|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Illghnéitheach agus Ginearálta) | Ar Aghaidh (Caibidil II Innealra agus Gléasra: Liúntais Chothromaíochta agus Muirir Chothromaíochta) |
AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967
[EN] | ||
[EN] |
CUID XVI Liúntais Bhliantúla i Leith Caiteachais Chaipitiúil áirithe ar Fhoirgnimh agus Déanamhais Thionscail, ar Innealra agus Gléasra, ar Phaitinní agus ar Dhreidireacht | |
[EN] |
Caibidil I Foirgnimh agus Déanmhais Thionscail: Liúntais Bhliantúla agus Liúntais agus Muirir Chothromaíochta | |
[EN] |
Léiriú. [1959, a. 24.] |
263. —(1) Sa Chaibidil seo— |
[EN] | ciallaíonn “liúntas foirgníochta tionscail” liúntas faoi Chaibidil II de Chuid XV; | |
[EN] | tá le “foirgneamh nó déanmhas tionscail” an brí chéanna atá, de bhua alt 255, leis an abairt sin i gCaibidil II de Chuid XV. | |
[EN] | (2) Aon duine a thabhaigh caiteachas ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais measfar, chun críocha aon fhorála den Chaibidil seo a thagraíonn dá leas ann an tráth a tabhaíodh an caiteachas, go raibh an leas céanna aige ann a bheadh aige dá mbeadh foirgniú an chéanna críochnaithe an tráth sin. | |
[EN] | (3) Gan dochar do cheann ar bith d'fhorálacha eile na Coda seo maidir le hairgead díola, árachais, tarrthála, nó cúitimh a chionroinnt, measfar, chun críocha na Caibidle seo, an tsuim a íocadh ar an leas iomchuí i bhfoirgneamh nó i ndéanmhas a dhíol, nó aon airgead díola eile, árachais, tarrthála nó cúitimh is iníoctha i leith aon fhoirgnimh nó déanmhais, a bheith arna laghdú méid is comhionann le cibé méid di is inchurtha, ar chionroinnt chóir a dhéanamh, i leith sócmhainní is ionann agus caiteachas seachas caiteachas ar féidir liúntas a thabhairt ina leith faoi Chaibidil II de Chuid XV nó faoin gCaibidil seo. | |
[EN] | (4) Beidh feidhm ag ailt 256 agus 257 maidir le liúntais agus muirir faoin gCaibidil seo mar atá feidhm acu maidir le liúntais foirgníochta tionscail. | |
[EN] |
Liúntais bhliantúla. [1959, a. 25; 1960, a. 41; 1966, a. 28 (3) (a) (b).] |
264. —(1) Faoi réir forálacha na Coda seo, i gcás— |
[EN] | (a) aon duine a bheith, i ndeireadh a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta, i dteideal leasa i bhfoirgneamh nó déanmhas lena mbaineann an t-alt seo. | |
[EN] | (b) inar foirgneamh nó déanmhas tionscail an foirgneamh nó an déanmhas i ndeireadh na bonn-tréimhse sin, agus | |
[EN] | (c) inarb é an leas sin an leas iomchuí maidir leis an gcaiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais sin, | |
[EN] | tabharfar dó liúntas (dá ngairtear liúntas bliantúil sa Chaibidil seo) ar cóimhéid leis an gcaogadú cuid den chaiteachas sin in aghaidh na bliana measúnachta sin: | |
[EN] | Ar choinníoll, maidir le foirgneamh nó déanmhas arb é an 1ú lá d'Eanáir, 1960, nó lá dá éis a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil á fhoirgniú agus a bhfuil sé le meas ina thaobh gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é mar gheall ar é a úsáid chun críocha thrádáil na hóstóireachta agus maidir le foirgneamh nó déanmhas a bhfuil sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é mar gheall ar é a úsáid chur torthaí, glasraí nó rudaí eile a fhás i gcúrsa trádáil gharraíodóireacht mhargaidh de réir bhrí alt 54, go mbeidh éifeacht ag an gCuid seo ionann agus dá gcuirfí “leis an deichiú” in ionad “leis an gcaogadú” sna forálacha roimhe seo den fho-alt seo. | |
[EN] | (2) Is foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann an t-alt seo foirgneamh nó déanmhas más rud é, agus amháin más rud é, gurb é an 30ú lá de Mhéan Fómhair, 1956, nó dáta dá éis sin, a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil a tabhaíodh á fhoirgniú. | |
