An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Iostáin Áirithe a Cheannach faoi Acht 1936.) Ar Aghaidh (CUID VII Feidhmiú agus Neamhfheidhmiú Feidhmeanna faoin Acht seo.)

21 1966

ACHT NA dTITHE, 1966

Caibidil IV

Ilghnéitheach

Dualgas ar údarás tithíochta deisriocht déanmhais a chur ar iostáin agus ar theaghaisí áirithe.

106. —(1) Aon uair a bheartóidh údarás tithíochta ordú dílseacháin a dhéanamh faoi alt 17 d'Acht 1936 nó teaghais a dhíol nó a léasadh faoi alt 90 den Acht seo le tionónta an chéanna agus nach mbeidh an t-iostán nó an teaghais i ndeisriocht déanmhais, déanfaidh an t-údarás, sula ndéanfaidh siad an t-ordú nó an díol nó sula ndeonóidh siad an léas, cibé oibreacha is gá chun an teaghais a chur i ndeisriocht déanmhais.

(2) Aon amhras, díospóid nó ceist a bheidh ann i dtaobh iostán nó teaghais a bheith nó gan bheith i ndeisriocht déanmhais nó i dtaobh na n-oibreacha is gá chun an t-áitreabh a chur i ndeisriocht déanmhais nó i dtaobh a gceanglaíonn nó nach gceanglaíonn an t-alt seo oibreacha a dhéanamh ag údarás tithíochta, cinnfidh an tAire é.

(3) I gcás ina mbeifear tar éis oibreacha a dhéanamh de bhun fho-alt (1) den alt seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) air sin, de réir mar a bheidh, déanfar ordú dílseacháin maidir leis an iostán nó forghníomhófar an ionstraim trína ndéanfar an teaghais a léasadh nó a dhíol,

(b) féadfaidh ceannaitheoir nó léasaí an iostáin nó na teaghaise, de réir mar a bheidh, tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse lá is fiche dar tosach an dáta ar a gcuirfear in iúl dó an t-ordú dílseacháin sin a bheith déanta, nó an díol a bheith déanta nó an léas a bheith deonaithe, aon amhras, díospóid nó ceist maidir leis na hoibreacha a fhaisnéis don Aire ar mian leis go gcinnfeadh an tAire é de bhun fho-alt (2) den alt seo, agus táille a mbeidh cibé méid ann a fhorordófar chun críocha an ailt seo a chur leis an bhfaisnéis, agus

(c) má chinneann an tAire, ar an bhfaisnéis agus an táille réamhráite a fháil, gur gá tuilleadh oibreacha a shonrófar a dhéanamh, déanfar na hoibreacha a shonrófar agus ní mheasfar go gcoisceann an t-ordú dílseacháin nó an díol sin a bheith déanta nó an léas a bheith deonaithe nó téarmaí an léasa nó na hionstraime faoina mbeidh an díol déanta nó an léas deonaithe na hoibreacha a dhéanamh.

Seilbh a aisghabháil, in imthosca áirithe, ar thithe agus teaghaisí a dhíol nó a léasaigh údarás tithíochta.

107. —(1) Má tharlaíonn i rith na tréimhse íoca—

(a) nach bhféadfar úinéir tí a díoladh nó a léasadh faoi alt 11 den Housing (Ireland) Act, 1919, a fháil nó a dhéanamh amach,

(b) go mbeidh coinníoll speisialta ag a mbeidh feidhm maidir le teaghais gan chomhlíonadh, nó

(c) nach bhféadfar úinéir teaghaise a díoladh nó a léasadh faoi alt 90 den Acht seo a fháil nó a dhéanamh amach,

féadfaidh an t-údarás tithíochta (gan dochar d'aon mhodh eile chun seilbh a aisghabháil), faoi réir forálacha an ailt seo, iarratas a dhéanamh chun an bhreithimh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an teach nó an teaghais á iarraidh go n-eiseofar barántas faoin alt seo.

(2) Sula ndéanfaidh údarás tithíochta iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le neamhchomhlíonadh coinníll speisialta ag a bhfuil feidhm maidir le teaghais, tabharfaidh siad fógra lá is fiche ar a laghad i scríbhinn d'úinéir na teaghaise go bhfuil siad chun an t-iarratas a dhéanamh agus luafaidh gach fógra den sórt sin na forais ar a mbunófar an t-iarratas.

(3) Nuair a éistfear iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo a mbeidh neamhchomhlíonadh coinníll speisialta a luaitear i mír (b) d'alt 89 den Acht seo mar fhoras leis toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuil an coinníoll gan chomhlíonadh.

