An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (SCEIDEAL 5 [1958, Sc. 1.] Blianachtaí Scoir (Coigeartuithe ar an Teorainn le Préimheanna Cáilitheacha).) Ar Aghaidh (SCEIDEAL 7 [1966, Sc. 1.] Forálacha maidir le Faoiseamh ó Cháin Ioncaim i modh Creidmheasa maidir le Cáin Chorparáide na Ríochta Aontaithe)

6 1967

AN tACHT CÁNACH IONCAIM, 1967

SCEIDEAL 6

Comhaontuithe, Etc., chun Cánachas Dúbailte a Sheachaint i gCás na Ríochta Aontaithe

Ailt 355 , 356 , 365.

CUID I

Téacs Comhaontuithe

[Nóta.—Ligeadh ar lár Airteagal 2 den chéad Chomhaontú ar cuireadh Airteagal 2 den dara Comhaontú ina ionad.]

COMHAONTú IDIR RIALTAS NA BREATAINE AGUS RIALTAS SHAORSTáT éIREANN MAIDIR LE CáIN IONCAIM DúBAILTE.

Os mian le Rialtas na Breataine agus Rialtas Shaorstát Éireann comhaontú a dhéanamh le díolúine comharaíochta ó cháin ioncaim agus ó bharrcháin a thabhairt do dhaoine a chónaíonn sa Bhreatain Mhór (lena n-áirítear Tuaisceart Éireann) nó i Saorstát Éireann ach nach gcónaíonn sa dá thír agus le díolúine comharaíochta faoisimh ó chánachas dúbailte i leith cánach ioncaim (lena n-áirítear barrcháin) a thabhairt do dhaoine a chónaíonn sa dá thír, agus ós mian leo cibé forálacha forlíontacha iarmartacha agus foghabhálacha a dhéanamh is dóigh leo is gá nó is cuí chun críocha an Chomhaontaithe sin, tá siad tar éis comhaontú mar a leanas:—

1. (a) Duine ar bith a chruthóidh chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim Intíre gur i Saorstát Éireann agus nach sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann a chónaigh sé aon bhliain áirithe beidh sé i dteideal díolúine ó cháin ioncaim Bhreataineach in aghaidh na bliana sin i leith na maoine go léir sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann agus i leith na mbrabús nó na ngnóchan uile a d'éirigh sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann agus fós i dteideal díolúine ó bharrcháin Bhreataineach in aghaidh na bliana sin.

(b) Duine ar bith a chruthóidh chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann agus nach i Saorstát Éireann a chónaigh sé aon bhliain áirithe beidh sé i dteideal díolúine ó cháin ioncaim Shaorstát Éireann in aghaidh na bliana sin i leith na maoine go léir i Saorstát Éireann agus i leith na mbrabús nó na ngnóchan go léir a d'éirigh i Saorstát Éireann, agus fós i dteideal díolúine ó bharrcháin Shaorstát Éireann in aghaidh na bliana sin.

(c) Féadfar díolúine faoin Airteagal seo a thabhairt trí urscaoileadh nó trí aisíoc cánach, nó ar aon bhealach eile, de réir mar is gá sa chás.

.        .        .        .        .        .        .        .        .        .        .

3. (a) Duine ar bith atá i dteideal díolúine ó cháin ioncaim Bhreataineach de bhua Airteagal 1 (a) den Chomhaontú seo i leith maoine sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann agus i leith brabús nó gnóchan a d'éirigh sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann beidh sé inmhuirir i leith cánach ioncaim Shaorstát Éireann maidir leis an maoin, leis na brabúis nó leis na gnóchain sin, má fhoráileann agus a mhéid a fhoráileann Oireachtas Shaorstát Éireann amhlaidh, agus faoi réir aon díolúine nó faoisimh a bhféadfaidh sé bheith ina theideal faoi na dlithe atá i bhfeidhm i Saorstát Éireann.

(b) Duine ar bith atá i dteideal díolúine ó cháin ioncaim Shaorstát Éireann de bhua Airteagal 1 (b) den Chomhaontú seo i leith maoin atá i Saorstát Éireann agus i leith brabúis nó gnóchain a d'éirigh i Saorstát Éireann beidh sé inmhuirir i leith cánach ioncaim Breatainí maidir leis an maoin, leis na brabúis nó leis na gnóchain sin má fhoráileann agus a mhéid a fhoráileann Parlaimint na Breataine amhlaidh, agus faoi réir aon díolúine nó faoisimh chun a mbeidh teideal aige faoi na dlíthe atá i bhfeidhm sa Bhreatain Mhór agus i dTuaisceart Éireann.

(c) Duine ar bith atá i dteideal faoisimh de bhua Airteagal 2 den Chomhaontú seo beidh sé, faoi réir an fhaoisimh sin, imhuirir, má fhoráileann agus a mhéid a fhoráileann Parlaimint na Breataine amhlaidh, i leith cánach ioncaim Breatainí maidir le maoin atá i Saorstát Éireann agus maidir le brabúis nó gnóchain a d'éirigh i Saorstát Éireann ionann i ngach slí agus dá mba sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann a bhí cónaí air agus nach raibh cónaí air i Saorstát Éireann agus, faoi réir an fhaoisimh sin a dúradh, beidh sé inmhuirir, má fhoráileann agus sa mhéid go bhforáileann Oireachtas Shaorstát Éireann amhlaidh, i leith cánach ioncaim Shaorstát Éireann maidir le maoin atá sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann agus maidir le brabúis nó gnóchain a d'éirigh sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann ionann i ngach slí agus dá mba i Saorstát Éireann agus nach sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann a bhí cónaí air.

