22 1966


Uimhir 22 de 1966.


AN tACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHTANNA ÁIRITHE IONCAIM INTÍRE, DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE hIONCAM INTÍRE AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS. [13 Iúil, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1963, Uimh. 23 .

1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— ciallaíonn “monaróir” duine a sheolann gnó sa Stát ag déanamh earraí nó ag gint leictreachais nó ag cur aon phróiseas chun feidhme i gcúrsa earraí a bheith á ndéanamh nó leictreachas a bheith á ghint;

ciallaíonn “ábhair”, maidir le monaróir, earraí a chuireann sé faoi phróiseas éigin i modh gnó i gcúrsa earraí a dhéanamh, nó a úsáideann sé mar a dúradh mar chodanna de na hearraí nó mar ghabhálais dóibh, nó a úsáidtear go díreach sa phróiseas táirgthe ach nach dtagann chun bheith ina dtáthchodanna de na hearraí;

ciallaíonn “rialacháin” rialacháin faoi alt 52 den Acht Airgeadais, 1963 ;

ciallaíonn “díol ar mionreic” díol earraí i modh gnó seachas ar mórdhíol;

ciallaíonn “díol ar mordhíol” díol earraí d'aon chineál le duine a dhíolann earraí den chineál sin i gcúrsa gnó;

ciallaíonn “earraí inchánaithe” earraí nach gníomhaíocht dhíolmhaithe de réir brí alt 3 (5) iad a dhíol;

tá le “cáin mhórdhíola” an bhrí a shonraítear in alt 2;

déanfar tagairt do dhaoine freagracha agus do fhreagracht maidir le cáin mhórdhíola a fhorléiriú faoi threoir alt 3.

(2) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo.

Cáin mhórdhíola a mhuirearú.

2. —Déanfar, le héifeacht ar an agus ón lú lá de Dheireadh Fómhair, 1966, cáin (dá ngairtear cáin mhórdhíola san Acht seo) a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, faoi réir an Achta seo agus rialachán—

(a) ar airgead a fuarthas i leith díol earraí a díoladh i gcúrsa gnó (lena n-áirítear earraí a díoladh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1966), agus

(b) ar earraí a allmhairíodh isteach sa Stát.

Daoine atá freagrach.

3. —(1) Is é an díoltóir earraí an duine a bheidh freagrach i gcáin mhórdhíola agus faoi dhliteanas í a íoc, ar choiníoll nach mbeidh na daoine seo a leanas, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, freagrach—

(a) díoltóirí nach bhfuil ag gabháil do dhíol earraí inchánaithe ar mórdhíol nó nach ndeachaigh, agus nach dócha go rachaidh, a bhfáltais mhíosúla ó earraí inchánaithe a dhíol ar mórdhíol thar £500 aon mhí, ach gan aon díoltóir a áireamh is—

(i) monaróir, nó

(ii) duine a dhéanann, chun críche gnó díolacháin ar mionreic a sheolann sé, earraí inchánaithe de luach agus de ghné a cheannach ar mhodh ar a ndéanann ceannaithe mórdhíola ceannach i ngnáthchúrsa trádála, agus

(b) monaróirí nach ndeachaigh, agus nach dócha go rachaidh, a bhfáltais mhíosúla ó earraí inchánaithe a dhíol thar £150 aon mhí.

(2) (a) I gcás nach raibh duine freagrach i gcáin mhórdhíola de bhua fho-alt (1) (a) den alt seo agus gur mhó ná £500 an méid airgid a fuair sé, gach mí de dhá mhí chomhleanúnacha, ó earraí inchánaithe a dhíol ar mórdhíol, tiocfaidh sé chun bheith freagrach i gcáin mhórdhíola díreach ar éag don dara mí.

