23 1965


Uimhir 23 de 1965.


AN tACHT PRAGHSANNA (LEASÚ), 1965

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA PRAGHSANNA, 1958 . [10 Lúnasa, 1965.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Leasú ar an Acht Praghsanna, 1958 .

1958, Uimh. 4 .

1. —(1) Déantar leis seo an tAcht Praghsanna, 1958 , a leasú tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid III:

“CUID IIIA

Cumhachtaí Sealadacha chun Cobhsaíocht Praghsanna agus Táillí a Áirithiú.

Foráil le haghaidh bearta sealadacha maidir le praghsanna agus táillí.

22A.—(1) Aon uair agus gach uair is deimhin leis an Rialtas go bhfuil eacnamaíocht an náisiúin sa riocht gur gá praghsanna i gcoitinne a chobhsú, féadfaidh an Rialtas, le hordú, a údarú agus a chumhachtú don Aire aon cheann nó gach ceann nó cuid de na nithe seo a leanas a dhéanamh ó am go ham, is é sin le rá:—

(a) fiosrú a dhéanamh—

(i) i dtaobh na bpraghsanna a éilítear ar earra sonraithe nó earraí sonraithe nó ar aon earraí ar deimhin leis an Aire gur cheart fiosrú a dhéanamh i dtaobh a bpraghsanna,

(ii) i dtaobh na dtáillí a éilítear as seirbhís shonraithe nó seirbhísí sonraithe nó as aon seirbhísí a dhéanamh ar deimhin leis an Aire gur ceart fiosrú a dhéanamh i dtaobh na dtáillí ina leith,

(iii) i dtaobh na dtáillí a éilítear as obair shonraithe nó as aon obair a dhéanamh (seachas faoi chonradh seirbhíse) ar deimhin leis an Aire gur cheart fiosrú a dhéanamh i dtaobh na dtáillí ina leith, agus

(iv) i dtaobh na dtáillí a éilítear as próiseas sonraithe nó próisis shonraithe nó as aon phróisis a dhéanamh (seachas faoi chonradh seirbhíse) ar deimhin leis an Aire gur cheart fiosrú a dhéanamh i dtaobh na dtáillí ina leith,

(b) a cheangal ar mhonaróirí, mórdhíoltóirí agus allmhaireoirí aon mhéaduithe atá beartaithe ar na praghsanna atá á n-éileamh acu ar a n-earraí a chur in iúl don Aire,

(c) a cheangal ar dhuine ar bith aon eolas atá ina sheilbh, agus a theastóidh de réir réasúin ón Aire chun go bhféadfaidh sé a fheidhmeanna faoin gCuid seo a chomhlíonadh, a thabhairt don Aire,

(d) a cheangal ar dhuine ar bith aon leabhair, doiciméid nó taifid atá ina chumas, ina sheilbh nó faoina urlámhas, agus a theastóidh de réir réasúin ón Aire chun go bhféadfaidh sé a fheidhmeanna faoin gCuid seo a chomhlíonadh, a thabhairt don Aire,

(e) a shocrú le hordú—

(i) cad iad na praghsanna uasta ar a bhféadfar earraí nó earra sonraithe nó earraí sonraithe a dhíol,

(ii) cad iad na táillí uasta a fhéadfar a éileamh as seirbhísí nó seirbhís shonraithe nó seirbhísí sonraithe a dhéanamh,

(iii) cad iad na táillí uasta a fhéadfar a éileamh as obair shonraithe a dhéanamh (seachas faoi chonradh seirbhíse),

(iv) cad iad na táillí uasta a fhéadfar a éileamh as próiseas sonraithe nó próisis shonraithe a dhéanamh (seachas faoi chonradh seirbhíse),

agus

(f) a fhoráil le hordú—

(i) maidir le gach earra nó le hearra sonraithe nó earraí sonraithe gurb iad praghsanna a éileofar ar an earra nó ar na hearraí ná na praghsanna a bhí á n-éileamh cibé tráth roimh an ordú a dhéanamh, nó i rith cibé tréimhse roimh é a dhéanamh, a shonrófar san ordú,

