An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V Cás IV—Ginearálta) Ar Aghaidh (Caibidil VII Brabúis nó Gnóchain ó Dhéileáil i dTalamh nó óna Fhorbairt)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil VI

Cánachas ar Chíosanna agus ar íocaíochtaí áirithe Eile

Léiriú.

[1963, Cuid IX, a. 83;

1965, a. 56.]

80. —(1) Sa Chaibidil seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “éasúint” aon cheart, pribhléid nó sochar in áitreabh nó air nó uaidh;

folaíonn “léas” comhaontú le haghaidh léasa agus aon tionóntacht, ach ní fholaíonn sé morgáiste, agus forléireofar dá réir sin “léasaí” agus “léasóir”, agus folaíonn “leasaí” agus “léasóir”, faoi seach, comharbaí i dteideal léasaí nó léasóra;

ciallaíonn “léas fada” léas arna dheonú ar feadh téarma is faide ná caoga bliain;

ciallaíonn “áitreabh” aon tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin sa Stát;

folaíonn “préimh” aon suim dá samhail, cibé acu leis an léasóir is neasa nó le huasléasóir is iníoctha í;

folaíonn “cíos” aon ní i bhfoirm chíosa agus aon íocaíocht ón léasaí chun costais obair chothabhála nó deisiúcháin ar an áitreabh a íoc, nach obair a gceanglaítear leis an léas gurb é an léasaí a dhéanfaidh í;

ciallaíonn “gear-léas” léas arna dheonú ar feadh téarma nach faide ná caoga bhliain;

ciallaíonn “aonad luachála” aon tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin arna luacháil faoi na hAchtanna Luachála mar aonad.

(2) Nuair a bheidh ré léasa á dhéanamh amach, chun críocha na mínithe ar “léas fada” agus “gearr-léas” atá i bhfo-alt (1) beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) i gcás ina mbeidh ar théarmaí an léasa foráil le haghaidh a fhoirceannta trí fhógra ón léasóir nó ón léasaí, ní mheasfar an léas a bheith arna dheonú ar feadh téarma is faide ná téarma a chríochnóidh ar an dáta is luaithe a fhéadfaí é a fhoirceannadh trí fhógra;

(b) i gcás ina dtabharfaidh aon cheann de théarmaí an léasa (cibé acu le forghéilleadh nó le haon ní eile a bhaineann sé) nó aon chúinse eile gur neamhdhócha go leanfaidh an léas thar dáta roimh an lá a bheidh deireadh le téarma an léasa, ní mheasfar an léas a bheith arna dheonú ar feadh téarma is faide ná téarma a chríochnóidh ar an dáta sin.

(3) Déanfar aon tagairt sa Chaibidil seo do bhaint a bheith ag duine amháin le duine eile a fhorléiriú de réir alt 96 (3).

(4) Má tá eastát nó leas aon léasóra in aon áitreabh faoi mhorgáiste agus go bhfuil an morgáistí i seilbh nó go bhfuil na cíosanna agus na brabúis á nglacadh ag glacadóir a ceapadh ag an morgáistí nó ar iarratas uaidh, ansin, chun críocha na Caibidle seo, measfar an t-eastát nó an leas sin a bheith dílsithe don mhorgáistí, agus forléireofar dá réir sin tagairtí do léasóir; ach ríomhfar méid an dliteanais i leith cánach a bheidh ar aon mhorgáistí den sórt sin ionann agus dá mbeadh an morgáistí i seilbh go fóill nó, de réir mar a bheidh, nár ceapadh aon ghlacadóir, agus gurb é méid dliteanais an mhorgáisteora a bhí á ríomh.

Cánachas ar chíosanna faoi ghearr-léasanna.

[1963, a. 84.]

81. —(1) A mhéid dá bhforáiltear leis an gCaibidil seo, measfar, chun críocha uile an Achta seo, gur brabúis nó gnóchain bhliantúla de réir Sceidil D na brabúis nó na gnóchain ó aon chíos i leith aon áitribh faoi ghearr-léas agus beidh an léasóir inmhuirir ina leith faoi Chás IV den Sceideal sin.

(2) D'ainneoin aon ní in alt 79 (2), déanfar cáin ioncaim i leith brabús nó gnóchan is inmhuirir de bhua an ailt seo a ríomh i ngach cás ar mhéid iomlán brabús nó gnóchan na bliana measúnachta.

(3) Faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Chaibidil seo, gheofar amach méid na mbrabús nó na ngnóchan a bheidh le muirearú faoin alt seo trí na hasbhaintí a údaraítear leis an bhfo-alt díreach ina dhiaidh seo a bhaint as aon chíos a mbeidh an léasóir tar éis teacht chun teideal a bheith aige chuige sa bhliain mheasúnachta.

(4) Na hasbhaintí a údaraítear leis an bhfo-alt seo is asbhaintí iad faoi threoir aon ní nó gach ní acu seo a leanas:

(a) an méid, más aon mhéid é, a mbeidh an léasóir faoi dhliteanas cáin ioncaim a íoc air, trí asbhaint nó eile, faoi Sceideal A don bhliain mheasúnachta i leith an áitribh;

(b) an bhreis, más aon bhreis é, a bheidh ag méid aon chíosa is iníoctha ag an léasóir i leith an áitribh, nó i leith coda de, faoi ghearr-léas ar an méid dá dtagraítear i mír (a) nó, de réir mar a bheidh, thar an gcuid den mhéid deiridh sin is inchurtha i leith na coda den áitreabh arb iníoctha an cíos ag an léasóir ina leith;

(c) aon suimeanna a íocfaidh an léasóir, de réir coinníollacha an léasa, i leith ráta chontae, ráta chathrach nó ráta eile, cibé acu air féin nó ar an léasaí a bheidh na suimeanna sin muirearaithe faoin dlí;

