|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VII Uachtanna) | Ar Aghaidh (CUID IX Ceart Dlíthiúil Chéile an Tiomnóra agus Soláthar do Leanaí.) |
AN tACHT COMHARBAIS, 1965
[EN] | ||
[EN] |
CUID VIII Neamhréireacht Dlíthe maidir le Diúscairtí Tiomnacha | |
[EN] |
“Diúscairt thiomnach.” |
101. —Sa Chuid seo, ciallaíonn “diúscairt thiomnach” aon uacht nó aon ionstraim thiomnach nó aon ghníomh tiomnach eile. |
[EN] |
Bailíocht ó thaobh foirme. [Coinbhinsúin an Hág, Airt. 1, 2. Maidir leis an dlí atá ann, féach 1861 (c. 114) a. 1, 2] |
102. —(1) Beidh diúscairt thiomnach bailí ó thaobh foirme má chomhlíonann a foirm dlí intíre— |
[EN] | (a) na háite ina ndearna an tiomnóir í, nó | |
[EN] | (b) náisiúntachta a bhí ag an tiomnóir, an tráth a rinne sé an diúscairt, nó tráth a bháis, nó | |
[EN] | (c) áite ina raibh sainchónaí ar an tiomnóir an tráth a rinne sé an diúscairt, nó tráth a bháis, nó | |
[EN] | (d) na háite ina raibh gnáthchónaí ar an tiomnóir an tráth a rinne sé an diúscairt, nó tráth a bháis, nó | |
[EN] | (e) chomh fada is a bhaineann le hairnéisí dochorraithe, na háite a bhfuil suíomh orthu. | |
[EN] | (2) Gan dochar d'fho-alt (1), beidh diúscairt thiomnach a chúlghaireann diúscairt thiomnach roimhe sin bailí freisin ó thaobh foirme má chomhlíonann sí aon cheann de na dlíthe a raibh an diúscairt thiomnach a chúlghairtear bailí de réir a théarmaí, faoin bhfo-alt sin. | |
[EN] | (3) Chun críocha na Coda seo, más córas neamhaontaithe é dlí náisiúnta, déanfar an dlí a bheidh le cur chun feidhme a chinneadh de réir na rialacha atá i bhfeidhm sa chóras sin agus, cheal aon rialacha den sórt sin, de réir na cuinge is dlúithe a bhí ag an tiomnóir le haon cheann áirithe de na dlíthe éagsúla sa chóras sin. | |
[EN] | (4) Nuair a bheifear á chinneadh cé acu a bhí nó nach raibh sainchónaí ar an tiomnóir in áit áirithe, beidh an cinneadh faoi réir dlí na háite sin. | |
[EN] |
Diúscairtí a rinneadh ar bord árthaigh nó acrárthaigh. [Nua] |
103. —Gan dochar d'alt 102, beidh diúscairt thiomnach a rinneadh ar bord árthaigh nó aerárthaigh bailí ó thaobh foirme freisin má chomhlíonann a foirm dlí intíre na háite arb inmheasta an chuing is dlúithe a bheith ag an árthach nó ag an aerárthach leis, ag féachaint dá clárú (más ann) agus d'aon imthosca iomchuí eile. |
[EN] |
Feidhmiú cumhachta ceapacháin. [Nua] |
104. —(1) Gan dochar d'alt 102, beidh diúscairt thiomnach bailí ó thaobh foirme freisin sa mhéid go bhfeidhmíonn sí cumhacht cheapacháin, má chomhlíonann a foirm an dlí a bhaineann le bailíocht eisintiúil na cumhachta. |
[EN] | (2) Ní dhéanfar diúscairt thiomnach, sa mhéid go bhfeidhmíonn sí cumhacht cheapacháin, a áireamh mar dhiúscairt atá neamhbhailí ó thaobh foirme de bhíthin amháin nach bhfuil a foirm de réir aon cheanglas foirmiúil san ionstraim a bhunaigh an chumhacht. | |
[EN] |
Comhdhiúscairtí. [Coinbhinsiún an Hág, Airt. 4] |
105. —Bainfidh an Chuid seo freisin le foirm dhiúscairtí tiomnacha a dhéanfaidh beirt duine nó níos mó san aon doiciméad amháin. |
[EN] |
Éifeacht sriantachtaí ar inniúlacht. [Coinbhinsiún an Hág, Airt. 5] |
106. —(1) Chun críocha na Coda seo, measfar baint le cúrsaí foirme a bheith ag aon fhoráil dlí a chuireann teorainn le foirmeacha ceadaithe diúscairtí tiomnacha faoi thagairt d'aois, do náisiúntacht nó do dhálaí pearsanta eile an tiomnóra. |
[EN] | (2) Bainfidh an riail chéanna leis na cáilíochtaí nach foláir a bheith ag finnéithe atá riachtanach chun diúscairt thiomnach a bheith bailí agus le forálacha alt 82. | |
[EN] |
Forléiriú ar dhiúscairt thiomnach, [1861 (c. 114) a. 3] [Nua] |
107. —(1) Ní athrófar an forléiriú ar dhiúscairt thiomnach mar gheall ar aon athrú ar shainchónaí an tiomnóra tar éis an diúscairt a dhéanamh. |
[EN] | (2) Nuair a bheifear á chinneadh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann diúscairt thiomnach dlí áirithe, féachfar do cheanglais an dlí sin an tráth a rinneadh an diúscairt, ach ní chuirfidh sin cosc le haird a thabhairt ar athrú dlí a mbeidh éifeacht aige ar dhiúscairtí tiomnacha a rinneadh an tráth sin má thugann an t-athrú gur féidir an diúscairt a áireamh mar dhiúscairt bhailí. | |
[EN] |
An éifeacht a bheidh le diúscairt thiomnach faoi Chuid VII. [Nua] |
108. —Aon diúscairt thiomnach a bheidh, faoin gCuid seo, bailí ó thaobh foirme, is ionann éifeacht di agus da mba uacht í a forghníomhaíodh de réir Chuid VII. |