An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Ilghnéitheach) Ar Aghaidh (CUID VIII Ilghnéitheach)

21 1966

ACHT NA dTITHE, 1966

CUID VII

Feidhmiú agus Neamhfheidhmiú Feidhmeanna faoin Acht seo.

Údarás tithíochta d'fheidhmiú feidhmeanna faoin Acht seo lasmuigh dá limistéar feidhmiúcháin.

109. —(1) Feadfaidh údarás tithíochta aon cheann dá bhfeidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh lasmuigh dá limistéar feidhmiúcháin.

(2) I gcás ina mbeidh údarás tithíochta chun feidhm a chomhlíonadh i limistéar feidhmiúcháin údaráis tithíochta eile, féadfaidh an t-údarás a bheidh chun an fheidhm a chomhlíonadh agus an t-údarás eile comhaontú a dhéanamh agus a chur i grích maidir leis an bhfeidhm, agus i gcás ina ndéanfar comhaontú faoin alt seo féadfaidh na páirtithe sa chomhaontú é a fhoirceannadh aon tráth má chomhaontaíonn siad chuige sin.

(3) Is feidhm fhorcoimeádta comhaontú a dhéanamh faoin alt seo.

Coistí.

110. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, más oiriúnach leo—

(a) coiste a bhunú ar a mbeidh cibé méid dá gcomhaltaí is oiriúnach leo chun críocha a bhaineann le comhlíonadh aon chuid dá bhfeidhmeanna faoin Acht seo,

(b) comhaontú a dhéanamh agus a chur i gcrích le húdarás tithíochta eile chun coiste (dá ngairtear comhchoiste san alt seo) a bhunú de réir fho-alt (2) den alt seo, ar a mbeidh cibé méid daoine is oiriúnach leis na páirtithe sa chomhaontú, chun críocha a bhaineann leis na feidhmeanna faoin Acht seo is feidhmeanna de chuid an dá pháirtí sa chomhaontú.

(2) Beidh gach comhchoiste comhdhéanta ar fad de dhaoine is comhaltaí d'údarás is páirtí sa chomhaontú iomchuí faoi fho-alt (1) den alt seo nó go páirteach de dhaoine is comhaltaí d'údarás den sórt sin agus de dhaoine nach comhaltaí d'údarás den sórt sin, ar choinníoll, má bhíonn an comhchoiste comhdhéanta de dhaoine is comhaltaí d'údarás den sórt sin agus de dhaoine nach comhaltaí d'údarás den sórt sin, nach rachaidh líon na gcomhaltaí den chomhchoiste nach comhaltaí d'údarás den sórt sin thar trian méid iomlán comhaltaí an chomhchoiste.

(3) Féadfaidh na páirtithe i gcomhaontú faoi fho-alt (1) den alt seo forálacha a bhainfidh le roinnt costas comhlíonadh na bhfeidhmeanna faoin Acht seo lena mbainfidh an comhaontú a chur sa chomhaontú agus aon fhorálacha den sórt sin a chur i gcrích.

(4) I gcás ina mbeifear tar éis aon chomhaontú a dhéanamh faoin alt seo, féadfaidh na páirtithe sa chomhaontú sin é a fhoirceannadh aon tráth má chomhaontaíonn siad chuige sin.

Mainneachtain ag údarás tithíochta maidir le comhlíonadh feidhmeanna faoin Acht seo.

111. —(1) Aon uair is dóigh leis an Aire go bhfuil mainnithe ag údarás tithíochta aon cheann dá bhfeidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh, nó go bhfuil mainnithe acu aon fheidhm den sórt sin a chomhlíonadh go sásúil, féadfaidh sé le hordú a cheangal ar an údarás an fheidhm a chomhlíonadh, agus féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an modh ar a ndéanfar agus an tréimhse nó na tréimhsí ina ndéanfar an fheidhm sin a chomhlíonadh nó an modh sin agus fós an tréimhse nó na tréimhsí sin a shonrú san ordú, agus má mhainníonn an t-údarás ceanglas den sórt sin de chuid an ordaithe a chomhlíonadh nó má mhainníonn siad ceanglas a chomhlíonadh go sásúil, féadfaidh an tAire, le hordú eile, an méid sin d'fheidhmeanna sin an údaráis is gá chun an mhainneachtain a leigheas a ghabháil chuige féin agus a chomhlíonadh.

(2) I gcás inar dóigh leis an Aire gurbh áisiúla go ndéanfaí aon fheidhm faoin Acht seo a fhéadfaidh sé a chomhlíonadh de bhua ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh, go ginearálta nó i gcás áirithe, ag údarás tithíochta nó ag duine, féadfaidh sé—

(a) a cheangal ar an údarás an fheidhm a chomhlíonadh,

(b) comhaontú a dhéanamh leis an duine chun an duine do chomhlíonadh na feidhme thar ceann an Aire,

agus air sin tiocfaidh an fheidhm chun bheith inchomhlíonta ag an údarás nó ag an duine, mar is iomchuí, ionann is dá mba é an t-údarás nó an duine, de réir mar a bheidh, an t-údarás tithíochta a ndearnadh an t-ordú i leith a bhfeidhme faoin Acht seo.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon mhaoin, fiach nó dliteanas a fuarthas nó a tabhaíodh le linn feidhm de chuid údarás tithíochta a mbeidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo déanta i leith aon fheidhme dá gcuid faoin Acht seo a bheith á comhlíonadh ag an Aire nó thar a cheann a dhílsiú dóibh agus a aistriú chucu, agus dílseoidh agus astóidh an mhaoin, an fiach nó an dliteanas dá réir sin.

(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chumasaíonn do dhuine talamh a fháil ar shlí seachas trí chomhaontú.