[EN] | (3) Más rud é, tráth ar bith ar an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis sin, go ndéanfar an leas i bhfoirgneamh nó i ndéanmhas arb é an leas iomchuí é maidir le haon chaiteachas a dhíol agus gur foirgneamh nó déanmhas tionscail an foirgneamh nó an déanmhas ansin, i gcás blianta measúnachta a gcríochnóidh na bonn-tréimhsí ina leith tar éis tráth an díola sin, maidir leis an liúntas bliantúil i leith an chaiteachais sin,— | |
[EN] | (a) ríomhfar é faoi threoir iarmhair (mar mhínítear sin sna forálacha den Chaibidil seo a bhaineann le caiteachas a dhíscríobh) an chaiteachais sin díreach tar éis an díola, agus | |
[EN] | (b) is é bheidh ann an codán den iarmhar sin ar aon a uimhreoir agus arb é an ainmneoir an méid blianta measúnachta a bheidh sa tréimhse— | |
[EN] | (i) dar tosach an chéad bhliain mheasúnachta a mbeidh an ceannaiteoir i dteideal liúntais bhliantúil i leith an chaiteachais ina haghaidh nó a mbeadh sé ina theideal sin amhlaidh dá leanadh an foirgneamh nó an déanmhas gach tráth ábhartha de bheith ina fhoirgneamh nó déanmhas tionscail, agus | |
[EN] | (ii) dar críoch an caogadú bliain mheasúnachta tar éis na bliana a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas i gcéaduair, | |
[EN] | agus mar sin de i gcás aon díola ina dhiaidh sin: | |
[EN] | Ar choinníoll maidir le foirgneamh nó déanmhas arb é an 1ú lá d'Eanáir, 1960, nó lá dá éis a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil á fhoirgniú agus a bhfuil sé le meas ina thaobh gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é mar gheall ar é a úsáid chun críocha thrádáil na hóstóireachta agus maidir le foirgneamh nó déanmhas a bhfuil sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é mar gheall ar é a úsáid chun torthaí, glasraí nó rudaí eile a fhás i gcúrsa trádáil gharraíodóireacht mhargaidh de réir bhrí alt 54, go mbeidh éifeacht ag an gCuid seo ionann agus dá gcuirfí “an deichiú bliain” in ionad “an caogadú bliain” sna forálacha roimhe seo den fho-alt seo. | |
[EN] | (4) D'ainneoin aon ní sna forálacha roimhe seo den alt seo, ní bheidh méid liúntais bhliantúil a thabharfar do dhuine in aghaidh aon bhliana measúnachta i leith aon chaiteachais níos mó i gcás ar bith ná an méid arb é a bheadh ann, ar leith ón díscríobh a bheadh le déanamh mar gheall ar an liúntas sin a thabhairt, iarmhar an chaiteachais sin i ndeireadh a bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta sin. | |
[EN] |
Liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta. [1959, a. 26; 1960, a. 41; 1966, a. 28 (3) (b).] |
265. —(1) I gcás ina mbeifear tar éis caiteachas caipitiúil a thabhú, an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nó dá éis sin, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais agus teagmhas ar bith acu seo a leanas tarlú le linn an foirgneamh nó an déanmhas a bheith ina fhoirgneamh nó déanmhas tionscail: |
[EN] | (a) an leas iomchuí san fhoirgneamh nó sa déanmhas a dhíol, | |
[EN] | (b) an leas sin, agus gur leas léasachta é, a chríochnú ar shlí seachas tríd an duine ina theideal d'fháil an leasa is leas frithdhílse air, | |
[EN] | (c) an foirgneamh nó an déanmhas a scartáil nó a dhíthiú nó, gan scartáil ná díthiú a bheith déanta air, é do scor ar fad de bheith á úsáid, | |
[EN] | ansin, sna cúinsí a luaitear san alt seo, déanfar liúntas nó muirear (dá ngairtear liúntais cothromaíochta nó muirear cothromaíochta sa Chaibidil seo) a thabhairt don duine, nó, de réir mar a bheidh, a ghearradh ar an duine, a mbeidh teideal aige chun an leasa iomchuí díreach roimh an teagmhas sin tarlú, in aghaidh na bliana measúnachta ina bhonn-tréimhse ar ina haghaidh a tharlóidh an teagmhas sin: | |