(ii) maidir le gach seirbhís nó le seirbhís shonraithe nó seirbhísí sonraithe gurb iad táillí a éileofar as an tseirbhís nó na seirbhísí a dhéanamh ná na táillí a bhí á n-éileamh cibé tráth roimh an ordú a dhéanamh, nó i rith cibé tréimhse roimh é a dhéanamh, a shonrófar san ordú,

(iii) maidir le hobair shonraithe a dhéanamh (seachas faoi chonradh seirbhíse) gurb iad táillí a éileofar ina leith ná na táillí a bhí á n-éileamh cibé tráth roimh an ordú a dhéanamh, nó i rith cibé tréimhse roimh é a dhéanamh, a shonrófar san ordú, agus,

(iv) maidir le próisis nó le próiseas sonraithe nó próisis shonraithe a dhéanamh (seachas faoi chonradh seirbhíse) gurb iad táillí a éileofar ina leith ná na táillí a bhí á n-éileamh cibé tráth roimh an ordú a dhéanamh, nó i rith cibé tréimhse roimh é a dhéanamh, a shonrófar san ordú.

(2) Féadfar, le hordú arna dhéanamh ag an Rialtas faoin alt seo, earra, seirbhís, obair nó próiseas a mhíniú nó a shonrú ar cibé dóigh agus trí thagairt do cibé nithe is cuí leis an Rialtas.

(3) Aon ordú a dhéanfaidh an Rialtas faoin alt seo, fanfaidh sé i bhfeidhm ar feadh cibé tréimhse (nach faide ná sé mhí ó dháta a dhéanta) is cuí leis an Rialtas agus a shonróidh siad san ordú agus rachaidh sé in éag ansin, mura gcoimeádtar i bhfeidhm é le hordú faoi fho-alt (4) den alt seo.

(4) Más rud é—

(a) go mbeidh i bhfeidhm de thuras na huaire ordú (dá ngairtear an príomhordú san fho-alt seo) arna dhéanamh ag an Rialtas faoi fho-alt (1) den alt seo,

(b) gur deimhin leis an Rialtas go bhfuil eacnamaíocht an náisiúin sa riocht gur cheart an príomhordú a choimeád i bhfeidhm,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(i) féadfaidh an Rialtas, le hordú (dá ngairtear ordú feidhmchoimeádta san fho-alt seo) arna dhéanamh roimh dhul in in éag don phríomhordú, an príomhordú a choimeád i bhfeidhm ar feadh cibé tréimhse (nach faide ná sé mhí ón dáta a rachadh an príomhordú in éag murach an t-ordú feidhmchoimeádta) is cuí leis an Rialtas agus a shonróidh siad san ordú feidhm choimeádta, agus féadfaidh siad ina dhiaidh sin ó am go ham, le hordú (dá ngairtear ordú feidhmchoimeádta freisin san fho-alt seo) arna dhéanamh roimh dhul in éag don phríomhordú faoin ordú feidhmchoimeádta deireanach roimhe sin, an príomhordú a choimeád i bhfeidhm ar feadh cibé tréimhse (nach faide ná sé mhí ón dáta a rachadh an príomhordú in éag murach an t-ordú feidhmchoimeádta deireanach roimhe sin) is cuí leis an Rialtas agus a shonróidh siad san ordú feidhmchoimeádta,

(ii) mura ndéantar ach an t-aon ordú feidhmchoimeádta amháin, fanfaidh an príomhordú i bhfeidhm go dtí deireadh na tréimhse dá gcoimeádfar i bhfeidhm é leis an ordú feidhmchoimeádta sin agus rachaidh sé in éag ansin,

(iii) má dhéantar dhá ordú feidhmchoimeádta nó níos mó, fanfaidh an príomhordú i bhfeidhm go dtí deireadh na tréimhse dá gcoimeádfar i bhfeidhm é leis an gceann deireanach de na horduithe feidhmchoimeádta sin, agus rachaidh sé in éag ansin.

