|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 9 de 1966. | ||
[EN] |
ACHT NA bPAITINNÍ (LEASÚ), 1966 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ ACHT NA bPAITINNÍ, 1964 . [15 Márta, 1966.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na bPaitinní, 1964 . |
1. —Déantar leis seo an Dara Sceideal (ina bhfuil forálacha idirlinne) a ghabhann le hAcht na bPaitinní, 1964 , a leasú tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 4: |
[EN] | “4A. I gcás ina ndearnadh, maidir le paitinn, sonraíocht iomlán a ghlacadh roimh thosach feidhme an Achta seo, leanfaidh an coinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 55 d'Acht 1927 d'fheidhm a bheith aige maidir le caingean mar gheall ar an bpaitinn a shárú, d'ainneoin an t-alt sin a aisghairm leis an Acht seo.” | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar Acht na bPaitinní (Leasú), 1966 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar Achtanna na bPaitinní, 1964 agus 1966, a ghairm d'Acht na bPaitinní, 1964 , agus den Acht seo le chéile. |