An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XIX Caillteanais) Ar Aghaidh (Caibidil III Íocaíochtaí ó Chuideachtaí le Comhchuideachtaí i Leith Caillteanas)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

Caibidil II

Liúntais Chaipitiúla

Mínithe.

[1963, a. 5 (1) (4).]

317. —(1) Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “muirir chothromaíochta” muirir chothromaíochta faoi Chuid XVI;

ciallaíonn “liúntais chaipitiúla” liúntais, seachas liúntais a bheidh le tabhairt nuair a bheifear ag ríomh brabús nó gnóchan, faoi alt 241 nó faoi Chuid XIX, XV, XVI nó XVII;

ciallaíonn “bliain éilimh”, maidir le haon éileamh faoi alt 307, an bhliain mheasúnachta ar ina haghaidh a dhéantar an t-éileamh.

(2) Chun críocha na Caibidle seo—

(a) i gcás deireadh na bonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta tarlú le linn, nó a bheith ar comhthráth le deireadh, aon bhliana measúnachta áirithe, is í an bhliain sin an bhonn-bhliain don bhliain mheasúnachta chéadluaithe, ach sin i slí, i gcás bliana measúnachta arbh í, faoin bhforáil sin roimhe seo, ba bhonn-bhliain don bhliain sin féin agus do bhliain mheasúnachta eile, gurb í an bhonnbhliain í don bhliain sin féin agus ní don bhliain eile;

(b) déanfar aon tagairt do liúntais chaipitiúla nó do mhuirir chothromaíochta do bhliain mheasúnachta a fhorléiriú mar thagairt dóibh sin a bheidh le tabhairt nó le déanamh le linn brabúis nó gnóchain na trádála don bhliain sin a bheith á muirearú, ach gan áireamh a dhéanamh, i gcás liúntas, ar mhéideanna a tugadh anall ó bhliain níos luaithe;

(c) measfar éifeacht a bheith tugtha, le linn brabúis nó gnóchain na trádála do bhliain mheasúnachta a bheith á muirearú, do liúntais a tugadh anall ó bhliain níos luaithe sular tugadh éifeacht do liúntais don bhliain mheasúnachta; agus

(d) aon tagairt do mhéid liúntas caipitiúil gan éifeacht bliain mheasúnachta áirithe forléireofar í mar thagairt don mhéid nach bhféadfar éifeacht a thabhairt dó, mar gheall ar neamhdhóthanacht brabús nó gnóchan, le linn brabúis nó gnóchain na trádála don bhliain sin a bheith á muirearú.

I mír (a) ciallaíonn “an bhonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta”, maidir le haon trádáil, an tréimhse ar ar a brabúis nó a gnóchain atá cáin ioncaim don bhliain sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála nó más rud é, de bhua an Achta seo, go bhfuil sé le meas gurb iad brabúis nó gnóchain aon tréimhse eile brabúis nó gnóchain na tréimhse sin, an tréimhse eile sin.

Rogha chun a mheas go gcruthaíonn nó go méadaíonn liúntais chaipitiúla caillteanas.

[1963, a. 5(2)(3).]

318. —(1) Faoi réir forálacha na Caibidle seo, i gcás aon éileamh a dhéanfar faoi alt 307 ar fhaoiseamh i leith caillteanas a tharla in aon trádáil, féadfaidh an t-éileamh sin a cheangal go gcinnfear méid an chaillteanais ionann agus dá ndéanfaí méid ar cóimhéid leis na liúntais chaipitiúla don bhliain mheasúnachta arb í an bhliain éilimh an bhonn-bhliain ina leith a asbhaint le linn brabúis nó gnóchain nó caillteanais na trádála an bhliain éilimh a bheith á ríomh, agus féadfar éileamh a dhéanamh amhlaidh d'ainneoin nár tharla ar leithligh ó na liúntais sin, caillteanas sa trádáil an bhliain éilimh sin.

(2) Má tharlaíonn ar aon éileamh a dhéanfar de bhua na Caibidle seo nach dtabharfar faoiseamh faoin alt sin 307 i leith méid iomlán an chaillteanais arna chinneadh mar a dúradh, cuirfear an faoiseamh, a mhéid is féidir, i leith an chaillteanais a tharla sa trádáil seachas é a chur i leith na liúntas caipitiúil i ndáil leis an trádáil.