4. Chun críocha an Chomhaontaithe seo measfar gur sa tír sin ina mbainistítear agus a rialaítear a gnó agus gur sa tír sin amháin atá cónaí ar chuideachta, cibé acu ar le dlíthe nó faoi dhlíthe na Breataine Móire nó Thuaisceart Éireann nó le dlíthe nó faoi dhlíthe Shaorstát Éireann nó ar aon bhealach eile a corpraíodh.

5. Féadfaidh Coimisinéirí Ioncaim Intíre agus na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham comhshocraíochtaí a dhéanamh go ginearálta chun an Comhaontú seo a chur i gcrích agus féadfaidh siad go sonrach cibé comhshocraíochtaí a dhéanamh is indéanta d'fhonn go seachnófar cáin ioncaim Bhreataineach agus Shaorstát Éireann a chruinniú ón ioncam céanna gan lamháil a dhéanamh i leith aon fhaoisimh a bheidh dlite faoin gComhaontú seo, agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé rialacháin a dhéanamh is cuí leo faoi seach chun na comhshocraíochtaí sin a chur i gcrích.

6. An oibleagáid maidir le rúndacht a fhorchuirtear le haon achtachán i leith cánach ioncaim ní choiscfidh sé na fíorais is gá chun go bhféadfar lán-éifeacht a thabhairt don Chomhaontú seo a nochtadh ag aon oifigeach údaraithe de chuid Rialtas na Breataine d'aon oifigeach údaraithe de chuid Rialtas Shaorstát Éireann nó a nochtadh ag aon oifigeach údaraithe de chuid Rialtas Shaorstát Éireann d'aon oifigeach údaraithe de chuid Rialtas na Breataine.

7. Aon cheist a éireoidh idir na páirtithe sa Chomhaontú seo maidir le léiriú an Chomhaontaithe seo nó maidir le haon ábhar a bhainfidh nó a ghabhfaidh leis an gComhaontú cinnfear é ag cibé binse a chomhaontófar eatarthu, agus beidh cinneadh an bhinse sin, mar chinneadh eatarthu, ina chinneadh críochnaitheach.

8. Beidh an Comhaontú seo faoi réir a dhaingnithe ag Parlaimint na Breataine agus ag Oireachtas Shaorstát Éireann agus ní bheidh éifeacht aige mura mbeidh agus an fad a bheidh reachtaíocht ag daingniú an Chomhaontaithe i bhfeidhm sa Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann agus i Saorstát Éireann i dteannta a chéile.

Arna dhátú an 14ú lá seo d'Aibreán, 1926.

(Sínithe)

(Sínithe)

WINSTON S. CHURCHILL,

EARNáN DE BLAGHD,

Chancellor of the Exchequer.

Aire Airgeadais,

Saorstát Éireann.

[1928, Sc. 1.]

2.—COMHAONTú DAR DáTA 25 AIBREáN, 1928.

COMHAONTú A RINNEADH AN 25ú d'AIBREáN, 1928, IDIR RIALTAS NA BREATAINE AGUS RIALTAS SHAORSTáT éIREANN, AG LEASú AN CHOMHAON-TAITHE A RINNEADH AN 14ú d'AIBREáN, 1926, IDIR NA RIALTAIS SIN MAIDIR LE CáIN IONCAIM DúBAILTE.

D'fhonn cibé athruithe a dhéanamh sa Chomhaontú a rinneadh an 14 Aibreán, 1926, idir Rialtas na Breataine agus Rialtas Shaorstát Éireann maidir le cáin ioncaim dúbailte is gá de dhroim na n-athruithe sna hAchtanna Cánach Ioncaim Bhreataineacha a rinneadh leis an Acht Cánach Ioncaim Bhreataineach, 1927, agus na n-athruithe a bheartaítear in Achtanna Cánach Ioncaim Shaorstát Éireann, comhaontaítear leis seo idir na Rialtais sin, go leasófar an Comhaontú sin mar a leanas:—

1. (a) In Airteagal 1 (a) den Chomhaontú sin forléireofar na focail “cáin ioncaim Bhreataineach” maidir leis an mbliain 1928-29 agus aon bhliain ina dhiaidh sin mar fhocail a chiallaíonn cáin ioncaim Bhreataineach a muirearaíodh nó is inmhuirir de réir an ráta chaighdeánaigh agus folóidh an abairt “barrcháin Bhreataineach” in aghaidh na bliana 1928-29 forcháin Bhreataineach agus in aghaidh blianta ina dhiaidh sin ciallóidh sé forcháin Bhreataineach.

(b) In Airteagal 1 (b) den Chomhaontú sin folóidh an abairt “barrcháin Shaorstát Éireann” in aghaidh na bliana 1928-29 barrcháin Shaorstát Éireann agus in aghaidh blianta ina dhiaidh sin ciallóidh sé forcháin Shaorstát Éireann.

