|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Íocaíochtaí ar Scor, etc.) | Ar Aghaidh (Caibidil IV Cáin Ioncaim i Leith Díolaíochtaí áirithe) |
AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil III Liúntais Chostais agus Sochair in Earraí | |
[EN] |
Liúntais chostais etc. [1958, a. 23.] |
116. —(1) Faoi réir forálacha na Caibidle seo, déanfar, chun críocha alt 110, aon suim a bheidh íoctha i leith caiteachais ag comhlacht corpraithe le haon duine dá stiúrthóirí nó le duine ar bith i bhfostaíocht an chomhlachta sin is fostaíocht lena mbaineann an Chaibidil seo a áireamh, mura mbeidh an tsuim sin inmhuirir i leith cánach ioncaim ar shlí eile mar ioncam leis an stiúrthóir nó ar fostaí sin, mar pheircuis a ghabhann le hoifig nó le fostaíocht an stiúrthóra nó an fhostaí sin agus mar chuid de dhíolaíochtaí an chéanna is inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) dá réir sin, ach ní choiscfidh aon ní san fho-alt seo éileamh ar asbhaint a dhéanamh faoi Riail 3 de Sceideal 2 i leith aon airgid a caitheadh go hiomlán, go heisiatach agus le riachtanas ag comhlíonadh dualgas na hoifige nó na fostaíochta. |
[EN] | (2) An tagairt atá in bhfo-alt (1) d'aon suim a íocadh i leith caiteachas folaíonn sí tagairt d'aon suim a sholáthraigh comhlacht corpraithe do stiúrthóir nó d'fhostaí agus d'íoc sé amach. | |
[EN] |
Sochair in earraí. [1958, a. 24.] |
117. —(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den Chaibidil seo, i gcás— |
[EN] | (a) comhlacht corpraithe do thabhú costas ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, cóiríochta cónaithe nó cóiríochta eile, nó aíochta, nó seirbhísí tís nó seirbhísí eile nó sochar nó saoráidí eile d'aon sórt d'aon duine dá stiúrthóirí nó d'aon duine i bhfostaíocht faoin gcomhlacht sin is fostaíocht lena mbaineann an Chaibidil seo, agus | |
[EN] | (b) nach mbeadh, mura mbeadh an t-alt seo, an costas inmhuirir i leith cánach ioncaim mar ioncam leis an stiúrthóir nó leis an bhfostaí, | |
[EN] | beidh éifeacht ag Riail 3 de Sceideal 2 agus ag ailt 110 agus 178 maidir leis an oiread den chostas nach mbeidh cúitithe leis an gcomhlacht corpraithe ag an stiúrthóir nó an fostaí amhail is dá mba é an stiúrthóir nó an fostaí a thabhaigh an costas agus go raibh méid an chostais sin aisíoctha leis ag an gcomhlacht corpraithe trí íocaíocht i leith costas, agus beidh cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) inmhuirir dá réir sin. | |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le costas a thabhaigh an comhlacht corpraithe ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, aon chóiríochta, soláthairtí nó seirbhísí do stiúrthóir nó d'fhostaí in aon áitreabh gnó de chuid an chomhlachta agus a soláthraíodh le haghaidh an stiúrthóra nó an fhostaí féin agus a d'úsáid sé chun agus amháin chun dualgais a oifige nó a fhostaíochta a chomhlíonadh. | |
[EN] | (3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le costas a thabhaigh an comhlacht corpraithe ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, cóiríochta cónaithe d'fhostaí i gcuid d'aon áitreabh gnó leis an gcomhlacht sin ina bhfuil cóiríocht chónaithe más gá don fhostaí, de réir téarmaí a fhostaíochta, cónaí sa chóiríocht le go bhféadfaidh sé a dhualgais a chomhlíonadh i gceart agus | |
