An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XXVI Achomhairc) Ar Aghaidh (CUID XXVIII Forálacha Speisialta la hAghaidh Cánachais Socraitheoiri, etc., i leith Ioncaim Shocraithe nó Aistrithe)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

CUID XXVII

Íocaiochtaí Bliantúla

Ús bliantúil, etc., is iníoctha go hiomlán as brabúis chánaithe.

[1918, r. Gin. 19.]

433. —(1) I gcás inarb iníoctha, go hiomlán, as brabúis nó gnóchain a cuireadh faoi mhuirear cánach aon ús bliantúil airgid, blianacht nó aon íocaíocht bhliantúil eile (cibé acu is iníoctha é sa Stát nó lasmuigh de, mar mhuirear ar aon mhaoin de chuid an duine a bheidh ag íoc an chéanna de bhua aon ghníomhais nó uachta nó eile, nó mar fhorcoimeád as, nó mar fhiach nó oibleagáid phearsanta de bhua aon chonartha, nó cibé acu is iníoctha é go leathbhliantúil nó i gceann aon tréimhsí níos giorra nó níos faide), ní dhéanfar aon mheasúnacht ar an duine a bheidh i dteideal an leasa, an blianachta, nó na híocaíochta bliantúla sin, ach déanfar iomlán na mbrabús nó na ngnóchan sin a mheasúnú agus a mhuirearú i leith cánach ar an duine a bheidh faoi dhliteanas an úis, na blianachta nó na híocaíochta bliantúla, gan an céanna a idirdhealú, agus an duine a bheidh faoi dhliteanas an íocaíocht sin a dhéanamh, cibé acu as na brabúis nó na gnóchain a muirearaíodh i leith cánach nó as aon íocaíocht bhliantúil a bheidh faoi dhliteanas asbhainte, nó a ndearnadh asbhaint aisti beidh sé i dteideal, ar an íocaíocht sin a dhéanamh, suim a asbhaint agus a choinneáil aisti in ionannas mhéid na cánach air de réir an ráta nó na rátaí cánach a bhí i bhfeidhm i gcaitheamh na tréimhse a bhí an íocaíocht sin ag faibhriú chun bheith dlite.

Déanfaidh an duine ar leis a dhéanfar an íocaíocht sin cibé asbhaint a lamháil ar iarmhar an chéanna a fháil, agus beidh an duine a dhéanfaidh an asbhaint sin saortha agus urscaoilte ó cibé méid airgid dá n-ionannaíonn an asbhaint, ionann agus dá mbeadh an tsuim sin íoctha iarbhír.

(2) I gcás ina ndéanfar aon ríchíos, nó suim eile, i leith paitinn a úsáid, a íoc go hiomlán amach as brabúis nó gnóchain a chuirfear faoi mhuirear cánach, beidh an duine a íocfaidh an ríchíos nó an tsuim i dteideal, ar an íocaíocht a dhéanamh, suim a asbhaint agus a choinneáil in ionannas mhéid na cánach air de réir an ráta nó na rátaí cánach a bheidh i bhfeidhm i gcaitheamh na tréimhse a bhí an ríchíos nó an tsuim ag faibhriú chun bheith dlite.

Ús, etc., nach iníoctha as brabúis chánaithe.

[1918, r. Gin. 21;

1963, a. 9; 1965, a. 4 (5).]

434. —(1) Nuair a íocfar aon ús airgid, blianacht, nó aon íocaíocht bhliantúil eile a cuireadh faoi mhuirear cánach faoi Sceideal D, nó aon ríchíos nó suim eile a íocfar i leith paitinn a úsáid, nach iníochta, nó nach iníoctha go hiomlán, as brabúis nó gnóchain a cuireadh faoi mhuirear cánach, déanfaidh an duine a íocfaidh nó trína n-íocfar aon íocaíocht den sórt sin suim a asbhaint as in ionannas mhéid na cánach air de réir an ráta cánach a bheidh i bhfeidhm tráth na híocaíochta.

(2) I gcás ina ndéanfar aon íocaíocht mar a dúradh a íoc ag nó trí aon duine, déanfaidh an duine sin cuntas ar an íocaíocht nó ar an gcuid sin di nach mbeidh déanta as brabúis nó gnóchain a tugadh faoi mhuirear, agus ar an gcáin a asbhaineadh as an íocaíocht nó as an gcuid sin de a sheachadadh láithreach do na Coimisinéirí Ioncaim, agus measúnóidh agus muirearóidh an cigire an íocaíocht ar seachadadh cuntas uirthi amhlaidh don duine sin.

(3) Féadfaidh an cigire measúnacht a dhéanamh go feadh a bhreithiúnais i gcás ina ndearna duine ar bith mainneachtain ag seachadadh cuntais a cheanglaítear leis an alt seo, nó i gcás nach mbeidh sé sásta leis an gcuntas a seachadadh amhlaidh.