[EN] | Ar choinníoll— | |
[EN] | (i) nach ndéanfar aon liúntas cothromaíochta a thabhairt do dhuine ar bith ná muirear cothromaíochta a ghearradh ar dhuine ar bith in aghaidh aon bliana measúnachta de dhroim aon teagmhais a tharlóidh tar éis deireadh a bhonn-tréimhse don chaogadú bliain mheasúnachta tar éis na bliana a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas i gcéaduair, agus | |
[EN] | (ii) maidir le foirgneamh nó déanmhas arb é an 1ú lá d'Eanáir, 1960, nó lá dá éis a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil á fhoirgniú agus a bhfuil sé le meas ina thaobh gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é mar gheall ar é a úsáid chun críocha thrádáil na hóstóireachta agus maidir le foirgneamh nó déanmhas a bhfuil sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é mar gheall ar é a úsáid chun torthaí, glasraí nó rudaí eile a fhás i gcúrsa trádáil gharraíodóireacht mhargaidh de réir bhrí alt 54, go mbeidh éifeacht ag an gCuid seo ionann agus dá gcuirfí “deichiú bliain” in ionad “chaogadú bliain” sna forálacha roimhe seo den fho-alt seo. | |
[EN] | (2) I gcás nach mbeidh aon airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh ann, nó i gcás inar mó ná an t-airgead sin iarmhar an chaiteachais, díreach roimh an teagmhas, tabharfar liúntas cothromaíochta agus is é a mhéid a bheidh ann méid an iarmhair sin nó, de réir mar a bheidh, méid is comhionann le breis an iarmhair thar an airgead sin. | |
[EN] | (3) Más mó an t-airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh ná iarmhar an chaiteachais, más aon iarmhar é, díreach roimh an teagmhas, gearrfar muirear cothromaíochta agus is é méid ar a ngearrfar é méid is comhionann leis an mbreis, nó, más nialas d'iarmhar é, leis an airgead sin. | |
[EN] | (4) Más rud é nach mbeifear tar éis liúntas bliantúil a thabhairt in aghaidh aon bhliana de na blianta measúnachta iomchuí (mar a mhínítear chun críocha an fho-ailt seo), beidh éifeacht ag fo-ailt (2) agus (3) faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar méid an liúntais chothromaíochta, nó, de réir mar a bheidh, an méid ar a mbeidh an muirear cothromaíochta le gearradh, a laghdú tríd an gcodán a fheidhmiú maidir leis arb é a uimhreoir an méid blianta measúnachta iomchuí ar tugadh liúntas bliantúil ina n-aghaidh i leith an chaiteachais agus arb é a ainmneoir an méid iomlán blianta measúnachta iomchuí. | |
[EN] | San fho-alt seo, ciallaíonn “blianta measúnachta iomchuí” na blianta measúnachta uile tar éis na bliana sin a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas i gcéaduair chun críche ar bith suas go dtí an bhliain (agus an bhliain sin a áireamh) a tharla an teagmhas is cúis leis an liúntas nó an muirear: | |
[EN] | Ar an gcoinníoll go gciallaíonn an abairt sin, i gcás an foirgneamh nó an déanmhas a dhíol roimh an teagmhas sin ach an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis, agus gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é an trath sin, na blianta measúnachta uile— | |
[EN] | (a) a dtabharfar liúntas bliantúil ina n-aghaidh mar gheall ar gurbh fhoirgneamh nó déanmhas tionscail an foirgneamh nó an déanmhas tráth ar bith idir an díol agus an teagmhas, nó, má rinneadh níos mó ná díol amháin den sórt sin, idir an díol deiridh acu sin agus an teagmhas, nó | |
