|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID IV Deontais Ionadaíochta) | Ar Aghaidh (CUID VI Dáileadh faoi Dhíthiomnacht) |
AN tACHT COMHARBAIS, 1965
[EN] | ||
[EN] |
CUID V Riarachán Sócmhainní | |
[EN] |
Eastát éagaigh a bheith ina shócmhainní chun fiacha agus ceart dlíthiúil a íoc. [1285 (c. 19); 1357 (st. 1. c. 11); 1695 (c. 12) a. 7, 8; 1833 (c. 104); 1869 (c. 46)] |
45. —(1) Is sócmhainní chun na caiteachais adhlactha, thiomnacha agus riaracháin, na fiacha (faoi shéala nó faoi chonradh simplí) agus na dliteanais, agus aon cheart dlíthiúil a íoc, eastát duine éagtha, cibé acu dlíthiúil nó cothromasach é, go feadh a leasa thairbhiúil ann, agus an t-eastát a ndearna duine éagtha de bhun aon chumhachta ginearálta é a dhiúscairt lena uacht; agus aon diúscairt le huacht a bheidh ar neamhréir leis an alt seo beidh sí ar neamhní amhail i gcoinne na gcreidiúnaithe agus aon duine atá i dteideal cirt dhlíthiúil, agus déanfaidh an chúirt, más gá é, an mhaoin a riaradh chun na caiteachais, na fiacha agus na dliteanais agus aon cheart dlíthiúil a íoc. |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag an alt seo gan dochar do chearta eireadóirí. | |
[EN] |
Riarachán sócmhainní. [Nua] |
46. —(1) I gcás eastát duine éagtha a bheith dócmhainneach, riarfar é de réir na rialacha atá leagtha amach i gCuid I den Chéad Sceideal. |
[EN] | (2) (a) Féadfar ceart coinneála ionadaí phearsanta, agus a cheart chun tosaíocht a thabhairt do chreidiúnaithe, a fheidhmiú i leith sócmhainní uile an éagaigh, ach ní bhainfidh an ceart coinneála ach amháin le fiacha a bheidh dlite don ionadaí pearsanta as a cheart féin, cibé acu go haonarach nó i gcomhpháirt le duine eile é, agus ní bheidh sé infheidhmithe i gcás an t-eastát a bheith dócmhainneach. | |
[EN] | (b) Faoi réir mhír (a), ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear do cheart coinneála ionadaí phearsanta, ná dá cheart chun tosaíocht a thabhairt do chreidiúnaithe. | |
[EN] | (3) I gcás eastát duine éagtha a bheith sócmhainneach, beidh sé, faoi réir rialacha cúirte agus na bhforálacha anseo ina dhiaidh seo maidir le muirir ar mhaoin an éagaigh, agus na bhforálacha, más ann, ina uacht, inúsáidte chun na caiteachais adhlactha, thiomnacha agus riaracháin, na fiacha agus na dliteanais agus aon cheart dlíthiúil a íoc san ord a luaitear i gCuid II den Chéad Sceideal. | |
[EN] | (4) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (3) difear do chearta aon chreidiúnaí de chuid an éagaigh ná do cheart dlíthiúil céile. | |
[EN] | (5) Má dhéanann creidiúnaí, duine a bheidh i dteideal cirt dhlíthiúil, nó ionadaí pearsanta, sócmhainn a úsáid as an ord a luaitear i gCuid II den Chéad Sceideal, beidh ag na daoine ag a bhfuil teideal faoin uacht nó faoi dhíthiomnacht ceart chun na sócmhainní a chogairsiú ionas go ngabhfaidh tairbhí ar úsáideadh a eastát nó a leas as a ord ionad an chreidiúnaí nó an duine sin pro tanto amhail i gcoinne aon mhaoine a bheidh, san ord sin, faoi dhliteanas i dtosach ar a eastát nó a leas féin. | |
[EN] | (6) Beidh éileamh ar scair, mar cheart dlíthiúil nó faoi dhíthiomnacht, in eastát duine éagtha ina éileamh i gcoinne sócmhainní an eastáit go feadh suime is ionann agus luach na scaire sin. | |
[EN] |
Muirir ar mhaoin éagaigh a bheith le híoc go príomhúil as an maoin a muirearaíodh. [1854 (c. 113), 1867 (c. 69) agus 1877 (c. 34) arna leathnú chun pearsantais] |
47. —(1) I gcás duine d'fháil bháis agus é i seilbh, nó i dteideal, leasa i maoin, nó, faoi chumhacht cheapacháin ghinearálta, diúscairt déanta aige le huacht ar leas i maoin, a mbeidh, tráth a bháis, íoc airgid de mhuirear air, cibé acu i modh morgáiste nó muirir dhlíthiúil nó chothromasaigh nó ar dhóigh eile é (lena n-áirítear lian i leith airgid cheannaigh neamhíoctha), agus gan intinn chontrártha ná eile a bheith curtha in iúl ag an duine éagtha le huacht, le gníomhas ná le doiciméad eile, beidh an leas a bheidh faoi mhuirear amhlaidh, amhail idir na daoine éagsúla a bheidh ag éileamh tríd an duine éagtha, faoi dhliteanas go príomhúil chun an muirear a íoc; agus íocfar as gach cuid den leas sin, de réir a luacha, cuid chomhréireach den mhuirear ar iomlán an leasa. |
[EN] | (2) Ní mheasfar an intinn chontrártha ná eile sin a bheith curtha in iúl— | |
[EN] | (a) le treoir ghinearálta chun fiacha de chuid an tiomnóra nó a fhiacha go léir a íoc as a eastát, nó as aon chuid de, ná | |
[EN] | (b) le muirearú fiacha ar aon eastát den sórt sin, | |
[EN] | mura gcuirtear an intinn sin in iúl fairis sin le focail a thagraíonn, go sainráite nó trína bheith intuigthe astu de riachtnas, don iomlán nó do chuid éigin den mhuirear. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do cheart duine a bheidh i dteideal an mhuirir chun íocaíocht nó sásamh a fháil ina leith as sócmhainní eile an éagaigh nó ar dhóigh eile. | |
[EN] |
Cúiseanna caingne a mhaireann tar éis bás duine. |
48. —Beidh agairt indéanta ag ionadaithe pearsanta duine éagtha agus orthu i leith gach cúis chaingne a leanfaidh, de bhua Chuid II den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 , de bheith ar marthain chun tairbhe, nó i gcoinne, eastát an éagaigh, faoi réir forálacha an Achta sin agus na rialacha i dtaobh tréimhsí teorann faoi Reacht na dTréimhsí, 1957 , nó eile. |
[EN] |
Dáileadh sócmhainní tar éis fógra do chreidiúnaithe. [1859 (c. 35) a. 29] |