(5) Gach ordú a dhéanfaidh an Rialtas faoin alt seo, foilseofar é, a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, san Iris Oifigiúil.

Comhlachtaí comhairleacha.

22B.—Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, socrú a dhéanamh le haghaidh bunú, comhdhéanamh agus cumhachtaí comhlachtaí daoine chun comhairle a thabhairt dó maidir le haon cheann nó le gach ceann nó le cuid de na cumhachtaí agus na feidhmeanna a thugtar de thuras na huaire don Aire de bhua na Coda seo.

Forálacha maidir le horduithe ón Aire.

22C.—(1) Más rud é, le linn ordú arna dhéanamh ag an Rialtas faoi fho-alt (1) d'alt 22A den Acht seo a bheith á choimeád i bhfeidhm, go ndéanfaidh an tAire ordú de bhua na Coda seo, rachaidh an t-ordú deiridh sin, murar cúlghaireadh é roimhe sin, in éag ar dhul in éag don ordú a rinne an Rialtas.

(2) Aon ordú a dhéanfaidh an tAire de bhua na Coda seo—

(a) féadfaidh sé earra, seirbhís, obair nó próiseas a mhíniú nó a shonrú ar ar cibé dóigh agus trí thagairt do cibé nithe is cuí leis an Aire,

(b) féadfaidh sé na coinníollacha a mhíniú ar faoina dtreoir a shocraítear praghas nó táille uasta agus praghsanna nó táillí uasta éagsúla a shocrú maidir le coinníollacha éagsúla,

(c) féadfaidh sé baint leis an Stát ar fad nó le limistéar áirithe sa Stát,

(d) féadfaidh sé praghas nó táille uasta a shocrú trína shonrú nó trí fhorálacha a leagan amach a bhféadfar an praghas nó an táille sin a chinneadh dá réir,

(e) féadfaidh gach foráil theagmhasach nó choimhdeach a bheith ann (lena n-áirítear ceanglas nach ndéanfar an t-earra lena mbaineann an t-ordú a dhíol ach in aonaid shonraithe mheáchain nó tomhais) is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun lán-éifeacht a thabhairt d'aon fhoráil a cuireadh san ordú faoi na cumhachtaí a thugtar dó de bhua na Coda seo nó chun a áirithiú go gcomhlíonfar an t-ordú.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú arna dhéanamh ag an Aire de bhua na Coda seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

Éifeacht orduithe ón Aire ar chonarthaí

22D.—(1) Ní bheidh éifeacht ag ordú arna dhéanamh ag an Aire de bhua na Coda seo ar dhlíthiúlacht chonartha a bheidh déanta roimh an dáta a thiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm, ná ar dhlíthiúlacht aon ní a bheidh déanta faoin gconradh.

(2) Ní bheidh éifeacht ag ordú arna dhéanamh ag an Aire de bhua na Coda seo ar dhlíthiúlacht chonartha a dhéanfar ar an dáta, nó tar éis an dáta, a thiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm, ná ar dhlíthiúlacht aon ní a dhéanfar faoin gconradh más rud é—

(a) gur conradh é a dhéanfar de bhun oibleagáide dlíthiúla a éiríonn as conradh i dtosaíocht air a rinneadh roimh an dáta sin, nó

(b) gur conradh é a dhéanfaidh údarás áitiúil le conraitheoir oifigiúil a ceapadh faoi alt 6 d'Acht na nÚdarás nÁitiúil (Có-Cheannach),

1939, Uimh. 14 .

1939, de dhroim iarratais a rinne an conraitheoir roimh an dáta sin.

Cionta faoin gCuid seo.