2. Cuirfear an tAirteagal seo a leanas in ionad Airteagail 2 den Chomhaontú sin:—

2.—(1) Déanfar faoiseamh ó chánachas dúbailte i leith cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) i gcás aon duine a bhfuil cónaí air sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann agus i Saorstát Éireann freisin a lamháil ó cháin ioncaim Bhreataineach agus ó cháin ioncaim Shaorstát Éireann faoi seach de réir agus faoi réim fhorálacha Alt 27 den Finance Act, 1920, ar choinníoll—

(a) gurb é an ráta faoisimh a bheidh le lamháil ó cháin ioncaim Bhreataineach leath ráta iomchuí cánach ioncaim Breatainí an duine sin nó leath ráta iomchuí cánach Shaorstát Éireann an duine sin, cibé acu sin is lú;

(b) gurb é a bheidh sa ráta faoisimh a bheidh le lamháil ó cháin Shaorstát Éireann leath ráta iomchuí cánach ioncaim Breatainí an duine sin nó leath ráta iomchuí cánach Shaorstát Éireann an duine sin, cibé acu is lú;

(c) gurb é a bheidh sa ráta iomchuí cánach ioncaim Breatainí in aghaidh aon bhliana áirithe i gcás duine nach inmhuirir cáin ioncaim Bhreataineach ar a ioncam ach amháin de réir an ráta chaighdeánaigh ráta a chinnfear tríd an méid cánach is iníoctha aige in aghaidh na bliana sin i leith a ioncaim iomláin (sula n-asbhainfear aon fhaoiseamh a bheidh deonaithe i leith préimheanna árachais saoil nó i leith aon fhaoiseamh a bheidh deonaithe faoi fhorálacha Alt 27 den Finance Act, 1920, arna leasú leis an Airteagal seo) a roinnt ar mhéid a ioncaim iomláin, agus gurb é a bheidh ann i gcás duine arb inmhuirir cáin ioncaim Bhreataineach de réir ráta nó rátaí de bhreis ar an ráta caighdeánach ar chuid dá ioncam iomlán suim na rátaí seo a leanas:—

(i) an ráta arb é an ráta iomchuí é i gcás an duine sin dá mba de réir an ráta chaighdeánaigh amháin ab inmhuirir a ioncam, agus

(ii) an ráta a dhéanfar amach tríd an méid is iníoctha d'fhorcháin na Breataine ag an duine sin in aghaidh na bliana sin a roinnt ar mhéid a ioncaim iomláin in aghaidh na bliana sin;

(d) gurb é a bheidh sa ráta iomchuí cánach Shaorstát Éireann in aghaidh aon bhliana áirithe i gcás duine nach inmhuirir a ioncam i Saorstát Éireann ach i leith cánach ioncaim amháin ráta a dhéanfar amach tríd an méid cánach is iníoctha aige in aghaidh na bliana sin i leith an ioncaim iomláin (sula n-asbhainfear aon fhaoiseamh a bheidh deonaithe i leith préimheanna árachais saoil nó i leith aon fhaoiseamh a bheidh deonnaithe faoi fhorálacha Alt 27 den Finance Act, 1920, arna leasú leis an Airteagal seo) a roinnt ar mhéid a ioncaim iomláin, agus gurb é a bheidh ann i gcás duine arb inmhuirir barrcháin Shaorstát Éireann ar a ioncam suim na rátaí seo a leanas:—

(i) an ráta arb é an ráta iomchuí é i gcás an duine sin dá mba inmhuirir i leith cánach ioncaim amháin a bhí a ioncam, agus

(ii) an ráta a dhéanfar amach tríd an méid is iníoctha d'fhorcháin Shaorstát Éireann ag an duine sin in aghaidh na bliana sin a roinnt ar mhéid a ioncaim iomláin in aghaidh na bliana sin;

(e) go ndéanfar faoiseamh is inlamháilte faoin Airteagal seo ó cháin ioncaim Bhreataineach in aghaidh aon bhliana áirithe a thabhairt do dhuine ar bith go feadh an oiread agus a bheadh dlite dá mba nach raibh a ioncam in aghaidh na bliana inmhuirir i leith cánach ioncaim Breatainí ach amháin de réir an ráta chaighdeánaigh agus i leith cánach ioncaim Shaorstát Éireann ach amháin tríd an gcáin is iníoctha aige de réir an ráta chaighdeánaigh in aghaidh na bliana sin a aisíoc nó trí fhritháireamh a dhéanamh ina coinne, agus maidir le haon iarmhéid trí aon fhorcháin Bhreataineach is iníoctha aige in aghaidh na bliana sin a aisíoc nó fritháireamh a dhéanamh ina coinne;

(f) go ndéanfar faoiseamh is inlamháilte faoin Airteagal seo ó cháin Shaorstát Éireann in aghaidh aon bhliana áirithe a thabhairt do dhuine ar bith go feadh an oiread agus a bheadh dlite dá mba nach mbeadh a ioncam in aghaidh na bliana inmhuirir i leith cánach ioncaim Breatainí ach amháin de réir an ráta chaighdeánaigh agus i leith cánach ioncaim Shaorstát Éireann ach amháin tríd an gcáin is iníoctha aige in aghaidh na bliana sin a aisíoc nó trí fhritháireamh dhéanamh ina coinne, agus maidir le haon iarmhéid trí aon fhorcháin de chuid Shaorstát Éireann is iníoctha aige in aghaidh na bliana sin a aisíoc nó fritháireamh a dhéanamh ina coinne.