[EN] | (a) go bhfuil an chóiríocht soláthraithe de réir gnáis a bhí coiteann i dtrádála den aicme iomchúí ó thús na ndeich mbliana dar críoch dáta an Achta Airgeadais, 1958 , a rith maidir le fostaithe den aicme iomchuí, nó | |
[EN] | (b) gur gá, i dtrádála den aicme iomchuí, go gcónódh fostaithe den aicme iomchuí in áitreabh den aicme iomchuí, | |
[EN] | ach ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás an fostaí a bheith ina stiúrthóir ar an gcomhlacht corpraithe iomchuí nó ar aon chomhlacht corpraithe eile atá faoi rialú an chomhlachta chorpraithe sin nó a bhfuil an comhlacht corpraithe sin faoina rialú nó atá faoi rialú dhuine a bhfuil an comhlacht corpraithe sin faoina rialú freisin. | |
[EN] | (4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le costas a thabhaigh an comhlacht corpraithe ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, béilí in aon cheaintín ina soláthraítear béilí don fhoireann i gcoitinne. | |
[EN] | (5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le costas a thabhaigh an comhlacht corpraithe ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, aon phinsin, blianachta, cnapshuime, aisce nó sochair eile dá shórt sin a thabharfar ar éag nó éirí-as dó a sholáthar do stiúrthóir nó d'fhostaí é féin nó dá chéile, dá chlann nó dá chleithiúnaithe. | |
[EN] | (6) Aon tagairt san alt seo do chaiteachais a tabhaíodh i leith nó maidir le haon ní, folaíonn sí tagairt do chionúireacht iomchuí d'aon chostas a tabhaíodh go páirteach i leith nó maidir leis an ní sin. | |
[EN] |
Luacháil sochar in earraí. [1958, a. 25.] |
118. —(1) Aon chostas a thabhaigh comhlacht corpraithe ag fáil nó ag táirgeadh sócmhainne a fhanann mar mhaoin ag an gcomhlacht féin, fágfar as an áireamh é chun críocha alt 117. |
[EN] | (2) Más é cuma ina ndéantar aon soláthar den saghas a luaitear in alt 117 (1) an mhaoin in aon sócmhainn leis an gcomhlacht corpraithe a aistriú, agus gur tharla, ó fuair nó ó tháirg an comhlacht corpraithe an tsócmhainn, gur úsáideadh an tsócmhainn nó gur bhain díluachadh di, measfar gur thabhaigh an comhlacht corpraithe, agus an soláthar sin á dhéanamh aige, costas ar cóimhéid le luach na sócmhainne tráth an aistrithe. | |
[EN] | (3) (a) Má mheasúnaítear, nó más inmheasúnaithe, comhlacht corpraithe faoi Sceideal A maidir le haon áitreabh a mbeidh an comhlacht tar éis an t-áitreabh ar fad nó aon chuid de a sholáthar mar chóiríocht chónaithe nó mar chóiríocht eile d'aon duine dá stiúrthóirí nó dá fhostaithe agus nach n-íocann an comhlacht corpraithe aon chíos i leith an áitribh nó gur lú méid bliantúil an chíosa a íocann sé ná méid na measúnachta faoi Sceideal A ar an áitreabh, beidh éifeacht ag alt 117 ionann is dá n-íocadh an comhlacht corpraithe cíos bliantúil i leith an áitribh ar cóimhéid le méid na measúnachta faoi Sceideal A ar an áitreabh. | |
[EN] | (b) San fho-alt seo ciallaíonn “méid na measúnachta faoi Sceideal A” méid arbh é méid na measúnachta é faoi in aghaidh na bliana measúnachta iomchuí dá mba rud é— | |
[EN] | (i) gur fágadh ar lár as alt 10 (2) na focail “Ach amháin sna cásanna a luaitear sna forálacha ina dhiaidh seo den alt seo” agus “cúig cheathrú”, agus | |
[EN] | (ii) nár achtaíodh alt 10 (3) (4) (5) (6). | |