(b) I gcás nach raibh duine freagrach i gcáin mhórdhíola de bhua fho-alt (1) (b) den alt seo agus gur mhó ná £150 an méid airgid a fuair sé, gach mí de dhá mhí chomhleanúnacha, ó earraí inchánaithe a dhíol, tiocfaidh sé chun bheith freagrach i gcáin mhórdhíola díreach ar éag don dara mí.

(3) Aon mhonaróir nach duine freagrach faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo measfar, faoi réir cibé coinníollacha a shonrófar le rialacháin, gur duine freagrach é má chruthaíonn sé do na Coimisinéirí Ioncaim sa tslí a fhorordófar sna rialacháin go ndéanann sé cainníochtaí substainteacha d'earraí inchánaithe a úsáid mar ábhair.

(4) Beidh éifeacht ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo faoi réir an choinníll, más amhlaidh atá, i gcás ina mbeadh díoltóir, ar leith ón bhfo-alt seo, freagrach i gcáin mhórdhíola agus faoi dhliteanas í a íoc, go bhfuil an ceart chun an t-iomlán nó aon chuid den airgead is iníoctha i leith na ndíolachán dílsithe, nó go dtiocfaidh sé chun bheith dílsithe, do dhuine seachas an díoltóir, go mbeidh an duine dá bhfuil an ceart sin dílsithe nó a dtiocfaidh an ceart sin chun bheith dílsithe dó freagrach i gcáin mhórdhíola, agus faoi dhliteanas í a íoc, ar cibé airgead a gheobhaidh sé i leith na ndíolachán.

(5) (a) Ní bheidh cáin mhórdhíola inmhuirir agus ní bheidh duine freagrach i gcáin mhórdhíola a íoc ar airgead a gheobhaidh sé maidir le haon ghníomhaíocht dhíolmhaithe.

(b) Sa mhír sin roimhe seo ciallaíonn “gníomhaíocht dhíolmhaithe”—

(i) aon ghníomhaíocht is gníomhaíocht dhíolmhaithe de réir brí alt 48 (2) den Acht Airgeadais, 1963 ,

(ii) aon ghníomhaíocht a ndearbhaítear le hordú ón Aire Airgeadais gur gníomhaíocht dhíolmhaithe í chun críocha an fho-ailt seo, nó

(iii) díol aon cheann de na hairceadail seo a leanas (faoi réir cibé mínithe, más ann, ar na hairceadail sin a shonróidh an tAire Airgeadais le hordú), is é sin le rá, bia, deoch, tobac, leigheasanna, éadaí, breosla nó olaí hiodracarbóin.

Clárú.

4. —(1) Bunóidh agus cothabhálfaidh na Coimisinéirí Ioncaim clár de dhaoine a thiocfaidh chun bheith nó atá freagrach i gcáin mhórdhíola, agus ceapfaidh siad uimhir chláraitheachta do gach duine a chlárófar amhlaidh i dteannta aon uimhir den sórt sin a ceapadh don duine sin faoi alt 49 den Acht Airgeadais, 1963 , agus cealóidh siad an uimhir sin mura dtiocfaidh an duine sin chun bheith nó má scoireann sé de bheith freagrach i gcáin mhórdhíola.

(2) Gach duine a mbeidh, an lá ceaptha, gníomhaíocht ag díol earra á seoladh aige in imthosca gur duine freagrach é, nó, tar éis an lae cheaptha, a thosóidh, ar aon ghníomhaíocht den sórt sin a bheith á seoladh aige nó a thiocfaidh chun bheith ina dhuine freagrach, déanfaidh sé, laistigh den tréimhse naoi lá dar tosach an lá ceaptha nó an lá dá éis sin a thosóidh sé ar aon ghníomhaíocht den sórt sin a bheith á seoladh aige nó a thiocfaidh sé chun bheith ina dhuine freagrach, na sonraí a shonrófar i rialacháin a bheith riachtanach chun an duine sin a chlárú i leith cánach mórdhíola a thabhairt i scríbhinn do na Coimisinéirí Ioncaim.

