|
|||||
|
AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967
[EN] | ||
[EN] |
CUID VII Riarachán | |
[EN] |
Na Coimisinéirí Ioncaim. [1918, a. 57; 1934, a. 35 (2).] |
155. —(1) Beidh gach dleacht cánach ioncaim faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim. |
[EN] | (2) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim gach uile bheart a mheasfar is gá nó is foirsteanach chun an cháin a chruinniú, a bhailiú, a ghlacadh agus chun cuntas a thabhairt ina leith sa tslí a údaraítear dóibh chomh hiomlán dóthanach agus a údaraítear dóibh a dhéanamh maidir le haon dleachtanna eile faoina gcúram agus a mbainistí, agus, mura n-ordóidh an tAire Airgeadais a mhalairt, ceapfaidh siad cibé oifigigh agus daoine eile chun aon dleachtanna cánach ioncaim a bhailiú, a ghlacadh agus a bhainistí agus chun cuntas a thabhairt ina leith nach gceanglaítear gur údarás éigin eile a cheapfadh iad. | |
[EN] | (3) Leanfaidh gach ceapachán den sórt sin i bhfeidhm, d'ainneoin aon Choimisinéir Ioncaim d'fháil bháis nó do scor de bheith i seilbh oifige, agus beidh cumhacht ag na sealbhóirí dualgais a n-oifigí faoi seach a fheidhmiú agus le linn an fheidhmithe sin na dlíthe agus na rialacháin go léir maidir leis an gcáin a chur i ngníomh i ngach cuid den Stát. | |
[EN] | (4) Féadfaidh na Coimisinéirí aon oifigeach nó duine den sórt sin a fhionraí, a ísliú, a urscaoileadh nó a chur ina phost arís, de réir mar is dóigh leo a bheidh cúis leis. | |
[EN] | (5) Aon bheart nó rud is gá nó is cead do na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh leis an reacht seo nó le haon reacht eile maidir leis an gcáin féadfaidh aon Choimisinéirí Ioncaim áirithe é a dhéanamh. | |
[EN] |
Na Coimisinéirí Speisialta. [1918, a. 67, 230 (2).] |
156. —(1) Beidh na Coimisinéirí Ioncaim, i dteannta cibé daoine eile a cheapfaidh an tAire Airgeadais le barántas ó am go ham, ina gcoimisinéirí chun críocha speisialta na nAchtanna Cánach Ioncaim (dá ngairtear “Coimisinéirí Speisialta” san Acht seo) agus, de bhua a n-oifige agus a gceaptha, faoi seach, agus gan aon cháiliú eile, beidh údarás acu chun cibé cumhachtaí a fhorghníomhú agus cibé dualgais a chomhlíonadh, a shanntar dóibh leis an Acht seo. |
[EN] | (2) Lamhálfar do na Coimisinéirí Ioncaim cibé suimeanna a ordóidh a tAire Airgeadais maidir le tuarastail agus costais theagmhasacha. | |
[EN] | (3) Cuirfidh an tAire Airgeadais faoi deara go ndéanfar cuntas ar an uile cheapadh mar Choimisinéirí Speisialta agus ar a dtuarastail a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas laistigh d'fhiche lá óna gceapadh nó, i gcás Tí nach mbeidh ina shuí an tráth sin, laistigh d'fhiche lá tar éis an chéad shuí eile den Teach sin. | |
[EN] | (4) Aon rud a cheanglaítear faoin Acht seo a dhéanamh ag na Coimisinéirí Speisialta nó ag aon choimisinéirí eile féadfaidh aon bheirt choimisinéirí nó níos mó é a dhéanamh, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sainráiteach leis an Acht seo. | |
[EN] |
Gobharnóir agus stiúrthóirí Bhanc na hÉireann. [1918, a. 68.] |
157. —D'fhonn cáin ioncaim a mheasúnú agus a mhuirearú sna cásanna a luaitear san alt seo, beidh Gobharnóir agus stiúrthóirí Bhanc na hÉireann ina gcoimisinéirí, agus beidh na cumhachtaí go léir acu is gá chuige sin, agus déanfaidh siad measúnachtaí faoi réim agus faoi réir forálacha agus rialacha an Achta seo, is é sin le rá, maidir leis na nithe seo a leanas— |
[EN] | (a) ús, blianachtaí, díbhinní agus scaireanna blianachtaí, agus brabúis a ghabhann leis an gcéanna, is iníoctha leis an mBanc as ioncam poiblí an Stáit; | |
[EN] | (b) ús, blianachtaí, díbhinní, agus scaireanna blianachtaí, a cuireadh ar iontaoibh an bhainc le híoc; | |