49. —(1) Nuair a bheidh na hionadaithe pearsanta tar éis fógraí a thabhairt do chreidiúnaithe agus do dhaoine eile a n-éilimh i gcoinne eastát an éagaigh a chur isteach mar a bheadh, i dtuairim na cúirte ina n-iarrtar na hionadaithe pearsanta a chur faoi mhuirear, tugtha ag an gcúirt in agra riaracháin, beidh de chead ag na hionadaithe pearsanta, ar chaitheamh na tréimhse a bheidh ainmnithe sna fógraí sin, nó sa cheann deiridh díobh, chun na héilimh sin a chur isteach, sócmhainní an éagaigh, nó aon chuid díobh, a dháileadh ar na páirtithe a bheidh ina dteideal, ag féachaint do na héilimh a mbeidh fógra ina dtaobh ag na hionadaithe pearsanta an uair sin. |
[EN] | (2) Ní bheidh na hionadaithe pearsanta faoi dhliteanas ag duine ar bith i leith na sócmhainní nó aon chuid díobh a dháilfear amhlaidh mura raibh fógra acu tráth an dáilte sin i dtaobh éileamh an duine sin. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar do cheart aon chreidiúnaí nó éilitheora chun aon sócmhainní den sórt sin a leanúint isteach i láimh aon duine a mbeidís faighte aige. | |
[EN] | (4) Beidh feidhm ag an alt seo cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin a fuair an t-éagach bás. | |
[EN] |
Cumhachtaí íonadaithe pearsanta chun eastát a dhíol agus chun gníomhú mar iontaobhaithe. [1959 (Uimh. 8) a. 18] |
50. —(1) Féadfaidh na hionadaithe pearsanta an t-iomlán nó aon chuid d'eastát duine éagtha a dhíol, ní amháin chun fiacha a íoc ach freisin (cibé acu atá fiacha ann nó nach bhfuil) chun an t-eastát a dháileadh ar na daoine a bhfuil teideal acu chuige, agus sula ndíolfaidh siad é chun a dháilte déanfaidh na hionadaithe pearsanta, chomh fada agus is féidir sin, éifeacht a thabhairt do mhianta na ndaoine lánaoise a bhfuil teideal acu chun na maoine a bheartaítear a dhíol nó, i gcás díospóide, do mhianta thromlach na ndaoine sin (de réir luach a leasa i dteannta a chéile), ar dhóigh, áfach,— |
[EN] | (a) nach de chúram ceannaitheora é féachaint chuige go ndearna na hionadaithe pearsanta de réir na mianta sin, agus | |
[EN] | (b) nach gá d'aon duine a bhfuil teideal aige amhlaidh comhthoiliú le haon díol den sórt sin. | |
[EN] | (2) Faoi réir alt 20, ní dleathach do roinnt daoine, ná do dhuine amháin, d'ionadaithe pearsanta éagsúla, gan cead na hArd-Chúirte, aon chumhacht a fheidhmiú dá dtugtar leis an alt seo nó le halt 60 chun aon talamh a dhiúscairt. | |
[EN] | (3) Má shocraítear talamh le huacht agus gan aon iontaobhaithe i leith na socraíochta a bheith ann, measfar chun gach críche gurb iad na hionadaithe pearsanta a bhain probháid na huachta amach iontaobhaithe na socraíochta go dtí go gceapfar iontaobhaithe i leith na socraíochta, ach ní mheasfar gurb iontaobhaí chun críocha na Settled Land Acts, 1882 to 1890, ionadaí pearsanta aonair go dtí go gceapfar iontaobhaí amháin eile ar a laghad. | |
[EN] |
Cosaint do cheannaitheoirí. [1959 (Uimh. 8) a. 19] |
51. —(1) Duine a cheannóidh ó ionadaithe pearsanta duine éagtha aon mhaoin arb éard í an t-iomlán nó aon chuid d'eastát an éagaigh, beidh teideal aige an mhaoin sin a theachtadh saortha agus urscaoilte ó aon fhiacha nó dliteanais a bhí ar an éagach, ach amháin cinn a bheidh ina muirir uirthi ar dhóigh seachas faoi uacht an éagaigh, agus ó gach éileamh ag na daoine a bhfuil teideal acu chun aon scaire san eastát, agus ní bheidh de churam air féachaint chuige go gcuirfear an t-airgead ceannaigh chun feidhme. |
[EN] | (2) (a) Baineann an fo-alt seo le gach maoin seachas maoin a bhfuil a húinéireacht cláraithe faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 . | |
[EN] | (b) Duine a cheannóidh aon mhaoin lena mbaineann an fo-alt seo, arb éard í an t-iomlán nó aon chuid d'eastát duine éagtha, a bheidh tíolachta ag na hionadaithe pearsanta do dhuine ar bith, beidh sé i dteideal an mhaoin sin a theachtadh saortha agus urscaoilte ó éilimh chreidiúnaithe de chuid an éagaigh agus ó aon éilimh ag na daoine a bheidh i dteideal aon scaire san eastát. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag an alt seo cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin a fuair an t-éagach bás. | |
[EN] |
Forálacha ginearálta maidir le haontú nó aistriú ag ionadaithe pearsanta. [1959 (Uimh. 8) a. 20] |
52. —(1) San alt seo agus in alt 53— |
[EN] | (a) na tagairtí a dhéantar do thalamh duine éagtha is tagairtí iad do thalamh a raibh teideal aige chuige nó a ndearna sé cumhacht cheapacháin ghinearálta a fheidhmiú ina leith le huacht; | |
[EN] | (b) folaíonn “duine i dteideal”, maidir le haon eastát nó leas i dtalamh— | |
[EN] | (i) an duine nó na daoine (lena n-áirítear ionadaithe pearsanta an éagaigh nó aon duine acu) ag a mbeadh (cibé acu trí réadtiomnú, tiomnú, cineachadh nó eile é) teideal tairbhiúil chun an eastáit nó an leasa sin, agus | |
[EN] | (ii) iontaobhaí nó iontaobhaithe nó ionadaí nó ionadaithe pearsanta aon duine nó daoine den sórt sin. | |
[EN] | (2) Gan dochar d'aon chumhacht eile a thugtar leis an Acht seo d'ionadaithe pearsanta maidir le haon talamh de chuid duine éagtha, féadfaidh na hionadaithe pearsanta, tráth ar bith tar éis bhás an éagaigh, aontú a fhorghníomhú a dhílseoidh aon eastát nó leas in aon talamh den sórt sin don duine i dteideal an chéanna, nó féadfaidh siad aon eastát nó leas den sórt sin a aistriú chun an duine i dteideal an chéanna, agus féadfaidh siad an t-aontú nó an t-aistriú a dhéanamh faoi réir muirir, nó saor ó mhuirear, chun aon airgead a íoc a dhlífidh na hionadaithe pearsanta a íoc. | |
