|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Brabúis ó Oibríochtaí Gualmhianadóireachta) | Ar Aghaidh (CUID XXVI Achomhairc) |
AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil IV Brabúis ó Earraí Áirithe a Onnmhairiú | |
[EN] |
Mínithe i gcoitinne. [1956, F.I., Cuid III, a. 10 (cuid).] |
398. —Sa Chaibidil seo— |
[EN] | ciallaíonn “bonn-tréimhse” an tréimhse ar ar a brabúis nó a gnóchain a dhéantar cáin ioncaim i leith trádála cuideachta a ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D don bhliain éilimh; | |
[EN] | ciallaíonn “cuideachta” (ach amháin chun críocha an choinníll a ghabhann le halt 399 (1)) comhlacht corpraithe a dhéanann, i gcúrsa a thrádála, earraí a onnmhairiú as an Stát. | |
[EN] |
Brí “earraí”. [1956, F.I., a. 10 (cuid); 1958, a. 56 (2) (d); 1959, a. 71 (3); 1960, a. 27 (1).] |
399. —(1) Sa Chaibidil seo, ciallaíonn “earraí” earraí arna monarú sa Stát ag an duine a onnmhairíonn iad nó cuid díobh agus arb é, maidir leis an mbonn-tréimhse iomchuí, an chuideachta é a éilíonn faoiseamh faoin gCaibidil seo: |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás dhá chuideachta a bheith ann a bhfuil ceann acu ag monarú na n-earraí agus an ceann eile á n-onnmhairiú agus i gcás ina sealbhaíonn ceann amháin de na cuideachtaí níos mó ná 90 faoin gcéad de na gnáthscaireanna sa chuideachta eile nó i gcás daoine ag a bhfuil leas rialaithe i gcuideachta amháin a bheith, go díreach nó go neamhdhíreach, i seilbh níos mó ná 90 faoin gcéad de na gnáthscaireanna sa chuideachta eile, go measfar i gcás na n-earraí a mhonaraíonn ceann de na cuideachtaí agus a onnmhairíonn an chuideachta eile gurb í an chuideachta eile sin a mhonaraigh iad. | |
[EN] | (2) Folóidh an míniú ar “earraí” atá i bhfo-alt (1)— | |
[EN] | (a) iasc a táirgeadh sa Stát ar fheirm éisc; agus | |
[EN] | (b) muisiriúin saothraithe, a saothraíodh sa Stát, | |
[EN] | agus i gcás ina gclóifear leabhair nó cártaí beannachta sa Stát ag daoine seachas a bhfoilsitheoir agus go n-onnmhaireoidh a bhfoilsitheoir iad nó cuid díobh (nach cás lena mbaineann an coinníoll a ghabhann le fo-alt (1)), measfar, chun críocha fho-alt (1), gur sa Stát, ag a bhfoilsitheoir, a monaraíodh na leabhair nó na cártaí beannachta, de réir mar a bheidh. | |
[EN] | (3) (a) Folóidh an míniú ar “earraí” atá i bhfo-alt (1) earraí arna monarú sa Stát nach dtagann faoin míniú sin agus a d'onnmhairigh an duine arb é, maidir leis an mbonntréimhse iomchuí, an chuideachta é atá ag éileamh faoisimh faoin gCaibidil seo i gcás inar díol ar mórreic an díol a rinne an duine sin ar na hearraí a onnmhairíodh amhlaidh. | |
[EN] | (b) Ciallaíonn “díol ar mór-reic” i mír (a) earraí d'aon aicme a dhíol le duine a sheolann gnó díolta earraí den aicme sin nó a úsáideann earraí den aicme sin chun críocha trádála nó gnóthais a sheolann sé. | |
[EN] |
Tógáil agus deisiú long. [1959, a. 71 (1) (2).] |
400. —(1) I gcás cuideachta a sheolann trádáil ag tógáil nó ag deisiú long, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas chun críocha faoisimh ó cháin ioncaim faoin gCaibidil seo: |
[EN] | (a) measfar gur monarú earraí sa Stát deisiú a dhéanamh sa Stát ar long agus, a mhéid go ndearnadh aon deisiú den sórt sin sa Stát ar long arb iad a húinéirí iomlána daoine nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát, measfar gur earraí a rinneadh sa Stát agus a d'onnmhairigh an duine a mhonaraigh iad an long agus measfar gur méid is infhaighte ó earraí a dhíol aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht as deisiú a rinneadh sa Stát ar long; | |
[EN] | (b) i gcás ina ndéanfaidh an chuideachta maidir le haon bhliain mheasúnachta, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana sin, sin a roghnú, beidh feidhm ag an gCaibidil seo i gcás na bliana sin— | |
