An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Stoic, Scaireanna agus Urrúis le Cuideachtaí Monaraíochta) Ar Aghaidh (CUID XXII Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XXI

Díolúintí Carthanúla agus Díolúintí Eile

Cíosanna maoine de chuid ospidéal agus carthanas eile.

[1918, a. 37;

1929, a. 8 (2);

1961, a. 12;

1963, a. 96 (2).]

1961, Uimh. 17 .

333. —(1) Deonófar díolúine—

(a) ó cháin ioncaim is inmhuirir faoi Sceideal A nó, de bhua Chaibidil VI de Chuid IV, faoi Sceideal D, i leith cíosanna agus brabús aon mhaoine de chuid aon ospidéil, scoile nó teach dídine poiblí, nó atá dílsithe d'iontaobhaithe chun críocha carthanúla, sa mhéid gur chun críocha carthanúla amháin a úsáidtear an céanna:

Ar choinníoll nach ndéanfar aon mheasúnacht ar na maoineanna faoi seach a fhuascailt ná a athrú, ach go mbeidh sí i bhfeidhm agus go dtoibheofar í, d'ainneoin aon díolúine den sórt sin a cheadú;

(b) ó cháin ioncaim is inmhuirir faoi Sceideal C maidir le haon ús, blianachtaí, díbhinní nó scaireanna blianachtaí, agus ó cháin ioncaim is inmhuirir faoi Sceideal D, maidir le haon ús bliantiúil nó íocaíocht bhliantúil eile is cuid d'ioncam aon chomhlacht daoine nó iontaobhais a bunaíodh chun críocha carthanúla agus chuige sin amháin, nó nach infheidhmithe, de réir rialacha nó rialachán a bunaíodh le reacht, cairt, foraithne, gníomhas iontaobhais nó uacht, ach chun críocha carthanúla amháin agus sa mhéid gur chun críocha carthanúla amháin a fheidhmítear an céanna;

(c) ó cháin ioncaim is inmhuirir faoi Sceideal C maidir le haon ús, blianachtaí, díbhinní nó scaireanna blianachtaí, in ainmneacha iontaobhaithe nach infheidhmithe ach amháin i leith deisiúchán ar aon ardeaglais, coláiste, eaglais nó séipéal, nó ar aon fhoirgneamh a úsáidtear d'aontoisc chun críocha adhradh Dé, agus a mhéid a úsáidtear an céanna chun na gcríocha sin.

(2)   (a) Baineann an fo-alt seo le gach bronntanas (de réir bhrí an Achta Carthanas, 1961 ) a tugadh roimh an 1ú lá d'Iúil, 1961, agus, dá mba é an lá sin nó dá éis a tugadh é, arb éard é, de bhua alt 50 den Acht sin (a bhaineann le bronntanais le haghaidh uaigheanna agus cuimhneachán) bronntanas, a mhéid a fhoráiltear san alt sin, chun críocha carthanúla.

(b) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) maidir le bronntanas lena mbaineann an fo-alt seo ionann agus dá mba é an 1ú lá d'Iúil, 1961, nó dá éis sin a tugadh an bronntanas.

Tailte atá ar úinéireacht agus á n-áitiú, agus ceirdeanna atá á seoladh, ag carthanais.

[1921, a. 30;

1955, a. 3;

1963, Sc. 6, Cuid II.]

334. —(1) Deonófar díolúine—

(a) ó cháin ioncaim is inmhuirir faoi Sceideal A i leith maoine atá ar úinéireacht agus á háitiú ag carthanas, nach tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin den sórt a luaitear in alt 27;

(b) ó cháin ioncaim is inmhuirir faoi Sceideal B maidir le tailte atá á n-áitiú ag carthanas:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an díolúine faoin mír seo i gcás tailte atá á n-áitiú le haghaidh feirmeoireachta mura chun críocha an charthanais amháin a úsáidtear aon bhrabúis uathu;

(c) ó cháin ioncaim is inmhuirir faoi Sceideal D maidir le brabúis trádála a sheoltar ag aon charthanas, más chun críocha an charthanais amháin á úsáidtear na brabúis agus—

(i) go bhfeidhmítear an trádáil i gcúrsa críoch phríomha a bhaineann leis an gcarthanas a bheith á comhlíonadh, nó

(ii) gur tairbhithe de chuid an charthanais a dhéanann formhór na hoibre a bhaineann leis an trádáil.