22E.—Má sháraíonn duine ar bith, cibé acu trí ghníomh nó neamhghníomh é, foráil d'ordú arna dhéanamh ag an Aire de bhua na Coda seo, nó má fhaillíonn, nó má mhainníonn nó má dhiúltaíonn sé déanamh de réir ceanglais ón Aire faoin gCuid seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo.”

(2) Déantar leis seo an tAcht Praghsanna, 1958 , a leasú tuilleadh mar a leanas:

(a) in alt 3, tríd an méid seo a leanas a chur leis an alt:

“forléireofar tagairt d'obair nó próiseas a dhéanamh mar thagairt a fholaíonn tagairt do chomhaontú nó tairiscint a dhéanamh chun obair nó próiseas a dhéanamh nó tairiscint a lorg i leith a dhéanta;

forléireofar tagairt do thairiscint chun obair nó próiseas a dhéanamh mar thagairt a fholaíonn tagairt d'fhógra ó dhuine i dtaobh na táille a bheidh beartaithe aige i leith a dhéanta arna thabhairt trí liosta táillí a fhoilsiú nó trí choinníoll a lua nó eile.”

(b) in alt 10—

(i) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad míranna (a), (b), (c) agus (d) d'fho-alt (1):

“(a) na praghsanna a éilítear ar an earra a shonraítear sa bharántas,

(b) na modhanna ar a gcuirtear an earra sin ar an margadh,

(c) na táillí a éilítear as an tseirbhís a shonraítear sa bharántas a dhéanamh,

(d) na modhanna ar a ndéantar an tseirbhís sin,

(e) na táillí a éilítear as obair a shonraítear sa bharántas a dhéanamh (seachas faoi chonradh seirbhíse),

(f) na modhanna ar a ndéantar an obair sin,

(g) na táillí a éilítear as an bpróiseas a shonraítear sa bharántas a dhéanamh (seachas faoi chonradh seirbhíse),

(h) na modhanna ar a ndéantar an próiseas sin.”,

agus

(ii) trí “daoine a dhíolann earraí nó daoine a dhéanann seirbhísí nó a dhéanann obair nó próisis” a chur in ionad “monaróirí nó ag daoine a dhéanann seirbhísí” i bhfo-alt (3),

(c) in alt 14—

(i) trí “daoine a dhíolann í” a chur in ionad “monaróirí a mhonaraíonn an t-earra” agus “na daoine sin” a chur in ionad “monaróirí”,

agus

(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(3) Más dóigh leis an Aire, tar éis dó tuarascáil ó Choiste Comhairleach a bhreithniú, go bhfuil na táillí atá á n-éileamh as aon obair nó próiseas a dhéanamh ag daoine a dhéanann é iomarcach ar chúiseanna a bhfuil neart orthu ag na daoine sin nó ar róchostais oibreachais, féadfaidh an tAire, le hordú, an táille uasta a shocrú a fhéadfar a éileamh as an obair nó an próiseas sin a dhéanamh.”,

(d) in alt 18, trí “nó obair nó próiseas” a chur isteach i mír (a) i ndiaidh “seirbhís”,

(e) in alt 21, trí “nó oibre nó próisis” a chur isteach i bhfo-ailt (1) agus (2) i ndiaidh “seirbhíse”,

(f) in alt 24, trí “nó le gnó ag déanamh seirbhíse nó ag déanamh oibre nó próisis” a chur isteach i mír (a) d'fho-alt (1) i ndiaidh “earraí”, agus

(g) sa Dara Sceideal, trí “nó as aon obair nó próiseas a dhéanamh” a chur isteach i ndiaidh “aon tseirbhíse” agus “nó ag déanamh na hoibre nó an phróisis sin” a chur isteach i ndiaidh “na seirbhíse sin” i mír (8)”.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Praghsanna (Leasú), 1965 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Praghsanna, 1958 agus 1965, a ghairm den Acht Praghsanna, 1958 , agus den Acht seo le chéile.