[EN] | (i) ionann is dá mbeadh an chuideachta tar éis na longa go léir a onnmhairiú a rinne an chuideachta sa Stát, | |
[EN] | (ii) maidir leis na longa go léir a dheisigh an chuideachta sa Stát, amhail is dá mb'éard iad, a mhéid a deisíodh amhlaidh iad, earraí a d'onnmhairigh an chuideachta, agus | |
[EN] | (iii) ionann is dá mba mhéideanna ab infhaighte ó dhíol earraí a d'onnmhairigh an chuideachta as an Stát méideanna is infhaighte ag an gcuideachta mar íocaíocht as longa a thógáil sa Stát nó a dheisiú sa Stát. | |
[EN] | (2) I bhfo-alt 1 (a) (b), folaíonn aon tagairt do dheisiú nó tógáil tagairt do dheisiú nó tógáil a rinneadh tráth ar bith. | |
[EN] |
Earraí a onnmhaireoidh an Coimisiún Muc agus Bagúin agus An Bord Bainne. [1964, a. 30.] |
401. —(1) Má tharlaíonn, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis— |
[EN] | (a) go ndíolfaidh cuideachta bagún leis an gCoimisiún Muc agus Bagúin de réir cheanglais faoi alt 23 den Acht Muc agus Bagúin (Leasú), 1961 , agus | |
[EN] | (b) go n-onnmhaireofar an bagún as an Stát ag an gCoimisiún nó thar a cheann, | |
[EN] | beidh feidhm ag an gCaibidil seo ionann agus dá n-onnmhaireodh an chuideachta an bagún as an Stát, agus aon mhéid is infhaighte ag an gcuideachta as an mbagún a dhíol leis an gCoimisiún measfar, chun críocha na Caibidle seo, gur méid é is infhaighte as na hearraí a onnmhaireofar amhlaidh a dhíol. | |
[EN] | (2) Má tharlaíonn, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis— | |
[EN] | (a) de bhua ordú faoi alt 57 den Acht um Margú Táirgí Déiríochta, 1961 , go mbeidh cuideachta a mhonaraíonn táirge bainne, de réir bhrí an Achta sin, seachas im— | |
[EN] | (i) faoi thoirmeasc go hiomlán táirge a onnmhairiú, nó | |
[EN] | (ii) faoi thoirmeasc an táirge a onnmhairiú chun aon tíre nó tíortha sonraithe, | |
[EN] | (b) go ndíolfaidh an chuideachta an táirge leis an mBord Bainne (dá ngairtear an Bord anseo feasta san fho-alt seo), agus | |
[EN] | (c) i gcás lena mbainfidh mír (a) (i) go n-onnmhaireoidh an Bord an táirge, nó i gcás lena mbainfidh mír (a) (ii) go n-onnmhaireoidh an Bord an táirge, go dtí an tír shonraithe nó aon cheann de na tíortha sonraithe,beidh feidhm ag an gCaibidil seo, ionann agus dá n-onnmhaireodh an chuideachta an táirge as an Stát, agus aon mhéid is infhaighte ag an gcuideachta as an táirge a dhíol leis an mBord measfar chun críocha na Caibidle seo gur méid é is infhaighte as na hearraí a onmhaireofar amhlaidh a dhíol. | |
[EN] | (3) Chun críocha fho-alt (2), measfar nach bhfuil onnmhairiú toirmiscthe mura ndeimhneoidh an tAire Talmhaíochta nach bhfuil sé sásta é a cheadúnú. | |
[EN] |
Bliain éilimh. [1956, F.I., a. 10; 1958, a. 56 (2) (a); 1960, a. 28 (1); 1965, a. 6 (2).] |
402. —Sa Chaibidil seo, ciallaíonn “bliain éilimh” gach bliain de dheich mbliana measúnachta comhleanúnacha arb í an chéad bhiain acu cibé bliain de na trí bliana measúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, an 6ú lá d'Aibreán, 1958, agus an 6ú lá d'Aibreán, 1959, faoi seach, a roghnóidh an chuideachta a bheidh i gceist nó mura roghnóidh, an bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, ach in aon chás inarb í an tréimhse chaighdeánach an tréimhse bhliana dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, ní bliain éilimh an bhliain mheasúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, más rud é gur ar lá roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1955, a thosaigh an bhonn-tréimhse maidir léi: |
[EN] | Ar choinníoll— | |