(2) Ní bhainfidh an díolúine a dheonaítear le fo-ailt (1) (a) agus (1) (b) le cáin i leith aon chíosa is iníoctha nó aon íocaíocht bhliantúil eile a bheidh le déanamh ag carthanas maidir leis na tailte, na tionóntáin, nó na hoidhreachtáin ná ní bhainfidh sí le haon chodanna de na tailte, de na tionóntáin nó de na hoidhreachtáin a úsáidtear nó atá ina sheilbh ag duine ar lú ná £150 iomlán a ioncaim bhliantúil ó gach bunadh arna mheas de réir forálacha an Achta seo.

(3) San alt seo ciallaíonn “carthanas” aon chomhlacht daoine nó aon iontaobhas a bunaíodh chun críocha carthanúla amháin.

Carachumainn.

[1918, a. 39 (11).]

335. —Beidh carachumann neamhchláraithe nach mó ná mó £160 a ioncam i dteideal díolúine ó cháin, agus aon charachumann cláraithe atá coiscthe, le reacht nó ag a rialacha, ó shuim níos mó ná £300 mar shuim chomhlán, nó £52 sa bhliain ar mhodh blianachta, a árachú do dhuine ar bith, beidh sé i dteideal díolúine ó cháin faoi Sceideal A, C agus D.

Ceardchumainn.

[1918, a. 39 (2);

1963, a. 4.]

336. —Aon cheardchumann cláraithe atá coiscthe, le reacht nó ag a rialacha, ó shuim níos mó ná £600 mar shuim chomhlán, nó £250 sa bhliain ar mhodh blianachta, a árachú do dhuine ar bith, beidh sé i dteideal díolúine ó cháin faoi Sceideal A, C agus D i leith an úis agus na ndíbhinní dá chuid is infheidhmithe agus a fheidhmítear chun críche sochair choigiltis agus chuige sin amháin.

San alt seo, folaíonn “sochair choigiltis” aon íocaíocht atá údaraithe go sainráiteach le rialacha cláraithe an cheardchumainn agus a dhéanfar le comhalta le linn breoiteachta nó éagumais de dheasca díobhála pearsanta nó le linn dó a bheith ar díth oibre, nó le comhalta aosaithe ar mhodh aoisliúntais, nó le comhalta ar bhain tionóisc dó, nó a chaill a chuid uirlisí de dheasca dóiteáin nó goid, agus folaíonn sé íocaíocht ag íoc, nó mar chúnamh i leith íoc, na gcostas sochraide ar chomhalta, nó banchéile comhalta d'fháil bháis, nó mar sholáthar le haghaidh leanaí comhalta éagtha.

Bainc Thaisce.

[1918, a. 39 (3);

1920, a. 32;

1942, a. 23 (4).]

1940 Uimh. 14.

337. —(1) Aon bhanc taisce a bheidh deimhnithe faoi Achtanna na mBanc Taisce Iontaobhais, 1863 go 1958, beidh sé i dteideal díolúine ó cháin i leith a chuid úis agus díbhinní—

(a) ó infheistíochtaí le Coimisinéirí na bhFiacha Náisiúnta, agus

(b) ó infheistíochtaí airgid chun creidmheasa an chuntais speisialta a osclaíodh de bhun alt 31 (3) den Acht Airgeadais, 1940 .