(d) costas an léasóra i leith aon seirbhísí a rinne sé nó earraí a sholáthraigh sé, seachas ar mhodh cothabhála nó deisiúchán, is seirbhísí nó earraí a bhfuil ceangal dlí air faoin léas a dhéanamh nó a sholáthar ach nach bhfaigheann sé aon chomaoin ar leithligh ina leith;

(e) costas cothabhála, deisiúchán, árachais agus bainistí an áitribh a mhéid gurb é an léasóir a íocann an costas sin mar gheall ar oibleagáidí atá forchurtha ag an léas,

agus is é méid na hasbhainte a bheidh le déanamh faoi threoir gach ní de na nithe sin roimhe seo an méid a bheadh le déanamh agus brabúis nó gnóchain á ríomh faoi na forálacha is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D ionann agus dá mbeadh sé achtaithe gur chóir fáil cíosa faoi ghearr-léas a mheas mar thrádáil atá á sheoladh i gcaitheamh ré an léasa ag an léasóir de thuras na huaire agus gur chóir a mheas go bhfuil an t-áitreabh atá ar áireamh sa léas áitithe chun críocha na trádála sin.

Chun críocha an fho-ailt seo measfar gur cuid de ré léasa tréimhse, díreach tar éis a fhoirceannta, nach raibh an léasóir díreach roimh an bhfoirceannadh, ag áitiú an áitribh nó aon choda de, ach a bhí sé i dteideal é a shealbhú, má tharlaíonn ag deireadh na tréimhse sin go mbeidh an t-áitreabh tagtha chun bheith ina ábhar do ghearr-léas eile a dheonaigh sé.

(5) Má bhíonn léasóir i dteideal cíosa i leith áitribh (dá ngairtear an t-áitreabh sin ina dhiaidh seo san fho-alt seo) faoi ghearrléas agus—

(a) nach bhfuil iomlán aonaid luachála nó iomlán dhá aonad luachála nó níos mó den sórt sin san áitreabh sin, nó

(b) gurb iníoctha cíos ag an léasóir faoi ghearr-léas i leith áitreabh a bhfuil ann iomlán an áitribh sin agus áitribh eile nó cuid den chéanna,

déanfaidh an cigire, de réir mar is fearr is eol dó agus a mheaslaidh sé, aon chionroinnt iomchuí ar an luacháil inrátaithe nó ar an gcíos is iníoctha ag an léasóir agus méid aon asbhainte faoi mhír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (4) á chinneadh aige.

(6) Féadfar cionroinnt faoi fho-alt (5) a leasú ag na Coimisinéirí Speisialta, nó ag an mBreitheamh Cúirte Cuarda, ar achomharc i gcoinne measúnacht a rinneadh ar fhoras na cionroinnte sin a éisteacht nó a athéisteacht; ach ar aon achomharc den sórt sin a éisteacht nó a athéisteacht, beidh deimhniú ón gCoimisinéir Luachála a fhorthairgfidh ceachtar páirtí san achomharc agus a dheimhneoidh, maidir le háitreabh a bheidh luacháilte faoi na hAchtanna Luachála mar aonad, an méid de luacháil inrátaithe an áitribh is inchurtha i leith aon choda den áitreabh, ina dheimhniú críochnaitheach ar an méid is inchurtha amhlaidh.

Asbhaintí breise i gcásanna áirithe.

[1963, a. 85.]

1960, Uimh. 42 .

82. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “brabúis nó gnóchain eiscthe” brabúis nó gnóchain ón gcíos faoi ghearr-léas i leith áitribh arb éard é a iomlán nó arbh é a bhí ann, an 6ú lá d'Aibreán, 1963, aonad luachála a gcomhlíontar ina chás, don bhliain mheasúnachta na coinníollacha seo a leanas go léir, is é sin le rá:

(a) gurb áitreabh lena mbaineann fo-alt (2) an t-áitreabh;

(b) nach bhforchuireann an léas aon oibleagáid ar an léasaí creatlach nó taobh seachtrach aon fhoirgnimh a chothabháil ná a dheisiú nó ranníoc a dhéanamh i leith costas na cothabhála nó na ndeisiúchán sin, agus

(c) nach mó ná £52 sa bhliain an cíos a bhfuil an léasóir ina theideal nó, i gcás inar inlamháilte asbhaint faoi alt 81 (4) (c) agus méid na mbrabús nó na ngnóchan á ríomh chun críche measúnachta faoi Chás VI de Sceideal D an cíos sin arna laghdú oiread na hasbhainte is inlamháilte mar a dúradh;

ciallaíonn “cíos brabúis”, maidir le haon áitreabh a bhfuil léasóir, i mbliain mheasúnachta, i dteideal cíosa ina leith faoi ghearr-léas, an méid (dá ngairtear an méid inmheasúnaithe ina dhiaidh seo sa mhíniú seo) arbh inmhuirir, mura mbeadh forálacha na bhfo-alt seo a leanas den alt seo, an léasóir ina thaobh don bhliain mheasúnachta faoi Chás VI de Sceideal D, i leith brabús nó gnóchan ón gcíos sin, móide aon asbhaint a lamháiltear faoi alt 81 (4) (a) agus an méid inmheasúnaithe á ríomh agus lúide an méid, más aon mhéid é, ar lú aon asbhaint a lamháiltear faoi alt 81 (4) (b) agus an méid inmheasúnaithe á ríomh ná an asbhaint ab inlamháilte amhlaidh dá mba rud é—

(i) nárbh inlamháilte aon asbhaint faoi alt 81 (4) (a), agus

(ii) guh bhain alt 81, (4) (b) agus alt 81 (5) le haon íocaíocht lena mbaineann alt 93 amhail mar a bhaineann siad le haon chíos is iníoctha faoi ghearrléas.

(2)   (a) Baineann an fo-alt seo le haon áitreabh a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim (nó, ar achomharc, chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta) ina thaobh gurbh áitreabh rialaithe de réir bhrí an Achta Srianta Cíosa, 1960 , é sa bhliain mheasúnachta.