[EN] | (a) maidir le cuideachta a onnmhaireoidh earraí an 6ú lá d'Aibreán, 1960, nó dá éis, agus nár onnmhairigh earraí roimh an dáta sin, go gciallaíonn “bliain éilimh” gach bliain de dheich mbliana measúnachta comhleanúnacha arb í an chéad bhliain acu an chéad bhliain mheasúnachta a ndearnadh cáin ioncaim faoi Chás I de Sceideal D a ríomh go críochnaitheach ar bhrabúis nó gnóchain thréimhse a d'onnmhairigh an chuideachta earraí nó an chéad bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, mar a roghnóidh an chuideachta, nó, cheal roghnaithe, an chéad bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin a dúradh, ach ní bheidh an bhliain 1980-81 ná aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin ina bliain éilimh in aon chás, agus | |
[EN] | (b) maidir le cuideachta— | |
[EN] | (i) a onnmhairíonn earraí, | |
[EN] | (ii) nach cuideachta dá dtagraítear i mír (a) den mhír seo, | |
[EN] | (iii) nach ndearna éileamh, agus nach mbeadh teideal aici éileamh a dhéanamh, faoi fho-ailt (1) go (4) d'alt 404, in aghaidh na bliana 1959-60 ná aon bhliana measúnachta roimhe sin, agus | |
[EN] | (iv) nach mbeadh teideal aici, mura mbeadh alt 399 (3), éileamh a dhéanamh faoi fho-ailt (1) go (4) d'alt 404, | |
[EN] | go gciallaíonn “bliain éilimh” gach bliain de dheich mbliana measúnachta comhleanúnacha arb í an chéad bhliain acu an bhliain 1960-61 nó an bhliain 1961-62, de réir mar a roghnóidh an chuideachta nó, cheal roghnaithe, an bhliain 1961-62. | |
[EN] |
An tréimhse chaighdeánach. [1956, F.I., a. 11.] |
403. —Chun críocha na Caibidle seo, is í an tréimhse chaighdeánach maidir le trádáil chuideachta an tréimhse bhliana dar chríoch an 30ú lá de Mhean Fómhair, 1956, nó, má roghnaíonn an chuideachta amhlaidh, an tréimhse bhliana dar críoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1955, agus beidh feidhm ag an tréimhse chaighdeánach sin maidir leis an trádáil cibé acu a bhí nó nach raibh, i gcaitheamh iomlán na tréimhse caighdeánaí nó aon choda di, an trádáil á seoladh ag duine, seachas an chuideachta, a sheol í sa bhliain éilimh nó sa tréimhse chuntasaíochta (cibé acu é), nó a bhí nó nach raibh codanna ar leithligh dí á seoladh ag daoine éagsúla, ach ní bheidh feidhm ag an tréimhse chaighdeánach sin i gcás nach raibh an trádáil ar marthain roimh dheireadh na tréimhse caighdeánaí sin. |
[EN] |
Bonn an fhaoisimh ó cháin ioncaim. [1956, F.I., a. 11.] |
404. —(1) I gcás ina n-éileoidh agus ina gcruthóidh cuideachta maidir le haon bhliain éilimh— |
[EN] | (a) go ndearnadh, sa tréimhse chaighdeánach maidir leis an trádáil, earraí a onnmhairiú as an Stát i gcúrsa na trádála, | |
[EN] | (b) go ndearnadh, sa bhonn-tréimhse, earraí a onnmhairiú as an Stát i gcúrsa na trádála, agus | |
[EN] | (c) go raibh breis ag an méid iomlán a bhí infhaighte as na hearraí a luaitear go deiridh a dhíol ar an méid iomlán a bhí infhaighte as na hearraí a onnmhairíodh sa tréimhse chaighdeánach a dhíol, | |
[EN] | laghdófar go neamhní an cháin ioncaim is iníoctha ag an gcuideachta don bhliain éilimh, a mhéid a bhaineann sí leis an mbrabús is inchurtha i leith na breise sin. | |
[EN] | (2) Faoi réir fho-alt (5), measfar gurb é “an brabús is inchurtha i leith na breise sin” cibé suim a mbeidh idir í agus an méid de bhrabúis na cuideachta don bhliain éilimh, arna ríomh do réir an Achta seo, is inchurtha i leith díol earraí (cibé acu a onnmhairíodh iad nó nár onnmhairíodh) an chomhréir chéanna bheidh idir an bhreis sin agus an méid iomlán a bhí infhaighte ag an gcuideachta as an díol sin sa bhonn-tréimhse. | |
[EN] | (3) I gcás ina n-éileoidh agus ina gcruthóidh cuideachta maidir le haon bhliain éilimh— | |
[EN] | (a) nach ndearnadh, sa tréimhse chaighdeánach maidir leis an trádáil, aon earraí a onnmhairiú as an Stát i gcúrsa na trádála nó nach infheidhmithe an tréimhse chaighdeánach, agus | |
[EN] | (b) go ndearnadh, sa bhonn-tréimhse, earraí a onnmhairiú as an Stát i gcúrsa na trádála, | |
[EN] | laghdófar ga neamhní an cháin ioncaim is iníoctha ag an gcuideachta don bhliain éilimh, an mhéid a bhaineann sí leis an mbrabús ó na hearraí a onnmhairíodh amhlaidh a dhíol. | |
