25 1965


Uimhir 25 de 1965.


AN tACHT UM RÁTHAÍOCHTAÍ STÁIT (IOMPAR) (LEASÚ), 1965

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM RÁTHAÍOCHTAÍ STÁIT (IOMPAR), 1962 . [8 Nollaig, 1965.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1962, Uimh. 25 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Ráthaíochtaí Stáit (Iompar), 1962 .

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

2. —(1) I bhfo-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht measfar go bhfolaíonn “airgead” agus gur fholaigh sé i gcónaí airgead d'airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit.

(2) Maidir le ráthaíocht, de bhua an leasaithe a dhéantar le fo-alt (1) den alt seo, in airgead d'airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, glacfar le gach ceann de na tagairtí do phríomhshuim i bhfo-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht mar thagairt don chomhionannas in airgead reatha an Stáit leis an bpríomhshuim iarbhír, agus an comhionannas sin á ríomh de réir an ráta iomlaoide tráth na ráthaíochta a thabhairt.

(3) I gcás—

(a) an comhionannas in airgead reatha an Stáit le hairgead reatha eile a ríomh de bhun fho-alt (2) den alt seo, agus

(b) airgead reatha an Stáit agus an t-airgead reatha eile a bheith ar na hairgid reatha ag a mbeidh, an tráth a shonraítear san fho-alt sin, par-luachanna a bunaíodh faoi Airteagail Chomhaontaithe an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta,

déanfar an tagairt san fho-alt sin don ráta iomlaoide an tráth sin a ghlacadh mar thagairt don ráta iomlaoide a bunaíodh ar na luachanna sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Ráthaíochtaí Stáit (Iompar) (Leasú), 1965 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Ráthaíochtaí Stáit (Iompar), 1962 agus 1965, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.