(2) Déanfar faoiseamh ó chánachas dúbailte i leith barrchánach in aghaidh na bliana 1928-29 i gcás aon duine a bhfuil cónaí air sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann agus i Saorstát Éireann freisin a lamháil, de réir agus faoi réim fhorálacha Alt 27 den Finance Act, 1920, a mhéid is infheidhmithe sin, bharrcháin Bhreataineach in aghaidh na bliana sin agus ó bharrcháin Shaorstát Éireann in aghaidh na bliana sin faoi seach de réir leath an ráta is ísle den dá ráta seo a leanas:—

(a) ráta barrchánach Breatainí an duine sin in aghaidh na bliana 1928-29 arna dhéanamh amach trí mhéid na barrchánach ab iníoctha aige in aghaidh na bliana sin a roinnt ar mhéid a ioncaim iomláin ó gach bunadh in aghaidh na bliana sin arna mheas chun críocha barrchánach,

(b) ráta barrchánach Shaorstát Éireann an duine sin in aghaidh na bliana 1928-29 arna dhéanamh amach trí mhéid na barrchánach is iníoctha aige in aghaidh na bliana sin a roinnt ar mhéid a ioncaim iomláin ó gach bunadh in aghaidh na bliana sin arna mheas chun críocha barrchánach.

(3) Chun críocha an Airteagal seo déanfar tagairtí d'Alt 27 den Finance Act, 1920, maidir le cánachas Breataineach a fhorléiriú mar thagairtí don alt sin faoi réir na leasuithe air a rinneadh le hAcht na Breataine, 1927, seachas an leasú ar an alt sin darb uimhir (iv) i gCuid II den Chúigiú Sceideal a ghabhann le hAcht sin 1927.

3. Beidh an Comhaontú seo faoi réir a dhaingnithe ag Parlaimint na Breataine agus ag Oireachtas Shaorstát Éireann, agus ní bheidh éifeacht aige mura mbeidh agus an fad a bheidh reachtaíocht ag daingniú an Chomhaontaithe i bhfeidhm sa Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann agus i Saorstát Éireann.

Arna dhátú an 25ú lá seo d'Aibreán, Míle Naoi gCéad Ocht agus Fiche.

(Sínithe)

(Sínithe)

WINSTON S. CHURCHILL,

EARNáN DE BLAGHD,

Chancellor of the Exchequer.

Aire Airgeadais,

Saorstát Éireann.

[1948 Sc. 1.]

3.—COMHAONTú DAR DáTA 21 IúIL, 1947.

COMHAONTú IDIR RIALTAS NA héIREANN AGUS RIALTAS NA RíOCHTA AONTAITHE AG LEASú COMHAONTú 1926 (ARNA LEASú LE COMHAONTú 1928) I dTAOBH CáNACH IONCAIM DúBAILTE.

D'fhonn cibé athruithe a dhéanamh sa Chomhaontú dar dáta an 14 Aibreán, 1926 (arna leasú leis an gComhaontú dar dáta an 25 Aibreán, 1928), a rinneadh idir Rialtas Shaorstát Éireann agus Rialtas na Breataine i dtaobh Cánach Ioncaim Dúbailte is gá de dhroim na n-athruithe sna hAchtanna Cánach Ioncaim Breataineacha a rinneadh le halt 52 d'Acht Airgeadais na Breataine (Uimh. 2), 1945, comhaontaítear leis seo idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe go ndéanfar an Comhaontú sin (arna leasú mar a dúradh) a leasú tuilleadh mar a leanas:—

1. In Airteagal 1 (a) den Chomhaontú sin, déanfar na focail “cáin ioncaim Bhreataineach” maidir le haon díbhinn, a srianaítear ina leith faoiseamh nó aisíocaíocht maidir leis an gcáin a asbhaintear nó a údaraítear a asbhaint as sin le halt 52 (2) (a) d'Acht Cánach Ioncaim na Breataine (Uimh. 2), 1945, chun nach mbainfidh an céanna ach le “the net United Kingdom rate” dá dtagraítear ansin, a fhorléiriú mar fhocail a chiallaíonn cáin ioncaim Bhreataineach de réir an ghlan-ráta sin de chuid na Ríochta Aontaithe is infheidhmithe i gcás na díbhinne sin chun críocha an ailt sin.

2. An ráta faoisimh a bheidh le lamháil ó cháin ioncaim Bhreataineach faoi Airteagal 2 (1) (a) den Chomhaontú sin ní rachaidh sé, maidir le haon díbhinn den sórt a luaitear in Airteagal 1 den Chomhaontú seo, i gcás duine nach inmhuirir a ioncam i leith cánach ioncaim Breatainí ach amháin de réir an ráta chaighdeánaigh, thar an nglanráta de chuid na Ríochta Aontaithe is infheidhmithe maidir leis an díbhinn sin chun críocha an ailt sin 52 (2) (a) agus, i gcás duine a bhfuil cuid dá ioncam iomlán in aghaidh aon bhliana áirithe inmhuirir i leith cánach ioncaim Breatainí de réir ráta nó rátaí de bhreis ar an ráta caighdeánach, suim na rátaí seo a leanas:—

(i) an glanráta sin de chuid na Ríochta Aontaithe sin, agus

(ii) an ráta a dhéanfar amach trí mhéid na forchánach Breatainí is iníoctha ag an duine sin in aghaidh na bliana sin a roinnt ar mhéid a ioncaim iomláin in aghaidh na bliana.

3. Beidh éifeacht ag an gComhaontú sin don bhliain 1948-49 agus do bhlianta ina dhiaidh sin.

4. Beidh an Comhaontú seo faoi réir a dhaingnithe le reachtaíocht ag Parlaimint na Ríochta Aontaithe agus ag an Oireachtas, agus ní bheidh éifeacht aige mura mbeidh agus an fad a bheidh an reachtaíocht sin i bhfeidhm.

