúinsí an cháis, dá ndéanfaí measúnacht faoi Sceideal A i leith an aonaid don bhliain iomchuí, i leith na tréimhse gan mheasúnú mar gheall ar luach bliantúil an aonaid agus an tsuim a bheadh le hasbhaint faoin Riail sin dá mbeadh na cúinsí mar a dúradh san fhomhír sin (i). | |
[EN] | (6) Má tharlaíonn, de dhroim oibriú na bhforálacha roimhe seo den alt seo, go mbeidh méid brabús nó gnóchain trádála a bhfuil cáin inmhuirir ar chuideachta ina leith faoi Chás I de Sceideal D níos mó in aon bhliain mheasúnachta ná bheadh mura mbeadh sin, ní chuirfear san áireamh ach an oiread sin de na brabúis nó den ghnóchan ar inmhuirir an chuideachta ina leith amhlaidh nach dtéann thar an méid ar arbh inmhuirir an cháin sin amhlaidh dá mba nár achtaíodh an t-alt seo agus ní chuirfear san áireamh ach an oiread sin den cháin is iníoctha ag an gcuideachta agus is inchurtha i leith na coda sin de na brabúis nó den ghnóchan nuair a bheifear ag cinneadh méid aon fhaoisimh a mbeidh teideal chuige ag an gcuideachta in aghaidh na bliana measúnachta faoin Acht Airgeadais (Brabúis Mhianach Airithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956 , faoi Chuid II nó Chuid III den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , nó faoi alt 70 den Acht Airgeadais, 1963 . | |
[EN] | (7) Más rud é, de réir an ailt seo, nach ndéanfar measúnacht faoi Sceideal A i leith aon aonaid luachála ní fhágfaidh sé sin nach n-áireofar mar bhuntáiste de chuid oifige nó fostaíochta suim a áireofaí amhlaidh, mura mbeadh sin, de réir Chuid IV den Acht Airgeadais, 1958 . | |
[EN] | (8) (a) Féadfaidh cuideachta, trí fhógra i scríbhinn arna sheachadadh don chigire cánach laistigh den am a theorannaítear le mír (b) den fho-alt seo, a roghnú nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir léi agus, i gcás ina mbeidh cuideachta tar éis roghnú amhlaidh, ní bheidh aon aonad luachála a mbeidh an chuideachta inmheasúnaithe ina leith faoi Sceideal A ina aonad luachála lena mbaineann an t-alt seo. | |
[EN] | (b) Seachadfar fógra faoi mhír (a) den fho-alt seo— | |
[EN] | (i) i gcás chuideachta a bhí ann ar dháta an Achta seo a rith, laistigh de shé mhí ón dáta sin, | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, laistigh de shé mhí ón dáta a chorprófar an chuideachta. | |
[EN] | (c) Féadfaidh cuideachta tráth ar bith fógra a bheidh tugtha aici faoi mhír (a) den fho-alt seo a tharraingt siar agus air sin scoirfidh an fógra d'éifeacht a bheith aige amhail ó thosach na chéad bhliana measúnachta eile. | |
[EN] |
Cíosanna áirithe a íoc gan cáin a asbhaint. |
11. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn “léasóir” duine lenar iníoctha cíos; | |
[EN] | ciallaíonn “áitreabh” aon tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin sa Stát; | |
[EN] | ciallaíonn “cíos” aon íocaíocht de shórt dá luaitear i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 94 den Acht Airgeadais, 1963 . | |
[EN] | (2) (a) Is dleathach don chigire cánach comhshocraíocht a dhéanamh le léasóir trína ndéanfar an cháin ioncaim is inmhuirir ar aon chíos nó ar gach cíos is iníoctha leis an léasóir a mheasúnú agus a mhuirearú trí mheasúnacht faoi Chás VI de Sceideal D in ionad í a asbhaint faoi Riail 19 nó Riail 21 de na Rialacha Ginearálta. | |
[EN] | (b) Más rud é de bhun comhshocraíochta den sórt sin go mbeidh léasóir, i gcás aon bhliain mheasúnachta, inmhuirir trí mheasúnacht faoi Chás VI de Sceideal D i leith dhá mhéid cíosa nó níos mó, féadfar na méideanna ar leithligh a mheasúnú san aon mheasúnacht amháin. | |
[EN] | (c) Tiocfaidh aon chomhshocraíocht den sórt sin i ngníomh amhail ó thosach na bliana measúnachta. | |
[EN] | (d) Féadfaidh ceachtar páirtí in aon chomhshocraíocht den sórt sin, tráth ar bith, fógra a thabhairt i scríbhinn don pháirtí eile gur mian leis an chomhshocraíocht a fhoirceannadh, agus, i ndeireadh míosa ó dháta an fhógra sin a thabhairt, foirceannfar an chomhshocraíocht. | |
