An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Clárú Úinéireachta) Ar Aghaidh (CUID V Forálacha Ilghnéitheacha)

16 1964

AN tACHT UM CHLÁRÚ TEIDIL, 1964

CUID IV

Cineachadh i gcás Báis agus Titim d'Oidhreacht i gcás Díthiomnachta

Feidhm Chuid IV.

109. —Baineann an Chuid seo le gach talamh cláraithe.

Cineachadh talún cláraithe

110. —Beidh feidhm maidir le gach talamh cláraithe ag an dlí a bhaineann le cineachadh eastáit réadaigh i gcás báis faoi mar atá feidhm aige maidir le heastát réadach.

Comharbas ar leas tairbhiúil i dtalamh cláraithe i gcás díthiomnachta.

111. —Gach talamh cláraithe a chineachfaidh ar ionadaithe pearsanta duine éagtha, dáilfear é i gcás díthiomnachta ionann is dá mba eastát pearsanta é.

Deireadh leis na rialacha maidir le titim d'oidhreacht i gcás talamh ruílse cláraithe.

112. —(1) Déantar leis seo gach uile riail, modh agus canóin atá ar marthain maidir le titim d'oidhreacht agus le cineachaidh trí áitíocht speisialta a chur ar ceal i gcás gach talamh ruílse cláraithe ach amháin sa mhéid go mbeadh feidhm acu maidir le heastát sainoidhrithe a thitim d'oidhreacht.

(2) Déantar leis seo duar, tionóntacht chórtais agus eiséatadh a chur ar ceal maidir leis an talamh sin.

Cosaint i gcás básanna roimh thosach feidhme an Achta seo.

113. —(1) Ní bheidh feidhm ag na forálacha roimhe seo denChuid seo ach amháin i gcásanna báis tar éis tosach feidhme an Achta seo.

(2) I gcásanna báis roimh thosach feidhme an Achta seo, leanfaidh forálacha Chuid IV d'Acht 1891 d'fheidhm a bheith acu maidir le gach talamh a bhí faoi réir forálacha na Coda sin díreach roimh an tosach feidhme sin.

An bhrí atá le “oidhrí”.

114. —Maidir le talamh ruílse cláraithe, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) nuair a úsáidtear “oidhre” nó “oidhrí” mar fhocal cinnteachta in aon achtachán, gníomhas nó ionstraim a ritheadh nó a forghníomhaíodh roimh dháta an Achta seo a rith, nó a rithfear nó a fhorghníomhofar dá éis sin, beidh an éifeacht chéanna leis agus a bheadh dá mba nár ritheadh an tAcht seo;

(b) nuair a úsáidtear “oidhre” nó “oidhrí” mar fhocal ceannaigh in aon achtachán, gníomhas nó ionstraim a ritheadh nó a forghníomhaíodh roimh thosach feidhme an Achta seo, beidh an bhrí chéanna leis agus a bheadh dá mba nár ritheadh an tAcht seo;

(c) nuair a úsáidtear an focal “oidhre” nó “oidhrí” mar fhocal ceannaigh in aon achtachán, gníomhas nó ionstraim a rithfear nó a fhorghníomhofar tar éis tosach feidhme an Achta seo, déanfar, mura léir a mhalairt d'intinn, é a fhorléiriú chun go gciallóidh sé an duine nó na daoine, seachas creidiúnaí, ag a mbeadh teideal tairbhiúil chun eastát pearsanta an tsinsir dá mba rud é gur éag an sinsear ina dhíthiomnóir;

(d) faoi réir a bhfuil ráite anseo roimhe seo, déanfar tagairtí d'oidhrí aon duine in aon achtachán, gníomhas nó ionstraim a ritheadh nó a forghníomhaíodh roimh dháta an Achta seo a rith, nó a rithfear nó a fhorghníomhófar dá éis sin, a fhorléiriú mar thagairtí dá ionadaithe pearsanta.