An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XXI Díolúintí Carthanúla agus Díolúintí Eile) Ar Aghaidh (CUID XXIII Ceannach agus Díol Urrús)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XXII

Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte

Comhaontuithe maidir le Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain Mhór.

[1926, a. 2; 1928, a. 8; 1929, a. 18; 1948, a. 2; 1959, a. 10; 1960, a. 34.]

1926, Uimh. 35 .

1928, Uimh. 11 .

1948, Uimh. 12 .

1959, Uimh. 18 .

1960, Uimh. 19 .

1920, c. 18.

355. —(1) An daingniú a rinneadh le halt 2 den Acht Airgid, 1926 , le halt 8 den Acht Airgid, 1928 , le halt 2 den Acht Airgeadais, 1948 , le halt 10 den Acht Airgeadais, 1959 , agus le halt 34 den Acht Airgeadais, 1960 , ar na comhaontuithe a bhí i bhfeidhm ag tosach feidhm an Achta seo idir an Stát agus an Ríocht Aontaithe agus atá leagtha amach i Sceideal 6, Cuid I, ní dhéantar difear dó leis an aisghairm a dhéantar leis an Acht seo ar na hailt sin.

(2) Beidh éifeacht dá réir sin maidir le díolúine nó faoiseamh a bheidh le deonú ó cháin Éireannach, ag an gcéad chomhaontú acu sin, arna mhodhnú ag an dara, an tríú, an ceathrú agus an cúigiú ceann de na comhaontuithe sin, in aghaidh aon bhliana measúnachta a bhfuil éifeacht aige ina hagaidh faoi dhlí na Ríochta Aontaithe maidir le díolúine agus faoiseamh ó cháin na Ríochta Aontaithe, agus chun na críche sin measfar gur tagairtí do na forálacha comhréire den Acht seo na tagairtí sna comhaontuithe sin d'achtacháin a aisghairtear leis an Acht seo:

Ar choinníoll, in Airteagal 2 (1) den chéad chomhaontú acu sin, arna leasú le hAirteagal 2 den dara ceann de comhaontuithe sin, go measfar chun na críche sin gurb é atá sna tagairtí d'alt 27 den Finance Act, 1920, tagairtí do Sceideal 6, Cuid II, a athachtaíonn forálacha an ailt sin 27 maille leis na leasuithe a rinneadh ann le hachtacháin ina dhiaidh sin agus forálacha agus abairtí atá míoiriúnach nó nach gá feasta ligthe ar lár nó modhnaithe.

(3) D'fonn éifeacht a thabhairt do na comhaontuithe sin beidh éifeacht, faoi réir na modhnuithe atá leagtha amach i Sceideal 6, Cuid III, ag an Acht seo—

(a) maidir le daoine a chónaíonn sa Stát, cibé acu a chónaíonn siad nó nach gcónaíonn siad, freisin, i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain Mhór; agus

(b) maidir le héilithe ó dhaoine a chónaíonn i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain Mhór,

d'aon bhliain a mbeidh na comhaontuithe sin i bhfeidhm ina leith.

(4) Chun aon oibleagáid faoi Airteagal 2 de Chomhaontú an 23 Meitheamh, 1960, atá leagtha amach i Sceideal 6, Cuid I, a chomhlíonadh, féadfaidh an Rialtas, le hordú, a ordú nach ndéanfaidh, agus go measfar nach ndearna, aon fhorálacha den Acht seo a shonrófar san ordú, is forálacha a dhéanann difear ar aon slí do dholúintí ó cháin ioncaim i gcás daoine a chónaíonn sa Stát, difear do dhíolúintí ó cháin ioncaim a theachtann daoine mar dhaoine nach gcónaíonn sa Stát ach a chónaíonn sa Ríocht Aontaithe, agus beidh éifeacht dá réir sin ag aon ordú den sórt sin.

Tuilleadh faoisimh do chónaitheoirí dúbailte áirithe.

[1933, a. 2.]