[EN] | (3) I gcás ina ndéanfar aontú nó aistriú faoi fho-alt (2) faoi réir muirir i leith an airgid uile a dhlífidh na hionadaithe pearsanta a íoc, má dhlíonn, beidh deireadh le dliteanais uile na n-ionadaithe pearsanta i leith na talún, ach amháin maidir le haon gníomhartha nó conarthaí a rinne siad roimh an aontú nó an t-aistriú. | |
[EN] | (4) Aon uair tar éis bliana ó bhás úinéara talún, má mhainnigh na hionadaithe pearsanta, tar éis a iarrtha ag an duine i dteideal, an talamh a aistriú, trí aontú nó ar dhóigh eile, chun an duine i dteideal, féadfaidh an chúirt, más cuí léi é, ar iarratas ón duine i dteideal agus tar éis fógra do na hionadaithe pearsanta, a ordú go ndéanfar an t-aistriú, agus, mura gcomhlíontar an t-ordú sin laistigh den tréimhse a shonróidh an chúirt ann, féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh ag dílsiú na talún don duine i dteideal chomh hiomlán éifeachtúil agus a dhéanfaí é dá n-aistreodh na hionadaithe pearsanta é. | |
[EN] | (5) Ní bheidh aontú, murab aontú i scríbhinn é, éifeachtúil chun aon eastát nó leas i dtalamh a aistriú. | |
[EN] | (6) Na cúnaint reachtúla is intuigthe i gcás é a bheith sainráite i ngníomhas go bhfuil duine ag tíolacadh mar ionadaí pearsanta, beidh siad intuigthe freisin in aon aontú arna shíniú ag ionadaí pearsanta mura bhforálann an t-aontú a mhalairt. | |
[EN] | (7) Faoi réir alt 20, ní dleathach do roinnt daoine, ná do dhuine amháin, d'ionadaithe pearsanta éagsúla, gan cead na cúirte, aontú ná aistriú a dhéanamh faoin alt seo. | |
[EN] | (8) Ní oibreoidh an t-alt seo chun aon dleacht stampa a fhorchur i leith aontú. | |
[EN] |
Forálacha speisialta maidir le talamh neamhchláraithe. [1959 (Uimh. 8) a. 21] 1707, c. 2. [Nua] |
53. —(1) Aon aontú a dhéanfar le heastát nó leas i dtalamh neamhchláraithe duine éagtha a dhílsiú i bhfabhar an duine i dteideal chuige— |
[EN] | (a) is i scríbhinn a bheidh sé, | |
[EN] | (b) beidh sé arna shíniú ag na hionadaithe pearsanta, | |
[EN] | (c) measfar, chun críocha an Registration of Deeds Act, 1707, gur tíolacas i leith an eastáit nó an leasa sin é ó na bionadaithe pearsanta don duine i dteideal, | |
[EN] | (d) oibreoidh sé, faoi réir forálacha an Registration of Deeds Act, 1707, maidir le tosaíochtaí, chun an t-eastát nó an leas sin a dhílsiú don duine i dteideal faoi réir cibé muirear agus eirí a shonrófar, má shonraítear, san aontú agus a dhéanfadh difear ar dhóigh eile don eastát nó don leas sin, | |
[EN] | (e) faoi réir forálacha an Registration of Deeds Act, 1707, measfar (mura léir a mhalairt d'intinn ann), chun gach críche is gá le go suífear teideal an duine i dteideal chun cíosanna agus brabús idirlinne, é a ghabháil siar go dtí bás an éagaigh, ach ní oibreoidh aon ní sa mhír seo chun a chumasú do dhuine ar bith teideal ar neamhréir le huacht an éagaigh a shuíomh. | |
[EN] | (2) Aon duine a ndéanfaidh ionadaithe pearsanta aontú nó tíolacas i leith aon talún neamhchláraithe ina fhabhar, féadfaidh sé, ar a chostas féin, a cheangal ar na hionadithe pearsanta an t-aontú nó an tíolacas sin a chlárú i gClárlann na nGníomhas de bhun an Registration of Deeds Act, 1707. | |
[EN] | (3) Beidh aontú nó tíolacas ó ionadaí pearsanta i leith talún neamhchláraithe ina fhianaise dhochloíte, i bhfabhar ceannaitheora, gurb é an duine ar tugadh nó a ndearnadh an t-aontú nó an tíolacas ina fhabhar an duine a bhí i dteideal an t-eastát nó an leas a dhílsiú dó, ach ní shéanfaidh sé dochar ar aon dóigh eile d'éileamh aon duine a bhí i gcéaduair i dteideal an eastáit nó an leasa sin nó aon mhorgáiste nó eire air. | |
[EN] | (4) Baineann an t-alt seo le haontuithe agus tíolacais a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo cibé acu roimh an tosach feidhme sin nó dá éis a fuair an t-éagach bás. | |
[EN] |
Forálacha speisialta maidir le talamh cláraithe. |
54. —(1) Is san fhoirm a fhoráiltear faoi alt 61 den Acht um Chlárú Teidil, 1964 , a bheidh aontú nó aistriú a dhéanfaidh ionadaí pearsanta i leith talún cláraithe, agus beidh sé faoi réir forálacha an Achta sin. |
[EN] | (2) Déantar leis seo an tAcht um Chlárú Teidil, 1964 , a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) d'alt 61: | |
[EN] | “(3) (a) Aon iarratas ar chlárú a dhéanfaidh duine a bheidh á éileamh go bhfuil teideal aige de réir dlí chun talamh lán-úinéara chláraithe éagtha, lena ngabhfaidh aontú nó aistriú ón ionadaí pearsanta san fhoirm fhorordaithe, údaróidh sé don Chláraitheoir an duine sin a chlárú mar lán-úinéir nó úinéir teoranta na talún, cibé acu é. | |
[EN] | (b) Ar fhoirceannadh eastát nó leas úinéara atá cláraithe mar úinéir teoranta talún de bhun aontú nó aistriú den sórt sin, tabharfaidh an t-aontú nó an t-aistriú, arna iarraidh sin san fhoirm fhorordaithe, údarás don Chláraitheoir an duine a ndearnadh an t-aontú nó an t-aistriú ina fhabhar, nó a chomharba i dteideal, de réir mar is iomchuí, a chlárú mar lán-úinéir nó úinéir teoranta, cibé acu é. | |
[EN] | (c) Ní bheidh de dhualgas ar an gCláraitheoir, ná ní bheidh sé i dteideal, aon eolas a iarraidh faoin gcúis atá nó a bhí le haon aontú nó aistriú a dhéanamh, agus beidh de cheangal air a ghlacadh ina áirithe go bhfuil nó go raibh an t-ionadaí pearsanta ag gníomhú i gceart agus faoi réim a chumhachtaí maidir leis an iarratas nó leis an aontú leis an aistriú.” | |
