|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 14 de 1966. | ||
[EN] |
AN tACHT TAE (CEANNACH AGUS ALLMHAIRIÚ) (LEASÚ), 1966 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN EASTÓSCÁIN, ÚSCANNA AGUS TIÚCHÁIN TAE A ALLMHAIRIÚ AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ AN ACHTA TAE (CEANNACH AGUS ALLMHUIRIÚ), 1958 , AGUS AN CUSTOMS CONSOLIDATION ACT, 1876. [30 Meitheamh, 1966.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||||||
[EN] |
An Príomh-Acht. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Tae (Ceannach agus Allmhuiriú), 1958 . | ||||
[EN] |
Brí “tae” a leathnú. |
2. —Sa mhíniú ar “trádálaí tae” in alt 1 den Phríomh-Acht agus in alt 4 den Phríomh-Acht, folóidh “tae” eastóscáin, úscanna agus tiúcháin tae. | ||||
[EN] |
Leasú ar an bPríomh-Acht. |
3. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 8: | ||||
| ||||||
[EN] |
Leasú ar alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876. |
4. —Beidh éifeacht ag alt 42 den Customs Consolidation Act, 1876, ionann is dá scriosfaí “tea, or” as an gceathrú mír den Table of Prohibitions and Restrictions Inwards atá san alt sin. | ||||
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme. |
5. —Féadfar an tAcht Tae (Ceannach agus Allmhairiú) (Leasú), 1966 , a ghairm den Acht seo. | ||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Tae (Ceannach agus Allmhairiú), 1958 agus 1966, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile. | |||||
[EN] | (3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá d'Iúil, 1966. |