[EN] | (4) Chun críocha fho-alt (5), measfar gurb é “an brabús ó na hearraí a onnmhairíodh amhlaidh a dhíol” cibé suim a mbeidh idir í agus an méid de bhrabúis na cuideachta don bhliain éilimh, arna ríomh de réir an Achta seo, is inchurtha i leith earraí (cibé acu a onnmhairíodh iad nó nár onnmhairíodh) a dhíol, an chomhréir chéanna a bheidh idir an méid ab infhaighte sa bhonntréimhse ó earraí a onnmhairíodh a dhíol agus an méid iomlán ab infhaighte ag an gcuideachta ó earraí (cibé acu a onnmhairíodh iad nó nár onnmhairíodh) a dhíol sa bhonn-tréimhse. | |
[EN] | (5) I gcás ina mbeidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo agus gurb iad na hearraí a onnmhairíodh, nó go raibh ar áireamh earraí a onnmhairíodh, as an Stát sa bhonn-tréimhse iomchuí, earraí a bhforálann alt 399 (3) go mbeidh an céanna folaithe sa mhíniú ar “earraí”, beidh éifeacht ag an gCaibidil seo ach go gcuirfear “agus marsantas (cibé acu a onnmhairíodh é nó nár onnmhairíodh) seachas na hearraí sin” isteach, i bhfo-ailt (2) agus (4) i ndiaidh “earraí (cibé acu a onnmhairíodh iad nó nár onnmhairíodh)” gach áit ina bhfuil na focail dheiridh sin. | |
[EN] | (6) Maidir le cuideachta a fuair faoiseamh faoi fho-alt (1) nó fo-alt (3), beidh feidhm ag an alt seo, maidir leis na cúig bliana measúnachta comhleanúnacha arb í an chéad bhliain acu an bhliain mheasúnachta díreach i ndiaidh bliain éilimh dheiridh na cuideachta ionann agus— | |
[EN] | (a) dá mba bhliain éilimh gach bliain acu sin, agus | |
[EN] | (b) go gcuirfí in ionad “laghdófar go neamhní” i bhfo-ailt (1) agus (3)— | |
[EN] | (i) i gcás na céad bhliana acu sin, “laghdófar 80 faoin gcéad”. | |
[EN] | (ii) i gcás an dara bliain acu sin “laghdófar 65 faoin gcéad”, | |
[EN] | (iii) i gcás an tríú bliain acu sin “laghdófar 50 faoin gcéad”, | |
[EN] | (iv) i gcás an ceathrú bliain acu sin “laghdófar 35 faoin gcéad”, agus | |
[EN] | (v) i gcás an cúigiú bliain acu sin “laghdófar 15 faoin gcéad”. | |
[EN] | (7) I gcás ina mbeidh cuideachta i dteideal, ar leithligh ó fhorálacha an fho-ailt seo agus fho-alt (8), faoiseamh a éileamh faoin gCaibidil seo de bhua fho-alt (6) in aghaidh na bliana 1974-75 nó aon bliana measúnachta roimhe sin, feadfaidh an chuideachta, in ionad an fhaoisimh sin, faoiseamh a éileamh faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (3) ionann agus dá mba bhliain éilimh de réir bhrí alt 402 an bhliain mheasúnachta sin. | |
[EN] | (8) I gcás ina mbeidh cuideachta tar éis faoiseamh a fháil faoin gCaibidil seo de bhua fho-alt (7) agus go mbeidh sí ina dhiaidh sin i dteideal faoisimh faoi fho-alt (6) deonófar an faoiseamh sin is déanaí a luaitear ionann agus dá mba í an bhliain mheasúnachta dheiridh a bhfuil faoiseamh dlite ina leith de bhua fho-alt (7) bliain éilimh dheiridh na cuideachta de réir bhrí alt 402: | |
[EN] | Ar choinníoll nach dtabharfar aon fhaoiseamh in aghaidh aon bhliana measúnachta tar éis an ceathrú bliain déag measúnachta tar éis na chéad bhliana éilimh ná in aghaidh aon bhliana measúnachta tar éis na bliana 1970-80. | |
[EN] | (9) Nuair a bheidh méid na mbrabús nó na ngnóchan ó thrádáil chuideachta á ríomh lena measúnú i leith cánach ioncaim, measfar gur íocadh aon cháin bhrabús corparáide nach iníoctha de bhua alt 13 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956. | |
[EN] |
Faoiseamh malairte ar allmhairí iomlána. [1956, F.I., a. 10; 1957, a. 5; 1958, a. 56 (2) (a); 1960, a. 27 (2), 28 (6); 1963, a. 20.] |
405. —(1) San alt seo tá le “bliain éilimh” an bhrí chéanna atá leis in alt 402, ach “chúig” a chur in ionad “dheich” sa chéad áit ina bhfuil sé, agus an coinníoll a fhágáil ar lár. |
