An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA dTITHE, 1966) Ar Aghaidh (CUID II Forálacha Airgeadais)

21 1966

ACHT NA dTITHE, 1966

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Acht na dTithe, 1966 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó orduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú chun críocha éagsúla agus chun forálacha éagsúla den Acht seo.

Léiriú.

1860, c. 154.

1891, c. 66.

1936, Uimh. 24 .

1948, Uimh. 1 .

1952, Uimh. 16 .

1960, Uimh. 40 .

1962, Uimh. 27 .

1947, Uimh. 28 .

1960, Uimh. 9 .

1941, Uimh. 23 .

1707, c. 2.

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéasc a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1860” an Landlord and Tenant Law Amendment Act, Ireland, 1860;

ciallaíonn “Acht 1891” an Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891;

ciallaíonn “Acht 1936” Acht na Sclábhaithe, 1936 ;

ciallaíonn “Acht 1948” Acht na dTithe (Leasú), 1948 (a aisghairtear leis an Acht seo);

ciallaíonn “Acht 1952” Acht na dTithe (Leasú), 1952 (a aisghairtear leis an Acht seo);

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960 ;

ciallaíonn “Acht 1962” Acht na dTithe (Iasachtaí agus Deontais), 1962 (a aisghairtear leis an Acht seo);

tá le “príomh-dhochtúir oifigiúil” an bhrí a shanntar dó leis an Acht Sláinte, 1947 , arna leathnú leis an Acht um Údaráis Sláinte, 1960 , agus, chun críocha an Achta seo, measfar gurb é an príomhdhochtúir oifigiúil faoin údarás sláinte a bhfuil baile ar a bhfuil coimisinéirí baile faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, nó ceantar uirbeach ina limistéar feidhmiúcháin (maidir le feidhmeanna a bhaineann le hoibriú seirbhísí seachas seirbhísí faoi na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1954 go 1958) an príomh-dhochtúir oifigiúil do choimisinéirí an bhaile sin nó do chomhairle an cheantair, de réir mar a bheidh;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

tá le “údarás sláinte” an bhrí chéanna atá leis san Acht Sláinte, 1947 , arna leasú le halt 9 d'Acht na nÚdarás Sláinte, 1960;

folaíonn “teach”, ach amháin i gCuid V den Acht seo, aon fhotheach, clós, gairdín nó talamh eile a chomhghabhann leis nó a theachtar de ghnáth ina theannta agus, ach amháin mar a dúradh agus in ailt 15, 16 agus 17 den Acht seo, folaíonn sé aon chuid d'fhoirgneamh a úsáidtear nó atá oiriúnach le húsáid mar theaghais agus forléireofar “tithíocht” dá réir sin;

ciallaíonn “údarás tithíochta”—

(a) i gcás ceantar sláinte contae (gan aon bhaile a áireamh ar a bhfuil coimisinéirí baile faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854), comhairle an chontae ina bhfuil an ceantar sláinte contae sin,

(b) i gcás contae-bhuirge nó buirge eile, bardas na contaebhuirge sin nó na buirge eile sin, agus

(c) i gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair,

(d) i gcás baile ar a bhfuil coimisinéirí faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, ach amháin maidir le hailt 26, 27, 28, 29, 30, 31, 32, 34, 35, 36, 39, 40, 41, 42 agus 43 den Acht seo, coimisinéirí an bhaile sin agus, maidir leis na hailt sin, comhairle an chontae ina bhfuil an baile,

agus forléireofar dá réir sin tagairtí do limistéar feidhmiúcháin údaráis tithíochta;

folaíonn “talamh”, ach amháin in alt 86 den Acht seo, uisce, agus, maidir le talamh a fháil, folaíonn sé aon leas i dtalamh nó uisce nó ceart thar talamh nó uisce (lena n-áirítear leas nó ceart arna dheonú ag an, nó atá ar teachtadh ón, údarás a gheobhaidh an talamh);

tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “baile neamhbhardasach” áit (nach contae-bhuirg, buirg, ceantar uirbeach ná baile) ar mó ná míle an líon daoine ann de réir an daonáirimh arb é an daonáireamh deiridh é a foilsíodh;

ach amháin i gCuid V den Acht seo, ciallaíonn “úinéir”, maidir le haon teaghais, teach, foirgneamh nó talamh eile, duine, seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh, atá, cibé acu dá cheart féin é nó mar iontaobhaí nó gníomhaire d'aon duine eile, i dteideal cíos forlán na teaghaise, an tí, an fhoirgnimh nó na talún eile a fháil, nó, mura bhfuil an teaghais, an teach, an foirgneamh nó an talamh eile ligthe ar cíos forlán, a bheadh i dteideal é a fháil dá mbeadh sé ligthe amhlaidh;