[EN] |
Cumhachtaí ionadaithe pearsanta maidir le leithreasú. [Nua] |
55. —(1) Féadfaidh na hionadaithe pearsanta, faoi réir forálacha an ailt seo, aon chuid d'eastát duine éagtha a leithreasú, ina riocht nó ina staid infheistíochta iarbhír tráth an leithreasaithe, mar shásamh, nó i leith sásaimh, ar aon scair san eastát, bíodh sin socraithe nó ná bíodh, de réir cearta faoi seach na ndaoine a bhfuil leas acu san eastát. |
[EN] | (2) Ach amháin i gcás lena mbaineann alt 56, ní dhéanfar leithreasú faoin alt seo ar dhóigh ba dhochar d'aon réadtiomnú nó tiomnú sonrach. | |
[EN] | (3) Ach amháin i gcás lena mbaineann alt 56, ní dhéanfar leithreasú faoin alt seo mura ndearnadh fógra faoin leithreasú beartaithe a sheirbheáil ar na páirtithe go léir atá i dteideal scaire san eastát (seachas daoine ab fhéidir a theacht chun bheith ann i ndiaidh thráth an leithreasaithe nó daoine nach féidir a fháil nó a chinntiú an tráth sin tar éis fiosrúcháin réasúnaigh) agus féadfaidh aon pháirtí acu sin, laistigh de shé sheachtain ó seirbheáladh an fógra sin air, a iarraidh ar an gcúirt an leithreasú a thoirmeasc. | |
[EN] | (4) Ní dhéanfar leithreasú ar mhaoin, cibé acu is infheistíocht í atá údaraithe le dlí nó uacht, más ann, an éagaigh, nó nach ea, faoin alt seo (ach amháin mar a luaitear san alt seo) gan toiliú a fháil mar a leanas: | |
[EN] | (a) más chun tairbhe do dhuine ag a bhfuil teideal iomlán tairbhiúil i seilbh a dhéantar é, toiliú an duine sin; | |
[EN] | (b) más i leith aon scaire socraithe a dhéantar é, toiliú an iontaobhaí uirthi, más ann (agus nach é an t-ionadaí pearsanta é freisin), nó an duine a bheadh de thuras na huaire i dteideal an ioncaim. | |
[EN] | (5) Más naíon nó duine mímheabhrach an duine ar gá a thoiliú amhlaidh, déanfaidh a thuismitheoirí nó a thuismitheoir, a chaomhnóir, a chúramaí nó a ghlacadóir, nó, mura bhfuil aon tuismitheoir nó caomhnóir den sórt sin ann i gcás naín, déanfaidh an chúirt, ar iarratas a neaschara, an toiliú a thabhairt thar a cheann. | |
[EN] | (6) Ní gá aon toiliú (ach amháin toiliú ó iontaobhaí mar atá ráite) thar ceann duine ab fhéidir a theacht chun bheith ann i ndiaidh thráth an leithreasaithe, nó nach féidir a fháil nó a chinntiú an tráth sin tar éis fiosrúcháin réasúnaigh. | |
[EN] | (7) Murar ceapadh aon chúramaí nó glacadóir do dhuine mímheabhrach, ansin, más leithreasú é ar infheistíocht atá údaraithe le dlí nó le huacht, más ann, an éagaigh, ní gá aon toiliú thar ceann an duine mhímheabhraigh. | |
[EN] | (8) Más rud é, gan spleáchas do na hionadaithe pearsanta, nach bhfuil aon iontaobhaí ar scair shocraithe ann, agus nach bhfuil aon duine lánaoise agus inniúlachta i dteideal an ioncaim aisti, ní gá aon toiliú le leithreasú i leith na scaire sin ar choinníoll gurb leithreasú ar infheistíocht údaraithe mar atá ráite é. | |
[EN] | (9) Aon mhaoin a leithreasófar go cuí faoi na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo, áireofar í ina dhiaidh sin mar infheistíocht údaraithe, agus féadfar í a choinneáil nó déileáil léi dá réir sin. | |
[EN] | (10) Chun críocha an leithreasaithe sin, féadfaidh na hionadaithe pearsanta luachanna na gcodanna faoi seach d'eastát agus de dhliteanais an duine éagtha a fhionnadh agus a chinneadh mar is cuí leo, agus chun na críche sin féadfaidh siad luachálaí cuícháilithe a fhostú in aon chás inar gá sin; agus féadfaidh siad aon tíolacas a dhéanamh a bheidh riachtanach chun éifeacht a thabhairt don leithreasú. | |
[EN] | (11) Mura rud é, ar iarratas a dhéanamh chuici faoi fho-alt (3), go n-ordóidh an chúirt a mhalairt, beidh leithreasú arna dhéanamh de bhun an ailt seo ina cheangal ar gach duine a mbeidh leas aige i maoin an éagaigh agus nach bhforáiltear leis seo a thoiliú a bheith riachtanach. | |
[EN] | (12) Nuair a bheidh an leithreasú á dhéanamh ag na hionadaithe pearsanta, tabharfaidh siad aird ar chearta aon duine ab fhéidir a theacht chun bheith ann ina dhiaidh sin, nó nach féidir a fháil nó a chinntiú tráth an leithreasaithe tar éis fiosrúcháin réasúnaigh, agus ar chearta aon duine eile nach gá toiliú uaidh faoin alt seo. | |
[EN] | (13) Ní dhéanann an t-alt seo dochar d'aon chumhacht eile leithreasaithe a thugtar le dlí nó le huacht, más ann, an éagaigh, agus beidh éifeacht aige i dteannta aon chumhachtaí leathnaithe a thugtar le huacht, más ann, an éagaigh, agus, i gcás leithreasú a dhéanamh faoin alt seo, i leith scaire socraithe, fanfaidh an mhaoin a leithreasófar faoi réir gach iontaobhas i gcóir díola agus gach cumhacht maidir le léasú, diúscairt agus bainistí nó athrú infheistíochtaí a bhainfeadh leis an maoin sin nó leis an scair a ndéantar an leithreasú ina leith, dá mba nach ndearnadh aon leithreasú den sórt sin. | |
[EN] | (14) Más rud é, tar éis aon mhaoin a leithreasú i bhfeidhmiú airbheartaithe na gcumhachtaí a thugtar leis an alt seo, go ndéanfaidh an duine dar tíolacadh í an mhaoin nó aon leas inti a dhiúscairt, ansin, i bhfabhar ceannaitheora, measfar an leithreasú a bheith arna dhéanamh de réir cheanglais an ailt seo agus tar éis gach fógra agus toiliú ba ghá, má b'aon cheann é, a bheith tugtha. | |
[EN] | (15) San alt seo, folaíonn scair shocraithe aon scair nach bhfuil teideal iomlán i seilbh chuici ag duine ar dháta an leithreasaithe agus fairis sin blianacht. | |