356. —Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le duine ar bith—

(a) go bhfuil an duine sin i dteideal go ndéanfar faoiseamh ó chánachas dúbailte d'aon bhliain áirithe a lamháil dó faoi Airteagail 2 den Chomhaontú a rinneadh an 25 Aibreán, 1928, agus atá leagtha amach i Sceideal 6, Cuid I, agus

(b) gur i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain Mhór a bhí príomh-áit chónaithe an duine sin don bhliain sin, agus

(c) nár chaith an duine sin níos mó ná sé mhí san iomlán sa Stát an bhliain sin, agus

(d) gur mó an méid iomlán cánach ioncaim agus forchánach (lena n-áirítear cáin ioncaim agus forcháin Bhriotanach mar aon le cáin ioncaim agus forcháin Éireannach) is iníoctha ag an duine sin don bhliain sin, tar éis an faoiseamh sin go léir ó cháin dúbailte a dúradh a asbhaint, ná an méid iomlán cánach ioncaim agus forchánach Briotanaí ab iníoctha ag an duine sin don bhliain sin dá mba sa Stát a chónaigh sé i gcaitheamh na bliana sin,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé faoiseamh breise ó cháin ioncaim agus forcháin Éireannach is dóigh leo is cóir a dheonú don duine sin, ach nach mó ná an méid is mó méid iomlán na cánach ioncaim agus na forchánach (lena n-áirítear cáin ioncaim agus forcháin Bhriotanach mar aon le cáin ioncaim agus forcháin Éireannach) a luaitear i mír (d) ná méid iomlán ná cánach ioncaim agus na forchánach Briotanaí a luaitear sa mhír sin.

Cáin chorparáide na Ríochta Aontaithe a lamháil mar chreidmheas in aghaidh cánach ioncaim.

[1966, a. 4.]

357. —(1) San alt seo agus i Sceideal 7—

ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe;

ciallaíonn “cáin chorparáide” an cháin ar a dtugtar cáin chorparáide i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain Mhór;

ciallaíonn “brabúis” maidir le cáin ioncaim ioncam.

(2) Faoi réir forálacha Sceideal 7, déanfar cáin chorparáide is iníoctha i leith brabús a tháinig i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain Mhór a lamháil, a mhéid a bheidh sé le cur i gcuntas chun críocha an ailt seo, mar chreidmheas i gcoinne na cánach ioncaim is inmhuirir d'aon bhliain mheasúnachta faoi threoir na mbrabús sin.

(3) I gcás cuideachta a chónaíonn i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain Mhór d'íoc díbhinne le cuideachta arb í is úinéir tairbhiúil, go díreach nó go neamhdhíreach, ar chuid nach lú ná trí cheathrú de ghnáth-scairchaipiteal na céad chuideachta, cuirfidh an creidmheas i gcuntas an cháin chorparáide is iníoctha ag an gcéad chuideachta i leith a brabús.

(4) Déanfar an cháin chorparáide is iníoctha i leith aon bhrabús a chur i gcuntas chun críocha an ailt seo—

(a) i gcás ina bhfuil na brabúis faoi réir cháin bhrabús corparáide, a mhéid agus a mhéid amháin nach féidir, ar éileamh cuí a dhéanamh chuige sin, í a lamháil mar chreidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide, nó

(b) i gcás nach bhfuil na brabúis faoi réir cháin bhrabús corparáide, a mhéid agus a mhéid amháin nach bhféadfaí, ar éileamh cuí a dhéanamh chuige sin, í a lamháil mar chreidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide dá mbeadh na brabúis faoi réir na cánach sin mar bhrabúis de chuid cuideachta a corpraíodh le dlíthe, nó faoi dhlíthe an Stáit.

(5) I gcás ina lamhálfar faoiseamh faoin alt seo, beidh éifeacht ag alt 363 (3) maidir le díbhinn a íocadh sular ritheadh an tAcht Airgeadais, 1966 , mar atá éifeacht aige maidir le díbhinn arna híoc roimh an Rialtas do dhéanamh ordú lena mbaineann alt 361 (1).

Coinbhinsiún le Stáit Aontaithe Mheiriceá.

[1950, a. 12;

1958, a. 44 (2) (b).]

1950, Uimh. 18 .