[EN] | (4) I gcás sócmhainn ar leis an gcomhlacht corpraithe i gcónaí í a úsáid go hiomlán nó go páirteach chun aon soláthar den saghas a luaitear in alt 117 (1) a dhéanamh, agus nach áitreabh an tsócmhainn, measfar, chun críocha an ailt sin, gur thabhaigh an comhlacht corpraithe costas bliantúil (i dteannta aon chostais eile a thabhaigh sé maidir leis an sócmhainn, nach costas lena mbaineann fo-alt (1) maidir leis ar cóimhéid le luach bliantúil úsáide na sócmhainne, ach má bhíonn aon suim i leith cíosa nó fruilithe iníoctha ag an gcomhlacht corpraithe i leith na sócmhainne— | |
[EN] | (a) i gcás méid bliantúil an chíosa nó an fhruilithe a bheith ar cóimhéid le, nó níos mó ná, luach bhliantúil úsáide na sócmhainne, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo, agus | |
[EN] | (b) i gcás inar lú méid bliantúil an chíosa nó an fhruilithe ná luach bliantúil úsáide na sócmhainne, fágfar an cíos nó an fruiliú as an áireamh chun críocha an ailt sin. | |
[EN] | (5) Aon tagairt atá san alt seo do chomhlacht corpraithe is inmheasúnaithe faoi Sceideal A i leith aon áitribh measfar go bhfolaíonn sí tagairt do chomhlacht corpraithe ab inmheasúnaithe amhlaidh dá mbeadh na cúinsí a bhí ann ar feadh aon choda den bhliain ann i gcaitheamh na bliana uile. | |
[EN] |
An bhrí atá le “stiúrthóir”, “fostaíocht” agus “fostaíocht lena mbaineann an Chaibidil seo”. [1958, a. 26.] |
119. —(1) Sa Chaibidil seo, ciallaíonn “stiúrthóir”— |
[EN] | (a) maidir le comhlacht corpraithe ar bord stiúrthóirí nó comhlacht dá shamhail a bhainistíonn a ghnó, comhalta den bhord sin nó den chomhlacht dá shamhail, | |
[EN] | (b) maidir le comhlacht corpraithe ar stiúrthóir aonair nó duine dá shamhail a bhainistíonn a ghnó, an stiúrthóir sin nó an duine sin, | |
[EN] | (c) maidir le comhlacht corpraithe arb iad na comhaltaí féin a bhainistíonn a ghnó, comhalta den chomhlacht corpraithe, | |
[EN] | agus folaíonn sé duine ar bith ar gnáth le stiúrthóirí comhlachta chorpraithe, arna mhíniú de réir na bhforálacha roimhe seo den fho-alt seo, gníomhú de réir orduithe nó treoracha uaidh, ach ní mheasfar, de réir bhrí an fho-ailt seo, duine a bheith ina dhuine ar gnáth le stiúrthóirí comhlachta chorpraithe gníomhú de réir orduithe nó treoracha uaidh de dhroim amháin go ngníomhaíonn na stiúrthóirí sin de réir a chomhairle i gcáil ghairmiúil dó. | |
[EN] | (2) Sa Chaibidil seo, ciallaíonn “fostaíocht” fostaíocht ar de chinéal í go mbeadh aon díolaíochtaí uaithi le measúnú faoi Sceideal E, agus folaíonn tagairtí do dhaoine ar fostú ag comhlacht corpraithe nó is fostaithe do chomhlacht corpraithe aon duine a ghlacann páirt i mbainistí ghnó an chomhlachta chorpraithe agus nach stiúrthóir ar an gcomhlacht sin. | |
[EN] | (3) Faoi réir forálacha fho-alt (4) agus an fho-ailt seo, na fostaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil is fostaíochtaí iad ar £1,500 nó níos mó na díolaíochtaí uathu, arna meas don bhliain mheasúnachta iomchuí de réir forálacha an Achta seo agus ar an bhforas gur fostaíochtaí iad lena mbaineann an Chaibidil seo, agus gan aon asbhaint a dhéanamh faoi Riail 3 de Sceideal 2 maidir le hairgead a caitheadh ag comhlíonadh dualgas an chéanna: | |
[EN] | Ar choinníoll— | |
