|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967) | Ar Aghaidh (Caibidil II Réamhráiteach) |
AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Léiriú agus Réamhráiteach | |
[EN] |
Caibidil I Léiriú | |
[EN] |
Léiriú i gcoitinne. 1909, c. 49. 1920, c. 18. |
1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt nó mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
[EN] | ciallaíonn “ciste blianachta”, i gcás nach gcoinnítear ciste blianachta ar leithligh ó chiste árachais saoil chuideachta árachais, an chuid sin den chiste árachais saoil is ionann agus dliteanas na cuideachta faoina conarthaí blianachta, mar a luaitear ina tuairisceáin thréimhsiúla faoin Assurance Companies Act, 1909; | |
[EN] | ciallaíonn “ioncam inmheasúnaithe” i gcás aon ioncaim seachas ioncam tuillte méid an ioncaim sin arna mheas de réir forálacha an Achta seo; | |
[EN] | ciallaíonn “cuideachta árachais” aon daoine nó comhlachtaí daoine lena mbaineann an Assurance Companies Act, 1909; | |
[EN] | ciallaíonn “comhlacht daoine” aon chomhlacht polaiteach, corpraithe, nó coláisteach, agus aon chuideachta, bráithreachas, comhaltacht agus cumann daoine, corpraithe nó neamhchorpraithe; | |
[EN] | ciallaíonn “Cléireach do na Coimisinéirí Speisialta” an duine atá de thuras na huaire údaraithe ag na Coimisinéirí Speisialta gníomhú sa cháil sin; | |
[EN] | ciallaíonn “Bailitheoir” an tArd-Bhailitheoir arna cheapadh faoi alt 162; | |
[EN] | ciallaíonn “tosach feidhme an Achta seo” an 6ú lá d'Aibreán, 1967: is é sin, an dáta a thiocfaidh an tAcht seo i bhfeidhm, faoi réim agus de réir alt 554; | |
[EN] | tá le “ráta contae” an bhrí a shanntar dó le halt 12 den Acht Rialtais áitiúil, 1946 ; | |
[EN] | ciallaíonn “ciste árachais saoil coigríche” aon chiste is ionann agus méid dliteanais chomhlacht árachais i leith gnó árachais saoil le sealbhóirí polasaithe agus blianachtóirí a chónaíonn lasmuigh den Stát agus a ndearnadh a dtairiscintí leis an gcuideachta, nó ar dheonaigh an chuideachta a gconarthaí blianachta, i mbrainse nó gníomhaireacht nó trí bhrainse nó gníomhaireacht lasmuigh den Stát, agus, i gcás nach gcoinnítear ciste den sórt sin ar leithligh ó chiste árachais saoil na cuideachta, ciallaíonn sé an chuid sin den chiste árachais saoil is ionann agus dliteanas na cuideachta faoi na polasaithe agus na conarthaí blianachta sin; an dliteanas sin a mheas sa tslí chéanna ina ndéantar é a mheas chun críocha tuairisceán tréimhsiúil na cuideachta faoin Assurance Companies Act, 1909; | |
[EN] | ciallaíonn “duine éagumasaithe” aon naíon nó duine mímheabhrach; | |
[EN] | ciallaíonn “cigire” cigire cánach arna cheapadh faoi alt 161; | |
[EN] | folaíonn “gnó árachais saoil” gnó deonaithe blianachtaí; | |
[EN] | ciallaíonn “údarás áitiúil”— | |
[EN] | (a) bardas contae-bhuirge nó buirge eile, | |
[EN] | (b) comhairle contae, nó | |
[EN] | (c) comhairle ceantair uirbigh; | |
[EN] | tá le “ráta bardasach” an bhrí a shanntar dó le halt 46; | |
[EN] | tá le “Coimisinéirí na bhFiach Náisiúnta” an bhrí a shanntar dó le halt 31 den Acht Airgeadais, 1940 ; | |
[EN] | folaíonn “gairm” slí bheatha; | |
[EN] | ciallaíonn “údarás rátúcháin”— | |
[EN] | (a) bardas contae-bhuirge nó buirge eile, | |
[EN] | (b) comhairle contae, nó | |
[EN] | (c) comhairle ceantair uirbigh; | |
[EN] | folaíonn “gaol” duine ar bith a raibh a choinneáil ag an duine ag a bhfuil asbhaint á éileamh agus a bhí á chothabháil aige ar a chostas féin an fad a bhí an duine sin faoi bhun sé bliana déag d'aois; | |
[EN] | tá le “achtacháin aisghairthe” an bhrí a shanntar dó le halt 554 (1); | |
[EN] | tá le “ioncam inchánaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 137 (1); | |
[EN] | ciallaíonn “an ráta caighdeánach cánach” an lánráta cánach ioncaim a mhuirearaítear in aghaidh na bliana; | |
[EN] | tá le “reacht” an bhrí a shanntar dó le halt 3 den Acht Léiriúcháin, 1937 ; | |
[EN] | ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó forcháin; | |
[EN] | tá le “ioncam inchánach” an bhrí a shanntar dó le halt 137 (1); | |
[EN] | folaíonn “trádáil” gach trádáil, ceird, monarú, fiontar nó cúram de chineál trádála; | |
[EN] | ciallaíonn “bliain mheasúnachta”, maidir le haon cháin, an bhliain a ndearnadh cáin den sórt sin a fhorchur ina haghaidh le haon Acht a fhorchuireann dleachtanna cánach ioncaim; | |