[EN] | (2) (a) Aon cháin ioncaim is iníoctha ag cuideachta in aghaidh bliana éilimh seachas an bhliain mheasúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, féadfar, a mhéid a bhaineann an cháin ioncaim sin le brabús ó earraí a onnmhairíodh as an Stát a dhíol, í a laghdú 25 faoin gcéad d'ainneoin aon ní in alt 404 ach is laghdú é in ionad, agus ní laghdú é i dteannta, aon laghdaithe eile ar cháin ioncaim, faoi alt 404 don bhliain éilimh. | |
[EN] | (b) Chun críocha an fho-ailt seo, measfar gurb é an “brabús ó earraí a onnmhairíodh as an Stát a dhíol” cibé suim a mbeidh idir í agus an méid de bhrabúis na cuideachta don bhliain éilimh, arna ríomh de réir an Achta seo, is inchurtha i leith earraí (cibé acu a onnmhairíodh iad nó nár onnmhairíodh) a dhíol an chomhréir chéanna a bheidh idir an méid ab infhaighte sa bhonn-tréimhse ó earraí a onnmhairíodh a dhíol agus an méid iomlán ab infhaighte ag an gcuideachta ó dhíol earraí (cibé acu a onnmhairíodh iad nó nár onnmhairíodh) a dhíol sa bhonn-tréimhse. | |
[EN] | (3) I gcás ina mbeidh feidhm ag forálacha an ailt seo agus gurb iad na hearraí a onnmhairíodh, nó go raibh ar earraí a onnmhairíodh, as an Stát sa bhonn-tréimhse ionchuí earraí a bhforálann alt 399 (3) ina dtaobh go mbeidh an céanna folaithe sa mhíniú ar “earraí”, beidh éifeacht ag an gCaibidil ach go gcuirfear “agus marsantais (cibé acu a onnmhairíodh é nó nár onnmhairíodh) seachas na hearraí sin” isteach i bhfo-ailt (2) (b) i ndiaidh “earraí (cibé acu a onnmhairíodh iad nó nár onnmhairíodh)” gach áit ina bhfuil na focail dheiridh sin. | |
[EN] | (4) Beidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le gach bliain de na cúig bliana measúnachta, arb í an chéad bhliain acu an bhliain mheasúnachta díreach i ndiaidh bliain éilimh dheiridh na cuideachta chun críocha an fho-ailt sin ionann agus— | |
[EN] | (a) dá mba bhliain éilimh gach bliain acu sin, agus | |
[EN] | (b) go gcuirfí in ionad “a laghdú 25 faoin gcéad” i bhfo-alt (2) (a)— | |
[EN] | (i) i gcás na céad bhliana acu sin, “a laghdú 20 faoin gcéad”, | |
[EN] | (ii) i gcás an dara bliain acu sin, “a laghdú 15 faoin gcéad”, | |
[EN] | (iii) i gcás an tríú bliain acu sin, “a laghdú 10 faoin gcéad”, | |
[EN] | (iv) i gcás an ceathrú bliain agus an cúigiú bliain acu sin, “a laghdú 5 faoin gcéad”. | |
[EN] |
Seirbhísí monaraíochta áirithe. [1966, a. 29.] |
406. —(1) I gcás comhlacht corpraithe a sheolann trádáil arb éard í nó ar cuid di seirbhísí a dhéanamh do dhuine eile i modh earraí nó ábhair leis an duine sin a chur faoi aon phróiseas déantóireachta, beidh, má roghnaíonn an comhlacht corpraithe amhlaidh, feidhm chun críocha faoisimh ó cháin ioncaim agus ó cháin bhrabús corpráide faoin alt seo ag na forálacha seo a leanas: |
[EN] | (a) measfar gur cuideachta an comhlacht corpraithe i ngach cás nach measfaí gur comhlacht corpraithe é mura mbeadh sin; | |
[EN] | (b) measfar gur monarú earraí na seirbhísí sin a dhéanamh sa Stát agus measfar méid is infhaighte i leith earraí a dhíol aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht ina leith, agus | |
[EN] | (c) i gcás— | |
[EN] | (i) na seirbhísí sin a dhéanamh do dhuine nach gcónaíonn sa Stát maidir le hearraí nó ábhair a allmhairíodh isteach sa Stát, agus | |
[EN] | (ii) tar éis na seirbhísí a bheith déanta, go ndéanfar na hearraí nó na hábhair, nó na táirgí nó na baill a bheidh déanta díobh, a onnmhairiú amach as an Stát agus gur leis an duine sin iad i gcaitheamh an ama, | |
[EN] | measfar gur onnmhairigh an comhlacht corpraithe earraí as an Stát agus measfar gur méid is infhaighte aige ó earraí a onnmhairíodh amhlaidh a dhíol aon íocaíocht is infhaighte aige as na seirbhísí. | |
[EN] | (2) Aon rogha a dhéanfar faoi fho-alt (1) déanfar é trí fhógra i scríbhinn a sheachadfar don chigire agus beidh éifeacht aici maidir le gach bliain éilimh a mbeidh faoiseamh faoin gCaibidil á éileamh nó éilithe ina leith ag an gcomhlacht corpraithe a dhéanfaidh an rogha sin. | |