[EN] | (a) i gcás duine a bheith fostaithe i dhá fhostaíocht nó níos mó faoin gcomhlacht corpraithe amháin, agus gur £1,500 nó níos mó iomlán díolaíochtaí na bhfostaíochtaí sin, in aghaidh na bliana measúnachta iomchuí arna meas mar a dúradh, déileálfar leis na fostaíochtaí sin uile mar fhostaíochtaí lena mbaineann an Chaibidil seo, agus | |
[EN] | (b) i gcás duine a bheith ina stiúrthóir ar chomhlacht corpraithe déileálfar leis na fostaíochtaí uile ina bhfuil sé ar fostú ag an gcomhlacht corpraithe mar fhostaíochtai lena mbaineann an Chaibidil seo. | |
[EN] | (4) Maidir le stiúrthóirí uile agus fostaithe uile chomhlachta chorpraithe atá faoi rialú ag comhlacht corpraithe eile déileálfar leo chun críocha an choinníll a ghabhann le fo-alt (3) (ach ní chun aon chríche eile) ionann is dá mba stiúrthóirí ar an gcomhlacht corpraithe eile sin iad, nó, de réir mar a bheidh, ionann is dá mba fhostaíocht faoin gcomhlacht corpraithe eile sin an fhostaíocht. | |
[EN] |
Eolas breise i dtuairisceáin faoi alt 178. [1958, a. 27. (2) (3) (4).] |
120. —(1) Má dhéanann comhlacht corpraithe, chun críocha tuairisceáin faoi alt 178, cionroinnt ar chostais a tabhaíodh go páirteach i leith nó maidir le ní áirithe agus go páirteach i leith nó maidir le nithe eile— |
[EN] | (a) beidh sa tuairisceán ráiteas gur de thoradh na cionroinnte sin an tsuim atá sa tuairisceán, | |
[EN] | (b) déanfaidh an comhlacht corpraithe, má cheanglaítear sin air trí fhógra ón gcigire, tuairisceán a ullmhú agus a sheachadadh don chigire laistigh den am a bheidh teoranta leis an bhfógra agus sonraí iomlána ann i dtaobh an mhéid a cionroinneadh, an tslí ina ndearnadh agus na forais ar a ndearnadh an chionroinnt, agus | |
[EN] | (c) má bhíonn an cigire míshásta le haon chionroinnt chostas den sórt sin, féadfaidh sé, chun críocha measúnachta, na costais a chionroinnt, ach féadfaidh an comhlacht corpraithe, ar fhógra a thabhairt i scríbhinn don chigire laistigh de lá agus fiche tar éis fógra a fháil i dtaobh aon chionroinnte den tsórt sin a rinne an cigire, achomharc i gcoinne na cionroinnte sin a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta. | |
[EN] | (2) Eistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta achomharc a dhéanfar chucu faoi fho-alt (1) ionann is dá mba achomharc é chucu i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim, agus, faoi réir na modhnuithe is gá, beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le achomharc a athéisteacht nó le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí. | |
[EN] | (3) Na forálacha den Acht seo a bhaineann le tuairisceáin faoi alt 178 beidh feidhm acu maidir le haon tuairsceán a cheanglaítear a thabhairt faoi fho-alt (1). | |
[EN] |
Feidhm na Caibidle seo. [1958, a. 28.] |
121. —Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le haon chomhlacht corpraithe mura mbíonn trádáil ar siúl aige nó muran infheistíochtaí nó maoin eile a shealbhú iomlán nó formhór a fheidhmeanna. |
[EN] |
Léiriú. [1958, a. 29.] |
122. —(1) Sna forálacha roimhe seo den Chaibidil seo, folaíonn “áitreabh gnó”, maidir le comhlacht corpraithe, gach áitreabh ar áitiú ag an gcomhlacht sin chun críocha aon trádála a sheolann sé: |