(4) Nuair a éistfear iarratas a dhéanfar go cuí faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh an breitheamh den Chúirt Dúiche a éistfidh an t-iarratas—

(a) más deimhin leis gur tugadh go cuí an fógra a cheanglaíonn an t-alt seo a thabhairt agus go bhfuil coinníoll speisialta a luaitear san fhógra gan chomhlíonadh, nó

(b) más deimhin leis nach féidir úinéir an tí nó na teaghaise a fháil nó a dhéanamh amach tar éis fiosrú réasúnach agus ar an údarás do thabhairt gealltanais de réir fho-alt (7) den alt seo,

an barántas a eisiúint.

(5) Beidh feidhm ag forálacha ailt 86, 87 agus 88 d'Acht 1860 maidir le barántas a eisiúint faoin alt seo faoi réir an mhodhnaithe go bhféadfar i gcás nach féidir, maidir le hiarratas faoi fho-alt (1) den alt seo, ainm úinéir tí nó teaghaise a dhéanamh amach tar éis fiosrú réasúnach, toghairm faoin alt sin 86 a dhíriú go dtí “an t-úinéir” gan é a ainmniú, agus beidh éifeacht barántais faoin alt sin 86 ag an mbarántas nuair a eiseofar amhlaidh é.

(6) Aon uair a eiseofar barántas faoin alt seo agus a aisghabhfaidh údarás tithíochta seilbh ar theach nó ar theaghais de bhua an bharántais, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) dílseoidh eastát, ceart, leas agus teideal uile de chuid an duine chun ar léasadh nó lenar díoladh an teach nó an teaghais, nó de chuid aon duine a éilíonn tríd nó faoi, don údarás gan tíolacadh ná aistriú agus air sin meas far chun gach críche gur teaghais a soláthraíodh faoin Acht seo an teach nó an teaghais;

(b) na téarmaí nó na coinníollacha go léir, lena n-áirítear aon choinníoll speisialta, a cuireadh chun feidhme maidir leis an teaghais de bhua na Coda seo scoirfidh sé nó siad d'fheidhm a bheith aige nó acu maidir leis an teaghais.

(7) I gcás nach féidir an t-úinéir a fháil nó a dhéanamh amach, feádfaidh an t-údarás tithíochta le linn iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo a bheith á éisteacht, gealltanas i scríbhinn a thabhairt don chúirt maidir leis an teach nó an teaghais iomchuí go n-íocfaidh siad, de réir ordú ón gcúirt faoi fho-alt (8) den alt seo, an méid iomchuí nó cuid de mar aon le hús de réir an ráta a shonrófar sa ghealltanas, is é sin, an ráta a bhféadfadh an t-údarás airgead a fháil ar iasacht dá réir as ciste na n-iasachtaí áitiúla ar dháta an ghealltanais, agus a ríomhfar, maidir leis an tréimhse dar tosach dáta an ghealltanais agus dar críoch dáta an treoraithe ón gcúirt faoin bhfo-alt sin (8) nó dhá bhliain déag tar éis an dáta sin, cibé acu is luaithe.

(8) Aon duine a bheadh, mura mbeadh forálacha fho-alt (6) den alt seo, i dteideal chun an t-iomlán nó cuid den eastát, den cheart, den leas agus den teideal i dteach nó i dteaghais a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo agus a mbeidh gealltanas tugtha ina leith faoi fho-alt (7) den alt seo, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun an bhreithimh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an teach nó an teaghais ag iarraidh ordú faoin bhfo-alt seo agus ar an iarratas a éisteacht féadfaidh an breitheamh, más deimhin leis go mbeadh an t-iarratasóir, mura mbeadh forálacha an fho-ailt sin (6), i dteideal mar a dúradh, a ordú go ndéanfaidh an t-údarás tithíochta a thug gealltanas faoin bhfo-alt sin (7) an méid iomchuí agus an t-ús, nó cibé cion de is dóigh leis is iomchuí in imthosca áirithe an cháis, a íoc leis an iarratasóir.

(9) San alt seo—

ciallaíonn “an méid iomchuí” luach comhshuim aon airgid a íocadh le húdarás tithíochta i leith an t-údarás do dhíol nó do léasadh tí nó teaghaise a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo agus a bhfuil t-iarratas á dhéanamh maidir leis nó léi faoi fho-alt (8) den alt seo;

ciallaíonn “iostán” iostán de réir brí alt 93 den Acht seo;

ciallaíonn “tréimhse íoca” an tréimhse chun airgead ceannaigh nó airgead eile nó cíos i leith an tí nó na teaghaise iomchuí a íoc; ciallaíonn “coinníoll speisialta” coinníoll speisialta de réir brí alt 89 den Acht seo.

Airgead caipitil.

108. —Déanfar airgead ó thalamh a dhiúscairt faoin gCuid seo den Acht seo a úsáid chun críche a cheadóidh an tAire mar chríoch chun ar féidir airgead caipitil a úsáid go cuí.