(2) Ní bheidh aon bhanc taisce, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh sé deimhnithe faoi Achtanna na mBanc Taisce Iontaobhais, 1863 go 1958, i dteideal díolúine ó cháin faoi Sceideil C agus D i leith ioncaim a chuid cistí, a mhéid a úsáidtear an t-ioncam sin le ús a íoc le haon taisceoir nó a chreidiúnú dó:

Ar choinníoll—

(a) go mbeidh aon ús den sórt sin inmhuirir faoi Chás III de Sceideal D; agus

(b) i gcás inar mó ná £5 an t-ús a íocadh le haon taisceoir nó a creidiúnaíodh dó sa bhliain a n-éilíonn an banc díolúine ina haghaidh, go dtabharfaidh an banc agus aon brainse de tuairisceán don chigire don cheantar ina bhfuil an banc nó an brainse ag insint ainm agus áit chónaithe gach taisceora lenar íocadh nó dar creidiúnaíodh aon suim den sórt sin, agus a méid, agus mura dtabharfar na tuairisceáin sin go cuí, nach mbeidh an banc i dteideal aon fhaoisimh maidir le haon suimeanna den sórt sin. Tabharfar aon tuairisceán den sórt sin an 1ú lá de Bhealtaine, nó roimhe sin an bhliain i ndiaidh na bliana a n-éilítear díolúine ina haghaidh.

Faoiseamh i leith ioncaim ó infheistíochtaí faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.

[1918, a. 39 (5);

1943, a. 6;

1952, Uimh. 11 , a. 39, 67.]

1952, Uimh. 11 .

338. —Beidh an tAire Airgeadais i dteideal díolúine ó cháin i leith an ioncaim ó infheistíochtaí faoi alt 39 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.

Eilithe aisíoca

[1918, a. 40: 1963, Sc. 6, Cuid II.]

339. —(1) Is i scríbhinn a bheidh aon éileamh faoi ailt 333 agus 335 go 337 a dhéanfar chun an gCoimisinéirí Speisialta, agus is i cibé foirm a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh sé, agus nuair a chruthófar na fíorais chun a sástacht géillfidh na Coimisinéirí Speisialta don éileamh sin.

(2) Iarrfaidh na Coimisinéirí Speisialta go bhfíorófar gach éileamh den sórt sin le mionnscríbhinn, agus féadfaidh an cisteoir, iontaobhaí, nó aon ghníomhaire cuí-údaraithe cruthú ar an éileamh a thabhairt.

(3) I gcás ina ngéillfidh na Coimisinéirí Speisialta d'éileamh eiseoidh siad ordú le haghaidh aisíoca.

(4) Duine ar bith a dhéanfaidh éileamh bréagach nó calaoiseach ar dhíolúine faoi na hailt sin a dúradh maidir le haon ús, blianachtaí, díbhinní nó scaireanna blianachtaí a muirearaíodh nó is inmhuirir faoi Sceideal C forghéillfidh sé suim £100.

Pinsin mhíleata agus pinsin, aiscí agus liúntais eile.

[1919, a. 16 (2);

1925, a. 3 (2);

1954, a. 7;

1958, a. 7.]

[1925, a. 3(1).]

[1945, a. 3.]

1954, Uimh. 18 .

[1932, a. 8; 1938. a, 3(2); 1950, a. 3; 1954, a. 8.]

1923, Uimh. 26 .

1932, Uimh. 24 .

1927, Uimh. 12 .

1937, Uimh. 15 .

1949, Uimh. 28 .

1953, Uimh. 23 .

[1950, a. 4 (2) (b).]

[1954, a. 9.]

[1950, a. 4 (2) (a).]

1923, Uimh. 5 .

[1954, a. 6.]

1950, Uimh. 30 .

1952, Uimh. 27 .

[1932, a. 8 (2).]

340. —(1) Beidh ioncam lena mbaineann an t-alt seo díolmhaithe ó cháin agus ní áireofar é le linn ioncam a bheith á ríomh chun críocha an Achta seo.