[EN] | Ar choinníoll nach bhfolaíonn “áitreabh gnó”, ach amháin i gcás inar tagairt shainráite d'áitreabh ina bhfuil cóiríocht chónaithe an tagairt, an méid d'aon áitreabh mar a dúradh a úsáidtear mar chóiríocht chónaithe d'aon duine de stiúrthóirí an chomhlachta chorpraithe nó d'aon duine i bhfostaíocht faoin gcomhlacht corpraithe in aon fhostaíocht lena mbaineann an Chaibidil seo. | |
[EN] | (2) Aon tagairt atá sna forálacha roimhe seo den Chaibidil seo d'aon ní a soláthraíodh do stiúrthóir nó d'fhostaí déanfar, mura tagairt shainráite í do rud éigin a soláthraíodh don stiúrthóir nó don fhostaí féin, í a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon ní a soláthraíodh do chéile, do theaghlach, do sheirbhísigh, do chleithiúnaithe nó d'aíonna an stiúrthóra nó an fhostaí sin agus forléireofar dá réir sin an tagairt atá sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) do chóiríocht chónaithe do stiúrthóirí nó d'fhostaithe; | |
[EN] | ciallaíonn “rialú”, maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú trí scaireanna a shealbhú nó cumhacht vótála a bheith aige sa chomhlacht corpraithe sin nó maidir leis nó in aon chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le doiciméad eile a rialálann an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, gur mar is toil leis an duine sin a sheolfar cúrsaí an chomhlachta chorpraithe chéadluaite. | |
[EN] |
Comhlachtaí neamhchorpraithe comhpháirtíochtaí, agus pearsana aonair. [1958, a. 30.] |
123. —(1) Bainfidh na forálacha roimhe seo den Chaibidil seo le cumainn neamhchorpraithe agus comhlachtaí eile mar bhaineann siad le comhlachtaí corpraithe, agus, maidir leis na forálacha sin roimhe seo, beidh feidhm freisin ag an míniú ar “rialú”, modhnaithe mar is gá, atá in alt 122 (3) den Acht seo. |
[EN] | (2) Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den Chaibidil seo maidir le haon chomhpháirtíocht a sheolann aon trádáil nó gairm mar bheadh feidhm acu maidir le comhlacht corpraithe a bheadh ag seoladh trádála, dá bhfágtaí ar lár an méid sin díobh a bhaineann le stiúrthóirí an chomhlachta chorpraithe nó le daoine a ghlacann páirt i mbainistí ghnó an chomhlachta chorpraithe, ach— | |
[EN] | (a) ciallaíonn “rialú”, maidir le comhpháirtíocht, an ceart chun scair is mó ná leath sócmhainní, nó chun níos mó ná leath ioncaim, na comhpháirtíochta, agus | |
[EN] | (b) i gcás ina ndéanann comhpháirtíocht den sórt a dúradh rialú ar chomhlacht corpraithe lena mbaineann an Chaibidil seo (agus forléireofar “rialú” chun na críche sin de réir an mhínithe atá air in alt 122 (3))— | |
[EN] | (i) is fostaíocht lena mbaineann an Chaibidil seo aon fhostaíocht ina bhfuil aon stiúrthóir de chuid an chomhlachta chorpraithe sin fostaithe faoin gcomhpháirtíocht, agus | |
[EN] | (ii) gach fostaíocht ina bhfuil duine fostaithe faoin gcomhpháirtíocht agus faoin gcomhlacht corpraithe (is fostaíocht faoin gcomhpháirtíocht nó faoin gcomhlacht corpraithe) déileálfar léi, maidir lena chinneadh cé acu is fostaíocht lena mbaineann an Chaibidil seo nó nach ea an fhostaíocht sin, ionann is dá mba fhostaíocht faoin gcomhlacht corpraithe í. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) maidir le pearsana aonair mar atá feidhm acu maidir le comhpáirtíochtaí, ach ní fhorléireofar aon ní san fho-alt seo mar rud a cheanglaíonn go ndéileálfar in aon chúinsí le pearsa aonair ionann is dá mbeadh sé faoi rialú duine eile. |