[EN] | (16) Beidh feidhm ag an alt seo cibé acu ina dhíthiomnóir nó nach ea, agus cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin, a fuair an t-éagach bás, agus beidh réim aige ar mhaoin a bhfeidhmeoidh tiomnóir cumhacht cheapacháin ghinearálta ina leith, agus údaraíonn sé ciste a chur i leataobh chun freagairt do bhlianacht trí bhíthin an ioncaim as an gciste sin nó ar dhóigh eile. | |
[EN] | (17) I gcás aon mhaoin a leithreasú faoi fhorálacha an ailt seo, ní bheidh tíolacas ina leith ag na hionadaithe pearsanta chun an duine dá leithreasófar í, de bhrí amháin go ndéanfaidh an duine dá dtíolacfar an mhaoin amhlaidh í a ghlacadh mar shásamh, nó i leith sásaimh, ar leagáid nó scair in eastát iarmharach, inchurtha faoi aon dleacht stampa is airde ná mar is iníoctha ar aistriú maoine pearsanta chun an críche céanna. | |
[EN] | (18) Féadfaidh na hionadaithe pearsanta na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú ina bhfabhar féin. | |
[EN] |
Ceart an chéile mharthanaigh chun a cheangal go leithreasófar teaghais agus airnéisí tí. [Nua] [Cf. “teaghais” i 1960 (Uimh. 42) a. 2 (1)] |
56. —(1) Más cuid d'eastát duine éagtha teaghais a raibh, an tráth a fuair an t-éagach bás, gnáthchónaí ann ar an gcéile marthanach, féadfaidh an céile marthanach, faoi réir fho-alt (5), a cheangal i scríbhinn ar na hionadaithe pearsanta an teaghais a leithreasú faoi alt 55 mar shásamh, nó i leith sásaimh, ar aon scair de chuid an chéile mharthanaigh. |
[EN] | (2) Féadfaidh an céile marthanach a cheangal freisin i scríbhinn ar na hionadaithe pearsanta aon airnéisí tí a leithreasú mar shásamh, nó i leith sásaimh, ar aon scair de chuid an chéile mharthanaigh. | |
[EN] | (3) Mura leor scair chéile mharthanaigh chun go bhféadfaí leithreasú a dhéanamh faoi fho-alt (1) nó (2), cibé acu é, féadfar an ceart a thugtar leis an bhfo-alt iomchuí a fheidhmiú freisin maidir le scair aon naín arb iontaobhaí ina leith faoi alt 57 nó ar dhóigh eile an céile marthanach. | |
[EN] | (4) Beidh de dhualgas ar na hionadaithe pearsanta fógra faoi na cearta a thugtar leis an alt seo a thabhairt i scríbhinn don chéile marthanach. | |
[EN] | (5) Ní bheidh ceart a thugtar leis an alt seo infheidhmithe— | |
[EN] | (a) tar éis sé mhí ó fuair an céile marthanach an fógra sin nó tar éis bliana ón gcéad uair a baineadh amach ionadaíocht eastát an éagaigh, cibé acu is déanaí, ná | |
[EN] | (b) maidir le teaghais, in aon chás dá luaitear i bhfo-alt (6), mura rud é, ar iarratas a dhéanamh do na hionadaithe pearsanta nó don chéile marthanach, gur deimhin leis an gcúirt gurb éadóigh go dtabharfaidh feidhmiú an chirt sin laghdú ar luach sócmhainní an éagaigh, seachas an teaghais, nó gur deacraide iad a dhiúscairt i gcúrsa cuí riaracháin agus go n-údaróidh an chúirt í a fheidhmiú. | |
[EN] | (6) Baineann mír (b) d'fho-alt (5) agus mír (d) d'fho-alt (10) leis na cásanna seo a leanas: | |
[EN] | (a) más rud é gur cuid d'fhoirgneamh an teaghais, agus go bhfuil eastát nó leas san fhoirgneamh iomlán ina chuid den eastát; | |
[EN] | (b) má tá an teaghais ar teachtadh maille le talamh talmhaíochta a bhfuil eastát nó leas ann ina chuid den eastát; | |
[EN] | (c) má bhí an t-iomlán nó cuid den teaghais á úsáid, tráth an bháis, mar óstán, teach aíochta nó teach lóistín; | |
[EN] | (d) má bhí cuid den teaghais á húsáid, tráth an bháis, chun críocha seachas críocha tís. | |
[EN] | (7) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (12) d'alt 55 na hionadaithe pearsanta ó éifeacht a thabhairt do na cearta a thugtar leis an alt seo. | |
[EN] | (8) (a) Fad a leanfaidh ceart a thugtar leis an alt seo de bheith infheidhmithe, ní dhéanfaidh nahionadaithe pearsanta, gan toiliú i scríbhinn ón gcéile marthanach nó gan cead na cúirte arna thabhairt tar éis iarratas faoi mhír (b) d'fho-alt (5) a dhiúltú, an teaghais ná na hairnéisí tí a dhíol ná a dhiúscairt ar dhóigh eile ach amháin i gcúrsa riaracháin mar gheall ar uireasa sócmhainní eile. | |
[EN] | (b) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo más ionadaí pearsanta an céile marthanach. | |
[EN] | (c) Ní thabharfaidh aon ní san fho-alt seo aon cheart don chéile marthanach i gcoinne ceannaitheora ó na hionadaithe pearsanta. | |
[EN] | (9) Na cearta a thugtar leis an alt seo do chéile marthanach, folaíonn siad ceart chun a cheangal go ndéanfar leithreasú go páirteach mar shásamh ar scair in eastát an éagaigh agus go páirteach i ndíol íocaíochta airgid ón gcéile marthanach thar ceann an chéile féin agus freisin thar ceann aon naín darb iontaobhaí faoi alt 57 nó ar dhóigh eile an céile. | |
[EN] | (10) (a) I dteannta na gceart a thugtar leis an alt seo chun a cheangal go ndéanfar leithreasú, féadfaidh an céile marthanach, fad a leanfaidh ceart a thugtar leis an alt seo de bheith infheidhmithe, iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar leithreasú thar ceann an chéile féin agus freisin thar ceann aon naín darb iontaobhaí faoi alt 57 nó ar dhóigh eile an céile. | |
[EN] | (b) Más é tuairim na cúirte, ar aon iarratas den sórt sin a dhéanamh chuici, go mbeadh a athrach, in imthosca speisialta an cháis, ina ábhar cruatain don chéile marthanach, nó don chéile marthanach agus d'aon naíon den sórt sin, féadfaidh sí a ordú go ndéanfar leithreasú chun an chéile gan an íocaíocht airgid dá bhforáiltear i bhfo-alt (9) nó faoi réir íocaíochta de mhéid is réasúnach leis an gcúirt. | |