358. —(1) An daingniú atá déanta le halt 12 den Acht Airgeadais, 1950 , ar an gCoinbhinsiún atá leagtha amach i Sceideal 8 agus a rinneadh an 13ú lá de Mheán Fómhair, 1949, idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá ní dhéanann aisghairm an ailt sin 12 leis an Acht seo difear dó.

(2) D'fhonn éifeacht a thabhairt don Choinbhinsiún, beidh éifeacht ag na forálacha atá leagtha amach i Sceideal 10.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham rialacháin a dhéanamh maidir le deonú na bhfaoiseamh a shonraítear sa Choinbhinsiún agus féadfaidh siad, go sonrach, socrú a dhéanamh leis na rialacháin sin—

(a) chun a áirithiú nach rachaidh aon fhaoisimh den sórt sin ó chánachas a fhorchuirtear le dlíthe Stáit Aontaithe Mheiriceá agus a ndéantar socrú dóibh sa Choinbhinsiún, chun sochair do dhaoine nach bhfuil teideal acu chucu, agus

(b) chun a údarú, i gcásanna ina ndearnadh, d'fhonn téarmaí an Choinbhinsiúin a chomhlíonadh, cáin is inbhainte as aon íocaíocht tréimhsiúil áirithe a fhágáil gan baint, agus ina bhfionnfar nach bhfuil feidhm ag an gCoinbhinsiún maidir leis an íocaíocht sin, an cháin a ghnóthú trí mheasúnacht ar an duine ag a mbeidh teideal chun na híocaíochta nó trí asbhaint a dhéanamh as íocaíochtaí iardain.

Faoiseamh maidir le longa atá doiciméadaithe faoi dhlíthe Stáit Aontaithe Mheiriceá.

[1932, a. 10.]

359. —Deonófar díolúine ó cháin maidir leis an oiread sin d'ioncam le saoránach de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá nach gcónaíonn sa Stát nó le corparáid atá arna eagrú i Stát Aontaithe Mheiriceá agus a fuarthas ó oibriú loinge nó long atá doiciméadaithe faoi dhlíthe Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Comhaontú le Ceanada.

[1955, a. 14;

1958, a. 44 (2) (c).]

1955, Uimh. 13 .

360. —(1) An daingniú atá déanta le halt 14 den Acht Airgeadais, 1955 , ar an gComhaontú atá leagtha amach i Sceideal 9 agus a rinneadh an 28ú lá de Dheireadh Fómhair, 1954, idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Cheanada ní dhéanann aisghairm an ailt sin 14 leis an Acht seo difear dó.

(2) D'fhonn éifeacht a thabhairt don Chomhaontú beidh éifeacht ag na forálacha atá leagtha amach i Sceideal 10.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham rialacháin a dhéanamh maidir le deonú na bhfaoiseamh a shonraítear sa Chomhaontú agus féadfaidh siad, go sonrach, socrú a dhéanamh leis na rialacháin sin—

(a) chun a áirithiú nach rachaidh aon fhaoiseamh den sórt sin ó chánachas a fhorchuirtear le dlíthe Cheanada agus a ndéantar socrú dóibh sa chomhaontú chun sochair do dhaoine nach bhfuil teideal acu chucu, agus

(b) chun a údarú, i gcásanna ina ndearnadh, d'fhonn téarmaí an Chomhaontaithe a chomhlíonadh, cáin is inbhainte as aon íocaíocht tréimhsiúil áirithe a fhágáil gan baint, agus ina bhfionnfar nach bhfuil feidhm ag an gComhaontú maidir leis an íocaíocht sin, an cháin a ghnóthú trí mheasúnacht ar an duine ag a mbeidh teideal chun na híocaíochta nó trí asbhaint a dhéanamh as íocaíochtaí iardain.

Comhaontuithe i leith faoisimh ó chánachas dúbailte ar ioncam.

[1958, a. 44, 47, 48, 49.]