[EN] | (3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar chomhlacht corpraithe a éileoidh faoiseamh ó cháin de bhua fho-alt (1), cibé eolas nó sonraí a thabhairt dóibh is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt sin, agus beidh éifeacht ag alt 404 (1) ionann is dá mbeadh an t-colas nó na sonraí a shonrófar i bhfógra faoin bhfo-alt seo ar áireamh na n-ábhar a gceanglaíonn na hailt sin cruthúnas a thabhairt orthu. | |
[EN] | (4) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo amhail ón 27ú lá de Nollaig, 1956, agus féadfar faoiseamh a thabhairt dá réir sin trí aisíoc nó ar shlí eile mar is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim: | |
[EN] | Ar choinníoll, i gcás ina ndearna comhlacht corpraithe, sula ndearna sé rogha faoin alt seo, díbhinn a íoc agus go bhfuil breis ag an méid cánach ioncaim a bhí sé i dteideal a bhaint as an díbhinn ar an méid a bheadh sé i dteideal faoi alt 410 (2) a asbhaint dá ndéanfaí an rogha sular íocadh an díbhinn, go ndéanfar aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim ab inlamháilte mura mbeadh sin a laghdú méid na breise. | |
[EN] | (5) I gcás inarb é ioncam nó cuid d'ioncam aon duine d'aon bliain mheasúnachta díbhinn a raibh éifeacht maidir léi ag an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (4), beidh teideal ag an duine a éileamh go n-aisíocfar leis an méid sin cánach ioncaim agus forchánach, más aon mhéid é, a laghdóidh a dhliteanais iomlána i leith na gcánacha sin go dtí an méid arbh é a dhliteanais é dá n-asbhainfí cáin ioncaim as an díbhinn de réir an ráta ar dá réir ab inasbhainte í dá mba rud é go raibh éifeacht ag fo-alt (1) maidir leis an gcomhlacht corpraithe an tráth a íocadh an díbhinn. | |
[EN] |
Athruithe dilseánachta. [1956, F.I., a. 14 (1).] |
407. —Chun críocha alt 404 (1), más rud é, i mbliain éilimh, go dtiocfaidh comharba i seilbh thrádála, déanfar an méid iomlán ab infhaighte ó na hearraí a onnmhairíodh sa tréimhse chaighdéanach a dhíol a chionroinnt idir an réamhtheachtaí agus an comharba i gcomhréir le faid na dtréimhsí faoi seach sa bhliain éilimh a bhí an trádáil á seoladh acu. |
[EN] |
Trádáil a scor. [1956, F.I., a. 14 (2).] |
408. —Más rud é, sa bhliain éilimh, go mbuanscoirfear den trádáil, measfar, chun críocha alt 404 (1), gurb é an méid iomlán ab infhaighte ó na hearraí a onnmhairíodh sa tréimhse chaighdéanach a dhíol an chuid sin de a mbeidh idir í agus an t-iomlán an chomhréir chéanna a bheidh idir an tréimhse sa bhliain éilimh a bhí an trádáil á seoladh agus dhá mhí dhéag. |
[EN] |
Cuid de thrádáil a aistriú. [1956, F.I., a. 14 (3).] |
409. —I gcás ina dtarlóidh, lá tosaithe na tréimhse caighdéanaí nó aon lá dá éis sin, aon athrú trína n-aistreofar cuid de thrádáil chun duine ar bith, déanfar, maidir le haon bhliain éilimh a dtarlóidh an t-athrú inti nó roimpi, an méid iomlán ab infhaighte ó na hearraí a onnmhairíodh sa tréimhse chaighdéanach a dhíol a chionroinnt chun críocha alt 404 (1) agus déanfar gach cionroinnt den sórt sin i cibé slí a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a bheith cóir, ag féachaint do na himthosca go léir. |
[EN] |
Eisiamh, díbhinní, etc. [1956, F.I., a. 15; 1958, a. 56 (5).] |
410. —(1) Ní déanfar laghdú faoin gCaibidil seo— |
[EN] | (a) i leith cáin ioncaim a bhfuil teideal ag cuideachta, ar shlí seachas faoi alt 456, í a mhuirearú i gcoinne aon duine eile nó a bhaint, a choimeád siar nó a ghlanadh as aon íocaíocht le haon duine eile, ná | |
[EN] | (b) i leith cáin ioncaim nó cáin bhrabús corparáide is iníoctha ar bhrabúis ó aon oibríochtaí mianadóireachta. | |
[EN] | (2) Má bhíonn teideal, faoi alt 456, ag comhlacht corpraithe cáin ioncaim a bhaint as aon díbhinn, ní dhéanfar, in aon chás, cáin bhaint aisti de réir ráta is mó ná ráta na cánach ioncaim arna laghdú d'aon fhaoiseamh ón gcáin sin a thugtar faoin gCaibidil seo, agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha alt 457, le haon mhodhnuithe is gá. | |