[EN] | (c) Féadfaidh an chúirt cibé ordú eile a dhéanamh maidir le riaradh eastát an éagaigh is dóigh leis an gcúirt a bheith cóir cothromasach ag féachaint d'fhorálacha an Achta seo agus do na himthosca go léir. | |
[EN] | (d) Ní dhéanfaidh an chúirt ordú faoin bhfo-alt seo maidir le teaghais in aon chás dá luaitear i bhfo-alt (6), mura deimhin leis an gcúirt gurb éadóigh go dtabharfadh an t-ordú laghdhú ar luach sócmhainní an éagaigh, seachas an teaghais, nó gur deacraide iad a dhiúscairt i gcúrsa cuí riaracháin. | |
[EN] | (11) Is i ndlísheomraí a éistfear gach imeacht maidir leis an alt seo. | |
[EN] | (12) Más duine dímheabhrach an céile marthanach agus má tá cúramaí ar eastát an chéile, féadfaidh an cúramaí, le cead na cúirte a cheap an cúramaí, ceanglas nó toiliú faoin alt seo a dhéanamh nó a thabhairt thar ceann an chéile, nó, mura bhfuil cúramaí ann, féadfaidh an Ard-Chúirt nó, i gcás atá faoi dhlínse na Cúirte Cuarda, féadfaidh an Chúirt sin, é a dhéanamh nó a thabhairt. | |
[EN] | (13) Measfar chun críocha dleachta comharbais gur comharbas a gabhadh ón éagach leithreasú lena mbaineann an t-alt seo. | |
[EN] | (14) San alt seo— | |
[EN] | ciallaíonn “teaghais” eastát nó leas i bhfoirgneamh a áitítear mar theaghais ar leithligh nó cuid, a áitítear amhlaidh, d'aon fhoirgneamh, agus folaíonn sé aon ghairdín nó giodán talún a ghabhann leis an teaghais agus a áitítear maille léi de ghnáth nó is gá ar dhóigh eile le haghaidh taitneamhacht nó áisiúlacht na teaghaise; | |
[EN] | ciallaíonn “airnéisí tí” troscán, línéadach, soithí poircealláin, gloine, leabhair agus airnéisí eile, a bhíonn á n-úsáid nó ina n-ornáidí de ghnáth i dteach, agus freisin stórais inchaite, earraí gairdín agus ainmhithe tí, ach ní fholaíonn sé aon áirnéisí a bhí á n-úsáid tráth báis an éagaigh chun críocha gnó nó críocha gairmiúla ná airgead ná urrús ar airgead. | |
[EN] |
Ceapadh iontaobhaithe ar mhaoin naín ag ionadaithe pearsanta. [Nua] |
57. —(1) Má bhíonn naíon i dteideal aon scaire in eastát duine éagtha agus nach mbeidh aon iontaobhaithe i leith na scaire sin ábalta agus toilteanach gníomhú, féadfaidh ionadaithe pearsanta an éagaigh corparáid iontaobhais nó aon bheirt duine nó níos mó (a bhféadfaidh na hionadaithe pearsanta nó aon duine acu nó corparáid iontaobhais a bheith orthu) a cheapadh le bheith ina n-iontaobhaithe i leith na scaire sin don naíon, agus féadfaidh siad cibé forcinntiú a fhorghníomhú nó cibé beart eile a dhéanamh is gá chun an scair a dhílsiú don iontaobhaí a cheapfar amhlaidh. Mura ndéantar ceapachán beidh na hionadaithe pearsanta ina n-iontaobhaithe chun críocha an ailt seo. |
[EN] | (2) Ar cheapachán den sórt sin a dhéanamh beidh na hionadaithe pearsanta, sa cháil sin dóibh, urscaoilte ó gach dliteanas feasta i leith na maoine a dhílseofar do na hiontaobhaithe a cheapfar amhlaidh. | |
[EN] |
Cumhachtaí iontaobhaithe maoine naín. [Nua] 1881, c. 41. |
58. —(1) Féadfar maoin a dhílseofar faoi alt 57 a choinneáil sa riocht nó sa staid infheistíochta ina bhfuil sí nó féadfar í a chomhshó in airgead agus í a infheistiú in aon urrús a n-údaraítear le dlí d'iontaobhaí airgead a infheistiú ann, le cumhacht, de rogha na n-iontaobhaithe, na hinfheistíochtaí sin a mhalartú ar infheistíochtaí eile a údaraítear amhlaidh. |
[EN] | (2) Má thagann naíon i dteideal aon eastáit nó leasa i dtalamh faoi dhíthiomnacht agus dá dhroim sin nach mbeidh aon ionstraim ann faoina dtig nó faoina bhfaightear eastát nó leas an naín, measfar an t-eastát nó an leas sin a bheith ina ábhar socraíochta chun críocha na Settled Land Acts, 1882 to 1890, agus measfar na daoine is iontaobhaithe faoi alt 57 a bheith ina n-iontaobhaithe i leith na socraíochta sin. | |
[EN] | (3) Beidh duine is iontaobhaí aonair faoi alt 57 i dteideal airgead iontaobhais caipitil a fháil. | |
[EN] | (4) Measfar daoine is iontaobhaithe faoi alt 57 a bheith ina n-iontaobhaithe chun críocha ailt 42 agus 43 den Conveyancing Act, 1881. | |
[EN] | (5) Gan dochar d'aon chumhachtaí faoi na hailt sin 42 agus 43, féadfaidh daoine is iontaobhaithe faoi alt 57 caipiteal aon scaire san eastát chun a bhfuil teideal ag an naíon a íoc nó a úsáid, tráth nó tráthanna ar bith, le haghaidh réamhshocrú nó chun tairbhe an naín ar cibé dóigh is cuí leo, dá rogha féin go hiomlán, agus féadfaidh siad, go háirithe, aon ghnó a sheoladh a bhfuil an naíon i dteideal scaire ann. | |
[EN] | (6) Féadfaidh an céile marthanach na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (5) a fheidhmiú freisin mar iontaobhaí aon mhaoine de chuid naín a leithreasófar de réir alt 56. | |
[EN] |
Cumhacht chun maoin a leanúint. [Athlua ar an dlí a bhaineann leis an gceart chun maoin a leanúint; maidir le heastát réadach, féach, 1830 (c. 47), 1839 (c. 60) agus 1848 (c. 87)] |
59. —(1) Aon mhaoin a bheidh tíolactha ag ionadaithe pearsanta do dhuine ar bith (seachas ceannaitheoir), leanfaidh sí, fad a fhanfaidh sí dílsithe don duine sin, nó d'aon duine a bheidh ag éileamh faoi (nach ceannaitheoir é), de bheith faoi dhliteanas chun fiacha an éagaigh agus aon scair san eastát a fhreagairt sa mhéid go raibh sí faoi dhliteanas amhlaidh nuair a dílsíodh sna hionadaithe pearsanta í. |