(3) San alt seo ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an ailt seo.

Airgead a gheofar ó dhaoine cláraithe.

5. —Ní mhuirearófar cáin mhórdhíola ar airgead a gheofar ó dhuine a bheidh cláraithe mar a dúradh le haghaidh ná i leith earraí a díoladh leis.

Measfar gur díolacháin leithreasaí áirithe.

6. —I gcás ina mbeidh duine, de réir alt 5 den Acht seo, tar éis earraí inchánaithe a cheannach in imthosca nach inmhuirir cáin mhórdhíola nó a bheidh, de réir alt 11 den Acht seo, tar éis earraí inchánaithe a allmhairiú in imthosca nach inmhuirir cáin mhórdhíola agus go gcuirfidh sé chun feidhme nó go leithreasóidh sé aon earra acu sin nó aon earraí inchánaithe a rinne sé nó is earraí inchánaithe de thoradh aon phróiseas a chuir sé chun feidhme, seachas—

(a) i gcás monaróra—mar ábhair nó mar stoc trádála, nó

(b) in aon chás eile—mar stoc trádála,

measfar dá dhroim sin, chun críocha an Achta seo, go bhfuair sé íocaíocht i leith na hearraí a cuireadh chun feidhme nó a leithreasaíodh amhlaidh a dhíol ar an bpraghas mórdhíola a bhí ag rith tráth an churtha chun feidhme nó an leithreasaithe.

An ráta cánach mórdhíola.

7. —(1) Is é a bheidh sa cháin mhórdhíola cúig faoin gcéad de láimhdeachas inchánaithe (arna mhíniú leis an alt seo) an duine fhreagraigh agus déanfar an méid cánach is inmhuirir in imeacht gach míosa a íoc tar éis deireadh na míosa de réir rialachán.

(2) San alt seo ciallaíonn “láimhdeachas inchánaithe” an méid iomlán airgid a bheidh faighte ag an duine freagrach agus a mbeidh sé freagrach ann agus faoi dhliteanas cáin mhórdhíola a íoc ina leith.

(3) I gcás an t-airgead a bheidh faighte ag duine freagrach a theacht, go hiomlán nó go páirteach, ó earraí inchánaithe a dhíol ar phraghsanna mionreaca reatha, déanfar an méid cánach mórdhíola a laghdú, faoi réir rialachán, anuas go dtí an méid ab iníoctha dá mba ar phraghsanna mórdhíola reatha a rinneadh na díolacháin sin.

Forálacha speisialta maidir le díolacháin áirithe.

8. —I gcás inar dealraitheach do na Coimisinéirí Ioncaim gur lú an t-airgead a fuair duine freagrach i leith aon earraí inchánaithe a dhíol ná an t-airgead a gheobhfaí dá ndíolfaí na hearraí ar an margadh oscailte, féadfaidh siad a mheas gur mhéid áirithe an láimhdeachas inchánaithe dá mba ar an margadh oscailte a díoladh na hearraí, agus, faoi réir alt 24 den Acht Airgeadais, 1966 , is é an méid sin a mheasfar amhlaidh an láimhdeachas inchánaithe chun críocha alt 7 den Acht seo.

Breis le híocaíochtaí áirithe.

9. —I gcás inarb éard é iomlán láimhdeachas inchánaithe duine fhreagraigh nó cuid den láimhdeachas sin airgead a íocadh faoi chonradh a rinneadh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1966, féadfaidh an duine freagrach, mura mbeidh a mhalairt de chomhaontú ann, suim is comhionann le haon mhéid is iníoctha aige i leith an airgid ar cuntas cánach mórdhíola a ghnóthú mar bhreis leis na híocaíochtaí a sonraíodh sa chonradh.

Feidhm agus leasuithe áirithe.