361. —(1) Má dhearbhaíonn an Rialtas le hordú go bhfuil comhshocraíochtaí a shonrófar san ordú déanta le rialtas aon chríche lasmuigh den Stát maidir le faoiseamh a thabhairt ó chánachas dúbailte i leith cánach ioncaim, forchánach nó cánach brabús corpráide agus aon chánacha den ghné chéanna, a bheidh forchurtha le dlíthe an Stáit nó dlíthe na críche sin, agus gur fóirstineach go mbeadh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí sin, ansin, faoi réir forálacha na Coda seo, beidh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí d'ainneoin aon ní in aon achtachán.

(2) Beidh éifeacht ag forálacha Sceideal 10 i gcás ina bhforálann comhshocraíochtaí ag a bhfuil feidhm dlí de bhua an ailt seo go ndéanfar cáin is iníoctha faoi dhlíthe na críche iomchuí a lamháil mar chreidmheas i gcoinne cánach is iníoctha sa Stát.

(3) Aon chomhshocraíochtaí dá dtugtar feidhm dlí faoin alt seo féadfaidh foráil a bheith iontu i dtaobh faoiseamh ó cháin a thabhairt in aghaidh tréimhsí roimh an Acht seo a rith nó roimh na comhshocraíochtaí a dhéanamh agus, freisin, forálacha i dtaobh ioncaim nach bhfuil faoi réir cánachas dúbailte, agus beidh éifeacht dá réir sin ag na forálacha roimhe seo den alt seo.

(4) Chun críocha fho-alt (1), féachfar ar chomhshocraíochtaí a rinneadh le ceann stáit choigríche mar chomhshocraíochtaí a rinneadh le rialtas an stáit sin.

(5) Féadfar aon ordú a dhéanfar faoin alt seo a chúlghairm le hordú ina dhiaidh sin agus féadfaidh cibé forálacha idirlinne is dóigh leis an Rialtas is gá nó is fóirsteanach a bheith in aon ordú cúlghairme den sórt sin.

(6) I gcás ina mbeartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo leagfar dréacht de faoi bhráid Dháil Éireann agus ní dhéanfar an t-ordú go rithfidh Dáil Éireann rún ag ceadú an dréachta.

(7) I gcás ina mbeidh feidhm dlí ag aon chomhshocraíochtaí de bhua an ailt seo, ní dhéanfaidh an oibleagáid maidir le rún a fhorchuirtear le haon achtachán na Coimisinéirí Ioncaim ná aon oifigeach údaraithe do na Coimisinéirí Ioncaim a bhac ó cibé eolas a bheidh de cheangal a nochtadh faoi na comhshocraíochtaí a nochtadh d'aon oifigeach údaraithe de chuid an rialtais lena mbeidh na comhshocraíochtaí déanta.

(8) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham comhshocraíochtaí a dhéanamh go ginearálta i dtaobh forálacha an ailt seo nó aon chomhshocraíochtaí ag a mbeidh feidhm dlí faoin gcéanna a chur i bhfeidhm agus féadfaidh siad, go sonrach, ach gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, foráil a dhéanamh leis na rialacháin sin—

(a) chun a áirithiú nach rachaidh faoiseamh ó chánachas arna fhorchur le dlíthe na críche lena mbainfidh aon chomhshocraíochtaí den sórt sin chun sochair do dhaoine nach bhfuil teideal acu chuige, agus

(b) chun a údarú, i gcásanna nach ndearnadh, d'fhonn aon chomhshocraíochtaí den sórt sin a chomhlíonadh, cáin is inasbhainte as aon íocaíocht tréimhsiúil a asbhaint agus go bhfaighfear amach nach mbaineann na comhshocraíochtaí leis an íocaíocht sin, an cháin a ghnóthú trí mheasúnú ar an duine atá i dteideal an íocaíocht a fháil nó trí asbhaint as íocaíochtaí ina dhiaidh sin.

Faoiseamh ó chánachas dúbailte ar bhrabúis ó ghnó muiriompair nó aeriompair.

[1951, a. 15;

1958, a. 50.]

362. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “gnó muiriompair nó aeriompair” iompar daoine, earraí nó postanna, mar ghnó, ag úinéir nó fruilitheoir long nó aerárthach;

ciallaíonn “comhshocraíocht lena mbaineann an t-alt seo” comhshocraíocht arna déanamh ag an Rialtas le rialtas aon stáit choigríche d'fhonn faoiseamh ó chánachas dúbailte a thabhairt i gcásanna ina bhfuil ioncam as gnó muiriompair nó aeriompair inmhuirir, sa Stát agus sa stát coigríche, i leith cánach ioncaim, nó aon chánach ar comhréir le cáin ioncaim, nó aon chánach eile ar bhrabúis, cibé acu ó dháta a déanta nó ó dháta i ndiaidh an dáta sin nó ó dháta roimh an dáta sin, atá an chomhshocraíocht sin le faoiseamh a thabhairt.

(2) Chun críocha an ailt seo, féachfar ar chomhshocraíocht a rinneadh le ceann stáit choigríche mar chomhshocraíocht a rinneadh le rialtas an stáit sin.

(3) Faoi réir fho-ailt (4) agus (5), féadfaidh an Rialtas, le hordú, comhshocraíocht lena mbaineann an t-alt seo a dhaingniú agus feidhm dlí a thabhairt di.

(4) I gcás ina mbeartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo leagfar dréacht de faoi bhráid Dháil Éireann agus ní dhéanfar an t-ordú go rithfidh Dáil Éireann rún ag ceadú an dréachta.

(5) Aon uair a dhéanfar ordú faoin alt seo, ní bheidh feidhm dlí ag an gcomhshocraíocht lena mbaineann sé ach amháin má bhíonn, agus an fad a bheidh, feidhm dlí sa stát coigríche ag an gcomhshocraíocht sin a mhéid a bhaineann sí leis an bhfaoiseamh a bheidh le tabhairt ag an stát sin.

Déileáil le díbhinní maidir le faoiseamh ó chánachas dúbailte i gcásanna áirithe.

[1950, a. 13;

1958, a. 44 (4);

1966, a. 4 (5) (a).]

363. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “díbhinn” díbhinn a n-údaraítear le halt 456 cáin a bhaint aisti;

ciallaíonn “an chuideachta” comhlacht daoine a íocann díbhinn;

ciallaíonn an abairt “faoiseamh ó chánachas dúbailte” aon chreidmheas i leith cánach (seachas cáin ioncaim Bhriotanach) is iníoctha in aon críoch lasmuigh den Stát agus is inlamháilte i gcoinne cánach ioncaim Éireannaí de bhua alt 357 nó aon chomhaontaithe idirnáisiúnta ag a bhfuil feidhm dlí, lena n-áirítear aon chreidmheas den sórt sin a cuireadh i gcuntas maidir le haon díbhinní is infhaighte ag an gcuideachta;

ciallaíonn an abairt “an ráta Éireannach laghdaithe” an ráta cánach ioncaim Éireannaí is iníoctha go díreach nó trí asbhaint ag an gcuideachta tar éis faoiseamh ó chánachas dúbailte a chur i gcuntas.

(2) (a) D'ainneoin aon ní san Acht seo, ní dhéanfar aon fhaoiseamh ná aisíoc i leith na cánach a asbhainfear nó a údaraítear a asbhaint as aon díbhinn a lamháil, i gcás ina dtugtar faoiseamh ó chánachas dúbailte, de réir ráta is mó ná an ráta Éireannach laghdaithe.

(b) Má bhíonn an ráta Éireannach laghdaithe le ríomh maidir le díbhinn, beidh ar na sonraí atá le tabhairt ag an gcuideachta sa ráiteas a cheanglaítear a thabhairt le hailt 457 agus 458 sonraí ar an ráta Éireannach laghdaithe (i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt lasmuigh den alt seo).