[EN] | (3) Maidir le comhshocraíocht a dhéanamh faoin alt seo agus ó am go ham i gcaitheamh ré na comhshocraíochta sin, féadfaidh an cigire cánach, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar an léasóir cibé eolas a shonrófar san fhógra i dtaobh na gcíosanna is infhaighte aige a sheachadadh laistigh den am a bheidh teorannaithe leis an bhfógra agus go háirithe, agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil roimhe seo, féadfaidh sé a cheangal ar an léasóir ráiteas a sheachadadh ag insint ainmneacha agus seoltaí na ndaoine uile a íocann cíosanna leis, méid bliantúil an chíosa is iníoctha ag gach duine acu sin agus suíomh an áitribh a bhfuil an cíos sin iníoctha ina leith. | |
[EN] | (4) I gcás inar gá sin chun éifeacht a thabhairt d'fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an cigire cánach fógra i scríbhinn a thabhairt d'aon duine ag a mbeidh cíos iníoctha— | |
[EN] | (a) á chur in iúl dó go gcaithfear íocaíochtaí den chíos a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige leis an léasóir a bheidh i gceist ar dháta sonraithe nó dá éis (nach lú ná mí i ndiaidh dháta an fhógra) a íoc gan cáin a asbhaint; | |
[EN] | (b) á chur in iúl dó go bhfuil an fógra a tugadh cheana faoi mhír (a) den fho-alt seo cealaithe agus go bhfuil cáin inasbhainte as gach íocaíocht den chíos a íocfar tar éis dáta shonraithe (nach lú ná seacht lá i ndiaidh dháta an fhógra). | |
[EN] | (5) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le híocaíochtaí cíosa is iníoctha gan cáin a asbhaint de réir treoracha a thabharfar faoi fho-alt (4) den alt seo— | |
[EN] | (a) beidh éifeacht ag alt 94 den Acht Airgeadais, 1963 , maidir leis na híocaíochtaí ionann agus dá scriosfaí mír (b) d'fho-alt (3); | |
[EN] | (b) measfar chun críocha mhír (b) d'fho-alt (4) d'alt 84 den Acht Airgeadais, 1963 , gur faoi ghearr-léas is iníoctha na híocaíochtaí; | |
[EN] | (c) i gcás ina mbeidh na híocaíochtaí a thiocfaidh chun bheith iníoctha i mbliain mheasúnachta á n-íoc i leith áitribh a bheidh á áitiú chun críocha trádála nó gairme a bhíonn á sheoladh ag an duine a íocann iad, ceadófar don duine sin, trí aisíoc nó ar shlí eile, cibé faoiseamh, más aon fhaoiseamh é, is gá chun méid iomlán na cánach a bheidh air sa deireadh i leith na bliana a laghdú go dtí an méid a bheadh air dá mbeifí gan an fógra faoi mhír (a) d'fho-alt (4) den alt seo a thabhairt; | |
[EN] | (d) déanfar oiread de na híocaíochtaí a thiocfaidh chun bheith iníoctha i mbliain mheasúnachta, ar íocaíochtaí iad nach mbeidh le cur i gcuntas ar shlí eile nuair a bheifear ag ríomh, chun críocha cánach ioncaim, méid aon bhrabús nó gnóchain nó caillteanais de chuid an duine a d'íoc iad, a asbhaint as ioncam an duine duine sin don bhliain mheasúnachta nó a fhritháireamh in aghaidh an ioncaim sin. | |
[EN] | (6) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1963 , trí “An tAcht Airgeadais, 1964 Fo-alt (3) d'alt 11” a chur isteach sa dara colún de. | |
[EN] |
Ús a íoc ar urrúis áirithe. 1918, c. 40. |
12. —(1) Measfar aon bhintiúir, stoc bintiúir nó foirmeacha eile urrúis a eiseoidh cuideachta lena mbaineann an t-alt seo tar éis dáta an Achta seo a rith a bheith ina n-urrúis arna n-eisiúint faoi údarás an Aire Airgeadais de réir bhrí alt 2 den Acht Airgid, 1924 , agus beidh feidhm ag an alt sin dá réir sin. |
[EN] | (2) D'ainneoin aon ní atá sna hAchtanna Cánach Ioncaim, nuair a bheidh méid brabús nó gnóchain chuideachta lena mbaineann an t-alt seo á ríomh chun críocha measúnachta faoi Chás I de Sceideal D in aghaidh aon tréimhse dá mbeidh cuntais déanta amach, lamhálfar mar asbhaint méid an úis ar bhintiúir, stoc bintiúir nó foirmeacha eile urrúis a íocfaidh an chuideachta gan cáin a asbhaint i leith na tréimhse sin, ar ordú ón Aire Airgeadais faoi alt 2 den Acht Airgid, 1924 , arna fheidhmiú leis an alt seo. | |
[EN] | (3) Is iad na cuideachtaí lena mbaineann an t-alt seo Aer Lingus Teoranta, Aer Rianta Teoranta, agus Aerlínte Éireann Teoranta. | |
[EN] | (4) Cuirfear an clásal seo a leanas le Riail 1 de Chás III de Sceideal D den Income Tax Act, 1918; | |
[EN] | “(m) interest on debentures, debenture stock or other forms of security issued by Aer Lingus Teoranta, Aer Rianta Teoranta, or Aerlínte Éireann Teoranta, in cases where such interest is paid without deduction of tax.” |