[EN] | ciallaíonn “an bhliain 1967-68” an bhliain mheasúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1967, agus ciallaíonn aon abairt chomhréire ina bhfuil lua den tsamhail chéanna ar dhá bhliain an bhliain mheasúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán sa bhliain is túisce a luaitear den dá bhliain sin. | |
[EN] | (2) Mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (3) San Acht seo, aon tagairt do Chuid, d'alt nó do sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo nó do sceideal a ghabhann leis, mura dtaispeántar gur tagairt d'achtachán éigin eile atá ar intinn. | |
[EN] | (4) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil (lena n-áirítear sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura dtaispeántar gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá ar intinn. | |
[EN] | (5) Déanfar an méid den Acht seo a bhaineann le cáin bhrabús corparáide a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an Chuid sin. | |
[EN] |
Ioncam tuillte [1918, a. 14 (3) (4); 1919, a. 22; 1920, a. 33; 1958, a. 40 (1) (4) (5); 1959, a. 53; 1961, a. 10 (4); 1964, a. 8 (4).] 1837, c. 2 (1 Vict.) |
2. —(1) Faoi réir fho-alt (2), san Acht seo ciallaíonn “ioncam tuillte”, maidir le haon phearsa aonair— |
[EN] | (a) aon ioncam a éiríonn maidir le luach saothair ar bith ó aon oifig nó fostaíocht shochair atá ag an bpearsa aonair, nó maidir le haon phinsean, aoisliúntas, nó liúntas eile, pá iarchurtha, nó cúiteamh i leith cailliúint oifige, a tugadh i leith seirbhísí a rinne an phearsa aonair nó fearchéile nó tuiste na pearsan aonair in aon oifig nó fostaíocht shochair nó a tugadh don phearsa aonair i leith na seirbhísí a rinne aon duine éagtha, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an phearsa aonair nó fearchéile nó tuiste na pearsan aonair tar éis ranníoc a dhéanamh i leith an phinsin, an aoisliúntais, nó an phá iarchurtha sin; agus | |
[EN] | (b) aon ioncam ó aon mhaoin a ghabhann le díolaiochtaí, nó is cuid de dhíolaíochtaí, aon oifige nó fostaíochta sochair atá ag an bpearsa aonair; agus | |
[EN] | (c) aon ioncam a mhuirearaítear faoi Sceideal B nó Sceideal D, agus a fhaigheann an phearsa aonair go díreach as a thrádáil nó a ghairm a sheoladh nó a fheidhmiú, cibé acu mar phearsa aonair, nó, i gcás comhpháirtíochta, mar pháirtí ag gníomhú go pearsanta sa chomhpháirtíocht. | |
[EN] | I gcásanna ina measfar gur brabúis leis an bhfearchéile brabúis banchéile, folaíonn aon tagairt san fho-alt seo don phearsa aonair an fearchéile nó an banchéile. | |
[EN] | (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), san Acht seo, folaíonn “ioncam tuillte”, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sainráite— | |
[EN] | (a) ioncam ar bith a éiríonn i ndáil le pinsin Státliosta a deonaíodh faoin Civil List Act, 1837, arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin; | |
[EN] | (b) aon íocaíochtaí sochar a meastar, de bhua alt 224 (4), gur díolaíochtaí iad lena mbaineann Caibidil IV de Chuid V; | |
[EN] | (c) nuair a bheifear a bhreithniú an bhfuil aon fhaoiseamh le deonú do phearsa aonair faoi alt 134 nó faoi alt 138 (3) agus, má tá, cén faoiseamh é, aon ioncam ó chearta paitinne (mar mhínítear in alt 284) chun pearsa aonair i gcás inar deonaíodh an phaitinn i leith aireagán a cheap sé féin iarbhír, cibé acu ina aonar nó i gcomhar le haon duine eile; | |
[EN] | (d) i gcás pearsa eaglaise nó ministir d'aon aicme creidimh a ghlac an rogha maidir le luach bliantúil an tí a áitíonn sé dá bhforáiltear le halt 548, suim ar bith atá le háireamh mar ioncam tuillte dá chuid de bhua na rogha sin; | |
[EN] | (e) blianacht ar bith is iníoctha le pearsa aonair de réir téarmaí chonradh blianachta nó scéim iontaobhais a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha Chaibidil III de Chuid XII, a mhéid is iníoctha an bhlianacht sin de chomaoin ar aon mhéid a dtugtar faoiseamh ina leith faoi alt 236; agus | |
[EN] | (f) íocaíocht ar bith is inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal E de bhua alt 114; | |
[EN] | Ar choinníoll, má tharla i gcás ioncam ó aon chearta paitinne den sórt a luaitear i mír (c), gur le haon duine eile tráth ar bith aon chuid de na cearta atá i gceist nó d'aon chearta ar deonaíodh iad astu, nach measfar gur ioncam tuillte ach amháin an méid sin den ioncam sin nach inchurtha go hiomchuí i leith na gcearta ba leis an duine eile sin. | |
[EN] |
“Na hAchtanna Cánach Ioncaim”. [1919, a. 28; 1924, a. 42 (2).] |
3. —In achtachán ar bith a rithfear tar éis an Achta seo ciallóidh “na hAchtanna Cánach Ioncaim” an tAcht seo agus gach achtachán eile a bhaineann le cáin ioncaim nó forcháin. |