[EN] | (c) an t-ús, na blianachtaí, agus na díbhinní uile eile agus na tuarastail agus na pinsin is iníoctha ag an mBanc; agus | |
[EN] | (d) na bhabúis eile go léir ar arb inmhuirir cáin ioncaim a éireoidh laistigh d'aon oifig nó roinn faoi bhainistí nó rialú an Bhainc. | |
[EN] |
Oifigí poiblí a mheasúnú. [1923, a. 11.] |
158. —Má chinneann an tAire Airgeadais nach foirsteanach, mar gheall ar imthosca speisialta a bheith in aon oifig phoiblí áirithe, gurb é an cigire nó an t-oifigeach eile a ceapadh sa cháil sin a dhéanfadh cumhachtaí agus dualgais measúnachta agus muirearaithe canách ioncaim in ndáil leis an oifig sin nó aon cheann nó níos mó de na cumhachtaí agus de na dualgais sin a fheidhmiú agus a chomhlíonadh i ndáil leis an oifig sin, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé oifigigh nó daoine a cheapadh a cheadóidh an tAire Airgeadais chun na cumhachtaí agus na dualgais sin a fheidhmiú i ndáil leis an oifig sin. |
[EN] |
Dearbhú a bheidh le déanamh ag na Coimisinéirí. [1918, a. 72.] |
159. —A luaithe is féidir tar éis a gceaptha, tiocfaidh na Coimisinéirí faoi seach chun an tAcht seo a chur i ngníomh i ndáil le hoifigí agus fostaíochtaí sochair agus pinsin agus stipinní i gceann a chéile agus déanfaidh siad agus síneoidh siad an dearbhú atá i gCuid II de Sceideal 17, agus féadfaidh siad faoi seach cléireach agus measúnóirí a thoghadh, agus mura féidir an cháin a asbhaint i roinn oifige na gcoimisinéirí nó san oifig a ngníomhaíonn siad thar a ceann, féadfaidh siad, as na hoifigigh ina gcuid ranna féin faoi seach, measúnóirí agus bailitheoirí ar leithligh a cheapadh do gach roinn acu sin. |
[EN] |
Coimisinéirí a bheith dícháilithe i gcásanna leasa phearsanta. [1918, a. 74.] |
160. —(1) Gach coimisinéir a ghníomhóidh ag cur an Achta seo i ngníomh beidh sé inmhuirir i leith canách ar nós aon duine eile, ach ní ghlacfaidh sé aon pháirt sna himeachtaí, agus ní bheidh sé i láthair, nuair a bheidh aon mheasúnacht, ráiteas nó sceideal faoi bhreithniú, nó nuair a bheidh aon aighneas nó achomharc á chinneadh, maidir le haon chás a mbeidh leas aige ann, ina cheart féin nó i gceart aon duine eile mar ghníomhaire dó, ach amháin le linn éisteacht achomhairc chun é a chur faoi scrúdú ó bhéal ag na coimisinéirí, agus tarraingeoidh sé siar fad a bheidh an t-aighneas nó an t-achomharc á bhreithniú agus á chinneadh. |
[EN] | (2) Aon choimisinéir a ghlacfaidh páirt ar bith i gcinneadh aon aighnis nó achomhairc den sórt sin, in aon chás den sórt sin, nó nach dtarraingeoidh siar, féadfar pionós £50 a chur air. | |
[EN] |
Cigirí cánach. [1918, a. 75, 226; 1965, Sc. 3, Cuid I.] |
161. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais cigirí cánach a cheapadh, agus déanfaidh gach uile chigire den sórt sin agus gach uile oifigeach nó duine eile a bheidh fostaithe ag cur an Achta seo i ngníomh orduithe, treoracha agus ordacháin na gComisinéirí Ioncaim a urramú agus a chomhlíonadh. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire Airgeadais cibé tuarastail agus liúntais a shocrú mar luach saothair do chigirí, agus do gach uile oifigeach nó duine eile a bheidh fostaithe ag cur an Achta seo i ngníomh agus is cuí leis an Aire Airgeadais, and féadfaidh sé cibé muirir agus costais theagmhasacha maidir leis sin, agus a mheasfaidh an tAire Airgeadais a bheith réasúnach, a íoc. | |
[EN] | (3) Cigire ar bith— | |
[EN] | (a) a dhéanfaidh, go feasach nó go toiliúil, as fabhar, duine ar bith a íosmhuirearú nó a fhágáil gan muirearú; nó | |
[EN] | (b) a bheidh ciontach in aon chleachtais chalaoiseacha, éillitheacha nó neamhdhleathacha ag feidhmiú a oifige, | |
[EN] | féadfar, i leith aon chiona den sórt sin, pionós £100 a chur air, agus ar a chiontú urscaoilfear as a oifig é. | |
