|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 19 de 1964. | ||
[EN] |
AN tACHT TALMHAÍOCHTA (LEASÚ), 1964 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA TALMHAÍOCHTA, 1931 GO 1958. [7 Iúil, 1964.]. | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Alt 2 (1) den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958 , a leasú. 1958, No. 17. |
1. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958 , trí “1965” agus “oiread is fiche” a chur in ionad “1958” agus “cúig oiread déag” faoi seach. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1965, agus beidh gach gníomh agus gach ní a rinne comhairle contae roimh an lá sin maidir le haon ráta a ghearradh don bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an lá sin chomh bailí éifeachtach agus dá mbeadh na forálacha sin roimhe seo den alt seo i bhfeidhm an tráth a rinneadh na gníomhartha nó na nithe sin. | |
[EN] |
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhaíochta, 1931 . |
2. —(1) Déantar leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Talmhaíochta, 1931 , a leasú mar a leanas: |
[EN] | (a) cuirfear an Riail seo a leanas in ionad Riail 2: | |
[EN] | “2. Is iad a bheidh i ngach coiste talmhaíochta daoine is comhaltaí agus daoine nach comhaltaí den chomhairle agus i gcás na gcomhaltaí d'aon choiste den sórt sin is comhaltaí den chomhairle ní rachaidh a líon— | |
[EN] | (a) más ré-uimhir comhaltaí a bheidh ar an gcoiste, thar líon na gcomhaltaí den choiste, nach comhaltaí den chomhairle, nó | |
[EN] | (b) más corruimhir comhaltaí a bheidh ar an gcoiste, thar dhuine amháin de bhreis ar líon na gcomhaltaí den choiste nach comhaltaí den chomhairle.” | |
[EN] | (b) i Riail 5 cuirfear “comhalta ar bith den chomhairle” in ionad “duine ar bith”; | |
[EN] | (c) cuirfear an Riail seo a leanas isteach i ndiaidh Riail 5: | |
[EN] | “5A. Gach duine, seachas comhalta den chomhairle, a cheapfar chun bheith ina chomhalta de choiste talmhaíochta, toghfaidh an chomhairle é don cheapachán sin mar gheall ar a bhfuil déanta aige i gcleachtadh na feirmeoireachta nó i bhforbairt na talmhaíochta agus chúrsaí saoil na tuaithe sa cheantar áirithe ina gcónaíonn sé, nó mar gheall ar a bhfuil déanta aige ar mhaithe le hoideachas agus obair chomhairleach sa talmhaíocht nó i ngnóthaí teaghlaigh mhuintir na tuaithe.” | |
[EN] | (2) Tiocfaidh an t-alt seo i bhfeidhm maidir le coiste talmhaíochta i dtosach an chéad chruinnithe bhliantúil de chomhairle contae ag a gceaptar comhaltaí an choiste a thionólfar tar éis an chéad toghcháin chúigbhliantúil do chomhaltaí na comhairle sin a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
3. —(1) Féadfar an tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1964 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1964, a ghairm de na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1958, agus den Acht seo le chéile. |