(2) Baineann an t-alt seo leo seo a leanas—

(a)      (i) gach pinsean créachta agus pinsean míchumais, agus gach méadú ar phinsin den sórt sin a deonaíodh faoin na hAchtanna Arm-Phinsean; 1923 go 1962, nó faoi na hAchtanna sin agus aon Acht ina dhiaidh sin a bhféadfar na hAchtanna sin a lua ina dteannta;

(ii) gach aisce i leith créacht nó míchumas a deonaíodh sa tslí chéanna:

Ar choinníoll, i gcás gan méid aon phinsin lena mbaineann fomhír (i) a bheith inchurtha i leith míchumais agus ina leith sin amháin, nach mbainfidh an faoiseamh a thugtar leis an alt seo ach amháin leis an gcuid sin de a bheidh deimhnithe ag an Aire Cosanta a bheith inchurtha i leith míchumais;

(b) aiscí míleata agus pá díshlógaidh a deonaíodh d'oifigigh d'Fhorsaí Náisiúnta nó d'Óglaigh na hÉireann ar iad a dhíshlógadh;

(c)      (i) pá iarchurtha, de réir bhrí aon rialachán faoin Acht Cosanta, 1954 , a creidiúnaíodh chun pá-chuntais chomhalta d'Óglaigh na hÉireann;

(ii) aiscí a deonaíodh i leith seirbhíse le hóglaigh na hÉireann;

(d)     (i) gach liúntas a deonaíodh faoi alt 8 den Acht Arm-Phinsean, 1923, nó faoi alt 12 den Acht Arm-Phinsean, 1932, arna leasú leis an Acht Arm-Phinsean, 1927, leis an Acht Arm-Phinsean, 1937 , nó leis an Acht Arm-Phinsean (Méadú), 1949 , do bhaintreach nó d'aon leanbh nó cleithiúnaí le duine a maraíodh i gcaitheamh Éirí Amach Aibreáin agus Bhealtaine, 1916;

(ii) aon liúntas a deonaíodh faoi alt 4 den Acht Arm-Phinsean, 1953, do bhaintreach, tuismitheoir, deirfiúr nó deartháir le duine a maraíodh i gcaitheamh Éirí Amach Aibreáin agus Bhealtaine, 1916;

(iii) aon liúntas is iníoctha faoi alt 3 den Acht Arm-Phinsean, 1937;

(iv) aon liúntas is iníoctha faoi alt 45 den Acht Arm-Phinsean, 1953;

(e) aon suim bhliantúil is iníoctha faoi alt 1 d'Acht Socruithe na nGríobhthach, 1923 ;

(f) an pinsean is iníoctha faoi alt 1 d'Acht Mhic Shuibhne (Pinsean), 1950 ;

(g) pinsean is iníoctha faoin Acht Pinsean, 1952 .

(3) I bhfo-alt (2) (d) tá le “a maraíodh” an bhrí chéanna atá leis in alt 8 den Acht Arm-Phinsean, 1923 .

Díolúine d'ionadaithe an Chomhlathais.

[1927, a. 3.]

341. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, déanfar díolúine ó cháin i leith na ndíolaíochtaí is iníoctha ag Rialtas lena mbaineann an t-alt seo de thuras na huaire a dheonú d'aon duine i bhfostaíocht faoin Rialtas sin mar ionadaí taidhleoireachta nó trádála nó mar ionadaí eile den sórt céanna sa Stát nó mar chomhalta d'fhoireann an ionadaí sin sa Stát agus ní chuirfear i gcuntas aon díolaíochtaí den sórt sin le linn méid ioncaim an duine sin a bheith á mheas chun críocha an Achta seo.

(2) Ní dheonófar díolúine do dhuine faoin alt seo ach amháin i leith tréimhse a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur d'aon-toisc a bhí cónaí ar an duine sin sa Stát chun na dualgais a chomhlíonadh ar ina leith is iníoctha na díolaíochtaí sin leis agus nach raibh aon trádáil, fostaíocht, ná gairm eile á feidhmiú aige sa Stát.