Arna dhéanamh i ndúblach an 21ú lá d'Iúil, 1947.

(Sínithe)

(Sínithe)

Thar ceann Rialtas na hÉireann,

Thar ceann Rialtas na

Ríochta Aontaithe,

PROINSIAS MAC AOGáIN,

HUGH DALTON,

Aire Airgeadais.

Chancellor of the Exchequer.

[1959, Sc. 2.]

4.—COMHAONTú DAR DáTA 4 AIBREáN, 1959.

COMHAONTú IDIR RIALTAS NA héIREANN AGUS RIALTAS NA RíOCHTA AONTAITHE MAIDIR LE DíOLúINTí áIRITHE ó CHáIN.

Tá Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe, ag Breithniú dóibh an Comhaontú a rinneadh an 14 Aibreán, 1926, idir Rialtas Shaorstát Éireann agus Rialtas na Breataine, a dtugtar dá bhun díolúintí ó cháin do dhaoine nach gcónaíonn ach i dtír amháin de na tíortha ó cháin faoi dhlí na tíre eile,

Ag Breithniú dóibh go bhfuil amhras tagtha i dtaobh éifeacht forálacha fho-alt (2) d'Alt a ceathair de Finance (No. 2) Act, 1955, na Ríochta Aontaithe (dá ngairtear “Acht 1955” anseo feasta) agus fho-alt (2) d'Alt caoga a haon d'Acht Airgeadais, 1958 , na hÉireann (dá ngairtear “Acht 1958” anseo feasta) (a bhaineann le ceannach scaireanna ag daoine atá díolmhaithe ó cháin),

Agus é de mhian acu an t-amhras sin a dhíchur faoi chomhair na bliana 1959-60 agus na mblianta dá éis sin,

Tar éis comhaontú mar a leanas:—

Airteagal 1.

(1) Tá na díolúintí sin faoi réim agus faoi réir na bhforálacha sin d'Acht 1955 agus d'Acht 1958.

(2) Faoi réir mar a dúradh leanann Comhaontú sin 1926 arna leasú leis na Comhaontuithe a rinneadh an 25 Aibreán, 1928, agus an 21 Iúil, 1947, i bhfeidhm.

(3) Ní bhainfidh mír (1) den Airteagal seo le cásanna arb éard í an díbhinn a n-éilítear díolúine ina leith díbhinn ar shealbhán scaireanna nó stoic a fuair an duine a éilíonn an díolúine, nó a meastar a fuair sé, roimh an ochtú lá d'Aibreán, naoi gcéad déag caoga naoi, ach amháin sa mhéid gur díbhinn í sin lena mbaineann fo-alt (2) den Alt sin caoga a haon de dhroim (díreach nó neamhdhíreach) asbhaint a bheith le déanamh maidir le díbhinn eile, a fuair comhlacht corpraithe seachas an duine atá ag éileamh díolúine ó shealbhán scaireanna nó stoic a fuair, nó a meastar a fuair, an comhlacht corpraithe an t-ochtú lá sin d'Aibreán nó dá éis, le linn cinneadh a bheith á dhéanamh ar ioncam an chomhlachta chorpraithe sin a d'fhaibhrigh tar éis dáta áirithe; ach is mír í seo gan dochar d'aon cheist maidir le feidhm na bhforálacha sin d'Acht 1955 agus d'Acht 1958 i gcúinsí nach bhfuil feidhm ag mír (1) den Airteagal seo.

Airteagal 2.

Tiocfaidh an Comhaontú seo in éifeacht ar nótaí a mhalartú á dhaingniú go bhfuil na bearta riachtanacha déanta chun feidhm dlí a thabhairt dó in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, agus dá éis sin ní leanfaidh sé i bhfeidhm ach amháin an fad a bheidh feidhm dlí aige sa dá thír.

Arna dhátú an ceathrú lá seo d'Aibreán, 1959.

Thar ceann Rialtas na hÉireann,

Thar ceann Rialtas na

Ríochta Aontaithe.

SéAMAS ó RIAIN.

D. HEATHCOAT AMORY.

[1960, Sc. 3.]

5.—COMHAONTú DAR DáTA 23 MEITHEAMH, 1960.

COMHAONTú IDIR RIALTAS NA héIREANN AGUS RIALTAS NA RíOCHTA AONTAITHE MAIDIR LE DíOLúINTí áIRITHE ó CHáIN.

Tá Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe,

Ag breithniú dóibh an Comhaontú a rinneadh an 14 Aibreán, 1926, idir Rialtas Shaorstát Éireann agus Rialtas na Breataine, a dtugtar dá bhun díolúintí ó cháin do dhaoine nach gcónaíonn ach i dtír amháin de na tíortha ó cháin faoi dhlí na tíre eile,

Ag breithniú dóibh gur féidir reachtaíocht a achtú i gceachtar tír chun go dtitfeadh dliteanas cánach ioncaim go cuí ar dhaoine agus nach bhfaighidh aon duine buntáistí thar an gceart i gcúrsaí cánachais,

Ag breithniú dóibh go mb'fhéidir nach bhfuil an reachtaíocht sin sách éifeachtach mura mbainfidh sí, i dteannta í do bhaint le daoine a chónaíonn sa tír ina bhfuil sí achtaithe, le daoine nach gcónaíonn amhlaidh ach a chónaíonn sa tír eile den dá thír agus go ndéanann sin difear dá réir sin do dhíolúintí ó cháin a thugtar de bhun Chomhaontú sin 1926,

Ag aithint dóibh go ndearna an reachtaíocht ab ábhar do Chomhaontú an 4 Aibreán, 1959, agus a rinneadh idir an dá Rialtas difear do na díolúintí sin ar shlite áirithe, agus é de mhian acu Comhaontú níos ginearálta a dhéanamh mar fhorlíonadh ar an gComhaontú sin,

É de mhian acu a dhearbhú nach ndéanfaidh achtú na reachtaíochta sin difear, ach amháin mar a fhoráiltear leis an gComhaontú seo, do Chomhaontú sin 1926 do leanúint i bhfeidhm,

Tar éis comhaontú mar a leanas:—

Airteagal 1.