ach amháin san alt seo agus in ailt 15 agus 34 den Acht seo, ní fholaíonn “duine” údarás tithíochta;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

ciallaíonn “cumann fóntais phoiblí” cumann atá cláraithe faoi Achtanna na gCumann Tionnscail agus Soláthair, 1893 go 1936, nó cumann atá cláraithe faoi Achta na gCara-Chumann, 1896 go 1953, nó ceardchumann atá cláraithe faoi na hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1952, ar dá chuspóirí tithe a thógáil nó comhlacht a chruthóidh don Aire gur cuspóirí daoncharadacha go huile a chuspóirí agus go bhfolaíonn siad tithe a sholáthar;

ciallaíonn “an t-údarás cláraitheachta” an t-údarás cláraitheachta faoi Acht 1891;

ciallaíonn “Clárlann na nGníomhas” an oifig a bunaíodh leis an Acht um Chlárú Gníomhas, 1707;

ciallaíonn “feidhm fhorcoimeádta”—

(a) maidir le comhairle contae (nó comhlacht toghaí chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 go 1955), feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1955,

(b) maidir le bardas contae-bhuirge, feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contae-bhuirge;

ciallaíonn “tuathlimistéar” limistéar nach bhfuil aon áit ann laistigh de chontae-bhuirg, de bhuirg, de cheantar uirbeach, de bhaile nó de bhaile neamhbhardasach;

ciallaíonn “na hAchtanna um Thithe Beaga Cónaithe a Fháil” na hAchtanna um Thithe Beaga Cónaithe a Fháil, 1899 go 1962;

ciallaíonn “talamh stáit” talamh is talamh stáit de réir brí Acht 1936 agus is leis an Stát ar thosach feidhme alt 105 den Acht seo.

(2) Aon cheadú nó toiliú is gá de réir an Achta seo go dtabharfaidh an tAire é, féadfar é a thabhairt go ginearálta nó maidir le cás áirithe agus, i gcás ina lamhálfaidh forálacha iomchuí an Achta seo é, féadfaidh aon cheadú nó toiliú den sórt sin baint le haon chineál áirithe ábhair nó ruda nó le limistéar áirithe nó le limistéar de chineál áirithe agus leis sin amháin.

(3) Aon tagairt san Acht seo do chomhlíonadh feidhmeanna folaíonn sí, maidir le cumhachtaí, tagairt do chumhachtaí a fheidhmiú.

(4) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtacháin eile forléireofar í, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

Fógraí a sheirbheáil, etc.

1963, Uimh. 33 .

3. —(1) I gcás ina gceanglaítear nó ina n-údaraítear leis an Acht seo nó le haon ordú nó rialachán faoin Acht seo fógra, cóip d'ordú, nó éileamh, a sheirbheáil nó a dhéanamh ar dhuine nó a thabhairt dó, díreofar chuige é, seirbheálfar nó déanfar air é nó tabharfar dó é i slí éigin acu seo a leanas :

(a) más faoina ainm a bheidh sé dírithe chuige, trína sheachadadh dó;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, má bhíonn seoladh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin;

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, má bhíonn seoladh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin;

(d) mura féidir an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air a fháil amach ó fhiosrú réasúnach agus go gceanglaítear nó go n-údaraítear an fógra, an chóip nó an t-éileamh a sheirbheáil, a thabhairt nó a dhéanamh i leith aon talún nó áitribh nó oibreacha ar an gcéanna, trína sheachadadh do dhuine os cionn sé bliana déag d'aois a chónaíonn nó atá ar fostú ar an talamh nó san áitreabh sin nó trína dhaingniú in áit fheiceálach ar an talamh nó ar an áitreabh sin nó ina aice.

(2) I gcás ina gceanglaítear leis an Acht seo nó le haon ordú nó rialachán faoin Acht seo fógra, cóip d'ordú, nó éileamh a sheirbheáil nó a dhéanamh ar úinéir nó áititheoir, nó a thabhairt d'úinéir nó d'áititheoir, aon talún nó áitribh agus nach féidir ainm an úinéara nó an áititheora, cibé acu é, a fháil amach ó fhiosrú réasúnach féadfar é a dhíriú go dtí “an t-úinéir” nó “an t-áititheoir”, de réir mar a bheidh, gan é a ainmniú.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ina hoifig chláraithe ar chuideachta de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus measfar gnáthchónaí a bheith ina phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnó ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe eile.