[EN] | (b) a mbeadh liúntas bliantúil le tabhairt ina leith dá mba fhoirgneamh nó déanmhas tionscail an foirgneamh nó an déanmhas gach tráth idir an díol, nó, cibé acu é, idir an díol deiridh acu sin, agus an teagmhas. | |
[EN] | (5) D'ainneoin aon ní sna forálacha roimhe seo den alt seo, ní bheidh, i gcás ar bith, an méid a ngearrfar muirear cothromaíochta maidir leis ar dhuine i leith aon chaiteachais ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais níos mó ná méid an liúntas foirgníochta tionscail a tugadh dó, má tugadh, i leith an chaiteachais sin mar aon le méid aon liúntas bliantúla a tugadh dó i leith an chaiteachais sin in aghaidh blianta measúnachta ar chríochnaigh a bhonn-tréimhsí ina leith ar dháta, nó roimh dháta, an teagmhais is cúis leis an muirear. | |
[EN] |
Caiteachas a dhíscríobh agus an bhrí atá le “iarmhar caiteachais”. [1959, a. 27; 1960, a. 41; 1966, a. 28 (3) (a).] |
266. —(1) Aon chaiteachas a tabhaíodh ag foirgniú aon fhoirgnimh nó déanmhais measfar, chun críocha na Caibidle seo, go ndearnadh é a dhíscríobh an méid agus amhail na tráthanna a shonraítear ina dhiaidh seo san alt seo, agus déanfar tagairtí sa Chaibidil seo d'iarmhar aon chaiteachais den sórt sin a fhorléiriú dá réir sin. |
[EN] | (2) Má thugtar liúntas foirgníochta tionscail i leith an chaiteachais, déanfar méid an liúntais sin a dhíscríobh amhail an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas i gcéaduair. | |
[EN] | (3) Más rud é go ndéanfar, de dhroim gurb fhoirgneamh nó déanmhas tionscail tráth ar bith an foirgneamh nó an déanmhas, liúntas bliantúil a thabhairt in aghaidh aon bhliana measúnachta i leith an chaiteachais, déanfar méid an liúntais sin a dhíscríobh amhail an tráth sin: | |
[EN] | Ar choinníoll go ndéanfar, i gcás teagmhas tarlú an tráth sin is cúis nó a fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta, an méid a ordaítear a dhíscríobh leis an bhfo-alt seo amhail an tráth sin a chur i gcuntas nuair a bheifear ag ríomh iarmhar an chaiteachais sin díreach roimh an teagmhas sin d'fhonn a chinneadh an bhfuil aon liúntas cothromaíochta le tabhairt nó muirear cothromaíochta le gearradh agus, má tá, cad é an liúntas a bheidh le tabhairt nó cad é an muirear a bheidh le gearradh. | |
[EN] | (4) Más rud é, i gcás aon bhliana measúnachta tar éis na bliana a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas i gcéaduair, nach mbeidh aon liúntas bliantúil le tabhairt do dhuine ar bith i leith an chaiteachais, ansin, faoi réir forálacha an fho-ailt seo agus fho-alt (5), measfar méid is comhionann leis an gcaogadú cuid den chaiteachas a bheith díscríofa amhail ag deireadh na bliana measúnachta roimhe sin: | |
[EN] | Ar choinníoll— | |
[EN] | (a) i gcás bliana measúnachta a thosóidh an 6ú d'Aibreán, 1960, nó dá éis sin, nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo chun críche ar bith má ba fhoirgneamh nó déanmhas tionscail an foirgneamh nó an déanmhas an lá roimh thosach na bliana measúnachta; | |
[EN] | (b) i gcás ina mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i leith bliana measúnachta a thosóidh mar a dúradh, gurb é an méid a bheidh le díscríobh, má dhíoltar an foirgneamh nó an déanmhas an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis sin, agus gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é an tráth sin, an méid a bheadh le díscríobh— | |
[EN] | (i) dá mba éard an foirgneamh nó an déanmhas foirgneamh nó déanmhas tionscail a bhí á úsáid an lá roimhe sin a dúradh chun críocha trádála a bhí á seoladh ag duine ag a raibh teideal chun an leasa iomchuí san fhoirgneamh nó sa déanmhas, | |
[EN] | (ii) dá mba é an lá roimhe sin a dúradh a chríochnaigh bonn-tréimhse an duine sin don bhliain mheasúnachta, agus | |