(b) I gcás duine a bheith inmhuirir maidir le haon bhliain mheasúnachta, faoi Chás VI de Sceideal D i leith brabús nó gnóchan ó aon chíos i leith aon áitribh lena mbaineann an fo-alt seo faoi ghearr-léas, déanfar an méid a mbeadh sé inmhuirir amhlaidh ina thaobh, ar leithligh ón bhfo-alt seo, a laghdú méid is comhionann le dhá chúigiú den chíos brabúis:

Ar choinníoll nach mó ná £200 comhshuim na méideanna uile a dhéanfar, d'aon bhliain mheasúnachta, na brabúis nó na gnóchain, seachas brabúis nó gnóchain eiscthe, a tháinig chun aon duine a laghdú de bhua na míre seo.

(3) An tagairt atá sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) (b), do bhrabúis nó gnóchain a tháinig chun aon duine measfar go bhfolaíonn sí, i gcás pearsa aonair, tagairt do bhrabúis nó do ghnóchain a tháinig chun banchéile nó fearchéile na pearsan aonair.

San fho-alt seo agus i bhfo-alt (4) ciallaíonn “banchéile” bean phósta a bhfuil sé le háireamh, faoi alt 196 (1), í a bheith ina cónaí lena fearchéile, agus tá brí chomhréire le “fearchéile”.

(4)   (a) Má thagann, in aon bhliain mheasúnachta, brabúis nó gnóchain chun fearchéile agus chun banchéile ó chíosanna i leith áitribh lena mbaineann fo-alt (2) agus gur mó comhshuim (dá ngairtear an mhór-chomhshuim ina dhiaidh seo san fho-alt seo) na méideanna a bheadh na brabúis nó na gnóchain sin le laghdú faoin alt seo, dá bhfágfaí ar lár as an alt seo an coinníoll a ghabhann le fo-alt (2) (b) (dá ngairtear an fhoráil theorainniúcháin ina dhiaidh seo san fho-alt seo), ná an méid arb éard é, de dhroim oibriú na forála teorainniúcháin, comhshuim (dá ngairtear an ghlan-chomhshuim ina dhiaidh seo san fho-alt seo) na méideanna uile a fhéadfar na brabúis nó na gnóchain sin a laghdú, ní rachaidh comhshuim na méideanna uile a laghdófar na brabúis nó na gnóchain a thiocfaidh chun ceachtar céile thar an tsuim a mbeidh idir í agus an ghlan-chomhshuim an chomhréir chéanna a bheidh idir comhshuim na méideanna uile a bheadh na sochair nó na gnóchain a thiocfaidh chun an chéile sin le laghdú, mura mbeadh an fhoráil theorainniúcháin, agus an mhór-chomhshuim.

(b) Aon tagairt san fho-alt seo do bhrabúis nó gnóchain ní fholaíonn sí tagairt do bhrabúis nó gnóchain eiscthe.

Préimheanna, etc., a áireamh mar chíos.

[1963, a. 86;

1965, a. 57.]

83. —(1) I gcás ina gceanglaítear aon phréimh a íoc faoi léas nó ar shlí eile faoi na téarmaí ar faoina réir a deonaíodh léas, agus gur gearr-léas é, measfar chun críocha alt 81, teideal a bheith ag an léasóir, ar an léas a dheonú, chun suim a fháil ar mhodh cíosa (i dteannta aon chíosa iarbhír) ar cóimhéid le méid na préimhe, arna laghdú an caogadú cuid den mhéid sin in aghaidh gach tréimhse iomláine dhá mhí dhéag, seachas an chéad tréimhse, atá ar áireamh i dtéarma an léasa.

(2) Má dhéanann na téarmaí ar faoina réir a deonaíodh léas aon áitribh oibleagáid a fhorchur ar an léasaí aon obair a dhéanamh ar an áitreabh, measfar chun críocha an ailt seo gur cheangail an léas préimh a íoc leis an léasóir (i dteannta aon phréimhe eile) ar cóimhéid leis an méid a bhí luach eastáit nó léasa an léasóra, díreach tar éis tosach feidhme an léasa, faoi bhun an méid arbh é a luach é an uair sin dá ndéanfaí an obair, ach ar shlí seachas ar chostas an léasaí, agus go mbeadh an cíos arna mhéadú dá réir sin:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo sa mhéid go gceanglaíonn an oibleagáid obair a dhéanamh a mbeadh íocaíocht ina leith inbhainte as an gcíos faoi alt 81 (4) dá mba ar an léasóir agus nach ar an léasaí a bheadh d'oibleagáid an obair a dhéanamh.

(3) Má bhíonn suim iníoctha, faoi na téarmaí ar faoina réir a deonaíodh léas, ag an léasaí in ionad an t-iomlán nó cuid den chíos in aghaidh aon tréimhse áirithe, nó mar chomaoin i leith an léas a ghéilleadh, measfar, chun críocha an ailt seo, gur cheangail an léas préimh ar cóimhéid le méid na suime sin a íoc leis an léasóir in dteannta aon phréimhe eile; ach—

(a) nuair a bheidh an cháin á ríomh is inmhuirir de bhua an fho-ailt seo i leith suime is iníoctha in ionad cíosa, déileálfar le téarma an léasa mar théarma nach bhfuil aon tréimhse ar áireamh ann seachas an tréimhse ar maidir léi is iníoctha an tsuim;

(b) d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1), aon chíos a ndéileálfar leis mar chíos de bhua an fho-ailt seo, measfar é a theacht chun bheith dlite ar theacht don tsuim a bheidh i gceist chun bheith iníoctha ag an léasaí.