[EN] | (2) I gcás an mhaoin a dhíol nó a mhorgáistiú ag duine (nach ceannaitheoir) dar tíolacadh í ó na hionadaithe pearsanta, nó ag aon duine a bheidh ag éileamh faoi (nach ceannaitheoir é), leanfaidh an díoltóir nó an morgáisteoir de bheith faoi dhliteanas pearsanta sna fiacha sin, agus in aon scair san eastát sa mhéid go raibh an mhaoin faoi dhliteanas amhlaidh nuair a dílsíodh sna hionadaithe pearsanta í. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag an alt seo cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin a fuair an t-éagach bás. | |
[EN] |
Cumhachtaí chun déileáil le heastát, etc., [Athlua agus soiléiriú ar an dlí a bhaineann le heastát pearsanta, agus eastát réadach a thabhairt faoina réim; maidir le heastát réadach, féach 1859 (c. 35) a. 14 go 18] [1840 (c. 105) a. 61] [1840 (c. 105) a. 62] [Nua] [Fairsingiú ar chumhachtaí a thugtar le 1893 (c. 53) a. 21] |
60. —(1) Féadfaidh ionadaithe pearsanta úinéara éagtha talún, i dteannta aon chumhachtaí eile a thugtar dóibh leis an Acht seo— |
[EN] | (a) cibé léasanna ar an talamh a thabhairt is gá de réir réasúin le haghaidh riarachán cuí eastát an úinéara éagtha; nó | |
[EN] | (b) le toiliú na dtairbhithe, nó le ceadú na cúirte, léasanna ar an talamh a thabhairt ar feadh cibé téarma agus ar cibé coinníollacha is cuí leis na hionadaithe pearsanta; nó | |
[EN] | (c) fodheontas feofheirme i leith na talún, nó foléas air le frithdhílse ainmniúil, a thabhairt, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis na hionadaithe pearsanta, i gcás inarb ionann agus díol go bunúsach an fodheontas feofheirme nó an foléas sin agus inar dheimhnigh na hionadaithe pearsanta dóibh féin gurb é an modh is oiriúnaí é chun an talamh a dhiúscairt i gcúrsa riaracháin an eastáit; | |
[EN] | agus, má dhéanann ionadaithe pearsanta aon talamh a dheonú nó a léasú de bhun aon chumhachta a thugtar dóibh leis an bhfo-alt seo, féadfaidh siad aon chíos a forcoimeádadh ar an deontas sin, nó aon fhrithdhílse a bheidh feifeach ar fhoirceannadh aon léasa den sórt sin, a dhíol. | |
[EN] | (2) Beidh ceart na n-ionadaithe pearsanta chun seilbh a fháil ar aon áitreabh a d'fhorléas siad, de bhun na cumhachta a thugtar le mír (a) d'fho-alt (1), infheidhmithe d'ainneoin aon ní contrártha dó sin san Acht Srianta Cíosa, 1960 . | |
[EN] | (3) Féadfaidh ionadaithe pearsanta duine éagtha airgead a chruinniú ó am go ham trí mhorgáiste nó muirear chun íoc as caiteachais, fiacha agus dliteanais, agus as aon cheart dlíthiúil agus, le ceadú na dtairbhithe go léir atá sui juris nó na cúirte (agus ar an dóigh sin amháin), as tógáil, deisiú, feabhsú nó críochnú foirgneamh, nó feabhsú tailte is cuid d'eastát an éagaigh. | |
[EN] | (4) Ní dhéanfaidh an t-alt seo dochar ná difear d'aon chumhacht ná dualgas de chuid ionadaithe pearsanta chun aon doiciméad a fhorghníomhú nó aon ghníomh nó ní eile a dhéanamh chun aon idirbheart a chríochnú a ndeachaigh duine éagtha ann roimh a bhás. | |
[EN] | (5) Féadfaidh ionadaithe pearsanta duine éagtha tochsal a dhéanamh ar thalamh le haghaidh riaráistí cíosa a bhí dlite nó faibhrithe don éagach ar an dóigh chéanna ina bhféadfadh an t-éagach é a dhéanamh dá mba bheo dó. | |
[EN] | (6) Féadfar tochsal a dhéanamh le haghaidh na riaráistí sin tar éis foirceannadh an léasa nó na tionóntachta ionann is nach mbeadh an téarma nó an leas foirceanta, má dhéantar an tochsal— | |
[EN] | (a) laistigh de shé mhí tar éis foirceannadh an léasa nó na tionóntachta; | |
[EN] | (b) le linn seilbh an léasaí nó an tionónta a raibh na riaráistí dlite uaidh a bheith ar leanúint. | |
[EN] | Baineann na hachtacháin maidir le tochsal i leith cíosa le haon tochsal a dhéanfar de bhun an fho-ailt seo. | |
[EN] | (7) Féadfaidh na hionadaithe pearsanta tochsal a dhéanamh le haghaidh riaráistí cíosmhuirir a bhí dlite nó faibhrithe don éagach le linn a bheo ar an talamh ar ar luigh sé nó ar ar muirearaíodh é, fad a fhanfaidh an talamh i seilbh an duine a dhlífidh an cíosmhuirear a íoc nó i seilbh na ndaoine a ghabhann teideal uaidh, agus ar an dóigh chéanna ina bhféadfadh an t-éagach é a dhéanamh dá mba bheo dó. | |
[EN] | (8) Féadfaidh ionadaithe pearsanta duine éagtha— | |
[EN] | (a) glacadh le haon mhaoin roimh an am a bheidh sí inaistrithe nó iníoctha; | |
[EN] | (b) aon fhiach nó éileamh a íoc nó a cheadú ar aon fhianaise a mheasfaidh siad de réir réasúin a bheith leordhóthanach; | |
[EN] | (c) glacadh le haon imshocrú nó urrús i leith aon fhéich nó maoine a éileofar; | |
[EN] | (d) tréimhse a lamháil chun aon fhiach a íoc; | |
[EN] | (e) aon fhiach, cuntas, díospóid, éileamh nó ní eile maidir le heastát an éagaigh a chomhréiteach, a imshocrú, a thréigean, a chur faoi eadráin, nó a shocrú ar dhóigh eile; | |
[EN] | (f) téarmaí réasúnacha luach saothair a shocrú agus a cheapadh d'aon chorparáid iontaobhais a cheapfaidh siad faoi alt 57 chun gníomhú mar iontaobhaí i leith aon mhaoine agus a údarú don chorparáid iontaobhais sin an luach saothair sin a mhuirearú agus a choinneáil as an maoin sin, | |
[EN] | agus chun aon chríche acu sin féadfaidh siad cibé comhaontuithe nó comhshocruithe a dhéanamh agus cibé doiciméid a fhorghníomhú is dóigh leo is fóirsteanach, gan bheith freagrach go pearsanta in aon chaillteanas a tharlóidh de dhroim aon ghnímh nó ní a dhéanfaidh siad amhlaidh de mheon macánta. | |
[EN] | (9) Ní dhéanfaidh an t-alt seo dochar ná difear d'aon chumhachtaí a tugadh le huacht d'ionadaithe pearsanta, agus déanfar na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo d'ionadaithe pearsanta duine éagtha a fuair bás ina thiomnóir a fheidhmiú faoi réir aon fhorálacha ina uacht maidir le diúscairt a eastáit. | |