[EN] | (3) An ráta cánach ioncaim ar dá réir a bheidh aon aisíoc cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta le déanamh beidh sé faoi réir cibé coigeartuithe is cuí i gcásanna ina dtabharfar faoiseamh faoi réim nó de bhua na Caibidle seo. | |
[EN] | (4) I gcás ina mbeifear, de bhua fho-alt (2), tar éis cáin ioncaim a bhaint as díbhinn de réir ráta laghdaithe, is é méid a bheidh le cur i leith na díbhinne in aon tuairisceán chun críocha forchánach méid a mbeidh idir é agus méid na díbhinne an chomhréir chéanna a bheidh idir ráta na cánach ioncaim a baineadh aisti agus an ráta a údarófaí a bhaint aisti dá mba nár achtaíodh an t-alt seo. | |
[EN] |
Coigeartuithe ar mhéideanna áirithe. [1959, a. 72.] |
411. —(1) I gcás ina n-éileoidh cuideachta faoiseamh de bhun na Caibidle seo agus gur dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le hearraí de shaghas áirithe go ndéanann íoc aon dleachta ag an gcuideachta i leith na n-earraí nó ná n-ábhar a úsáideadh á monarú difear don choibhneas idir an méid is infhaighte ó earraí a onnmhairíodh a dhíol in aon tréimhse áirithe agus an méid is infhaighte ó earraí nár onnmhairíodh a dhíol sa tréimhse sin, féadfaidh na Coimisínéiri Ioncaim a ordú go mbeidh feidhm ag fo-alt (2) nó fo-alt (3), cibé acu is dóigh leo is iomchuí, chun méid a fhionnadh is infhaighte ó na hearraí sin a dhíol sa tréimhse sin, agus, i gcás ina mbeifear tar éis aon ordú den sórt sin a thabhairt, is dá réir a ríomhfar aon fhaoiseamh don chuideachta faoi threoir earraí a dhíol sa tréimhse sin. |
[EN] | (2) (a) Measfar aon mhéid is infhaighte ó earraí a dhíol a onnmhairíodh as an Stát a bheith arna mhéadú de mhéid aon aistarrainge, lacáiste nó aisíoca dhleachta, is dleacht is iníoctha sa Stát, a fuair an chuideachta i leith na n-earraí sin agus a bheith arna laghdú de mhéid aon dleachta a d'íoc an chuideachta in aon chríoch lasmuigh den. Stát i leith na hearraí sin a allmhairiú isteach sa chríoch sin. | |
[EN] | (b) Measfar aon mhéid is infhaighte ó earraí a dhíol nár onnmhairíodh a bheith arna mhéadú de mhéid aon lacáiste nó aisíoca dhleachta, is dleacht is iníoctha sa Stát, a fuair an chuideachta i leith na n-earraí sin. | |
[EN] | (3) (a) Measfar méid is infhaighte ó earraí a dhíol a onnmhairíodh as an Stát a bheith arna laghdú de mhéid aon dleachta a d'íoc an chuideachta in aon chríoch lasmuigh den Stát i leith na hearraí sin a allmhairiú isteach sa chríoch sin. | |
[EN] | (b) Measfar méid is infhaighte ó earraí nár onnmhairíodh a dhíol a bheith arna laghdú de mhéid aon dleachta, is dleacht is iníoctha sa Stát, a d'íoc an chuideachta i leith na n-earraí sin. | |
[EN] | (4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn a cheangal ar an gcuideachta cibé eolas nó sonraí a thabhairt dóibh is gá chun éifeacht a thabhairt don alt seo, agus beidh éifeacht ag alt 404 (1) ionann is dá mbeadh an t-eolas nó na sonraí a shonrófar i bhfógra faoin bhfo-alt seo ar áireamh na n-ábhar a gceanglaíonn an fo-alt sin cruthúnas a thabhairt orthu. | |
[EN] |
Idirbheartanna idir daoine i gcomhlachas le chéile agus cuideachta i gcomharbas ar thrádáil chuideachta eile. [1960, a. 30; 1961, a. 38.] |
412. —(1) Má dhéanann cuideachta a éileoidh faoiseamh faoin gCaibidil seo (dá ngairtear an ceannaitheoir anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) ceannach ó dhuine eile (dá ngairtear an díoltóir anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo), agus— |
[EN] | (a) go mbeidh an ceannaitheoir faoi rialú an díoltóra nó, más comhlacht corpraithe nó comhpháirtíocht an díoltóir, go mbeidh an díoltóir faoi rialú an cheannaitheora nó an díoltóir agus an ceannaitheoir faoi rialú dhuine éigin eile, agus | |