(4) I gcás ina mbeidh suim iníoctha ag an léasaí, mar chomaoin i leith aon téarma de théarmaí léasa a athrú nó a tharscaoileadh, ar shlí seachas i modh cíosa, measfar, chun críocha an ailt seo, gur cheangail an léas préimh a íoc leis an léasóir (i dteannta aon phréimhe eile) ar cóimhéid le méid na suime sin; ach le linn an cháin a bheith á ríomh is inmhuirir de bhua an fho-ailt seo, déileálfar le téarma an léasa mar théarma nach bhfuil aon tréimhse ar áireamh ann roimh an am a ghlacfaidh an t-athrú nó an tarscaoileadh éifeacht nó a thiocfaidh tar éis an ama a scoirfidh an t-athrú nó an tarscaoileadh d'éifeacht a bheidh aige, agus d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) aon chíos a ndéileálfar leis mar chíos de bhua an fho-ailt seo measfar é a theacht chun bheith dlite nuair a dhéanfar an conradh ag déanamh forála don athrú nó don tarscaoileadh.

(5) I gcás ina mbeidh íocaíocht mar a luaitear i bhfo-alt (1), (3) nó (4) dlite do dhuine seachas an léasóir, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt sin (1), (3) nó (4) maidir leis an íocaíocht sin, ach déanfar aon mhéid a bheadh le háireamh mar chíos dá mba don léasóir a bheadh an íocaíocht dlite a áireamh mar bhrabús nó gnóchan bliantúil leis an duine eile sin agus beidh sé inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D:

Ar choinníoll nach ndéanfar, i gcás ina mbaineann an méid le híocaíocht a thagann faoi réim fho-alt (4), é a áireamh amhlaidh mura do dhuine a bhfuil baint aige leis an léasóir a bheidh an íocaíocht dlite.

(6) (a) Más ina thráthchodanna is iníoctha méid préimhe a bhfuil duine inmhuirir i leith cánach faoina threoir de bhua an ailt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, i gcás ina mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo, in ionad na bhforálacha roimhe seo den alt seo:

(i) chun críocha alt 81, déanfar gach tráthchuid den sórt sin is iníoctha leis an léasóir de thuras na huaire a áireamh ionann agus dá mba chíos í is iníoctha faoin léas, agus

(ii) déanfar gach tráthchuid den sórt sin is iníoctha le duine nach léasóir a áireamh mar bhrabús nó gnóchan bliantúil leis an duine sin agus beidh sí inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D.

(b) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás ina ndéanfaidh an duine is inmhuirir de bhua an ailt seo trí fhógra i scríbhinn, a thabharfar do chigire roimh dheireadh na bliana measúnachta i ndiaidh na bliana a thiocfaidh sé chun bheith i dteideal na chéad tráthchoda den phréimh, a roghnú go mbeidh feidhm aige agus i gcás ina dtabharfar fógra den sórt sin i dtaobh rogha déanfar gach measúnacht bhreise, gach athrú ar mheasúnachtaí agus gach aisíocaíocht cánach is gá.

(7) Chun críocha an ailt seo, glacfar go ndearnadh aon suim, seachas cíos, a íocadh ar léas a dheonú nó i ndáil le léas a dheonú a íoc ar mhodh préimhe ach amháin sa mhéid go gcruthófar gur tugadh leor-chomaoin eile i leith na híocaíochta.

(8) I gcás ina mbeidh ré léasa le déanamh amach chun críocha an ailt seo tar éis dáta ar tháinig deireadh leis an léas ar chúis ar bith, glacfar, d'ainneoin aon ní in alt 80 (2), gur mhair an ré ó thosach feidhme an léasa go dtí an dáta sin; agus i gcás ina mbeidh an ré sin le déanamh amach chun na gcríocha sin tráth a bheidh an léas ar marthain, cuirfear forálacha alt 80 (2) i bhfeidhm de réir na gcúinsí a bheidh ann an tráth sin.

Muirear ar shannadh léasa a deonaíodh ar shaorluach.

[1965, a. 58.]

84. —(1) I gcás inarb amhlaidh do na téarmaí ar faoina réir a deonaíodh gearr-léas go bhféadfadh an léasóir, ag féachaint do na luachanna a bhí á n-íoc an tráth a deonaíodh é, agus á ghlacadh in áirithe gur ar neamhthuilleamaí a rinneadh an mhargántaíocht le haghaidh an léasa, a cheangal suim bhreise (dá ngairtear an tsuim tharscaoilte ina dhiaidh seo san alt seo) a íoc i modh préimhe, nó préimhe breise, as ucht an léas a dheonú, ansin, ar aon sannadh a dhéanamh ar an léas ar chomaoin—

(a) i gcás nár sannadh an léas roimhe sin, de bhreis ar an bpréimh, má b'ann, ar ar sannadh é, nó

(b) i gcás inar sannadh an léas roimhe sin, de bhreis ar an gcomaoin ar ar sannadh go deiridh é,

déanfar méid na breise, a mhéid nach mó é ná an tsuim tharscaoilte lúide méid aon bhreise den sórt sin de bharr sannadh roimhe sin ar an léas, a áireamh, ar comhréir leis an méid a mbeadh an tsuim tharscaoilte le háireamh, faoi alt 83 (1), mar chíos dá mba phréimh faoi léas í, mar bhrabúis nó gnóchain de chuid an tsannóra ab inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D.

(2) Nuair a bheidh na brabúis nó na gnóchain ó thrádáil ag déileáil i dtalamh á ríomh measfar aon fháltais thrádála lena mbainfidh an t-alt seo a bheith laghdaithe an méid ar arb inmhuirir cáin faoin alt seo.

Muirear ar dhíol talún le ceart atíolacadh.

[1965, a. 58.]