[EN] | (10) Beidh feidhm ag an alt seo cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin a fuair an t-éagach bás. | |
[EN] |
Ceannaitheoirí ó ionadaithe pearsanta. [Athlua ar an dlí atá ann: maidir le heastát réadach, féach 1859 (c. 35) a. 17] |
61. —Beidh ceannaitheoir ó ionadaithe pearsanta i dteideal a ghlacadh ina áirithe go bhfuil na hionadaithe pearsanta ag gníomhú i gceart agus faoi réim a gcumhachtaí. |
[EN] |
An tréimhse don dáileadh. [1695 (c. 6) a. 4] |
62. —(1) Déanfaidh ionadaithe pearsanta duine éagtha a eastát a dháileadh chomh luath i ndiaidh a bháis agus is féidir de réir réasúin ag féachaint do nádúr an eastáit, don dóigh ina gceanglaítear é a dháileadh agus do na himthosca eile go léir is iomchuí, ach ní dhéanfar imeachtaí in aghaidh na n-ionadaithe pearsanta mar gheall ar a mainneachtain sa dáileadh a thionscnamh, gan cead na cúirte, sula mbeidh bliain caite ó dháta báis an éagaigh. |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar ná difear do chearta creidiúnaithe duine éagtha chun imeachtaí a thionscnamh in aghaidh a ionadaithe pearsanta sula mbeidh bliain caite ó dháta a bháis. | |
[EN] |
Réamhshocruithe do leanaí a thabhairt i gcuntas. [Nua] |
63. —(1) Aon réamhshocrú a dhéanfar do leanbh le duine éagtha le linn a bheo, measfar, faoi réir aon intinne contrártha dó sin a bheidh sainráite nó is léir ó imthosca an cháis, é a bheith arna dhéanamh amhlaidh mar shásamh, nó i leith sásaimh, ar scair an linbh sin in eastát an éagaigh nó ar an scair a thógfadh an leanbh sin dá mba bheo dó ar bhás an éagaigh, agus amhail idir na leanaí tabharfar chun cuntais é i ndáileadh an eastáit. |
[EN] | (2) Déanfar, chun críocha an ailt seo amháin, an réamhshocrú a áireamh mar chuid d'eastát an éagaigh agus a luach a ríomh amhail ar dháta an réamhshocraithe. | |
[EN] | (3) Má tá an réamhshocrú comhionann leis an scair, nó níos mó ná an scair, atá an leanbh i dteideal a fháil faoin uacht nó faoi dhíthiomnacht, eisiafar an leanbh nó sliocht an linbh ó aon scair den sórt sin san eastát. | |
[EN] | (4) Má tá an réamhshocrú níos lú ná an scair sin, ní bheidh an leanbh nó sliocht an linbh i dteideal a fháil mar shásamh ar an scair sin ach an méid den eastát a bheidh, ar é a chur leis an réamhshocrú, leordhóthanach, chomh gar dó agus is féidir a mheas, chun lánmhéid na scaire sin a dhéanamh suas. | |
[EN] | (5) Is ar an duine a déarfaidh go ndearnadh réamhshocrú do leanbh a bheidh dualgas a chruthaithe sin, mura bhfuil an réamhshocrú sainráite i scríbhinn ag an éagach. | |
[EN] | (6) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “réamhshocrú” bronntanas le hintinn buansoláthar a dhéanamh do leanbh agus folaíonn sé réamhshocrú i modh clannchoda nó socraíochta, lena n-áirítear aon leas saoil nó leas is lú ná sin agus lena n-áirítear maoin ar cúnantaíodh í a íoc nó í a shocrú. Folaíonn sé freisin réamhshocrú nó clannchuid chun leanbh a bhunú i ngairm, i gceird nó i ngnó, coibhche agus íocaíochtaí a rinneadh chun oideachas a thabhairt do leanbh de chaighdeán is airde ná mar a sholáthraigh an t-éagach d'aon leanbh nó leanaí eile leis. | |
[EN] | (7) Chun críocha un ailt seo, féadfaidh ionadaithe pearsanta luachálaí cuí-cháilithe a fhostú. | |
[EN] | (8) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar leanbh an réamhshocrú a choinneáil agus a cheart chun scair faoin uacht nó faoi dhíthiomnacht a thréigean. | |
[EN] | (9) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'aon riail dlí maidir le fiacha clannchoda a shásamh le leagáidí. | |
[EN] | (10) San alt seo folaíonn “leanbh” duine a raibh an t-éagach in loco parentis dó. | |
[EN] |
Dualgas ionadaithe pearsanta maidir le fardal. [1357 (st. 1. c. 11); 1587 (c. 18); 1695 (c. 6) a. 1] |
64. —Arna iarraidh orthu go dleathach é sin a dhéanamh, tabhairfaidh ionadaithe pearsanta duine éagtba faoi mhionn sa chúirt fardal agus cuntas fíor iomlán ar eastát an éagaigh, agus beidh cumhacht ag an gcúirt a chur de cheangal ar ionadaithe pearsanta fardail a thabhairt isteach. |
[EN] |
Riarachán thar ceann an Stáit. [1884 (c. 71) a. 2, 3] [Nua] |
65. —(1) I gcás riarachán eastáit a dheonú chun úsáide nó tairbhe an Stáit (cibé acu don Phríomh-Aturnae Stáit, d'Aturnae an Ard-Aighne nó do dhuine ar bith eile é), beidh aon imeachtaí dlíthiúla ag an riarthóir nó ina choinne chun an t-eastát nó aon scair de a ghnóthú ina n-imeachtaí den chineál céanna, agus tionscnófar agus seolfar iad ar an dóigh chéanna, agus beidh siad faoi réir na rialacha céanna dlí agus cothromais go huile agus go hiomlán, agus dá mb'amhlaidh a tugadh an deontas don riarthóir mar dhuine a bhí i dteideal tairbhiúil chun scaire san eastát. |
[EN] | (2) Ní dhéanfar imeachtaí thar ceann ná i gcoinne an Stáit i leith eastáit duine éagtha nó aon scaire de nó aon éilimh air a thionscnamh ach amháin faoi réir na rialacha céanna dlí agus cothromais ina mbeadh agus faoina mbeadh imeachtaí chun na gcríocha céanna intionscanta ag pearsa phríobháideach nó ina choinne. | |
[EN] | (3) I gcás ina mbeidh an Príomh-Aturnae Stáit de thuras na huaire ina riarthóir ar eastát chun úsáide nó tairbhe an Stáit, scoirfidh sé de bheith ina riarthóir ar é a scor de bheith i seilbh oifige agus tiocfaidh a chomharba oifige chun bheith ina riarthóir ina ionad gan athdheontas. |