(3) Má bhíonn duine ar bith tar éis cáin a íoc a mbeidh teideal aige chun díolúine ina leith faoin alt seo beidh sé i dteideal aisíoc na cánach sin a fháil.

(4) Baineann an t-alt seo le gach Rialtas de rialtais na dtíortha faoi seach atá i gComhfhlathas Briotanach na Náisiún a bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim sásta ina leith de thuras na huaire go dtugann sé d'ionadaithe taidhleoireachta agus trádála Rialtas na hÉireann agus do chomhaltaí a bhfoirne an díolúine chéanna a thugtar leis an alt seo d'ionadaithe taidhleoireachta agus trádála an Rialtais chéadluaite agus do chomhaltaí a bhfoirne.

Díolúine d'ionadaithe consalachta.

[1928, a. 7.]

342. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, déanfar díolúine ó cháin i leith na ndíolaíochtaí is iníoctha ag stát coigríche lena mbaineann an t-alt seo a dheonú d'aon duine is saoránach den stát coigríche sin agus atá buanfhostaithe i seirbhís chonsalachta an stáit sin agus atá ceaptha chun fónamh sa Stát agus i leith aon ioncaim a éireoidh lasmuigh den Stát agus a fhaibhreoidh chun an duine sin, agus ní chuirfear sa chuntas aon díolaíochtaí nó ioncam den sórt sin le linn méid ioncaim an duine sin a bheith á mheas chun críocha an Achta seo.

(2) Má bhíonn duine ar bith tar éis cáin a íoc a mbeidh teideal aige chun díolúine ina leith faoin alt seo beidh sé i dteideal aisíoc na cánach sin a fháil.

(3) Baineann an t-alt seo le gach stát coigríche a bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim sásta ina leith de thuras na huaire go dtugann sé do dhaoine atá buanfhostaithe i seirbhís chonsalachta an Stáit an díolúine chéanna a thugtar leis an alt seo do dhaoine atá buanfhostaithe i seirbhís chonsalachta an stáit choigríche sin.

Díolúine d'údaráis chuain.

[1960, a. 7.]

343. —Deonófar díolúine ó cháin faoi Sceideal D maidir le hoiread de bhrabúis nó de ghnóchain údárais a rialaíonn cuan laistigh den Stát a éiríonn as cibé saoráidí agus cóiríocht a chur ar fáil sa chuan sin d'árthaigh, d'earraí agus do phaisinéirí a chuireann údaráis a rialaíonn cuanta, atá laistigh den Stát, ar fáil de ghnáth sna cuanta sin.

Díolúine i leith úis ar thaisc í áirithe.

[1956, a. 3;

1960, a. 6;

1965, a. 10;

1966, (Uimh. 8) a. 8 (2) (e).]

344. —(1) Má bhíonn, nó más rud é go mbeadh mura mbeadh an t-alt seo, ar áireamh ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain mheasúnachta, aon suimeanna (dá ngairtear na suimeanna sin san alt seo) a íocadh nó a creidiúnaíodh i leith úis ar airgead a taisceadh i mbanc taisce iontaobhais, i mBanc Taisce an Phoist nó in aon cheann de na bainc thráchtála, déanfar neamhshuim de na suimeanna sin chun críocha uile an Achta seo mura mó, nó sa mhéid nach mó, ná £50, na suimeanna sin, ach beidh feidhm amhail is nár achtaíodh an t-alt seo ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le pearsa aonair do thabhairt tuairisceáin ar a ioncam iomlán.

(2) Chun críocha fho-alt (1), maidir leis an gceist ar mó ná £50 na suimeanna sin agus más mó, cé mhéid is mó, déanfar, i gcás ina measfar, de bhua alt 192, gur lena fearchéile ioncam mná, í a chinneadh ar leithligh maidir leis an gcuid dá ioncam is leis an bhfearchéile de bhua an ailt sin agus an chuid is leis ar leith ón alt sin.