85. —(1) I gcás ina bhforálann na téarmaí ar faoina réir a dhíolfar eastát nó leas i dtalamh go ndéanfar, nó go bhféadfar a cheangal go ndéanfar, é a atíolacadh ar dháta le teacht don díoltóir nó do dhuine a bhfuil baint aige leis, beidh an díoltóir inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D ar aon suim a bheidh de bhreis ag an bpraghas ar a ndíolfar an t-eastát nó an leas ar an bpraghas ar a mbeidh sé le hatíolacadh nó, más dáta dhá bhliain nó níos mó tar éis an díola an dáta is luaithe ar a mbeadh sé, de réir na dtéarmaí sin, le hatíolacadh, ar an mbreis sin lúide an caogadú cuid di in aghaidh gach bliana iomláine (seachas an chéad bhliain iomlán) sa tréimhse idir an díol agus an dáta sin.

(2) I gcás nach mbeidh dáta an atíolactha socraithe faoi théarmaí an díola, ansin—

(a) má athraíonn praghas an atíolactha de réir an dáta, measfar chun críocha an ailt seo gurb é an praghas an praghas is lú is féidir faoi théarmaí an díola;

(b) féadfaidh an díoltóir, roimh dheireadh sé bliana tar éis an dáta a dhéanfar an t-atíolacadh, a éileamh go n-aisíocfar aon suim a bhí de bhreis ag cáin a measúnaíodh air de bhua an ailt seo ar an tsuim a mheasúnófaí amhlaidh dá n-áireofaí chun críocha an ailt seo gurb é an dáta sin an dáta a socraíodh le téarmaí an díola.

(3) I gcás ina bhfuil foráil i dtéarmaí an díola chun léas a dheonú go díreach nó go neamhdhíreach as an eastát nó as an leas don díoltóir nó do dhuine a bhfuil baint aige leis, beidh feidhm ag an alt seo ionann agus dá mba éard é deonú an léasa atíolacadh ar an eastát nó ar an leas ar phraghas cóimhéid le suim méid na préimhe (más ann) i leith an léasa agus an luach is fiú, ar dháta an díola, an ceart chun atíolacadh ar an bhfrithdhílse a fháil díreach tar éis don léas tosú ag rith:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo má dheonaítear an léas, agus go dtosóidh sé ag rith, laistigh de mhí tar éis an díola.

(4) Nuair a bheidh na brabúis nó na gnóchain ó thrádáil ag déileáil i dtalamh á ríomh, measfar aon fháltais thrádála lena mbainfidh an t-alt seo a bheith laghdaithe an méid ar arb inmhuirir cáin de bhua an ailt seo, ach i gcás ina measfar, ar éileamh a dhéanamh faoi fho-alt (2) (b), an méid ar arbh inmhuirir cáin de bhua an ailt seo a bheith laghdaithe, measfar baint a bheith ag bhfo-alt seo leis an méid arna laghdú, agus déanfar cibé coigeartú is gá ar dhliteanas i leith cánach (in aghaidh na mblianta measúnachta iomchuí go léir), i modh measúnachta breise nó ar shlí eile.

Ligin áirithe a eisiamh.

[1963. a. 87.]

86. —Ní bheidh éifeacht ag alt 81 ná ag alt 89 maidir le cás ina bhfuil an cíos a fhorcoimeádtar faoi léas (lena n-áirítear, más ar an 6ú lá d'Aibreán, 1963, nó dá éis sin a deonaíodh an léas suim iomchuí i leith aon phréimhe is iníoctha faoin léas) neamhdhóthanach, agus bliain amháin a thógáil le bliain eile, chun íoc as costas an léasóra ag comhlíonadh a oibleagáidí faoin léas agus faoi chomhair aon chaiteachas dá chuid maidir le cothabháil, deisiúcháin, árachas agus bainistí an áitribh faoi réir an léasa a bheidh le n-íoc aige, agus chuige sin measfar an léasóir d'iompar go bliantúil caiteachas bainistí (i dteannta aon chaiteachais iarbhír) ar cóimhéid leis an méid a mbeidh sé dlite de cáin a íoc ina leith faoi Sceideal A i leith an áitribh.

Cánachas ar íocaíochtaí áirithe i leith éasúintí.

[1963, a. 88.]

87. —I gcás aon duine a bheith, in aon bhliain mheasúnachta, i dteideal aon íocaíochta, seachas íocaíocht lena mbaineann alt 93, maidir le haon éasúint i ndáil le haon áitreabh, nach áitreabh arb eisean aon-áititheoir a iomláin, chun críocha Sceideal A, i gcaitheamh na tréimhse a bhfuil an íocaíocht dlite ina leith, déileálfar chun críocha alt 81 leis an íocaíocht ionann agus dá mba chíos í ab iníoctha i leith áitribh faoi ghearr-léas, agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an ailt sin faoi réir na modhnuithe is gá.

Forálacha maidir le measúnacht.

[1963, a. 89.]

88. —(1) I gcás brabúis nó gnóchain is inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D de bhua na bhforálacha sin roimhe seo den Chaibidil seo teacht ó dhá bhunadh nó níos mó chun aon duine d'aon bhliain mheasúnachta, féadfar méideanna iomaí na mbrabús nó na ngnóchan is inmhuirir amhlaidh a mheasúnú in aon mheasúnacht amháin.

(2) I gcás measúnacht, i leith brabúis nó gnóchain is inmhuirir mar a dúradh d'aon bhliain mheasúnachta, a dhéanamh sa bhliain sin, cibé acu de bhun fho-alt (1) nó ar shlí eile—

(a) déanfar é ar an bhforas gur díreach mar a bhí i gcás na bliana measúnachta deiridh roimhe sin do na bunaidh uile brabús nó gnóchan agus do na fíorais uile is iomchuí maidir le ríomh brabús nó gnóchan, agus

(b) beidh cáin intobhaigh dá réir sin, ach déanfar aon choigeartuithe is gá tar éis deireadh na bliana, cibé acu ar mhodh measúnachta breise, aisíoc cánach nó eile é, chun a áirithiú go muirearófar cáin ar bhrabúis nó ar gnóchain na bliana measúnachta.

(3) Chun críocha fho-alt (2) (a), ní thabharfar aird ar aon mhéideanna nach gcuirfí i gcuntas, mura mbeadh alt 83, agus brabúis nó gnóchain á ríomh.