(3) Más rud é (cibé acu roimh an tAcht seo a rith nó dá éis) gur íocadh díbhinn roimh ordú lena mbaineann alt 361 (1) a bheith déanta ag an Rialtas agus go mbeadh aon fhaoiseamh ó chánachas dúbailte le cur i gcuntas maidir leis an díbhinn sin dá mbaineadh an t-alt seo léi, cuirfear an faoiseamh sin, i gcuntas, a mhéid is féidir é, le linn an ráta Éireannach laghdaithe a bheith á chinneadh maidir leis an gcéad díbhinn lena mbaineann a t-alt seo agus is iníoctha ag an gcuideachta, agus aon chuid den fhaoiseamh sin nach féidir a chur i gcuntas amhlaidh cuirfear i gcuntas í, a mhéid is féidir é, maidir leis an gcéad díbhinn ina dhiaidh sin, agus mar sin de.

(4) Má bhíonn an t-iomlán nó aon chuid d'aon íocaíocht bhliantúil iníoctha as díbhinn lena mbaineann an t-alt seo agus go ndéanann faoiseamh ó chánachas dúbailte difear do ráta an fhaoisimh nó an aisíoca is inlamháilte i leith na cánach a bhainfear nó a údaraítear a bhaint as an díbhinn, measfar an íocaíocht bhliantúil, nó an chuid sin di, cibé acu é, a bheith arna híoc as brabúis nó gnóchain nár cuireadh faoi mhuirear cánach agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 434, ach déanfar an cháin is inghnóthaithe faoi alt 434 ón duine a rinne an íocaíocht a laghdú méid is comhionann le cáin ar an íocaíocht nó ar an gcuid den íocaíocht de réir an ráta Éireannaigh laghdaithe is inchurtha chun feidhme maidir leis an díbhinn.

“an ráta Éireannach laghdaithe” a chinneadh d'alt 363.

[1950, a. 14.]

364. —(1) San alt seo, tá le “an ráta Éireannach laghdaithe”, “faoiseamh ó chánachas dúbailte”, “an chuideachta” agus “díbhinn” an bhrí atá leo in alt 363.

(2) Measfar gurb é an ráta Éireannach laghdaithe maidir le haon díbhinn an ráta a gheofar—

(a) tríd an ráta faoisimh ó chánachas dúbailte don tréimhse dá n-íoctar an díbhinn a bhaint as,

(b) an ráta cánach a údaraítear a bhaint as an díbhinn le halt 456.

(3) Faoi réir aon choigeartaithe a cheanglaítear le halt 363 (3) nó le fo-alt (4) den alt seo, measfar gurb é ráta an fhaoisimh ó chánachas dúbailte don tréimhse dá n-íoctar an díbhinn—

(a) i gcás díbhinn a íoctar do thréimhse a atá go hiomlán laistigh d'aon bhliain mheasúnachta, an ráta a gheofar tríd an bhfaoiseamh ó chánachas dúbailte don bhliain mheasúnachta sin a roinnt ar shuim is comhionann le hiomlán ioncaim na cuideachta arna ríomh chun críocha cánach ioncaim don bhliain sin lúide méid aon ioncaim a bhfuil an chuideachta i dteideal, ar shlí seachas faoi alt 456, an cháin ioncaim air a mhuirearú i gcoinne aon duine eile;

(b) i gcás díbhinn a íoctar do thréimhse a bhfuil cuid di i mbliain mheasúnachta amháin agus cuid eile di i mbliain mheasúnachta nó i mblianta measúnachta eile, an ráta a gheofar trí chinneadh a dhéanamh, maidir le gach bliain acu sin—

(i) ar an ráta ab inchurtha chun feidhme dá mba in aghaidh tréimhse a tháinig go hiomlán laistigh den bhliain sin a íocfaí an díbhinn sin, agus

(ii) ar an bpáirt den ráta sin a bhfuil idir í agus an ráta sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid laistigh den bhliain sin den tréimhse dá n-íoctar an díbhinn agus iomlán na tréimhse,

agus ansin na páirteanna a chinnfear amhlaidh a chomhshuimiú.

