An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cáin Ioncaim.) Ar Aghaidh (CUID III Dleachtanna Báis.)

22 1965

AN tACHT AIRGEADAIS, 1965

CUID II.

Custaim agus Mál.

Beoir.

1964, Uimh. 15 .

1933, Uimh. 15 .

12. —(1) In ionad an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) d'alt 13 den Acht Airgeadais, 1964 , muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir a ghrúdófar sa Stát an 12ú lá de Bhealtaine, 1965, nó dá éis sin, dleacht máil de réir ceithre phunt déag agus seacht scilling déag ar gach sé ghalún is tríocha foirte de shaindlús míle agus caoga is cúig ghrád.

(2) In ionad na ndleachtanna custam a fhorchuirtear le fo-ailt (2) agus (3) d'alt 13 den Acht Airgeadais, 1964 , déanfar, amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, dleacht custam a mhuirearú, a thobhac agus a íoc ar an mbeoir go léir d'aon sórt a allmhaireofar isteach sa Stát de réir ceithre phunt déag, seacht scilling déag agus sé phingin ar gach sé ghalún is tríocha beorach a raibh saindlús míle, caoga is cúig ghrád ina foirt roimh ghiosáil.

(3) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhaireofar mar mharsantas nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stóras beoir a suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh uirthi an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo, aistarraingt, arna ríomh de réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, de réir ceithre phunt déag, seacht scilling déag agus trí phingin ar gach sé ghalún is tríocha beorach ar mhíle caoga is cúig ghrád a saindlús bunaidh.

(4) Más rud é, i gcás beoir ar arb inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo nó i gcás beoir ar arb iníoctha aistarraingt faoi fho-alt (3) den alt seo nach míle caoga is cúig ghrád saindlús na beorach sin, athrófar an dleacht sin nó an aistarraingt sin go coibhneasach.

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgid, 1933 , maidir leis an dleacht custam a fhorchuirtear leis an alt seo.

Biotáille.

1920, c. 18.

1962, Uimh. 15 .

1926, Uimh. 35 .

13. —(1) Leasófar an Finance Act, 1920, amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, tríd an ábhar atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, in ionad an ábhair a cuireadh isteach sa Chuid sin le halt 14 den Acht Airgeadais, 1964 , agus beidh éifeacht dá réir sin ag fo-alt (1) d'alt 3 den Finance Act, 1920, a dúradh.

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le biotáille dá ngairtear fuiscí a suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim ar a hallmhairiú gur i dTuaisceart Éireann go hiomlán a monaraíodh í agus gurb é an driogaire a rinne í a bhuidéalú agus a choinsíniú.

(b) Déanfar an dleacht custam lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, ar bhiotáille lena mbaineann an fo-alt seo de réir deich bpunt, sé scilling agus ceithre phingin an galún (arna ríomh de réir profa) in ionad an ráta is inmhuirir faoi fho-alt (1) den alt seo.

(3) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (2) d'alt 3 den Finance Act, 1920, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, de réir deich bpunt, cúig scilling agus aon phingin déag an galún (arna ríomh de réir profa) in ionad an ráta a shonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1962 .

(4) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na dleachtanna custam breise nó ón dleacht máil breise i leith biotáille neamhaibidh a fhorchuirtear le halt 9 den Acht Airgid, 1926 , ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna.

Olaí hiodracarbóin.

1935, Uimh. 28 .

I.R. Uimh. 219 de 1959.

1957, Uimh. 20 .

14. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht Airgid, 1935 ;

ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht Airgeadais, 1964 .

(2) Maidir leis an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custam) (Uimh. 4), 1931, déanfar í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, maidir le hola éadrom hiodracarbóin mhianach ar arb inmhuirir an dleacht sin, amhail ar an iagus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, de réir 3s. 4 1/12 d. an galún in ionad an ráta a shonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 16 d'Acht 1964.

(3) Maidir leis an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935 , déanfar, maidir le hola éadrom hiodracarbóin mhianach ar arb inmhuirir an dleacht sin a chuirfear amach ar díol nó chun a díolta nó ar shlí eile ó áitreabh a monaróra an 12ú lá de Bhealtaine, 1965, nó dá éis, nó a úsáidfidh an monaróir sin ar an dáta nó dá éis chun aon chríche seachas chun ola hiodracarbóin mhianach a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir 3s. 3 1/12 d. an galún in ionad an ráta a shonraítear i bhfo-alt (3) d'alt 16 d'Acht 1964.

(4) Déanfar an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 21 d'Acht 1935, maidir le hola hiodracarbóin ar arb inmhuirir an dleacht sin, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, de réir 2s. 8⅚d. an galún in ionad an ráta a shonraítear i bhfo-alt (4) d'alt 16 d'Acht 1964.