A mhéid a chuirfear liúntais san áireamh.

[1963, a. (5)(6).]

319. —(1) Cuirfear na liúntais chaipitiúla d'aon bhliain mheasúnachta san áireamh faoi alt 318 (1) amháin más rud é agus sa mhéid nach gá iad mar fhritháireamh in aghaidh muirear cothromaíochta don bhliain; agus, más liúntais don bhliain éilimh na liúntais chaipitiúla a chuirfear san áireamh, ní thabharfar faoiseamh faoi threoir na liúntas sin i leith méid is mó ná an méid a bheidh gan éifeacht an bhliain éilimh.

(2) Chun críocha fho-alt (1), áireofar na liúntais chaipitiúla d'aon bhliain mheasúnachta mar liúntais is gá mar fhritháireamh in aghaidh liúntas cothromaíochta na bliana suas go dtí an méid ar a mbeidh na muirir chothromaíochta le déanamh tar éis suim a asbhaint den mhéid sin is comhionann le méid, más aon mhéid é, na liúntas caipitiúil do bhlianta roimhe sin a tugadh anall go dtí an bhliain sin agus a bheadh, d'éagmais na muirear cothromaíochta, gan éifeacht an bhliain sin.

Éifeacht a bheidh ag faoiseamh a thabhairt.

[1963, a. 5 (7);

1965, Sc. 3, Cuid I.]

320. —Más rud é maidir le haon bhliain éilimh go dtabharfar faoiseamh faoin alt sin 307 faoi threoir aon liúntas caipitiúil, ansin, chun críocha uile an Achta seo, measfar éifeacht a bheith tugtha do na liúntais sin suas go dtí an méid a dtabharfar faoiseamh amhlaidh ina leith agus aon fhaoiseamh a bheidh tugtha roimhe sin i leith bliana ina dhiaidh sin ar an mbonn nár tugadh éifeacht do na liúntais mar a dúradh coigeartófar é, más gá, trí mheasúnacht bhreise.

Faoiseamh a dheanú roimh an Acht bliantúil a rith.

[1963, a. 5(10).]

321. —Féadfar faoiseamh ó cháin a thabhairt de bhua alt 318 (1) den alt seo faoi threoir liúntas caipitiúil do bhliain mheasúnachta roimh dháta aon Achta a rith a fhorchuireann cáin ioncaim don bhliain sin, ionann is dá mbeadh cáin ioncaim forchurtha don bhliain gan athrú; ach má dhéantar difear d'fhaoiseamh a tugadh do dhuine de bhua an ailt sin 318 (1) d'aon bhliain éilimh áirithe mar gheall ar athrú ina dhiaidh sin ar an dlí, nó mar gheall ar aon scor den trádáil nó aon teagmhas eile tar éis deireadh na bliana, féadfar aon choigeartú is gá a dhéanamh, agus déanfar an oiread d'aon aisíoc cánach agus a ghabh thar an méid ab inaisíoctha sna teagmhais a tharla, a ghnóthú, mura slánófar sin ar shlí eile, ó duine trí mheasúnacht faoi Chás IV de Sceideal D; agus chun críche na mheasúnachta sin measfar gurb ioncam is inmhuirir faoin gCás sin IV don bhliain éilimh méid na liúntas caipitiúil nó cuid iomchuí de mhéid na lúntas caipitiúil ar faoina dtreoir a rinneadh an t-aisíoc.

Feidhm maidir le gairmeacha, etc.

[1963, a. 5 (11).]

322. —Beidh feidhm ag an gCaibidil seo, oiriúnaithe mar is gá, maidir le gairm nó fostaíocht agus maidir le háitiú tailte, chun críocha feirmeoireachta amháin nó talamh coille, más rud é, i gceachtar cás, go mbeidh brabúis nó gnóchain ón áitiú, don bhliain éilimh agus don bhliain mheasúnachta arb í an bhliain éilimh an bhonn-bhliain ina leith, inmhuirir faoi Sceideal D, mar atá feidhm aici maidir le trádáil.