Aon reachtaíocht a achtófar i gceachtar tír tráth ar bith tar éis dáta an Chomhaontaithe seo agus a dhéanfaidh difear ar aon slí do dhíolúintí ó cháin ioncaim sa tír sin maidir le daoine a chónaíonn sa tír sin, déanfaidh sí, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an reachtaíocht agus faoi réir an chéad Airteagail ina dhiaidh seo den Chomhaontú seo, an difear céanna do dhíolúintí ón gcáin sin a theachtann daoine mar dhaoine nach gcónaíonn sa tír sin ach a chónaíonn sa tír eile den dá thír, agus ní dhéanfaidh achtú na reachtaíochta sin difear do Chomhaontú sin 1926, arna leasú le Comhaontuithe 25 Aibreán, 1928, 21 Iúil, 1947, agus 4 Aibreán, 1959, agus leis an gComhaontú seo, do leanúint i bhfeidhm.

Airteagal 2.

Má chuireann Rialtas ceachtar tíre in iúl maidir le haon fhorálacha i reachtaíocht a achtaíodh sa tír eile, is forálacha lena mbaineann Airteagal 1 den Chomhaontú seo, go bhfuil siad, mar sin féin, contrártha d'intinn an Chomhaontaithe, rachaidh an dá Rialtas i gcomhairle le chéile agus má aontaíonn siad nach cóir feidhm a bheith ag Airteagal 1, déanfaidh Rialtas na tíre inar achtaíodh an reachtaíocht na bearta is gá chun a áirithiú nach ndéanfaidh, agus nach measfar go ndearna, na forálacha sin difear do dhíolúintí ó cháin ioncaim na tíre sin a theachtann daoine mar dhaoine nach gcónaionn sa tír sin ach a chónaíonn sa tír eile.

Airteagal 3.

Tiocfaidh an Comhaontú seo in éifeacht ar nótaí a mhalartú á dhaingniú go bhfuil na bearta riachtanacha déanta chun feidhm dlí a thabhairt dó in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, agus dá éis sin ní leanfaidh sé d'éifeacht a bheith aige ach amháin an fad a bheidh feidhm dlí aige sa dá thír.

Arna dhátú an 23ú lá seo de Mheitheamh, 1960.

Thar ceann Rialtas na hÉireann,

Thar ceann Rialtas na

Ríochta Aontaithe,

SéAMAS ó RIAIN.

D. HEATHCOAT AMORY.

CUID II.

[1920, a.27;

1923, a. 12;

1926, a. 4;

1965, Sc. 3, Cuid II.]

Forálacha Alt 27 den Finance Act, 1920, arna nathachtú mar atá feidhm acu maidir le Cáin Ioncaim Bhreataineach.

Alt 355

(1) Má dhéanann duine ar bith a bheidh tar éis cáin ioncaim Éireannach (lena n-áirítear forcháin) a íoc, nó a mbeidh de dhliteanas air sin a íoc, trí asbhaint nó eile, in aghaidh aon bhliana measúnachta ar aon chuid dá ioncam, a chruthú chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta gur íoc sé cáin ioncaim Bhreataineach in aghaidh na bliana sin i leith na coda céanna dá ioncam, beidh sé i dteideal faoisimh ó cháin ioncam Éireannach (lena n-áirítear forcháin) a d'íoc sé nó is iníoctha aige ar an gcuid sin dá ioncam de réir ráta ar an gcéanna a chinnfear de réir na bhforálacha chuige sin atá in Airteagal 2 den Chomhaontú dar dáta an 25ú lá d'Aibreán, 1928, Comhaontú atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal seo.

(2) I gcás nach mbunóidh duine a éileamh chun faoisimh faoin alt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta roimh an gcéad lá d'Eanáir an bhliain sin, deonófar an faoiseamh ar mhodh aisíoc cánach.

(3) D'ainneoin aon ní atá sna forálacha is infheidhmithe maidir le Cás III de Sceideal D nó in aon fhoráil eile den Acht seo, ní dhéanfar aon asbhaint ar chuntas íocaíocht chánach ioncaim Breatainí le linn ioncam a bheith á mheas chun críocha cánach ioncaim Éireannaí agus i gcás ina mbeidh cáin ioncaim íoctha nó iníoctha sa Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann ar an ioncam óna dtainig nó óna bhfuarthas ioncam atá faoi réir cánach ioncaim Éireannaí, nó mar mhuirear díreach i leith an ioncaim sin, ansin, an t-ioncam atá faoi réir cánach ioncaim Éireannaí amhlaidh a measfar gurb ioncam é a tháinig nó a fuarthas tar éis cáin ioncaim Bhreataineach a asbhaint agus, le linn ioncam a bheith á mheas chun críocha cánach ioncaim Éireannaí, cuirfear de bhreis leis an ioncam sin an chuid chionúireach den cháin ioncaim a íocadh nó is iníoctha sa Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann maidir leis an ioncam óna dtainig nó óna bhfuarthas an t-ioncam sin mar aon le méid iomlán aon chánach ioncaim Breatainí a muirearaíodh nó is inmhuirir go díreach sa Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann maidir leis an ioncam sin:

Ar choinníoll, i gcás inarb é atá in aon ioncam a tháinig nó a fuarthas mar a dúradh díbhinní a cuireadh ar iontaobh duine ar bith in Éirinn le híoc agus go bhfuil na Coimisinéirí Speisialta sásta nach bhfuil an duine ar cuireadh sin ar a iontaobh amhlaidh i gcumas méid na breise a bheidh le cur le hioncam faoin bhfo-alt seo a fháil amach, go bhféadfar an mheasúnacht agus an muirear a dhéanamh ar mhéid na ndíbhinní mar a fuair an duine iad ar cuireadh íoc ar a iontaobh amhlaidh, ach in aon chás den sórt sin beidh méid na breise inmhuirir ar an duine a fuair na díbhinní faoi Chás IV de Sceideal D.

Sa choinníoll sin roimhe seo folaíonn “díbhinní” aon ús, blianachtaí, díbhinní, scaireanna blianachtaí, nó íocaíochtaí bliantúla eile a muirearaítear cáin ina leith faoi fhorálacha Chuid III den Acht seo nó faoi Chuid XXXI.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham rialacháin a dhéanamh go ginearálta chun forálacha na Coda seo den Sceideal seo a chur i gcrích, agus féadfaidh siad, go sonrach, foráil a dhéanamh leis na rialacháin seo:—

(a) Chun cibé comhshocraíochtaí a dhéanamh le Rialtas na Breataine is gá chun go bhféadfar an faoiseamh iomchuí a dheonú;

(b) Chun an bhliain a fhorordú arb í an bhliain í, maidir le haon cháin ioncaim Bhreataineach, a mbeidh sé le meas chun críocha faoisimh faoin gCuid seo den Sceideal seo go bhfreagraíonn sí don bhliain mheasúnachta chun críocha cánach ioncaim Éireannaí.

CUID III

[1918, a. 17;

1926, Sc. 1, Cuid II;

1929, Sc. 2;

1934, a. 4;

1965, a. (6).]

Forálacha chun Éifeacht a Thabhairt do Chomhaontuithe atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal seo

Alt 355

1. Maidir le maoin, agus le brabúis nó gnóchain a éireoidh, sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann:

(1) Beidh éifeacht ag na forálacha is infheidhmithe maidir le Cás III de Sceideal D atá i gCaibidil IV de Chuid V den Acht seo ionann agus dá bhfágfaí alt 76 (2) ar lár.

(2) Beidh éifeacht ag an bhforáil seo a leanas chun críocha Chás III de Sceideal D, d'ainneoin aon ní contrártha dó sin in alt 76 nó 77:

An cháin i leith ioncaim ó shealbhaíochtaí sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann, seachas stoic, scaireanna, nó cíosanna, déanfar iad a ríomh ar mhéid iomlán an chéanna a d'éirigh sa bhliain roimh an mbliain mheasúnachta nó ar mhéid iomlán an chéanna ar mheán na tréimhse sin de réir mar is gá sa chás agus mar a ordóidh na Coimisinéirí Speisialta, ionas go bhféadfar an cháin a ríomh de réir chineál an ioncaim ar an bhforas céanna ar a ríofaí é dá mba sa Stát a d'éirigh an t-ioncam, agus i gceachtar cás faoi réir asbhaint ar chuntas aon úis bhliantúil nó aon bhlianachta nó aon íocaíochta bliantúla eile is iníoctha as an ioncam le duine nach gcónaíonn sa Stát agus beidh éifeacht dá réir sin ag forálacha an Achta seo (lena n-áirítear iad sin a bhaineann le ráitis a sheachadadh); agus beidh an duine is inmhuirir agus is inmheasúnaithe i dteideal na liúntas, na n-asbhaintí, agus na bhfaoiseamh céanna agus bheadh dá mba sa Stát á d'éirigh an t-ioncam:

Ar choinníoll, i gcás tailte, tionóntáin, nó oidhreachtáin sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann agus iad á n-áitiú ag duine agus cónaí air sa Stát agus ab inmhuirir dá mba sa Stát a bhí siad, i leith cánach de réir alt 10 i leith na maoine sa chéanna agus a n-áitithe ar luach bliantúil a mheasfar ar shlí seachas maidir le brabúis, go muirearófar cáin faoin bhforáil seo agus go measfar gurb é an t-ioncam ón gcéanna méid (faoi réir asbhainte mar a dúradh) a chinnfear mar a leanas, is é sin le rá:—

(a) i gcás ina mbeadh, sna himthosca a dúradh, an cháin inmhuirir faoi Sceideal A, measfar gurb é an méid luach bliantúil (arna laghdú chun críocha bailithe) na dtailte, na dtionóntán, nó na n-oidhreachtán, arna gcinneadh in aghaidh na bliana measúnachta chun críocha an mhuirir i leith cánach ioncaim faoi Sceideal A sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann, agus

(b) i gcás ina mbeadh, sna himthosca a dúradh, an cháin inmhuirir faoi Sceideal B, measfar gurb é an méid luach inmheasúnaithe na dtailte, na dtionóntán, nó na n-oidhreachtán, arna chinneadh in aghaidh na bliana measúnachta chun críocha an mhuirir i leith cánach ioncaim faoi Sceideal B sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann, de réir mar a bheidh.