[EN] | (iii) gur tugadh liúntas bliantúil dó dá réir sin don bhliain mheasúnachta, agus | |
[EN] | (c) maidir le foirgneamh nó déanmhas arb é an 1ú lá d'Eanáir, 1960, nó lá dá éis a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil á fhoirgniú agus a bhfuil sé le meas ina thaobh gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é mar gheall ar é a úsáid chun críocha thrádáil na hóstóireachta agus maidir le foirgneamh nó déanmhas a bhfuil sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é mar gheall ar é a úsáid chun torthaí, glasraí nó rudaí eile a fhás i gcúrsa trádáil gharraíodóireacht mhargaidh de réir bhrí alt 54, go mbeidh éifeacht ag an gCuid seo ionann agus dá gcuirfí “leis an deichiú” in ionad “leis an gcaogadú” sna forálacha roimhe seo den fho-alt seo. | |
[EN] | (5) Más rud é go ngearrfar, ar ócáid díola, muirear cothromaíochta i leith an chaiteachais, díscríobhfar, amhail tráth an díola, an bhreis a bheidh ag iarmhar an chaiteachais roimh an díol ar ghlantoradh an díola. | |
[EN] | (6) Más rud é go ngearrfar, ar ócáid díola, muirear cothromaíochta i leith an chaiteachais, measfar, chun críocha na Caibidle seo, iarmhar an chaiteachais a bheith méadaithe, amhail tráth an díola, an méid ar a ngearrfar an muirear. | |
[EN] |
An tslí ina dtabharfar liúntais agus ina ngearrfar muirir. [1959, a. 28; 1963, Cuid IX.] |
267. —(1) Ach amháin sna cásanna a luaitear sna forálacha seo a leanas den alt seo, déanfar aon liúntas a thabharfar do dhuine nó aon mhuirear a ghearrfar air faoi na forálacha roimhe seo den Chaibidil seo, a thabhairt dó nó a ghearradh air nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchan a thrádála. |
[EN] | (2) Tabharfar liúntas bliantúil do dhuine in aghaidh bliana measúnachta ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach má bhíonn a leas faoi réir aon léasa i ndeireadh a bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta sin. | |
[EN] | (3) Tabharfar liúntas cothromaíochta do dhuine ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach má bhíonn a leas faoi réir aon léasa díreach roimh an teagmhas is cúis leis an liúntas. | |
[EN] | (4) Gearrfar muirear cothromaíochta ar dhuine faoi Chás VI de Sceideal D má bhíonn a leas faoi réir aon léasa díreach roimh an teagmhas is cúis leis an muirear. | |
[EN] | (5) Liúntas ar bith a bheidh, faoi na forálacha roimhe seo den alt seo, le tabhairt ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach beidh sé ar fáil go príomha in aghaidh an ioncaim seo a leanas: | |
[EN] | (a) ioncam a mhuirearófar i leith cánacha faoi Sceideal A i leith aon áitribh arbh éard é nó ina raibh, tráth ar bith sa bhliain, foirgneamh nó déanmhas tionscail, | |
[EN] | (b) ioncam a mhuirearófar i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D i leith aon chíosa is iníoctha i leith aon áitribh den sórt a dúradh, nó | |
[EN] | (c) ioncam is ábhar muirir chothromaíochta faoin gCaibidil seo. | |
[EN] |
An bhrí atá le “an leas iomchuí”. [1959, a. 29.] |
268. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, ciallaíonn “an leas iomchuí” sa Chaibidil seo, maidir le haon chaiteachas a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais, an leas san fhoirgneamh nó sa déanmhas sin a raibh teideal chuige ag an duine a thabhaigh an caiteachas nuair a thabhaigh sé é. |
[EN] | (2) Má bhíonn duine agus é ag tabhú caiteachais ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais, i dteideal dhá leas nó níos mó san fhoirgneamh nó sa déanmhas, agus gur leas frithdhílse i leith na leas eile go léir leas áirithe acu sin, is é an leas sin an leas iomchuí chun críocha na Caibidle seo. | |
