35 1964


Uimhir 35 de 1964.


AN tACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH TALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1964

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM RÁTAÍ AR THALAMH TALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1939 GO 1962. [9 Nollaig, 1964.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1946, Uimh. 36 .

1953, Uimh. 36 .

1962, Uimh. 23 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 ;

ciallaíonn “Acht 1953” an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1953 ;

ciallaíonn “Acht 1962” an tAcht um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1962 .

Leasú ar alt 1 d'Acht 1962.

2. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt (1) d'Acht 1962 trí “agus freisin maidir leis na blianta airgeadais áitiúla dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1966, agus an 31ú lá de Mhárta, 1967,” a chur isteach roimh “agus beidh”.

(2) Dá réir sin, déantar leis seo “leis na trí bliana déag” a chur in ionad “leis an aon bhliain déag” mar a bhfuil na focail deiridh sin in alt 1 d'Acht 1953, arna leasú le mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 1 d'Acht 1962, sa tagairt don bhliain airgeadais áitiúil dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1954, agus don aon bhliain déag de bhlianta airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin.

Leasú ar alt 5 d'Acht 1946.

3. —Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1946, arna leasú le halt 3 d'Acht 1962, maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1965, agus le haon bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin lena mbaineann Acht 1946, trí “ceithre chúigiú” a chur in ionad “seacht ndeichiú” mar a bhfuil na focail deiridh sin san alt sin 5.

Leasú ar alt 6 d'Acht 1946.

4. —Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht 1946, arna leasú le halt 4 d'Acht 1962, maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1965, agus le haon bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin lena mbaineann Acht 1946, trí “le trí dheichiú” a chur in ionad “leis an gceathrú cuid”.

Leasú ar alt 7 (1) (b) d'Acht 1946.

5. —Leasaítear leis seo mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1946, arna leasú le halt 1 d'Acht 1953 agus le halt 5 d'Acht 1962, maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1965, agus le haon bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin lena mbaineann Acht 1946, trí “seacht ndeichiú de thoradh” a chur in ionad “trí cheathrú de thoradh”.

Gearrtheideal agus comhlua.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1964 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1964, a ghairm de na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1962, agus den Acht seo le chéile.