Sa mhír seo folaíonn “cíosanna” aon íocaíocht ar mhodh ríchíosa agus aon íocaíocht bhliantúil nó thréimhsiúil ar mhodh cíosa a fhaightear ó aon tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin, lena n-áirítear tailte, tionóntáin agus oidhreachtáin a mbeadh feidhm ag alt 56 ina leith dá mba sa Stát a bhí na tailte, na tionóntáin agus na hoidhreachtáin sin.

(3) D'ainneoin aon ní atá in alt 65, nuair a bheidh méid na mbrabús nó na ngnóchan bliantúil a d'éirigh nó a d'fhaibhrigh ó aon trádáil nó gairm á mheas, lamhálfar asbhaint ar chuntas tailte, tionóntáin, oidhreachtáin, nó áitreabh eile sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann agus a úsáideadh go hiomlán nó go páirteach chun críche na trádála nó na gairme sin ar cóimhéid leis an méid a mhuirearaítear i leith cánach faoi Chás III de Sceideal D de bhua fhomhír (2) i leith an ioncaim ó na tailte, na tionóntáin, na hoidhreachtáin nó na háitribh eile sin nó ón gcuid a úsáideadh amhlaidh.

2. An miniú ar “ciste árachais saoil coigríche” atá in alt 1 déanfar, chun críocha na Coda seo, é a fhorléiriú ionann agus dá gcuirfí isteach, i ndiaidh na bhfocal “den Stát” gach áit a bhfuil sé, na focail “, de Thuaisceart Éireann agus den Bhreatain Mhór”.

3.—(1) Aon éileamh ar dhíolúine ó cháin ioncaim nó ó fhorcháin ar an bhforas gur sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann agus nach sa Stát atá cónaí ar an éilitheoir cuirfear é chun na gCoimisinéirí Ioncaim i cibé foirm a fhorordóidh siad, agus ar na fíorais a chruthú chun a sástacht géillfidh na Coimisinéirí sin don éileamh dá réir sin:

Ar choinníoll nach mbeidh éilitheoir i dteideal na díolúine i leith aon chánach ioncaim a mbeidh sé i dteideal an cháin uirthi a mhuirearú in aghaidh aon duine eile, nó a asbhaint, a choinneáil nó a shásamh as aon íocaíocht a dhlíonn sé a dhéanamh le haon duine eile.

(2) Aon duine arb éagóir leis cinneadh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ar éileamh arna dhéanamh aige mar a dúradh, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn sa chéill sin a thabharfar do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de lá agus fiche ón dáta a tugadh fógra dó ar an gcinneadh, a iarraidh go ndéanfaidh na Coimisinéirí Speisialta a éileamh a éisteacht agus a chinneadh.

(3) I gcás ina ndéanfar aon iarratas den sórt a dúradh, déanfaidh na Coimisinéirí Speisialta an t-éileamh a éisteacht agus a chinneadh ionann agus dá mba achomharc é chucu in aghaidh measúnachta, agus beidh feidhm dá réir, le haon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha uile den Acht seo a bhaineann le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí).

[1921, a. 28;

1923, a. 12;

1926, a. 4.]

4.—(1) Tabharfar i scríbhinn don chigire fógra ar aon éileamh ar fhaoiseamh faoi Chuid II den Sceideal seo, mar aon le sonraí ar an éileamh, agus i gcás ina ndéanfaidh an cigire agóid in aghaidh an éilimh, éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta an t-éileamh sa tslí chéanna agus dhéanfaidís i gcás achomhairc chucu in aghaidh measúnachta faoi Sceideal D agus beidh feidhm dá réir sin, le haon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí).

(2) Nuair a bheidh éileamh á chinneadh ag na Coimisinéirí Speisialta faoi Chuid II den Sceideal seo, beidh an chumhacht acu chun an ráta ar dá réir a bheidh faoiseamh le tabhairt, agus méid an fhaoisimh a thabharfar, a chinneadh, agus gach uile cheist ar bith a ghabhann le cinneadh na n-ábhar mar a dúradh.

5. I gcás duine ar bith a mbeidh teideal aige in aghaidh aon bhliana chun faoiseamh ó chánachas dúbailte a éileamh faoi Airteagal 2 den Chomhaontú a rinneadh an 25 Aibreán, 1928, agus atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal seo (a bhaineann le faoiseamh ó chánachas dúbailte i gcás duine a bhfuil cónaí air sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann agus sa Stát freisin) déanfar cáin don bhliain sin i leith ioncaim ó urrúis, stoic, scaireanna nó cíosanna sa Bhreatain Mhór nó i dTuaisceart Éireann a ríomh ar an méid iomlán den chéanna a d'éirigh sa bhliain mheasúnachta:

Ar choinníoll, áfach, i gcás cánach i leith úis ó aon urrús a eisíodh faoi na War Loan Acts, 1914 to 1917, nó faoi aon Acht le chuid Pharlaimint na Ríochta Aontaithe ag leasú na nAchtanna sin, má íocadh an t-ús sin gan cáin Bhreataineach a asbhaint, go ndéanfar an cháin sin a ríomh de réir na bhforálacha den Acht seo is infheidhmithe maidir le Cás III de Sceideal D agus d'ainneoin aon ní atá in alt 75 go bhféadfar a mheas gur ó bhunadh ar leithligh ioncam ó aon urrús den sórt sin.