8 1966


Uimhir 8 de 1966.


AN tACHT UM AISTRIÚ AN BHAINC NÁISIÚNTA, 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ URASÚ DO BHANC NÁISIÚNTA NA hÉIREANN TEORANTA CUID DE GHNÓTHAS AN BHAINC NÁISIÚNTA TEORANTA A CHEANNACH. [9 Márta, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :—

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an t-aistreoir” An Banc Náisiúnta Teoranta, cuideachta a corpraíodh i Sasana agus a bhfuil a hoifig chláraithe aici i 13-17 Old Broad Street i gcathair Londan;

ciallaíonn “an t-aistrí” Banc Náisiúnta na hÉireann Teoranta, cuideachta a corpraíodh sa Stát agus a bhfuil a hoifig chláraithe aici i 34, Faiche an Choláiste i gCathair Bhaile Átha Cliath ;

ciallaíonn “an Comhaontú um Aistriú” an Comhaontú dar dáta an 20 Eanáir, 1966, a rinneadh idir an t-aistreoir agus an t-aistrí chun go ndíolfadh an t-aistreoir leis an aistrí an gnó de chuid an aistreora atá á sheoladh sa Stát agus i dTuaisceart Éireann;

ciallaíonn “an dáta aistrithe” an dáta a shonraítear sa Chomhaontú um Aistriú mar dháta críochnaithe an díola sin ;

folaíonn “custaiméir” aon duine ag a bhfuil cuntas bainc nó déileáil, idirbheart nó comhshocraíocht eile leis an aistreoir nó leis an aistrí (cibé acu é) i gcúrsa a ghnó baincéireachta;

folaíonn “urrús” morgáiste (cibé acu dlíthiúil nó cothromasach é), muirear, bintiúr, bille malairte, nóta gealltanais, ráthaíocht, lian, geall nó modh eile chun a urrú go n-íocfar fiach cibé acu láithreach nó todhchaí é, nó go gcomhlíonfar oibleagáid nó dliteanas cibé acu iarbhír nó teagmhasach é.

Cuntais a aistriú.

2. —Déanfar aon chuntas idir an t-aistreoir agus custaiméir in aon oifig nó brainse de chuid an aistreora sa Stát a aistriú, nó measfar é a aistriú, chun an aistrí ar an dáta aistrithe agus tiocfaidh sé amhail ar an dáta sin agus uaidh chun bheith ina chuntas idir an t-aistrí agus an custaiméir sin leis na cearta céanna agus faoi réir na n-oibleagáidí agus na dteagmhas céanna (lena n-áirítear cearta fritháirimh) a bheadh infheidhme ina leith dá maireadh an cuntas sin idir an t-aistreoir agus an custaiméir agus ar dhóigh go leanfaidh aon treoir, ordachán, sainordú nó údarás a thug an custaiméir sin maidir leis an gcuntas sin nó aon oibleagáid faoina ndeachaigh an t-aistreoir maidir le custaiméir agus a bheidh ar marthain ar an dáta sin d'fheidhm agus éifeacht a bheith aige maidir leis an gcuntas sin tar éis a aistrithe chun an aistrí mar atá ráite, agus aon airgead a bheidh dlite ar an gcuntas sin ón gcustaiméir don aistreoir ar an dáta sin tiocfaidh sé chun bheith dlite ón gcustaiméir don aistrí agus iníoctha aige leis an aistrí in ionad an aistreora agus aon airgead a bheidh dlite ar an gcuntas sin ón aistreoir don chustaiméir ar an dáta sin tiocfaidh sé chun bheith dlite don chustaiméair ón aistrí agus iníoctha leis ag an aistrí, in ionad an aistreora.

Urrúis a aistriú.