(4) I bhfo-ailt (2) agus (3) ciallaíonn “an cigire” cibé cigire a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(5) Na forálacha uile den Acht seo a bhaineann—

(a) le daoine atá le bheith inmhuirir i leith cánach ioncaim agus measúnachtaí cánach ioncaim;

(b) le hachomhairc i gcoinne measúnachtaí den sórt sin;

(c) le bailiú agus gnóthú cánach ioncaim; agus

(d) le hathéisteacht achomharc agus le cásanna a bheidh le sonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte,

beidh feidhm acu, a mhéid is inchurtha chun feidhme iad, maidir le cáin ioncaim faoin alt seo a mhuirearú, a mheasúnú, a bhailiú agus a ghnóthú.

(6) An méid blianachtaí a bhfuil, chun críocha an ailt seo, teideal ag cuideachta árachais a sheolann gnó ag deonú blianachtaí, iad a áireamh mar mhéid a íocadh as brabúis nó gnóchain a cuireadh faoi mhuirear cánach, ní rachaidh sé thar méid ioncaim chánaithe a ciste blianachtaí.

(7) Faoi réir aon mhodhnuithe is gá, beidh feidhm ag forálacha an ailt seo i gcás íocaíocht a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith mura mbeidh an cháin a asbhaineadh as an íocaíocht arna híoc leis na Coimisinéirí Ioncaim ar an dáta sin.

Iocaíocht bhliantúil a bheith iníoctha as díbhinn nach bhfuil cáin ioncaim inbhainte aisti nó ar de réir ráta laghdaithe is inbhainte aisti í.

[1963, a. 8.]

435. —(1) I gcás an t-iomlán nó aon chuid d'aon íocaíocht bhliantúil a bheith iníoctha as díbhinn ar díbhinn í, de bhua alt 387, 396 nó 410, nach bhfuil cáin ioncaim inbhainte aistí nó ar de réir ráta laghdaithe is inbhainte aisti í—

(a) áireofar íoc na híocaíochta bliantúla, nó na coda sin de, de réir mar a bheidh, mar íoc nach ndearnadh as sochair nó gnóchain a cuireadh faoi mhuirear cánach agus, faoi réir mhír (b), beidh feidhm dá réir sin ag alt 434.

(b) is é méid cánach is inghnóthaithe ón íocóir cáin ar an íocaíocht a rinne sé arna ríomh—

(i) mura raibh cáin ioncaim inbhainte as an díbhinn— de réir an ráta chaighdeánaigh cánach ioncaim, agus

(ii) má bhí cáin ioncaim inbhainte de réir ráta laghdaithe as an díbhinn—de réir ráta arna chinneadh tríd an ráta cánach ab inbhainte as an díbhinn a bhaint as an ráta caighdeánach cánach ioncaim.

(2) I bhfo-alt (1) ciallaíonn “íocaíocht bhliantúil” aon íocaíocht arb inbhainte cáin aisti, ar leithligh ó aon neamhdhóthanacht brabús nó gnóchan ar thaobh an duine a dhéanann í, faoi alt 433.

Íocaíochtaí atá faoi réir asbhaint i leith rátaí áitiúla.

[1918, a. 201; 1944, a. 3 (1).]

436. —I gcás duine faoi dhliteanas cánach faoi Sceideal A a bheith údaraithe faoin Acht seo cáin a choinneáil as aon íocaíocht bhliantúil a dhéanfaidh sé a mbeidh teideal aige de réir dlí aon suim a bhaint aisti ar cuntas an ráta contae nó ar cuntas na cionúireachta den ráta bardasach is infheidhmithe maidir le faoiseamh na mbocht, déanfar an cháin a bheidh le coinneáil a ríomh faoi threoir na glansuime is iníoctha aige tar éis lamháil a dhéanamh don ráta contae nó don chionúireacht den ráta bardasach is infheidhmithe maidir le faoiseamh na mbocht.

Díospóidí idir tionóntaí, tiarnaí talún agus daoine eile.

[1918, r. Gin. 22.]

437. —(1) Má éiríonn aighneas—

(a) idir tionónta agus tiarna talún nó aon daoine eile maidir leis an asbhaint ar cuntas cánach a bheidh le déanamh as aon suim bhliantúil; nó

(b) idir an t-áititheoir de thuras na huaire agus aon duine ab áititheoir tailte, tionóntán nó oidhreachtán, a sheiceadóirí, a riarthóirí, nó a shannaithe, maidir leis an gcionúireacht cánach a bheidh le híoc nó le lamháil ag ceachtar acu faoi seach;

socróidh na Coimisinéirí Speisialta cionúireacht na n-íocaíochtaí nó na n-asbhaintí a bheidh le déanamh de réir forálacha an Achta seo, agus mura n-íocfar iad, toibheoidh siad an céanna ionann agus dá mbeifí tar éis na cionúireachtaí a shocraigh siad a mhuirearú ar na daoine faoi seach, agus íocfaidh siad an céanna leis an mBailitheoir nó leis an duine cuí, de réir mar is gá sa chás.

(2) In aon chás den sórt sin is cinneadh críochnaitheach cinneadh na gCoimisinéirí Speisialta.

(3) San alt seo ciallaíonn “suim bhliantúil” aon ús, blianacht, cíos, cíosmhuirear, cíos feofheirme, cíos cúiteach, nó cíos nó íocaíocht bhliantúil eile.