|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil VIII Cíosanna áirithe a íoc gan Cáin a Asbhaint) | Ar Aghaidh (CUID V Sceideal E agus na Príomh-Fhorálacha a Bhaineann leis) |
AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil IX Forálacha Ilghnéitheacha maidir le Sceideal D | |
[EN] |
Daoine is inmhuirir. [1918, Sc. D, Ilgh. r. 1.] |
105. —Beidh muirear agus íoc cánach faoi Sceideal D ar na daoine nó na comhlachtaí daoine a gheobhaidh an t-ioncam, nó a bheidh i dteideal an ioncaim a n-ordaítear faoin Acht seo cáin faoin Sceideal sin a mhuirearú ina leith. |
[EN] |
Ús a bheith iníoctha as rátaí. [1918, Sc. D, Ilgh. r. 6; 1947, a. 4.] |
106. —I gcás ina mbeidh aon chreidiúnaí ar aon rátaí nó measúnachtaí nach inmhuirir mar bhrabúis i dteideal aon úis airgid, féadfar an cháin is iníoctha air sin a mhuirearú ar an oifigeach cuí ag a mbeidh bainistí na gcuntas, agus beidh seisean freagrach i ngach ní is gá chun go bhféadfar an cháin a mhuirearú go cuí agus ina híoc, ionann agus dá mba éard iad na rátaí nó na measúnachtaí brabúis is inmhuirir i leith cánach, agus beidh sé, sa tslí chéanna, slánaithe maidir le gach ní den sórt sin ionann agus dá mba inmhuirir na rátaí nó na measúnachtaí sin. |
[EN] | (2) I gcás— | |
[EN] | (a) ina bhféadfar cáin d'aon bhliain mheasúnachta a mhuirearú mar a dúradh ar an oifigeach cuí ag á mbeidh bainistí cuntas comhlachta, agus | |
[EN] | (b) ina mbeidh an comhlacht sin, an bhliain sin, ag áitiú aon mhaoine a mbeadh aon cháin ina leith faoi Sceideal A don bhliain sin le hiompar, i ndeireadh na dála, ag an gcomhlacht sin mura mbeadh an fo-alt seo, | |
[EN] | ansin, nuair a bheifear ag ríomh an mhéid a bhféadfar an t-oifigeach cuí sin a mhuirearú ina leith amhlaidh don bhliain sin, asbhainfear suim is comhionann le cibé méid acu seo a leanas is lú— | |
[EN] | (i) an méid a bhféadfaí, mura mbeadh an fo-alt seo, an t-oifigeach cuí sin a mhuirearú amhlaidh ina leith, | |
[EN] | (ii) an méid glan a mbeadh an cháin ina leith, dá dtagraítear i mír (b), le hiompar, i ndeireadh na dála, ag an gcomhlacht sin mura mbeadh an fo-alt seo. | |
[EN] |
Brabúis a chionroinnt. [1929, a. 16; 1965, Sc. 3, Cuid I.] |
107. —(1) Más rud é, i gcás aon bhrabúis nó gnóchain is inmhuirir faoi Chás III de Sceideal D de bhun alt 78 nó is inmhuirir faoi Chás I, Cás II nó Cás IV de Sceideal D gur gá, d'fhonn teacht ar na brabúis nó ar na gnóchain nó ar na caillteanais in aon bhliain mheasúnachta nó tréimhse eile, na brabúis nó na gnóchain nó na caillteanais d'aon tréimhse a ndearnadh na cuntais suas ina haghaidh a roinnt agus a chionroinnt i leith tréimhsí sonraithe, nó aon bhrabúis nó gnóchain nó caillteanais den sórt sin nó aon chodanna cionroinnte díobh a chomhshuimiú beidh sé dleathach roinnt agus cionroinnt nó comhshuimiú den sórt sin a dhéanamh. |
[EN] | (2) Déanfar aon chionroinnt faoin alt seo i gcomhréir leis an méid míonna nó codán de mhíonna sna tréimhsí faoi seach. | |
[EN] |
Teorainniú asbhaintí i leith cánacha áirithe. [1964, a. 4.] |
108. —Maidir le hioncam a ríomh chun críocha cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta, déanfar aon ashbaint ab inlamháilte, mura mbeadh an t-alt seo, i leith na cánach dá ngairtear sa Ríocht Aontaithe cáin bhrabús a laghdú méid is comhionann le cibé méid den cháin sin is féidir, faoi alt 21 den Acht Airgeadais, 1949 , a lamháil mar chreidiúint i gcoinne cánach brabús corparáide. |