(3) Má bhíonn neamhshuim le déanamh, de bhua an ailt seo, d'aon suimeanna a thagann chun pearsan aonair, ní mheasfar, de bíthin na neamhshuime sin, go bhfuil scortha ag an bpearsa aonair sin de bheith i seilbh iomlán bunadh aonair do réir bhrí alt 75.

(4) San alt seo—

ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas do réir forálacha an Achta seo;

ciallaíonn “na bainc thráchtála” Banc na hÉireann, an Banc Ibeirneach, Teoranta, Banc Mumhan agus Laighean, Teoranta, Banc Náisiúnta na hÉireann, Teoranta, Banc an Tuaiscirt, Teoranta, Banc Proibhinseach na hÉireann, Teoranta, Banc Ríoga na hÉireann, Teoranta, Banc Uladh, Teoranta, Ansbacher agus a Chuideachta, Teoranta, an Chuideachta Bhaincéireachta Tráchtála, Teoranta, Mag Aonghusa agus Ó Mathúna, agus Banc Náisiúnta na Cathrach, Teoranta;

tá le “banc taisce iontaobhais” an bhrí atá leis sna hAchta um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1958.

Díolúine i leith ús ar urrúis áirithe.

[1962, a. 12 (1).]

345. —Ní bheidh cáin ioncaim ná forcháin inmhuirir i leith an úis ar urrúis arna n-eisiúint ag an Aire Airgeadais lena n-úsáid chun cáin ioncaim nó forcháin a íoc, agus ní áireofar an t-ús sin nuair a bheifear ag ríomh ioncaim chun críocha an Achta seo.

Díolúine i leith brabús scuabghill.

[1939, a. 5.]

1933, Uimh. 18 .

346. —(1) Deonófar díolúine ó cháin faoi Sceideal D i leith brabús aon scuabghill faoi Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 , ab inmheasúnaithe, mura mbeadh an t-alt seo, faoi Chás I den Sceideal sin D, ar bhunaitheoir (de réir bhrí Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 , a dúradh) an scuabghill nó ar an gcoiste scuabghill a cheap bunaitheoirí sin an scuabghill de bhun an Achta sin chun críche an scuabghill sin.

(2) San alt seo, tá le “scuabgheall” an bhrí a thugtar dó le halt 1 d'Acht na nOispidéal Puiblí, 1933 , chun críocha an Achta sin.

Scéimeanna sláinte saorálacha a sheoladh ní mheasfar gur trádáil é.

[1964, a. 5.]

1957, Uimh. 1 .

347. —Chun críocha uile an Achta seo maidir leis an mBord Arachais Sláinte Shaorálaigh measfar nach trádáil gnó scéimeanna árachais sláinte shaorálaigh a sheoladh faoi alt 4 den Acht Arachais Sláinte Shaorálaigh, 1957 , agus dá réir sin, go sonrach agus gan dochar da ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, beidh an Bord sin díolmhaithe ó cháin ioncaim faoi Chás I de Sceideal D maidir le brabúis nó gnóchain ón ngnó sin:

Ar choinníoll go mbeidh teideal ag an mBord sin chun faoisimh faoi alt 307, ionann agus dá mbeifí gan na forálacha sin roimhe seo den alt seo a achtú.

Brabúis chumann talmhaíochta a bheith díolmhaithe.

[1925, a. 4.]

348. —(1) Aon bhrabúis nó gnóchain a thiocfaidh chun cumainn thalmhaíochta ó thaispeántas a cuireadh ar siúl chun críocha an chumainn beidh siad díolmhaithe ó cháin ioncaim más d'aontoisc chun críocha an chumainn a úsáidtear iad.

(2) San alt seo tá le “cumann talmhaíochta” aon chumann nó foras a bunaíodh chun leasanna talmhaíochta, gairneoireachta, síolrú beostoic, nó foraoiseachta, a chur chun cinn.

Díolúine i gcás comhlachtaí a bunaíodh le haghaidh cluich í nó cluichíochtaí lúthchleasa nó amaitéaracha a chur chun cinn.

[1963, a. 2.]