Faoiseamh i leith caillteanas.

[1963, a. 90.]

89. —Más rud é i gcás aon bhliana measúnachta gur mó comhshuim na n-asbhaintí a bheidh údaraithe, maidir le haon ghearr-léas, le halt 81 (4) ná méid an chíosa a dtiocfaidh an léasóir chun bheith ina theideal sa bhliain, measfar gurb é a bheidh sa bhreis caillteanas den sórt a luaitear in alt 310 agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an ailt sin.

Faoiseamh i leith méid nach bhfuarthas.

[1963, a. 91.]

90. —(1) Más rud é, ar éileamh ina leith sin, go gcruthóidh léasóir nach bhfuair sé an méid a bhí sé i dteideal a fháil maidir le gearr-léas agus—

(a) más mar gheall ar mhainneachtain an duine ag arbh iníoctha é nach bhfuarthas an méid sin, go mbeidh an méid sin neamh-inghnóthaithe, nó

(b) má tharscaoil sé íoc an mhéid sin, go ndearnadh an tarscaoileadh gan chomaoin agus go ndearnadh é go réasúnach d'fhonn cruatan a sheachaint,

déileálfar chun críocha na Caibidle seo leis an léasóir ionann agus dá mba nach raibh teideal aige an méid sin a fháil agus déanfar a dhliteanas i leith cánach don bhliain mheasúnachta a tháinig sé chun bheith i dteideal an méid sin a fháil agus d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin a choigeartú, trí aisíoc nó ar shlí eile, de réir mar is gá i gcúinsí an cháis; ach má fhaightear an méid sin go léir nó aon chuid de ina dhiaidh sin, déanfar dliteanas an léasóra i leith cánach do na blianta measúnachta iomchuí uile a athchoigeartú go cuí trí mheasúnacht bhreise nó ar shlí eile.

(2) Is chun an chigire a dhéanfar, agus is é an cigire a chinnfidh, aon éileamh ar aisíocaíocht faoin alt seo; ach duine ar bith arb éagóir leis aon chinneadh de chuid an chigire ar aon éileamh den sórt sin féadfaidh sé, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de lá agus fiche tar éis fógra a thabhairt dó i dtaobh an chinnte, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta.

(3) éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta achomharc a dhéanfar chucu faoi fho-alt (2) ionann agus dá mba achomharc é i gcoinne measúnacht i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm dá réir sin, faoi réir na modnuithe is gá, ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hathéisteacht achomhairc nó cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí.

Asbhaint faoi threoir préimhe, etc., a íocadh i ríomh na mbrabús chun críocha Sceideal D, Cásanna I agus II.

[1963, a. 92;

1965, a. 59.]

91. —(1) Má tharlaíonn, maidir le haon áitreabh, méid (dá ngairtear an méid is inmhuirir ina dhiaidh seo san alt seo)—

(a) a bheith tagtha chun bheith inmhuirir i leith cánach faoi fho-alt (1), (2), (3), (4), nó (5) d'alt 83 nó faoi alt 84 nó 85, nó

(b) go mbeadh sé tagtha chun bheith inmhuirir amhlaidh mura mbeadh alt 83 (6) nó mura mbeadh alt 92 (2) nó mura mbeadh aon díolúine ó cháin,

agus an t-áitreabh a bheith áitithe go hiomlán nó go páirteach i gcaitheamh aon choda den tréimhse iomchuí ag an duine le teideal de thuras na huaire chun an léasa, an eastáit nó an leasa arb ina leith a tháinig an méid is inmhuirir chun críche trádála nó gairme bhí ar siúl aige, measfar, d'fhonn brabúis nó gnóchain na trádála nó na gairme a ríomh le haghaidh measúnachta faoi Chás I nó Cás II de Sceideal D, an duine sin d'íoc cíosa i leith an áitribh in aghaidh aon choda den tréimhse iomchuí a bhí an t-áitreabh áitithe aige mar a dúradh (i dteannta aon chíosa a íocadh iarbhír) méid a bhfuil idir é agus an méid is inmhuirir an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin den tréimhse iomchuí agus an t-iomlán, agus measfar an cíos sin a bheith ag faibhriú ó lá go lá.

(2) San alt seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”—

(a) i gcás an méid is inmhuirir a theacht faoi alt 83, an tréimhse ar áiríodh, agus an méid sin á ríomh, gurb í ré an léasa í;

(b) i gcás an méid is inmhuirir a theacht faoi alt 84, an tréimhse ar áiríodh, agus an méid sin á ríomh, gurbh í an chuid í a bhí fágtha de réir an léasa ar dháta an tsannta;

(c) i gcás an méid is inmhuirir a theacht faoi alt 85, an tréimhse dar tosach dáta an díola agus dar críoch an dáta a socraíodh faoi théarmaí an díola mar dháta an atíolactha nó an deonaithe, nó, mura bhfuil an dáta sin socair, dar críoch an dáta is luaithe a d'fhéadfadh an t-atíolacadh nó an deonú tarlú de réir téarmaí an díola.

(3) I gcás an méid is inmhuirir a theacht faoi fho-alt (2) d'alt 86 den Acht seo de dhroim oibleagáid a cheangail caiteachas a thabhú a bhfuil aon liúntas tugtha, nó a mbeidh aon liúntas le tabhairt, ina leith faoi Chaibidil II de Chuid XV nó faoi Chuid XVI, beidh feidhm ag an alt seo ionann is nár cheangail an oibleagáid an caiteachas sin a thabhú agus dá ríomhfaí dá réir sin an méid is inmhuirir.

