25 1964


Uimhir 25 de 1964.


ACHT NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA (MÉADÚ), 1964

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT CHUN PINSIN FAOI ACHTANNA NA bPINSEAN SEIRBHÍSE MÍLEATA, 1924 GO 1962, A MHÉADÚ, LE hÉIFEACHT ÓN 1ú LÁ DE SHAMHAIN, 1963. [15 Iúil, 1964.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Pinsin a mhéadú.

1. —Déanfar pinsean is iníoctha an 1ú lá de Shamhain, 1963, faoi Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1962, a mhéadú, le héifeacht ón lá sin (agus an lá sin a áireamh), cúig faoin gcéad.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata (Méadú), 1964 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1964, a ghairm d'Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1962, agus den Acht seo le chéile.