(4) Má bhíonn aon ní a bhaineann le ríomh ráta an fhaoisimh ó chánachas dúbailte gan bheith cinnte go hiomlán an t-am a bheidh an ráta Éireannach laghdaithe le cinneadh maidir le haon díbhinn, déanfar ráta an fhaoisimh ó chánachas dúbailte a mheas de réir an eolais is fearr a bheidh ar fáil san am, agus, má fhionntar dá éis sin go raibh an ráta a measadh amhlaidh iomarcach nó easnamhach, déanfar an coigeartú iomchuí nuair a bheifear ag cinneadh an ráta Éireannaigh laghdaithe is inchurtha chun feidhme maidir leis an gcéad díbhinn iardain a bhféadfar an coigeartú a dhéanamh ina leith, agus déanfar é trí laghdú nó, de réir mar bheidh, méadú ar ráta an fhaoisimh ó chánachas dúbailte, arna ríomh chun críocha na díbhinne iardain sin de réir an fho-ailt roimhe seo, de réir ráta a mbeidh idir é agus an iomarcaidh nó an t-easamh, sa ráta is inchurtha chun feidhme maidir leis an díbhinn chéadluaite, an chomhréir chéanna a bheidh idir méid iomlán na díbhinne céadluaite agus méid iomlán na díbhinne iardain sin.

(5) I gcás ina n-áirítear san fhaoiseamh ó chánachas dúbailte d'aon bhliain mheasúnachta aon chreidmheas a cuireadh i gcuntas chun cinneadh a dhéanamh ar an ráta Éireannach laghdaithe ab inchurtha chun feidhme maidir le haon díbhinní a fuair an chuideachta, measfar gurb é méid an chreidmheasa sin suim na méideanna a fhaightear trí fheidhm a thabhairt maidir le gach díbhinn acu sin don ráta is ionann agus an bhreis atá ag an ráta cánach a údaraítear a bhaint as an díbhinn sin, le halt 456, ar an ráta Éireannach laghdaithe is inchurtha chun feidhme maidir leis an díbhinn sin.

(6) Chun críocha an ailt seo, aon díbhinn nach mbeidh sainráite í a bheith á híoc in aghaidh tréimhse sonraithe measfar í a bheith á híoc in aghaidh na tréimhse deiridh a ndearnadh cuntais na cuideachta suas ina leith agus a chríochnaigh sula raibh an díbhinn iníoctha.

Faoiseamh maidir le cáin ioncaim choigríche i gcásanna áirithe.

[1941, a. 3;

1943, a. 2;

1954, a. 11.]

365. —(1) Má bhíonn pearsa aonair tar éis cáin ioncaim, nó cáin ioncaim agus forcháin, a íoc, trí asbhaint nó ar shlí eile, faoin Acht seo nó má bhíonn sé dlite de faoin Acht seo an céanna a íoc, in aghaidh aon bhliana measúnachta i leith aon chuid dá ioncam a d'éirigh i dtír lena mbaineann an t-alt seo agus má shuíonn sé chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim—

(a) gur íoc sé cáin ioncaim eachtrach sa tír sin i leith na coda sin dá ioncam, agus

(b) go raibh sé, roimh an mbliain mheasúnachta sin, ina chónaí sa tír sin lena mbaineann an t-alt seo ar feadh tréimhse leanúnaí deich mbliana ar a laghad nó ar feadh uimhir de thréimhsí neamhleanúnacha nár ghiorra san iomlán ná deich mbliana nó, más in aon tír (dá ngairtear an tír áirithe anseo ina dhiaidh seo) de na tíortha a thagann faoin tuairisc atá leagtha amach go deiridh i bhfo-alt (3) don chuid a dúradh dá ioncam, go raibh sé, roimh an mbliain mheasúnachta sin, ina chónaí in aon dá thír nó níos mó, arbh í an tír áirithe ceann acu, de na tíortha a thagann faoin tuairisc sin ar feadh tréimhsí nár ghiorra san iomlán ná deich mbliana, agus

(c) go raibh nó go bhfuil sainchónaí, cónaí agus gnáthchónaí air sa Stát ar feadh na bliana measúnachta a dúradh, agus

(d) nach bhfuil teideal aige, i leith na bliana measúnachta sin, faoiseamh ó chánachas dúbailte a éileamh faoi Airteagal 2 den Chomhaontú a rinneadh an 25 Aibreán, 1928, agus atá leagtha amach i Sceideal 6, Cuid I,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé faoiseamh is dóigh leo is cóir a dheonú don phearsa aonair sin i leith na bliana measúnachta sin a dúradh ach gan é a bheith níos mó ná an méid is lú acu seo a leanas, is é sin le rá, leath méid cánach ioncaim Éireannaí na pearsan aonair don bhliain mheasúnachta a dúradh nó an méid cánach ioncaim eachtraí a d'íoc sé nó is iníoctha aige sa tír sin i leith na coda sin dá ioncam tar éis aon fhaoiseamh a bhfuil teideal aige chuige sa tír sin a asbhaint.