(4) I gcás an méid is inmhuirir a theacht faoi alt 85 agus an t-atíolacadh nó an deonú a bheidh i gceist a dhéanamh ar praghas seachas an praghas a glacadh le linn an méid sin a bheith á ríomh nó ar dháta seachas an dáta a glacadh le linn an tréimhse iomchuí a bheith á cinneadh, measfar go raibh éifeacht (in aghaidh na mblianta measúnacha iomchuí go léir) ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo mar a bheadh éifeacht acu dá mba é an praghas nó an dáta iarbhír a ghlacfaí amhlaidh agus déanfar cibé coigeartú is gá ar dhliteanas i leith cánach i modh measúnachta breise nó ar shlí eile.

Asbhaintí faoi threoir préimheanna, etc., a íocadh agus brabúis á ríomh chun críocha na Caibidle seo.

[1963, a. 93;

1965, a. 60.]

92. —(1) Má tharlaíonn, maidir le haon áitreabh, go mbeidh méid tagtha, nó go mbeadh méid tar éis teacht, chun bheith inmhuirir i leith cánach mar a luaitear in alt 91 (1) faoi threoir leasa sin d'íoc cíosa, a d'fhaibhrigh ó lá go lá, i leith an áitribh (i dteannta aon chíosa a íocadh iarbhír), i rith aon choda den le teideal de thuras na huaire chun an léasa, an eastáit nó an leasa sin d'íoc cíosa, a d'fhaibhrigh ó lá go lá, i leith an áitribh (i dteannta aon chíosa a íocadh iarbhír), i rith aon choda den tréimhse iomchuí i ndáil leis an méid a dúradh a bhfuil teideal aige maidir leis chun an léasa, an eastáit nó an leasa agus a bhfuil idir é go huile agus an méid sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin den tréimhse iomchuí agus an t-iomlán.

(2) Má tharlaíonn, maidir le haon áitreabh, go mbeidh méid tagtha, nó go mbeadh méid tar éis teacht, chun bheith inmhuirir i leith cánach mar a dúradh, agus faoi threoir léasa a deonaíodh as, nó diúscartha a rinneadh ar, an léas, an eastát nó an leas ar faoina threoir a tháinig nó a thiocfadh an méid sin (dá ngairtear an chéad mhéid is inmhuirir ina dhiaidh seo san alt seo) chun bheith inmhuirir, go mbeadh duine, ar leithligh ón bhfo-alt seo, inmhuirir faoi alt 83, 84 nó 85 i leith aon mhéid (dá ngairtear an méid inmhuirir is déanaí ina dhiaidh seo san alt seo), is é an méid ar a mbeidh sé inmhuirir amhlaidh, i gcás nach ndéanfar aon éileamh nó nach féidir éileamh a dhéanamh faoi alt 83 (6), an bhreis, más ann, a bheidh ag an méid inmhuirir is déanaí ar an gcodán iomchuí den chéad mhéid is inmhuirir nó i gcás nach mbaineann an léas nó an diúscairt ar faoina threoir ab inmhuirir an duine mar a dúradh ach amháin le cuid den áitreabh sin, an bhreis, más ann, a bheidh ag an méid inmhuirir is déanaí ar an méid sin den chodán iomchuí den chéad mhéid is inmhuirir is inchurtha, de chionroinnt chóir, i leith na coda sin den áitreabh.

(3) I gcás ina n-oibreoidh fo-alt (2) den alt seo chun an méid a laghdú a mbeadh, ar leithligh ón bhfo-alt sin, duine inmhuirir ina leith faoi threoir léasa nó diúscartha, beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir leis an tréimhse iomchuí i ndáil leis an méid inmhuirir is déanaí má bhíonn agus amháin má bhíonn breis ag an gcodán iomchuí den chéad mhéid is inmhuirir ar an méid inmhuirir is déanaí agus beidh feidhm aige ansin ionann is dá ndéanfaí an chéad mhéid is inmhuirir a laghdú i gcomhréir le méid na breise sin a gcomparáid leis an gcodán iomchuí sin:

Ar choinníoll go ndéanfar, i gcás nach mbaineann an léas nó an diúscairt ach amháin le cuid den áitreabh a luaitear i bhfo-alt (2), an fo-alt sin (1) agus an fo-alt seo a chur chun feidhme ar leithligh maidir leis an gcuid sin agus leis an gcuid eile den áitreabh ach sin ionann is dá gcuirfí in ionad tagartha don chéad mhéid is inmhuirir tagairt don mhéid sin arna choigeartú go comhréireach.

(4) San alt seo ciallaíonn an “tréimhse iomchuí” maidir le haon mhéid—

(a) i gcás an méid a theacht faoi alt 83, an tréimhse ar áiríodh, agus an méid sin á ríomh, gurb í ré an léasa í;

(b) i gcás an méid a theacht faoi alt 84, an tréimhse ar áiríodh, agus an méid sin á ríomh, gurbh í an chuid í a bhí fágtha de ré an léasa ar dháta an tsannta;

(c) i gcás an méid a theacht faoi alt 85, an tréimhse dar tosach dáta an díola agus dar críoch an dáta a socraíodh faoi théarmaí an díola mar dháta an atíolactha nó an deonaithe, nó, mura bhfuil an dáta sin socraithe, dar críoch an dáta is luaithe a d'fhéadfadh an t-atíolacadh nó an deonú tarlú de réir téarmaí an díola.

(5) Chun críocha fho-ailt (2) agus (3) is é an codán iomchuí den chéad mhéid is inmhuirir an tsuim a bhfuil idir í agus an méid sin an chomhréir chéanna atá idir fad na tréimhse iomchuí maidir leis an méid inmhuirir is déanaí agus fad na tréimhse iomchuí maidir leis an gcéad mhéid is inmhuirir.

(6) I gcás an chéad mhéid is inmhuirir a theacht faoi alt 83 (2) de dhroim oibleagáid a cheangail caiteachas a thabhú a bhfuil aon liúntas tugtha, nó a mbeidh aon liúntas le tabhairt, ina leith faoi Chuid XVI, beidh feidhm ag an alt seo ionann is nár cheangail an oibleagáid an caiteachas sin a thabhú agus dá ríomhfaí dá réir sin an chéad mhéid is inmhuirir.

