4 1967


Uimhir 4 de 1967


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (BAILE ÁTHA CLIATH), 1967

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ALT 3 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (BAILE ÁTHA CLIATH), 1945 . [7 Márta, 1967.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1945 .

1945, Uimh. 8 .

1. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1945

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Is seanóirí a bheidh i cibé líon a shonrófar chuige sin in ordú faoin alt seo de chomhaltaí chomhairle na cathrach a thoghfar de réir an ordaithe do thoghlimistéar agus is comhairleoirí a bheidh sna comhaltaí eile den sórt sin.”; agus

(b) trí fho-alt (5) a scriosadh.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1967 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930 go 1967, a ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930 go 1955, agus den Acht seo le chéile.