349. —Deonfar díolúine ó cháin ioncaim i leith an mhéid sin d'ioncam aon chomhlacht daoine a bunaíodh d'aontoisc chun cluichí nó cluichíochtaí lúthchleasa nó amaitéaracha a chur chun cinn a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur ioncam é a caitheadh nó a chaithfear chuige sin.

Díolúine i leith brabúis ó chrannchuir.

[1963, a. 98.]

1956, Uimh. 2 .

350. —Deonófar díolúine ó cháin ioncaim i leith brabús ó chrannchur lena mbaineann ceadúnas faoi Chuid IV den Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 .

Díolúine i leith séaracha.

[1921, a. 34.]

351. —(1) Ní mhuirearófar cáin ioncaim i leith séaraigh atá dílsithe d'údarás áitiúil:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an díolúine roimhe seo i gcás aon chíosa is iníoctha nó i gcás aon íocaíochta bliantúla eile a bheidh le déanamh ag an údarás áitiúil i leith an tséaraigh.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “séarach” séarach atá á chothabháil ag údarás áitiúil de bhun a ndualgas reachtúil maidir leis an tsláinte phoiblí;

ciallaíonn “údarás áitiúil” comhlacht poiblí ag a bhfuil cumhacht faoi aon achtachán maidir leis an tsláinte phoiblí chun séaracha a dhéanamh agus a chothabháil.

Díolúine i leith oibreacha cosanta ar aer-ruathar.

[1940, a. 8.]

1939, Uimh. 21 .

352. —(1) Deonófar díolúine ó cháin faoi Sceideal A i leith aon oidhreachtáin nach bhfuil ligthe go hiomlán ná go páirteach agus, de bhun fho-alt (3) d'alt 59 den Acht um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar, 1939 , nach bhfuil rátaithe.

(2) Má tharlaíonn, le linn luacháil oidhreachtáin is muileann, monarcha nó áitreabh eile den sórt sin a bheith á chinneadh faoi na hAchtanna Luachála, nach mbeidh aon aird le tabhairt, de bhun fho-alt (2) d'alt 59 den Acht um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar, 1939, ar aon seomra nó cuid eile den oidhreachtán sin ná ar aon athruithe déanmhais nó feabhsuithe ar an oidhreachtán sin, déanfar méid aon asbhainte a bheidh le lamháil faoi alt 65 a mhéadú méid is comhionann leis an séú cuid den difear idir luach bliantúil an oidhreachtáin sin agus luach bliantúil an oidhreachtáin sin arna mheas ar an bhforas go mbeadh aird le tabhairt ar an seomra nó ar an gcuid eile sin nó ar na hathruithe déanmhais nó na feabhsuithe sin (de réir mar a bheidh).

Díolúine i leith ioncaim ó scoláireachtaí.

[1920, a. 28.]

353. —(1) Aon ioncam ó scoláireacht a bheidh ag duine a mbeidh teagasc lán-aimsire á fháil aige in ollscoil, coláiste, scoil, nó foras eile oideachais, beidh sé díolmhaithe ó cháin agus ní chuirfear i gcuntas aon ioncam den sórt sin le linn méid ioncaim chun críocha an Achta seo a bheith á ríomh.

(2) San alt seo folaíonn “scoláireacht” toirbheartas, sparánacht, nó aon dearlaic oideachais eile den sórt sin.

(3) Má éiríonn aon cheist i dtaobh arb ioncam ó scoláireacht a bheidh mar a dúradh ag duine ioncam áirithe, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais.

Díolúine i leith liúntas leanaí.

[1944, a. 4 (1);

1954, a. 4 (2);

1960, a. 2 (2).]

354. —Aon liúntas leanaí faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 to 1963, nó faoi na hAchtanna sin agus faoi aon Acht ina ndiaidh sin a bhféadfar na hAchtanna sin a lua ina theannta, beidh sé díolmhaithe ó cháin agus ní háireofar é le linn ioncam a bheith á ríomh chun críocha an Achta seo.