(7) I gcás an chéad mhéid is inmhuirir a theacht faoi alt 85 agus an t-atíolacadh nó an deonú a bheidh i gceist a dhéanamh ar phraghas seachas an praghas a glacadh le linn an méid sin a bheith á ríomh nó ar dháta seachas an dáta a glacadh le linn an tréimhse iomchuí maidir leis an méid sin a bheith á cinneadh, measfar go raibh éifeacht (in aghaidh na mblianta measúnachta go léir) ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo mar a bheadh éifeacht acu dá mba é an praghas nó an dáta iarbhír a ghlacfaí amhlaidh agus déanfar cibé coigeartú is gá ar dhliteanas i leith cánach i modh measúnachta breise nó ar shlí eile.

Cánachas ar chíosanna faoi léasanna fada agus ar íocaíochtaí áirithe eile.

[1963, a. 94.]

93. —(1) Baineann an t-alt seo leis na híocaíochtaí seo a leanas:

(a) aon chíos is iníoctha maidir le haon áitreabh nach bhfuil an mhaoin ann measúnaithe ar leithligh agus muirearaithe faoi Sceideal A, nó i leith aon éasúna, i gcás an t-áitreabh nó an éasúint a bheith á úsáid, á áitiú nó á theachtadh i ndáil le haon cheann de na gnóthais a bhfuil na brabúis uaidh inmhuirir i leith cánach faoi Chás (b) de Sceideal D de bhua alt 53,

(b) aon chíos is iníoctha maidir le haon áitreabh, seachas áitreabh atá á úsáid, á áitiú nó á theachtadh mar a dúradh, faoi léas fada, agus

(c) aon ús bliantúil, blianacht, cíosmhuirear nó cíos feofheirme nó aon íocaíocht bhliantúil eile atá forcoimeádta i leith aon áitribh, nó atá muirearaithe ar aon áitreabh nó ag eisiúint as, nach cíos is iníoctha faoi léas nó maidir le háitreabh atá á úsáid, á áitiú nó á theachtadh mar a luaitear i mír (a) nó cíosmhuirear den sórt a luaitear in alt 18 (5),

is íocaíocht a tháinig nó a thiocfaidh chun bheith dlite an 6ú lá d'Aibreán, 1963, nó dá éis sin.

I mír (a) measfar go bhfolaíonn an tagairt do chíos tagairt do dhola, dleacht, ríchíos nó d'íocaíocht bhliantúil nó thréimhsiúil i bhfoirm cíosa, cibé is in airgead nó i luach airgid nó ar shlí eile is iníoctha é.

(2) Ní bheidh éifeacht ag alt 18 (1) ná ag alt 18 (3) maidir le haon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo.

(3) Aon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo—

(a) sa mhéid nach dtagann sí faoi réim aon Cháis eile de Sceideal D, muirearófar cáin uirthi faoi Chás IV den Sceideal sin, agus

(b) faoi réir alt 104, déileálfar léi, chun críocha mhír (m) d'alt 61 agus ailt 433 agus 434, ionann agus dá mba ríchíos í a íocadh i leith úsáid paitinne:

Ar choinníoll, i gcás cíos den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) (a) a thabhairt i dtoradh de chuid an ghnóthais, go mbeidh éifeacht ag an bhfo-alt seo ionann agus dá bhfágfaí ar lár mír (b); agus go measfar gurb é luach an tortha a tugadh amhlaidh méid na mbrabús nó an ioncaim ón gcéanna.

(4) Beidh éifeacht ag alt 8 (2) ionann agus dá bhfolódh “íocaíocht bhliantúil eile”, sa dá áit ina bhfuil sé sin san fho-alt sin, tagairt d'aon íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo nach íocaíocht cíosa, úis nó blianachta.

Tuairisceáin, etc.,

[1963, a. 95.]

94. —D'fhonn sonraí a fháil i dtaobh brabúis nó gnóchain is inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D de bhua na Caibidle seo, féadfaidh an cigire trí fhógra i scríbhinn a cheangal—

(a) ar aon léasóir, nó athléasóir, áitribh cibé eolas a shonrófar san fhógra a thabhairt, laistigh den am a theorainneofar leis an bhfógra, i dtaobh forálacha an léasa agus na dtéarmaí ar faoina réir a deonaíodh an léas agus i dtaobh na n-íocaíochtaí a rinneadh leis, nó a rinne sé, maidir leis an áitreabh;

(b) ar aon léasaí, áititheoir nó athléasaí nó ath-áititheoir áitribh (lena n-áirítear aon duine ag a bhfuil nó ag a raibh úsáid an áitribh) cibé eolas a thabhairt a shonrófar san fhógra i dtaobh na dtéarmaí a bhaineann leis an léas, le háitiú nó le húsáid a áitribh, agus i gcás ina mbeidh aon cheann de na téarmaí sin bunaithe le haon ionstraim scríofa, an ionstraim a thabhairt ar aird don chigire lena hiniúchadh;

(c) ar aon léasaí nó athléasaí áitribh cibé eolas a thabhairt a shonrófar san fhógra i dtaobh aon chomaoin a tugadh i leith an léas a dheonú dó;

(d) ar aon duine a dhéanann mar ghníomhaire áitreabh a bhainistí nó cíos nó íocaíochtaí eile as áitreabh a ghlacadh cibé sonraí a thabhairt don chigire maidir le híocaíochtaí as an áitreabh a shonrófar san fhógra.

Srianadh ailt 24.

[1963, a. 96 (3).]

95. —Más rud é go bhféadfar asbhaint a dhéanamh, i leith aon bhliana measúnachta, faoi alt 81 (4) maidir le costas cothabhála, deisiúchán, árachais nó bainistí aon áitribh, ní lamhálfar aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim faoi Sceideal A i leith an áitribh faoi alt 24.