13 1966


Uimhir 13 de 1966.


AN tACHT LEICTREACHAIS (FORÁLACHA SPEISIALTA), 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ, AR FEADH TRÉIMHSÍ SPEISIALTA ÁIRITHE, LE hAGHAIDH RÁTAÍ LUACH SAOTHAIR AGUS COINNÍOLLACHA FOSTAÍOCHTA DAOINE ATÁ AR FOSTÚ AG BORD SOLÁTHAIR AN LEICTREACHAIS, DO CHUR TOIRMISC AR STAILCEANNA ÁIRITHE IN AGHAIDH AN BHOIRD SIN A D'FHÉADFADH TARLÚ I RITH NA dTRÉIMHSÍ SIN, DO CHUR TOIRMISC AR PHICÉADÚ I nDÁIL LEIS NA STAILCEANNA SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE GAOLMHARA ÁIRITHE. [9 Meitheamh, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Tosach feidhme agus scor.

1. —(1) Ní thiocfaidh an tAcht seo i ngníomh, ná ní bheidh sé i ngníomh, ach amháin mar a fhoráiltear agus an tráth agus an fad a fhoráiltear leis na fo-ailt ina dhiaidh seo den alt seo.

(2) Aon uair agus a mhinice is deimhin leis an Rialtas go bhfuil, de dheasca aighnis thrádála, soláthairtí leictreachais go mór ar míchor nó go bhfuil gar-chontúirt ann míchor den sórt sin tarlú, féadfaidh an Rialtas le hordú a dhearbhú gur deimhin leo mar a dúradh agus lá a cheapadh a thiocfaidh an tAcht seo i ngníomh.

(3) Aon uair agus a mhinice a dhéanfaidh an Rialtas ordú faoi fho-alt (2) den alt seo, tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lá a cheapfar chuige sin leis an ordú.

(4) Aon uair agus a mhinice is deimhin leis an Rialtas, tráth a bheidh ordú faoi fho-alt (2) den alt seo i ngníomh, gur ceart go scoirfeadh an tAcht seo de bheith i ngníomh, féadfaidh an Rialtas le hordú an t-ordú faoin bhfo-alt sin (2) a chúlghairm agus air sin scoirfidh an tAcht seo láithreach de bheith i ngníomh.

(5) Má tharlaíonn aon tráth, nuair a dhéanfar ordú faoi fho-alt (2) den alt seo, go mbeidh an tOireachtas nó ceachtar Teach de ar athló go dtí lá agus uair a chloig níos faide ná seacht lá tar éis an t-ordú a dhéanamh, beidh an t-ordú sainráite agus oibreoidh sé chun an tOireachtas nó an Teach sin de, de réir mar a bheidh, a chomóradh le hationól uair a chloig caothúil a shonrófar san ordú lá caothúil a shonrófar san ordú agus nach giorra ná trí lá agus nach faide ná cúig lá tar éis an t-ordú a dhéanamh, agus i ngach cás den sórt sin ationólfaidh an tOireachtas nó an Teach sin de, de réir mar a bheidh, an lá agus an uair a chloig a shonrófar amhlaidh ionann is dá mba go dtí an lá sin agus an uair a chloig sin a bhí sé ar athló.

(6) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Léiriú.

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais;

ciallaíonn “stailc lena mbaineann an tAcht seo”—

scor d'obair don Bhord ag comhlacht daoine i bhfostaíocht faoin mBord ag gníomhú dóibh i gcomhar, nó comhdhiúltú, nó diúltú de thoil a chéile, ag aon uimhir áirithe daoine, leanúint ag obair don Bhord, is scor nó diúltú i dtaca le héileamh—

(a) ar luach saothair d'aon duine i bhfostaíocht faoin mBord de réir ráta seachas an ráta iomchuí dá bhforáiltear maidir leis an duine sin faoi alt 3 den Acht seo, nó

(b) go gcuirfeadh an Bord chun feidhme maidir le haon duine den sórt sin coinníollacha fostaíochta seachas na coinníollacha iomchuí dá bhforáiltear maidir leis an duine sin faoin alt sin;

tá le “ceardchumann” an bhrí chéanna atá leis sna hAchta Ceardchumann, 1871 go 1952.