[EN] | (b) gur lú an praghas san idirbheart ná an praghas a mbeifí ag súil leis dá mba idirbheart idir páirtithe neamhspleácha ag déileáil ar neamhthuilleamaí le chéile an t-idirbheart, | |
[EN] | ansin, chun críocha na Caibidle seo, ríomhfar na brabúis de chuid an cheannaitheora is inchurtha i leith díolachán ionann agus dá mba é an praghas san idirbheart an praghas a bheadh ann dá mba idirbheart idir daoine neamhspleácha ag déileáil mar a dúradh an t-idirbheart. | |
[EN] | (2) I bhfo-alt (1) tá le “rialú” an bhrí a thugtar dó le halt 299 (6). | |
[EN] | (3) I gcás cuideachta (dá ngairtear an chuideachta chomharbais ina dhiaidh seo san alt seo) a theacht i gcomharbas ar thrádáil nó ar chuid de thrádáil a bhí, an 6ú lá d'Aibreán, 1960, nó dá éis, á seoladh ag cuideachta eile (dá ngairtear an chuid-eachta bhunaidh san fho-alt seo) agus go ndearna an chuideachta bhunaidh éileamh nó go bhféadfaidh sí éileamh a dhéanamh faoin gCaibidil seo, ansin, déanfar faoiseamh a dheonú, chomh fada agus a bhaineann an faoiseamh sin leis an trádáil nó leis an gcuid de thrádáil a bheidh i gceist, don chuideachta chomharbais ach sin amháin maidir lena mbeidh fágtha de na blianta éilimh a bhféadfadh an chuideachta bhunaidh faoiseamh a éileamh ina n-aghaidh dá leanadh sí den trádáil, nó den chuid den trádáil, a bheidh i gceist a sheoladh. | |
[EN] | (4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar an gcuideachta cibé eolas nó sonraí is gá chun críocha an ailt seo a thabhairt dóibh, agus beidh éifeacht ag alt 404 (1) agus 404 (3) ionann agus dá mbeadh an t-eolas nó na sonraí a shonrófar i bhfógra faoin bhfo-alt seo ar áireamh na n-ábhar a gceanglaíonn na fo-ailt sin cruthúnas a thabhairt orthu. | |
[EN] | (5) I gcás ina n-éileoidh cuideachta faoiseamh faoin gCaibidil seo ar shlí seachas de bhua foralácha alt 399 (3), beidh éifeacht ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo i leith, agus amháin i leith, comharbais a tharla nó a tharlóidh tar éis an 19ú lá d'Aibreán, 1961. | |
[EN] |
Doiciméid agus taifid a thabhairt ar aird. [1960, a. 31.] |
413. —(1) Ar oifigeach údaraithe á iarraidh sin air in aon áitreabh le cuideachta a éileoidh faoiseamh faoin gCaibidil seo, déanfaidh aon duine a bheidh ar fostú ag an gcuideachta san áitreamh gach uile shonra, cuntas, leabhar agus doiciméad agus taifead eile a bhainfidh le ceannach agus díol earraí ag an gcuideachta agus a bheidh faoi rialú agus i seilbh an duine sin agus ar fáil aige a thabhairt ar aird don oifigeach údaraithe agus, nuair a thabharfaidh sé an aird amhlaidh iad, ligfidh sé don oifigeach údaraithe iad a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu. |
[EN] | (2) Mura ndéanaidh duine ar a ndéanfar iarratas faoi fho-alt (1) de réir cheanglas an fho-ailt sin, dlífear pionós £50 a chur air. | |
[EN] | (3) Maidir leis na pionóis uile faoin alt seo, féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, imeachtaí a bhunú dá lorg agus iad a ghnóthú go hachomair amhail mar a dhéantar i gcás imeachtaí achomaire chun aon fhíneáil nó pionós faoi aon Acht a bhaineann leis an mál a ghnóthú. | |
[EN] | (4) I gcás ina n-iarrfaidh oifigeach údaraithe, de bhun an ailt seo, go dtabharfar aon doiciméid nó taifid ar aird déanfaidh sé, má iarrtar sin air, a údarás chun críocha an ailt seo a thaispeáint don duine lena mbainfidh | |
[EN] | (5) San alt seo, ciallaíonn “oifigeach údaraithe” oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim arna údarú acu i scríbhinn chun críocha an ailt seo. | |
[EN] |
Achomhairc. [1956, F.I., a. 2 (cuid).] |
414. —Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta ar aon cheist a éireoidh faoin gCaibidil seo ionann agus mar a d'fhéadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomairc. |