(4) I gcás ina ndéanfar fógra deisiúchán, fógra a luaitear i bhfo-alt (4) d'alt 66 den Acht seo, fógra gnóthaíochta de réir brí Chuid V den Acht seo nó fógra a luaitear i bhfo-alt (4) d'alt 117 den Acht seo a sheirbheáil ar dhuine, nó a thabhairt dó, trína dhaingniú faoi mhír (d) d'fho-alt (1) den alt seo, foilseofar, laistigh de choicís ina dhiaidh sin, cóip den fhógra i nuachtán amháin ar a laghad a léitear sa cheantar arb é an áit deiridh é arb eol cónaí a bheith air ann.

(5) Aon duine a dhéanfaidh, aon tráth i rith na tréimhse trí mhí tar éis doiciméad a dhaingniú faoi mhír (d) d'fho-alt (1) den alt seo, an doiciméad a thabhairt chun siúil, a dhamáistiú nó a aghlot gan údarás dleathach beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.

(6) I gcás inar deimhin leis an Aire go bhfuil forais réasúnacha ann chun go ligfí thar ceal foilsiú, seirbheáil nó tabhairt fógra, cóipe d'ordú nó éilimh faoin Acht seo nó faoi aon ordú nó rialachán faoin Acht seo agus nach mbeidh foilsiú, seirbheáil, tabhairt nó déanamh an fhógra, na cóipe nó an éilimh ina chúis díobhála ná éagóra, féadfaidh sé foilsiú, seirbheáil nó tabhairt an fhógra nó na cóipe a ligean thar ceal agus beidh éifeacht de réir a bhrí ag gach ligean thar ceal den sórt sin.

(7) Féadfar ligean thar ceal faoin bhfo-alt sin roimhe seo a thabhairt roimh an am, nó tar éis an ama, a mbeadh sé de cheangal, mura mbeadh an ligean thar ceal, an fógra nó an chóip a fhoilsiú, a sheirbheáil nó a thabhairt agus sula ndéanfar aon ghníomh, nó tar éis gníomh a dhéanamh, ar choinníoll réamhghabhálach dó an fógra nó an chóip mura mbeadh an ligean thar ceal.

Oibleagáid ann eolas a thabhairt d'údarás tithíochta.

4. —(1) Féadfaidh údarás tithíochta, chun aon chríocha a bhaineann leis an Acht seo, trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar áititheoir aon talún nó ar aon duine a ghlacann, dó féin nó do dhuine eile, cíos as aon talamh go gcuirfidh sé in iúl i scríbhinn don údarás laistigh de thréimhse shonraithe dar críoch lá nach giorra ná lá is fiche tar éis an ceangal sin a chur air, sonraí an eastáit, an leasa nó an chirt ar dá bhua a áitíonn sé an talamh sin nó a ghlacann sé an cíos sin, cibé acu é, agus ainm agus seoladh (feadh a eolais orthu) gach duine ar feasach dó aon eastát, leas nó ceart a bheith aige sa talamh sin, thairis nó ina leith.

(2) Aon duine ar a gceanglófar faoin alt seo aon ábhar nó ní a chur in iúl agus a mhainneoidh an t-ábhar nó an ní a chur in iúl laistigh den tréimhse a shonrófar faoin alt seo, nó, nuair a bheidh an t-ábhar nó an ní sin á chur in iúl aige, a dhéanfaidh ráiteas i scríbhinn is feasach dó a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air.

Rialacháin i gcoitinne.

5. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha aon ailt den Acht seo is féidir a chur i bhfeidhm faoi réir rialachán, nó d'fhorordú aon ábhar dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar forordaithe.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo seachas alt 114 leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo aon rialachán ina mbeidh foráil i leith íocaíocht a bheidh le déanamh ag an Aire gan toiliú an Aire Airgeadais leis an bhforáil sin.

Aisghairm.

6. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

(2) D'ainneoin fo-alt (1) den alt seo, féadfar deontais faoi aon achtachán a aisghairtear leis an bhfo-alt sin a thabhairt i leith oibreacha a tosaíodh sular aisghaireadh an t-achtachán.

(3) I gcás ina ndéanfar, maidir le teach a sholáthar nó a athfhoirgniú nó oibreacha a dhéanamh (lena n-áirítear soláthar uisce príobháideach agus saoráidí séarachais príobháideacha a sholáthar agus a chur isteach), deontas a thabhairt faoi achtachán a aisghairtear leis an Acht seo agus go mbeadh, mura mbeadh fo-alt (1) den alt seo, feidhm ag achtachán do dhéanamh forála—

(a) chun luacháil inrátaithe tionóntáin chun críocha rátaíochta a laghdú,

(b) chun luacháil inrátaithe tionóntáin a fhágáil gan mhéadú laistigh de thréimhse a luafar,

leanfaidh an t-achtachán d'fheidhm a bheith aige maidir leis an tionóntán ionann is nár achtaíodh an tAcht seo.

(4) San alt seo, tá le “críocha rátaíochta” an bhrí chéanna atá leis in alt 33 den Acht seo.