3. —Aon urrús atá ar teachtadh ag an aistreoir mar urrús go n-íocfar fiacha nó dliteanais (cibé acu láithreach nó todhchaí, iarbhír nó teagmhasach iad) chustaiméara in aon oifig nó brainse de chuid an aistreora sa Stát, aistreofar é, nó measfar é a aistriú, ar an dáta aistrithe agus beidh sé ar teachtadh ag an aistrí agus ar fáil dó mar urrús go n-íocfar na fiacha agus na dliteanas sin leis an aistrí; agus má bhíonn ar áireamh sna suimeanna airgid a urraítear le hurrús den sórt sin airleacain thodhchaí chun custaiméara nó dliteanais thodhchaí air, beidh an t-urrús sin amhail ón dáta sin ar teachtadh ag an aistrí agus ar fáil dó mar urrús ar airleacain thodhchaí chun an chustaiméara sin ón aistrí agus ar dhliteanais thodhchaí air ag an aistrí sa mhéid chéanna go raibh airleacain thodhchaí ón aistreoir nó dliteanais thodhchaí dó urraithe leis an urrús sin díreach roimh an dáta sin.

Cearta agus oibleagáidí maidir le hurrúis aistrithe.

6 Anne, c. 2 (Ir.)

1963, Uimh. 33 .

4. —Maidir le haon urrús a aistreofar, nó a measfar é a aistriú, chuige de réir nó de bhua forálacha alt 3 den Acht seo agus maidir leis na suimeanna airgid a urraítear leis an urrús sin de réir na bhforálacha sin, beidh an t-aistrí i dteideal na gceart agus na dtosaíochtaí céanna agus faoi réir na n-oibleagáidí agus na dteagmhas céanna a mbeadh an t-aistreoir ina dteideal agus faoina réir dá bhfanadh an céanna ar teachtadh ag an ais treoir agus ar dhóigh go mbeidh éifeacht ina leith ag na forálacha seo a leanas—

(a) ní gá an t-aistriú a dhéanfar nó a measfar é a dhéanamh le halt 3 den Acht seo ar aon urrús den sórt sin a chlárú faoi réim nó de bhun an Achta um Chlárú Gníomhas, 1707, an reachta Éireannaigh réamh-Aontachta 33 Geo. 2, c. 14 (Ir.), na nAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, nó alt 99 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , ach oibreoidh sé chun críocha na nAchtanna sin ionann is dá mb'amhlaidh a rinneadh é le gníomhas a cláraíodh go cuí ar an dáta aistrithe faoi réim nó de bhun cibé Acht acu sin ab infheidhme ina leith;

(b) sa chás ina ndéanann alt 3 den Acht seo leathnú ar aon urrús den sórt sin nó maidir leis ionas go bhfolóidh sé airleacain thodhchaí ón aistrí nó dliteanais thodhchaí dó, ní gá an leathnú sin a chlárú faoi réim nó de bhun an Achta um Chlárú Gníomhas, 1707, na Bills of Sale (Ireland) Acts, 1879 and 1883, na nAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, nó alt 99 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , ach oibreoidh sé chun críocha an Achta seo ionann is dá mb'amhlaidh a rinneadh é le gníomhas a cláraíodh go cuí ar an dáta aistrithe faoi réim nó de bhun cibé Acht acu sin ab infheidhme ina leith.

Aistriú i gcás maoine a theachtar ar earbadh.

5. —Déanfar coimeád aon doiciméid, earraí nó maoine eile atá ar teachtadh ag an aistreoir mar earbaí d'aon duine eile in aon oifig nó brainse de chuid an aistreora sa Stát a aistriú, nó measfar é a aistriú, chun an aistrí ar an dáta aistrithe, agus déanfar cearta agus oibleagáidí an aistreora faoi aon chonradh earbachta a bhaineann leis an doiciméad nó leis na hearraí nó leis an maoin sin a aistriú, nó measfar iad a aistriú, ar an dáta sin chun an aistrí.

Oifigigh, cléirigh agus seirbhísigh a aistriú.