10. —(1) (a) Ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha (lena n-áirítear forálacha pionóis)—

(i) atá i gCuid VI den Acht Airgeadais, 1963 (seachas na hailt eiscthe), i gCuid VI den Acht Airgeadais, 1965 , agus i gCuid VI den Acht Airgeadais, 1966 , agus

(ii) atá i rialacháin a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith,

maidir leis an gcáin mhórdhíola ionann is dá mba cháin láimhdeachaís arna muirearú de bhua Chuid VI den Acht Airgeadais, 1963 , an cháin sin.

(b) Sa mhír sin roimhe seo ciallaíonn “na hailt eiscthe” ailt 47, 48, 49, 50, 51, 53 agus 64 den Acht Airgeadais, 1963 .

(2) Leasaítear leis seo alt 52 den Acht Airgeadais, 1963 , trí na míreanna seo a leanas a chur isteach ag deireadh fho-alt (1):

“  (o) na sonraí a bheidh le tabhairt ag monaróir nach duine freagrach maidir le cáin mhórdhíola i dtaca lena iarratas go measfar gur duine freagrach den sórt sin é agus na coinníollacha ar a measfar amhlaidh é,

(p) nósa imeachta chun faoiseamh a dheonú ó cháin mhórdhíola i leith earraí inchánaithe a díoladh ar phraghsanna mionreaca reatha,

(q) nósa imeachta maidir le cáin mhórdhíola—

(i) trína gcuirfidh ceannaitheoir in iúl do dhíoltóir gur duine cláraithe é agus go leanann sé air de bheith ina dhuine cláraithe, agus

(ii) trína bhfíoróidh díoltóir gur duine cláraithe tráth an díola ceannaitheoir.”

(3) Leasaítear leis seo fo-ailt (2) agus (5) d'alt 57 den Acht Airgeadais, 1963 , trí “nó fo-alt (2) d'alt 4 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 ,” a chur isteach i ndiaidh “den Acht seo” sa dá fho-alt sin.

(4) Leasaítear leis seo fo-ailt (1) agus (2) d'alt 39 den Acht Airgeadais, 1965 , trí “nó fho-alt (5) d'alt 3 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 ,” a chur isteach i ndiaidh “den Acht Airgeadais, 1963 ,” sa dá fho-alt sin.

Cáin mhórdhíola a mhuirearú ar earraí allmhairithe.

1876, c. 30.

1952, Uimh. 14 .

11. —(1) Ní bhainfidh ailt 3 go 10 den Acht seo le cáin mhórdhíola dá bhforáltar le halt 2 (b) den Acht seo agus déanfar, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, an cháin sin a mhuirearú, ar gach airceadal a allmhaireofar an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1966, nó dá éis, de réir cúig faoin gcéad de luach an airceadail.

(2) Ní mhuirearófar cáin mar a dúradh ar aon airceadal a mbeidh dearbhaithe ag an Aire Airgeadais le hordú gur airceadal é nach inmhuirir cáin mar a dúradh air ar é a allmhairiú isteach sa Stát, nó is airceadal arna allmhairiú ag duine atá cláraithe faoi alt 4 den Acht seo.

(3) Faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, beidh ag forálacha an Customs Consolidation Act, 1876, agus na n-achtachán ag leasú an Achta sin agus achtachán eile a bhaineann le Custaim feidhm maidir le cáin dá dtagraítear san alt seo ionann is dá mba dhleacht custam í.

(4) Is é luach airceadail chun críocha an ailt seo an luach, mar a mhínítear sin in alt 15 den Acht Airgeadais, 1952 , agus sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, arna mhéadú méid aon dleachta custam is iníoctha air.

Cúram agus bainistí cánach mórdhíola.

12. —Déantar leis seo cáin mhórdhíola a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal agus forléiriú.

13. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Uimh.2), 1966, a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais, 1963 , Chuid VI den Acht Airgeadais, 1965 , agus Chuid VI den Acht Airgeadais, 1966 .