Luach saothair agus coinníollacha fostaíochta daoine i bhfostaíocht faoin mBord.

1942, Uimh. 17 .

1949, Uimh. 12 .

3. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, is iad rátaí luach saothair agus coinníollacha fostaíochta daoine i bhfostaíocht faoin mBord iad sin a bheidh ann díreach roimh an lá a cheapfar le haghaidh tosach feidhme an Achta seo le hordú faoi alt 1 (2) den Acht seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(2) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo athrú a dhéanamh ar aon rátaí nó coinníollacha dá dtagraítear san fho-alt sin de dhroim cinneadh ag an mbinse a bunaíodh faoi alt 9 d'Acht Bhord Soláthair an Leictreachais (Aois-liúntas), 1942 , nó ag an mbinse a bunaíodh faoi alt 3 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1949 , nó moladh ón gCúirt Oibreachais nó cinneadh ag eadránaí faoi alt 4 den Acht seo.

(3) Ní dleathach don Bhord luach saothair a thabhairt d'aon duine ar fostaíocht faoi de réir ráta seachas an ráta iomchuí dá bhforáiltear faoi fho-ailt (1) agus (2) den alt seo maidir leis an duine sin ná aon choinníollacha fostaíochta a chur chun feidhme maidir leis an duine sin seachas na coinníollacha iomchuí dá bhforáiltear faoi na fo-ailt sin maidir leis an duine sin.

Díospóidí áirithe a chur faoi bhráid na Cúirte Oibreachais nó a chur chun eadrána.

1942, Uimh. 17 .

1949, Uimh. 12 .

1946, Uimh. 26 .

4. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 11 d'Acht Bhord Soláthair an Leictreachais (Aois-liúntas), 1942 , in alt 5 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1949 , nó in alt 67 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946 , déanfar díospóid a shonraítear san alt sin 11 nó san alt sin 5 a chur faoi bhráid na Cúirte Oibreachais más rogha leis an bpáirtí nó leis na páirtithe sa díospóid (seachas an Bord) é.

(2) D'ainneoin aon ní san alt sin 11, san alt sin 5 nó san alt sin 67, déanfar díospóid a shonraítear san alt sin 11 nó san alt sin 5, má iarrann an Bord nó an páirtí nó na páirtithe eile sa díospóid é, a chur faoi bhráid, agus a chinneadh trí eadráin, duine a cheapfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála.

(3) Nuair a chuirfear díospóid faoi bhráid na Cúirte Oibreachais faoin alt seo, fiosróidh an Chúirt Oibreachais an díospóid.

Toirmeasc ar stailceanna lena mbaineann an tAcht seo.

1871, c. 31.

5. —(1) Ní dleathach agus is éagóir inchaingne ag aon duine stailc lena mbaineann an tAcht seo a thionscnamh, páirt a ghlacadh inti nó cabhrú léi.

(2) Déantar leis seo alt 9 den Trade Union Act, 1871, a leathnú ionas go bhféadfar iontaobhaí dá dtagraítear ann a agairt de réir an ailt sin i gcás aon éagóir inchaingne a shonraítear san fho-alt sin roimhe seo a dhéanamh ag an gceardchumann nó thar ceann an cheardchumainn.

Toirmeasc ar phicéadú áirithe.

6. —Ní dleathach do dhuine, go héagórach agus gan údarás dlíthiúil agus é ag beartú nó ag neartú stailce lena mbaineann an tAcht seo, faire ná imdhruideadh a dhéanamh ar an teach nó ar áit eile ina gcónaíonn nó ina n-oibríonn aon duine nó ina seolann sé gnó nó ina dtarlaíonn dó a bheith ná ar an mbealach chun an tí nó na háite sin d'fhonn iallach a chur ar an duine sin nó a aslú air staonadh ó aon ghníomh a dhéanamh nó aon ghníomh a dhéanamh a bhfuil de cheart dlithiúil ag an duine sin é a dhéanamh nó staonadh ó é a dhéanamh.

Srian le húsáid cistí ceardchumainn.