[EN] |
An tArd-Bhailitheoir. [1963, a. 23.] |
162. —(1) Beidh Ard-Bhailitheoir ann a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncaim óna n-oifigigh agus beidh sé i seilbh oifige mar Ard-Bhailitheoir an fad is toil agus is áil leo. |
[EN] | (2) Baileoidh agus toibheoidh an tArd-Bhailitheoir an cháin a mhuirearófar ó am go ham i ngach uile mheasúnacht i leith cánach ioncaim agus forchánach a mbeifear tar éis a shonraí a chur ar aghaidh chuige faoi alt 187. | |
[EN] | (3) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim daoine a ainmniú chun na cumhachtaí atá in ailt 480 agus 481, a fheidhmiú thar ceann an Ard-Bhailitheora agus ar ordú uaidh. | |
[EN] | (b) I dteannta iad a bheith infheidhmithe ag an Ard-Bhailitheoir, beidh na cumhachtaí sin infheidhmithe freisin thar a cheann agus ar ordú uaidh ag daoine a ainmneofar faoin bhfo-alt seo. | |
[EN] | (c) Ní ainmneofar duine faoin bhfo-alt seo muran oifigeach nó fostaí é leis na Coimisinéirí Ioncaim. | |
[EN] | (4) Má bhíonn agus an fad a bheidh oifig an Ard-Bhailitheora folamh nó sealbhóir na hoifige sin gan a bheith ábalta mar gheall ar bhreoiteacht, asláithreacht nó cúis éigin eile a dhualgais a chomhlíonadh, gníomhóidh duine mar Ard-Bhailitheoir a bheidh ainmnithe chuige sin ag na Coimisinéirí Ioncaim óna n-oifigigh, agus déanfar aon tagairt san Acht seo nó in aon Acht eile don Ard-Bhailitheoir a fhorléiriú mar ní a fholaíonn, más iomchuí, tagairt do dhuine a bheidh ainmnithe faoin bhfo-alt seo. | |
[EN] | (5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ainmniúcháin faoin alt seo a chúlghairm. | |
[EN] |
Dearbhú ar dhul i seilbh oifige. [1918, a. 89.] |
163. —(1) Gach duine a cheapfar chun aon oifige díobh sin a ainmnítear i gCuid I de Sceideal 17, déanfaidh sé agus síneoidh sé an dearbhú atá ansin maidir lena oifig, sula dtosóidh sé ag gníomhú i bhfeidhmiú an Achta seo a mhéid a bhaineann sé leis an gcáin faoi Sceideal D. |
[EN] | (2) Féadfar an dearbhú a dhéanamh os comhair aon Choimisinéara Speisialta. | |
[EN] | (3) Aon duine a ghníomhóidh i bhfeidhmiú a oifige maidir leis an gcáin faoi Sceideal D (ar shlí seachas i ndáil le haon dearbhú den sórt sin a rinneadh os a chomhair) sula mbeidh an dearbhú forordaithe déanta aige forghéillfidh sé suim £100. | |
[EN] |
Daoine a chur faoi mhionn. [1918, a. 206, 230 (3).] |
164. —(1) Féadfaidh Feidhmeannach Síochána duine a chur faoi mhionn a bheidh le glacadh os comhair coimisinéara ag aon oifigeach nó duine in aon ábhar a bhainfidh leis an Acht seo a chur i ngníomh. |
[EN] | (2) Féadfaidh Coimisinéir Speisialta duine a chur faoi mhionn a bheidh le tabhairt os comhair na gCoimisinéirí Speisialta faoin Acht seo ag aon oifigeach nó duine in aon ábhar a bhaineann leis an Acht seo a chur i ngníomh. | |
[EN] |
Foirmeacha. [1918, a. 215 (2); 1963, Sc. 6, Cuid V.] |
165. —Gach measúnacht, dúblach, muirear, banna, barántas, fógra measúnachta nó éilimh, nó doiciméad eile is gá a úsáid agus cáin á measúnú, á muirearú, á bailiú agus á tobhach, beidh sé de réir na bhfoirmeacha a bheidh forordaithe ó am go ham chuige sin ag na Coimisinéirí Ioncaim, agus beidh doiciméad san fhoirm fhorordaithe a sholáthróidh nó a cheadóidh siad bailí agus éifeachtach. |
[EN] |
Cumhachtaí, etc., a fheidhmiú faoin Acht seo. [1918, a. 230 (1); 0.II (Oir). 1923, mír 8.] |
166. —(1) Beidh ag na Coimisinéirí Ioncaim an dlínse, na cumhachtaí agus na dualgais uile maidir le cáin faoin Acht seo a bhí acu roimh dháta an Achta seo a rith. |
[EN] | (2) Rud ar bith is gá don Aire Airgeadais a dhéanamh faoin Acht seo féadfar é a chur in iúl faoi láimh Rúnaí na Roinne Airgeadais nó faoi láimh Leas-Rúnaí nó rúnaí cúnta de chuid na Roinne sin. |