6. —Déanfar aon oifigeach (seachas stiúrthóir nó iniúchóir), cléireach nó seirbhíseach i seirbhís nó i bhfostaíocht an aistreora sa Stát a aistriú ar an dáta aistrithe ó sheirbhís nó fostaíocht an aistreora chun seirbhís an aistrí agus tiocfaidh sé ar an dáta sin chun bheith ina oifigeach, ina chléireach nó ina sheirbhíseach (cibé acu é) ag an aistrí leis na cearta céanna agus faoi réir na n-oibleagáidí agus na dteagmhas céanna i leith na seirbhíse nó na fostaíochta sin a bheadh aige nó a mbeadh sé faoina réir mar oifigeach, cléireach nó seirbhíseach ag an aistreoir agus gach oifigeach, cléireach nó seirbhíseach den sórt réamhráite is comhalta de Chistí Pinsean an aistreora d'Fhir nó do Mhná agus gach oifigeach, cléireach nó seirbhíseach a bhí ar fostú roimhe seo ag an aistreoir sa Stát agus is comhalta de cheachtar Ciste Pinsean acu sin tiocfaidh sé ar an dáta aistrithe chun bheith ina chomhalta de Chiste Pinsean Bhanc Náisiúnta na hÉireann d'Fhir nó de Chiste Pinsean Bhanc Náisiúnta na hÉireann do Mhná:

Ar choinníoll go ndéanfar, chun an ceart ar shochair phinsin nó aoisliúntais a fhionnadh agus a ríomh, seirbhís nó fostaíocht faoin aistreoir a chur san áireamh ionann is dá mba sheirbhís nó fostaíocht faoin aistrí í, ach ní thabharfaidh an t-aistriú seirbhíse nó fostaíochta ón aistreoir chun an aistrí, uaidh féin, ábhar éilimh ar bith ar shochair phinsin nó aoisliúntais.

Díolúintí ó dhleacht stampa.

1895, c. 16.

7. —(1) Ní bhainfidh alt 12 den Finance Act, 1895, le dílsiú aon mhaoine de chuid an aistreora don aistrí de bhua an Achta seo.

(2) Ní ghearrfar dleacht stampa agus measfar nach raibh sé inghearrtha riamh ar an gComhaontú um Aistriú.

(3) Ní ghearrfar dleacht stampa ar aon ionstraim a fhorghníomhófar chun na haistrithe a fhorlíonadh a dhéantar nó a meastar iad a dhéanamh le hailt 2 agus 3 den Acht seo.

Forálacha reachtúla áirithe a oiriúnú.

1879, c. 11.

1959, Uimh. 21 .

1893, c. 53.

1958, Uimh. 8 .

1942 Uimh. 22.

1954, Uimh. 30 .

1956, Uimh. 22 .

1965, Uimh. 11 .

8. —(1) Sna forálacha reachtúla éagsúla lena mbaineann an t-alt seo agus le héifeacht amhail ar an dáta aistrithe agus uaidh, déanfar tagairtí don Bhanc Náisiúnta Teoranta a scriosadh agus tagairtí do Bhanc Náisiúnta na hÉireann Teoranta, a chur ina n-ionad.

(2) Baineann an t-alt seo—

(a) le halt 9 (1) (a) den Banker's Books Evidence Act, 1879, arna leasú le halt 2 den Acht um Fhianaise Leabhar Baincéirí (Leasú), 1959 ;

(b) le halt 1 (j) (v) den Trustee Act, 1893, arna leasú le halt 1 den Acht Iontaobhaithe (Infheistíochtaí Udaraithe), 1958 ;

(c) leis an dara colún den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht an Bhainc Ceannais, 1942;

(d) leis an gCéad agus an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Rialú Iomlaoide, 1954 ;

(e) le halt 3 (4) den Acht Airgeadais, 1956 ;

(f) le halt 5 (2) den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1965 .

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

9. —(1) Féadfar an tAcht um Aistriú an Bhainc Náisiúnta, 1966 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.