7. —(1) Ní fhéadfar cistí ceardchumainn a úsáid ag neartú nó ag tacú le stailc lena mbaineann an tAcht seo.

(2) Gan dochar do cheart aon duine ag a mbeidh leas dóthanach san fhaoiseamh a bheifear a lorg agra a dhéanamh nó iarratas a dhéanamh ar urghaire do shrianadh cistí ceardchumainn a úsáid contrártha don fho-alt sin roimhe seo, féadfar urghaire do shrianadh cistí ceardchumainn a úsáid contrártha don fho-alt sin a dheonú ar agra an Ard-Aighne.

Feidhm forálacha áirithe den Trade Disputes Act, 1906, a eisiamh.

1906, c. 47.

8. —Ní bhainfidh forálacha ailt 1, 3 agus 4 den Trade Disputes Act, 1906, ná forálacha fho-alt (1) d'alt 2 den Acht sin le gníomh a dhéanfaidh aon duine ag beartú nó ag neartú stailce lena mbaineann an tAcht seo.

Cionta, ionchúisimh agus pionóis.

9. —(1) Gach duine a dhéanfaidh sárú (trí ghníomh nó neamhghníomh) nó a fhéachfaidh le sárú a dhéanamh ar aon fhoráil den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

(2) Gach duine a chabhróidh nó a neartóidh, nó a dhéanfaidh comhcheilg, le haon duine eile, nó a thabharfaidh cúnamh nó comhairle do dhuine eile chun cion faoin Acht seo, nó a thabharfaidh ar dhuine eile cion faoin Acht seo, a dhéanamh beidh sé féin ciontach i gcion.

(3) I gcás cion a dhéanamh ag comhlacht corpraithe nó ag comhlacht neamhchorpraithe daoine agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le ceadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh trí aon fhaillí ar thaobh, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí, chomhalta d'aon choiste nó oifigigh de chuid an chomhlachta sin beidh an duine sin freisin ciontach i gcion.

(4) Gach duine a dhéanfaidh cion faoin Acht seo beidh sé intriailte, de rogha an ionchúisimh, go hachomair nó ar díotáil agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air, agus, ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná cúig mhíle punt a chur air, agus, ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná céad punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

(5) I gcás ina ndéanfar, ar dhuine a bheidh ag gníomhú thar ceann ceardchumainn a chiontú ar díotáil i gcion faoin Acht seo, fíneáil a ghearradh faoin alt seo ar an duine, íocfaidh an ceardchumann an fhíneáil, ní dhlífidh an duine í a íoc agus measfar, chun críocha na fíneála a íoc agus iallach a chur í a íoc, an ceardchumann a bheith arna chiontú sa chion ar maidir leis a gearradh an fhíneáil.

(6) I gcás ina mbeartófar dul ar aghaidh faoin alt seo ar mhodh díotála maidir le cion a líomhnaítear a rinne duine ag gníomhú dó thar ceann ceardchumainn, tabharfar fógra i scríbhinn don cheardchumann i dtaobh na n-imeachtaí agus i dtaobh an dáta ar a dtosófar ag glacadh teistíochtaí sa Chúirt Dúiche maidir leis an gcion líomhnaithe.

Comhlachtaí daoine a ionchúiseamh.

10. —(1) Féadfar comhlacht corpraithe a ionchúiseamh ar díotáil i leith ciona faoin Acht seo agus féadfar aon chomhlacht neamhchorpraithe daoine a ionchúiseamh ionann is dá mba chomhlacht corparaithe é.

(2) Féadfaidh foráil a bheith i rialacháin a dhéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt chun aon chomhlacht den sórt sin a thriail ar díotáil agus chun iallach a chur go ndéanfar aon fhíneáil a ghearrfar ar an gcomhlacht sin ar chiontú, go hachomair nó ar díotáil, i gcion faoin Acht seo, a íoc as aon chuid dá shócmhainní nó dá chistí, cibé áit ina bhfaighfear an céanna.

Caiteachais.

11. —Déanfar an caiteachais faoina rachfar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

12. —Féadfar an tAcht Leictreachais (Forálacha Speisialta), 1966 , a ghairm den Acht seo.