|
|||||
|
Ar Aghaidh (Sceideal A DEONTAIS) |
[EN] | ||
Uimhir 21 de 1964. | ||
[EN] |
AN tACHT LEITHREASA, 1964 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ IS TRÍOCHA DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA A CÚIG, DO LEITHREASÚ NA SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE, 1964 , AGUS A DHEONAÍTEAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ ÁIRITHE MAIDIR LE hIASACHT A FHÁIL. [14 Iúil, 1964.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
Deontais as an bPríomh-Chiste | ||
[EN] |
£127,920,690 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1964-65. |
1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim céad fiche is seacht milliún, naoi gcéad is fiche míle, sé chéad is nócha punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta, míle naoi gcéad seasca a cúig. |
[EN] |
Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £127,920,690 a fháil ar iasacht. |
2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna nach mó san iomlán ná céad fiche is seacht milliún, naoi gcéad is fiche míle, sé chéad is nócha punt a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus chun an céanna a fháil ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis. |
[EN] | (2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint. | |
[EN] | (3) Déanfar aon airgead a chruinneofar trí urrúis a eiseofar faoin Acht seo a chur chun creidmheasa do chuntas an Státchiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon slí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil. | |
Deontais a Leithreasú | ||
[EN] |
Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £199,093,194, a leithreasú. |
3. —(1) Na suimeanna uile a dheonaítear as an bPríomh-Chiste, leis an Acht seo agus leis an Acht eile a luaitear i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo, chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim céad nócha is naoi milliún, nócha is trí mhíle, céad nócha is ceithre phunt, déantar iad a leithreasú agus measfar iad a bheith arna leithreasú, amhail ó dháta na nAchtanna a luaitear sa Sceideal sin A a rith, chun na seirbhísí agus na críocha a luaitear i Sceideal B a ghabhann leis sin. An achomaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann léi sin, maraon leis an nóta (más ann) a ghabhann leis na sceidil sin, measfar gur cuid den Acht seo iad amhail is dá mbeidís i gcorp an Achta seo. |
[EN] | (2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal B a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim ceithre mhilliún déag, céad daichead is ocht míle, trí chéad ochtó is dhá phunt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasa-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na críocha a shonraítear sa Sceideal sin. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
4. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1964 , a ghairm den Acht seo. |
An Achomaireacht ar Sceidil A agus B dá dTagraítear san Acht seo |