[EN] | (3) Ní scoirfidh leas de bheith ina leas iomchuí chun críocha na Caibidle seo de dhroim bunú aon léasa nó leasa eile a mbeidh an leas sin faoina réir, agus más leas léasachta an leas iomchuí agus go múchfar é mar gheall ar é a ghéilleadh, ná ar an duine a mbeidh teideal aige chuige d'fháil an leasa is leas frithdhílse ina leith, tiocfaidh an leas a gcumascfaidh an leas léasachta leis chun bheith, air sin, ina leas iomchuí. | |
[EN] |
Forálacha speisialta maidir le léasanna. [1959, a. 30.] |
269. —(1) I gcás léasaí aon fhoirgnimh nó déanmhais d'fhanúint i seilbh an chéanna le toiliú an léasóra, tar éis an léas a fhoirceannadh gan léas nua a bheith deonaithe dó, measfar, chun críocha na Caibidle seo, an léas sin do leanúint ar marthain an fad a fhanfaidh sé i seilbh mar a dúradh. |
[EN] | (2) I gcás ina ndéanfar, ar léas a fhoirceannadh, léas nua a dheonú don léasaí de dhroim teideal a bheith aige ó reacht chun léasa nua nó de bhun roghan a bheidh ar fáil aige faoi théarmaí an chéad léasa, beidh éifeacht ag forálacha na Caibidle seo ionann is dá mbeadh an dara léas ar leanúint as an gcéad léas. | |
[EN] | (3) I gcás ina ndéanfaidh an léasóir, ar léas a fhoirceannadh, suim ar bith a íoc leis an léasaí i leith foirgneamh nó déanmhas a bheidh ar áireamh sa léas, beidh éifeacht ag forálacha na Caibidle seo amhail is dá mba rud é gur tháinig deireadh leis an léas de dhroim é a ghéilleadh i gcomaoin na híocaíochta. | |
[EN] |
Foirgneamh nó déanmhas tionscail as úsáid go sealadach. [1959, a. 31; 1965, a. 55 (4).] |
270. —(1) Chun críche na Caibidle seo, ní mheasfar foirgneamh nó déanmhas do scor ar fad de bheith á úsáid de dhroim é a bheith as úsáid go sealadach an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis sin, agus más rud é, díreach roimh aon tréimhse neamhúsáide sealadaí dar tosach an dáta sin nó dáta dá éis, gur foirgneamh nó déanmhas tionscail foirgneamh nó déanmhas, measfar é do leanúint de bheith ina fhoirgneamh nó déanmhas tionscail i gcaitheamh na tréimhse neamhúsáide sealadaí. |
[EN] | (2) D'ainneoin aon fhorála eile den Chuid seo maidir leis an modh ina ndéanfar liúntais a thabhairt agus muirir a ghearradh, más rud é, de dhroim forálacha fho-alt (1), go measfar foirgneamh do leanúint de bheith ina fhoirgneamh nó déanmhas tionscail agus é as úsáid go sealadach, ansin— | |
[EN] | (a) má tharlaíonn, ar an ócáid dheiridh a bhí an foirgneamh nó an déanmhas á úsáid mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail, go raibh sé á úsáid chun críocha trádála ar buanscoireadh di ó shoin, nó | |
[EN] | (b) má tharlaíonn, ar an ócáid dheiridh a bhí an foirgneamh nó an déanmhas á úsáid mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail, go raibh an leas iomchuí ann faoi réir léasa ar tháinig deireadh leis ó shoin, | |
[EN] | déanfar aon liúntas bliantúil nó liúntas cothromaíochta a bheidh le tabhairt do dhuine ar bith i leith an fhoirgnimh nó an déanmhais aon tréimhse a leanfaidh an úsáid shealadach tar éis scor de trádáil nó deireadh a theacht leis an léas a thabhairt ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach, agus déanfar aon mhuirear cothromaíochta a bheidh le gearradh ar dhuine ar bith i leith an fhoirgnimh nó an déanmhais i gcaiteamh na tréimhse sin a ghearradh faoi Chás VI de Sceideal D. | |
[EN] | (3) An tagairt atá san alt seo do bhuanscor de thrádáil ní fholaíonn sí tagairt do tharlú aon teagmhais a mbeidh sé le meas, de bhua aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, gur theagmhas é is ionann agus scor den trádáil. |