(5) Amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar faoi fho-alt (2) d'alt 21 d'Acht 1935—

(a) maidir le hola hiodracarbóin arb inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar ar íocadh an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo de réir 2s. 8⅚d. an galún, 2s. 8⅚d. an galún, agus

(b) maidir le hola hiodracarbóin arb inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar ar íocadh an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo, de bhua mhír 6 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 84) (Olaí Hiodracarbóin) (Dleachtanna Custam), 1959, de réir 2s. 7⅚d. an galún, 2s. 7⅚d. an galún,

in ionad na ráta ab inlamháilte díreach roimh an 12ú lá de Bhealtaine, 1965, de bhua fho-alt (5) d'alt 16 d'Acht 1964.

(6) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 21 d'Acht 1935, maidir le hola hiodracarbóin ar arb inmhuirir an dleacht sin, a chuirfear amach ar díol nó chun a díolta nó ar shlí eile ó áitreabh a monaróra an 12ú lá de Bhealtaine, 1965, nó dá éis, nó a úsáidfidh an monaróir sin an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas ola hiodracarbóin a mhonarú nó a tháirgeadh, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir 2s. 7½an galún in ionad an ráta a shonraítear i bhfo-alt (6) d'alt 16 d'Acht 1964.

(7) Amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar faoi fho-alt (4) d'alt 21 d'Acht 1935 i leith ola hiodracarbóin arb inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar a mdearnadh an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (6) den alt seo a íoc de réir 2s. 7⅚d. an galún, 2s. 7⅚d. an galún in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 12ú lá de Bhealtaine, 1965, de bhua fho-alt (7) d'alt 16 d'Acht 1964.

(8) Amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, is é ráta aon aisíoca a lamhálfar faoi fho-alt (8) d'alt 10 den Acht Airgeadais 1957, i leith ola hiodracarbóin ar arb inlamháilte an t-aisíoc sin agus ar a ndearnadh—

(a) an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (6) den alt seo a íoc de réir 2s. 7⅚d. an galún, nó

(b) an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo a íoc de réir 2s. 7⅚d. an galún nó 2s. 8⅚d. an galún,

1s. 0d. an galún in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 12ú lá de Bhealtaine, 1965.

Tobac.

1932, Uimh. 20 .

1934, Uimh. 31 .

1940, Uimh. 14 .

15. —(1) Déanfar an dleacht custam ar thobac a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, de réir na rátaí ar leithligh a shonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí ar leithligh a shonraítear i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1964 .

(2) Déanfar an dleacht máil ar thobac a fhorchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, de réir na rátaí ar leithligh a shonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí ar leithligh a shonraítear i gCuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1964 .

(3) Is de réir punt trí scilling agus naoi bpingin an punt a íocfar an lacáiste ar thobac cruafháiscthe a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 , i gcás aon tobac den sórt sin a dhíolfaidh aon mhonaróir ceadúnaithe agus a chuirfidh sé amach, chun a úsáidte sa Stát, an 12ú lá de Bhealtaine, 1965, nó dá éis.

Fíon.

1948, Uimh. 12 .

1949, Uimh. 13 .

16. —(1) Déanfar, amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, dleacht custam de réir cúig scilling agus deich bpingin an galún a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an bhfíon go léir a allmhaireofar isteach sa Stát i dteannta na dleachta is inmhuirir faoi alt 5 den Acht Airgeadais, 1948 , agus faoi alt 14 den Acht Airgeadais, 1949 .

(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht maidir leis an dleacht custam a fhorchuirtear leis an alt seo ag alt 24 den Acht Airgid, 1933 .

Leasú ar alt 38 den Acht Airgid, 1932 .

1932, Uimh. 20 .

17. —Leasaítear leis seo alt 38 den Acht Airgid, 1932 , trí “ansin, má thoilíonn an tAire Tionscail agus Tráchtála amhlaidh” a chur isteach ann roimh “féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim”.

Ceadúnais gheallbhróicéirí.

1964, Uimh. 31 .

18. —Ar an 1ú lá de Lúnasa, 1965, agus dá éis, déanfar dleacht máil, de réir na rátaí a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar gach ceadúnas a dheonófar faoi alt 8 den Acht Geallbhróicéirí, 1964 , chun gnó geallbhróicéara a sheoladh.

AN TÁBLA

An ráta dleachta.

I gcás ceadúnas a dheonófar chun gnó geallbhróicéara a sheoladh in áitreabh áirithe i gContae-Bhuirg Bhaile Cliath nó i mBuirg Dhún Laoghaire     ..

£50

I gcás ceadúnas a dheonófar chun gnó geallbhróicéara a sheoladh in áitreabh áirithe in aon chuid eile den Stát     ..

£10

Leasú ar alt 1 (2) (b) den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 .

1952, Uimh. 24 .

19. —(1) Leasaítear leis seo mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , trí “trí phunt nó níos lú” a chur in ionad “chúig scillinge”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Mhárta, 1966.