(2) I bhfo-alt (1)—

ciallaíonn “méid cánach ioncaim Éireannaí na pearsan aonair” an méid cánach is iomchuí d'ioncam na pearsan aonair dá dtagraítear agus a éiríonn i dtír lena mbaineann an t-alt seo, agus an cháin sin a ríomh de réir ráta a chinnfear trí iomlán na cánach ioncaim nó na cánach ioncaim agus na forchánach is iníoctha faoin Acht seo ag an bpearsa aonair sin in aghaidh na bliana measúnachta iomchuí i leith a ioncaim iomlán sula ndeonófar aon fhaoiseamh faoin alt seo a roinnt ar mhéid ioncaim iomláin na pearsan aonair sin ó gach bunadh don bhliain mheasúnachta sin;

ciallaíonn an abairt “cáin ioncaim eachtrach” cáin is inmhuirir agus is iníoctha faoi dhlí tíre lena mbaineann an t-alt seo agus a bhfeicfear do na Coimisinéirí Ioncaim gur cáin í a fhreagraíonn do cháin ioncaim nó d'fhorcháin is inmhuirir faon Acht seo.

(3) Beidh feidhm ag an alt seo maidir leis na tíortha seo a leanas, is é sin le rá, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, an Astráil, an Nua-Shéalainn, Poblacht na hAfraice Theas agus fós maidir le haon tír eile a mbeadh feidhm ina cás, mura mbeadh iad a bheith aisghairthe, ag ná hachtacháin aisghairthe a fhreagraíonn don alt seo.

(4) Ní údaróidh aon ní sna forálacha roimhe seo den alt seo go ndeonófar faoiseamh faoin alt seo d'aon phearsa aonair in aghaidh aon bhliana measúnachta go feadh méid a thabharfadh laghdú ar mhéid comhiomlán na cánach ioncaim, na forchánach (más ann) agus na cánach ioncaim eachtraí (mar a mhínítear i bhfo-alt (2) is iníoctha ag an bpearsa aonair sin maidir le haon chuid dá ioncam a d'éirigh i dtír lena mbaineann an t-alt seo (agus an méid comhiomlán sin a ríomh tar éis aon fhaoiseamh a mbeadh sé ina theideal sa tír sin a asbhaint) faoi bhun an méid cánach ioncaim agus forchánach (más ann) ab iníoctha ag an bpearsa aonair sin i leith na coda sin a dúradh dá ioncam dá mba sa Stát a d'éirigh an chuid sin dá ioncam.

Faoiseamh a shíneadh amach i gcásanna áirithe.

[1953, a. 3.]

1941, Uimh. 14 .

366. —Más rud é, i gcás aon duine lena mbaineadh forálacha alt 2 den Acht Airgeadais, 1941

(a) go bhfuil ioncam ag an duine sin as tír lasmuigh den Stát agus lasmuigh de Thuaisceart Éireann agus an Bhreatan Mhór a dtugtaí faoiseamh ina leith de bhua na bhforálacha sin, agus

(b) gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim i dtaobh an ioncaim sin go bhfuil breis ag an gcáin iomlán, is é sin, cáin Éireannach (lena n-áirítear forcháin) i leith an ioncaim, mar aon le cáin chomhréire na tíre sin, ar mhéid na cánach comhréire sin dá ríomhtaí í ar an bhforas go raibh cáin inghearrtha, i leith ioncaim ó bhunaidh sa tír sin, ar an duine sin mar dhuine ar a raibh cónaí sa tír sin agus sa tír sin amháin,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh nach mó ná méid na breise sin a thabhairt.